6 min

12 Lúnasa 2023 (Dún na nGall‪)‬ Nuacht Mhall

    • Language Learning

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an dara lá déag de Lúnasa 2023. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.Dé Máirt, bhailigh na mílte daoine ar shráideanna Bhré, Contae Chill Mhantáin, chun an t-amhránaí, Sinéad O’Connor, a chaoineadh. Tháinig an tsochraid fríd an bhaile tar éis seirbhís phríobháideach, a rinne Ard-Iomám Ionad Ioslamach na hÉireann, an Dr Umar Al-Qadri. Rinne Ioslamaí de O’Connor in 2018 agus d’athraigh sí a hainm go Shuhada' Sadaqat, ach choinnigh léi mar cheoltóir faoina hainm breithe. Bhí clú agus cáil uirthi mar ghníomhaí agus reibiliúnach, a labhair amach in aghaidh mí-úsáide san Eaglais Chaitliceach. D’fhulaing sí roinnt deacrachtaí ina hóige, ó na meáin, agus le bhás a mic anuraidh, agus bhí deacrachtaí meabhairshláinte aici. Cuimhneofar go deo í mar dhuine ar leith a raibh guth cumhachtach aici.I dTuaisceart Éireann, nochtadh ainmneacha agus sonraí fostaíochta póilíní agus lucht oibre de Sheirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann. Foilsíodh na sonraí de thaisme mar fhreagra ar iarratas saorála faisnéise agus earráid dhaonna gan drochrún a bhí ann. Is cúis imní í mar gheall ar bhagairt slándála ó sceimhlitheoireacht áitiúil. Ghabh an t-Ardchonstábla Cúnta, Chris Todd, leithscéalta leis an fhoireann as an sárú ar shonraí pearsanta. Ní raibh eolas ag Seirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann faoin eachtra sula chonaic siad ar líne é. Déardaoin, fógraíodh go raibh cuid de na sonraí ag easaontóirí poblachtacha agus iad á gcur timpeall ar WhatsApp.De réir taighde a rinneadh in ollscoil in Sasana, tá madaidh rua sna cathracha níos misniúla ná madaidh rua faoin tuath, ach ní hé go bhfuil siad níos cliste. Chuir eolaithe Ollscoil Hull puzail do mhadaidh rua ar 104 suíomh i bpáirceanna, i ngairdíní cúil, agus sna coillte ar feadh coicíse agus bhí ar na madaidh rua úsáid a bhaint as meicníocht shimplí chun teacht ar an bhia taobh istigh. Bhí na madaidh rua sna cathracha ní ba shásta teagmháil a dhéanamh leis na puzail. Faoi dheireadh, níor éirigh le níos mó ná 12 madadh rua an bia a fháil óna bpuzail - ach nuair a fágadh an bia ar an talamh gan puzal, ní raibh drogall ar shionnach ar bith an bia a ithe, beag beann ar cá háit a raibh siad.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

sochraid - funeral

deacrachtaí meabhairshláinte - mental health issues

iarratas saorála faisnéise - freedom of information request

easaontóirí poblachtacha - republican dissidents

madadh rua/sionnach - fox

beag beann ar - regardless of