5 min

30 Iúil 2022 (Ard Mhacha‪)‬ Nuacht Mhall

    • Language Learning

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an tríochadú lá de mhí Iuil. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin.

Fuair iar-cheannaire an Pháirtí Aontachtaigh Uladh David Trimble bás i ndiaidh tinneas gairid. Bhí sé 77 bliain d’aos. Bronnadh Duais Nobel na Síochána air i dteannta John Hume, ceannaire an SDLP, in 1998 mar gheall ar an ról tábhachtach a bhí acu sa phróiseas síochána i dTuaisceart Éireann. Murach eisean agus an obair déanta aige ní bheadh Comhaontú Aoine an Chéasta ann agus síocháin ar an oileán seo. Dúirt an Taoiseach Micheál Martin go raibh “ról lárnach” aige agus “sinn a sheoladh ar chosán na síochána agus an athmhuintearais”. Maireann bean chéile David Trimble agus a cheathrar clainne.

Bhí an bua ag Ciarraí i gCraobh Shinsir Peile na hÉireann i mbliana. Fuair siad an lámh in uachtar i gcoinne Gaillimhe sa chluiche ceannais Dé Domhnaigh. D’imir Gaillimh go maith sa chéad leath agus bhí cluiche iontach ag an tosaí Shane Walsh, a scóráil naoi gcúilín le linn an chluiche. Ghlac Ciarraí smacht ar an chluiche sa dara leath agus le hocht gcúilín san iomlán don Ríocht ag David Clifford, bhí siad ábalta an lá a thabhairt leo. An scór deiridh: Ciarraí 0-20, Gaillimh 0-16. Ar RTÉ, rinne an t-iar-imreoir Chiarraí Pat Spillane a sheal deireanach mar anailísí peile, agus é ag caint go mothúchánach faoina athair, a fuair bás go tobann in 1964 agus nach bhfaca rath a chuid mac agus garmhac i gCraobh na hÉireann. 

Dúirt an tAire Sláinte Stephen Donnelly go bhfuil thart ar 70 cás den víreas bolgaí moncaí go dtí an pointe seo in Éirinn. Bhí an chead chás cinntithe den ghalar i gcontae Mhaigh Eo. Is víreas é a aithníodh den chéad uair i moncaí faoi chuing in 1958. Tá formhór de na cásanna deimhnithe sa phobal homoaighnéasach agus beidh vacsaín ar fáil don ghrúpa seo go luath. D'fhógair an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte gur "éigeandáil dhomhanda" í an ráig, atá ar siúl i níos mó ná 70 tír. Moltar do dhaoine fanacht ar shiúl ó dhaoine eile agus dul i dteagmháil le dochtúir má aimsíonn siad gríos ar an chraiceann.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

an Páirtí Aontachach Uladh - the Ulster Unionist Party

cosán na síochána agus an athmuintearais - the path of peace and reconciliation

anailísí peile - football pundit

mothúchánach - emotional

víreas bolgaí moncaí - monkeypox

gríos - rash