![](/assets/artwork/1x1-42817eea7ade52607a760cbee00d1495.gif)
500 episodes
![](/assets/artwork/1x1-42817eea7ade52607a760cbee00d1495.gif)
Raidió na Life 106.4FM Raidió na Life 106.4FM, www.raidionalife.ie
-
- Society & Culture
Stáisiún raidió do phobal na Gaeilge i mBaile Átha Cliath. Irish language community radio station based in Dublin. New address: 63-66 Amiens Street, Dublin 1.
-
An Fear Liath sa Taibhdhearc
Ag deireadh mí Iúil beidh Féile Idirnáisiúnta Ealaíona na Gaillimhe faoi lán seol agus i measc na himeachtaí do-chreidte a bheas ar fáil dúinn beidh seó nua ag Taibhdhearc na Gaillimhe. Bhí seans ag Rossa labhairt le Caitríona Ó Donnell agus Becky Ní hÉalaithe faoi cad a bheas i ndán dúinn.
-
Mhícheál Ó Muircheartaigh ar shlí na fírinne 01
Cárthach Bán Breathnach ag labhairt le Rossa mar gheal ar shaol agus saothar Mhícheál Ó Muircheartaigh.
-
Mhícheál Ó Muircheartaigh ar shlí na fírinne 02
Marcus Ó Buachalla lena chuimhní ar Mhíchíl Uí Mhuircheartaigh a cailleadh le deanaí.
-
Fada is Fairsing 25ú Meitheamh 2024
Ar an gclár seo, bhí Lorna Johnson beo i stiúideó Raidió na Life linn le labhairt faoina turas ón Nua Shéalainn go hÉirinn i láthair na huaire, cúrsaí polaitíochta na Nua-Shéalainne agus a turas leis an nGaeilge. Chomh maith leis sin bhí an Feisire nua-aththofa Seán Kelly MEP linn le labhairt faoi thoghcháin Pharlaimint na hEorpa le gairid, torthaí na dtoghchán agus a chuid pleananna dá chéad tréimhse eile mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa.
-
Mí an Bhróid 2024
Seán Ó Dubhchon & Cúnla ní Bhraonáin Morris ag labhairt le Rossa mar gheall ar an cheiliúradh ar mí an Bhróid 2024.
-
Roy Galvin ar a shaol, an damhsa agus mí an Bhróid
Is ceannródaí é Roy Galvin i saoil na Gaeilge, saol an damhsa agus sa saol aerach is aiteach, gan dabht is é a tháinig suas leis an dtéarma aerach. Bhí seans ag Rossa labhairt le Roy agus seo a bhí le rá aige