Guth Mhaigh Eo Darren
-
- Education
Podchraoladh Gaeilge le beirt ag labhairt Ráiméis agus ag féachaint le fadhbanna na chruinne a réiteach
-
Scéal an 'Adultery'
Scéal suairc faoin easpa Bhéarla a bhíodh ag na daoine i nGaeltacht fadó *broimneach=broime
-
Guth Mhaigh Eo 7: Seáinín na Mícheál Ó Gearbháin, Ceathrú na gCloch, Ceathrú Thaidhg
Píosa fada chainte a rinne mé le fear éirimiúil, geannúil, deas a bhí in éis trioblóid a bheith aige len a bháidín inniú! Tá eolas mór fairsing ag Seán Ó Gearbháin ar graithí iascaireachta, sean-phisreogaí, seanachas agus leaganachaí chainte a phléann sé anseo
-
Guth Mhaigh Eo 6: Seoirsín Bashford as Ceathrú na gCloch
Is bean bhreá bríomhar í Seoirsín atá ag staidéar drámaíochta agus atá graitheach go leor i ngluaiseacht na Gaeilge agus cearta sibhialta. Labhraíonn sí faoi chearta daonna, seanachas agus cén chaoi gur spreag sé a suim sa ndrámaíocht, a díograis don teangaidh agus chun canúint Mhaigh Eo a shlánú agus go leor rudaí eile.
-
Guthín Mhaigh Eo; ag léamh sliocht as "Le Gradam is le Spraoi"
Ag léamh sliocht amach as "Le Gradam is le Spraoi", leabhar a rinne Seamus Ó Catháin agus Caitlín Bn Uí Sheighin, cnuasach mhór ar sheanachas Dhúin Chaocháin
-
Guth Mhaigh Eo 5; Barra Ó Ceallaigh, Caisleán an Bharraigh
Is fear ildánach, ilteangach, ilghnéitheach é Barra Ó Ceallaigh as caisleáin a Bharraigh. D'fhoghlaim sé mórán dhá chuid Ghaeilge i nDúiche Sheoigheach agus é ag obair dh'Iascaigh intíre Éireann agus sé faoin a shlí bheatha, aisteoireacht agus go leor ruda eile. Labhraíonn sé chomh maith faoi cén chaoi a bhíonn sé don lucht aerach in iarthar na tíre
-
Pádraig Johnny Ó hEanacháin as Tamhnach, Tuar Mhic Éadaigh
Pádraig Johnny Ó hEanacháin as Tamhnach, Tuar Mhic Éadaigh ag caint faoi stair an gceantair, na dúshláin atá roimhe mar Ghaeltacht agus an rud atá idir láimh acu sa plean teangadh chun rudaí a fheabhsú