4 min

23 Iúil 2022 (An Dún‪)‬ Nuacht Mhall

    • Language Learning

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an tríú lá is fiche de mhí Iúil. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.

Dé Domhnaigh, bhain Contae Luimnigh an tríú bua as a chéile i gclúiche iontach in aghaidh Chontae Chill Chainnigh.  Thug siad greadadh do Phort Láirge agus do Chorcaigh in 2020 agus 2021, agus i ndiaidh dhá uair a chaitheamh i mbun cluiche te i bPáirc an Chrócaigh, ar cheann de na laethantha is teo i mbliana, bronnadh Corn Mhic Cárthaigh ar an fhoireann tráthnóna Dé Domhnaigh. Cé nár ghéill na Cait, a fuair na trí phointe dheireanacha den chluiche, ní bhfuair siad an cúl a bhí de dhíth orthu. Cuireadh fáilte roimh an fhoireann oíche Dé Luain i bPáirc na nGael i gCathair Luimnigh. I ndiaidh dóibh an dá bua eile a bhaint amach le linn na paindéime, gan seans ceiliúradh ceart a dhéanamh orthu, bhí go leor le ceiliúradh ag an chontae! Tá Gaillimh agus Ciarraí ag imirt i gcluiche ceannais na peile an deireadh seachtaine seo.

Cuireadh teorainneacha ar uisce i bhféidhm i níos mó na cuig chontae dhéag in Éirinn le linn na seachtaine, mar gheall ar an teas. Breacadh na teochtaí is airde i níos mó ná céad bliaini mBaile Átha Cliath agus i dTuaisceart Éireann i rith an lae. Bhain daoine thart fá Éirinn sult as an teas, agus na mílte daoine ar an trá gach lá an tseachtain seo ach eisíodh rabhadh buí ar fud na tíre agus tugadh le fios go raibh daoine leochaileacha i mbaol. Sa Bhreatain, druideadh scoileanna agus codanna den chorás iarnród, agus dódh ceantair cóngarach do Londain, chomh maith le ceantair mhóra sa Fhrainc, sa Phortaingéil agus sa Spáinn.

Chaill Netflix níos mó ná milliún síntiúsóirí idir mí Aibreáin agus mí Iúil i mbliana. I ndiaidh treimhse fhada fáis mar an phríomhsheirbhís sruthaithe, tá Netflix in iomaíocht le comhlachtaí eile anois. D'athraigh Netflix nósanna teilfíse as éadan i ndiaidh bhunadh an chomhlachta in 2007, agus i rith na paindéime, mheall Netflix níos mó daoine arís le bheith ina síntiúsóirí. Ach anois, i ndiaidh praghasanna níos airde agus seirbhísí eile ag teacht chun cinn, tá Netflix ag streachailt. Dúirt an lucht féachana go bhfuil siad ag baint úsáid as níos mó ná seirbhís sruthaithe amháin na laethanta seo, agus go gcaithfidh Netflix ardchaighdéan de shraitheanna agus scannáin a chur amach ionas gur fiú é íoc as an tseirbhís gach mí.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

greadadh - thrashing

Corn Mhic Cárthaigh - Liam McCarthy Cup

teorainneacha - limits

rabhadh buí - yellow warning

síntiúsóirí - subscribers

seirbhís sruthaithe - streaming service