16 episodes

Agallaimh agus caint as Gaeilge - Interviews and talk in Irish Gaelic

Cumann Carad na Gaeilge Séamas Ó Neachtain

    • Society & Culture

Agallaimh agus caint as Gaeilge - Interviews and talk in Irish Gaelic

    Ag Ceilliúradh Shéamuis De Bláca, 19 Feabrha 2016

    Ag Ceilliúradh Shéamuis De Bláca, 19 Feabrha 2016

    Ar an 19ú Feabhra 2016 bhí dinnéir in ómós do Shéamus De Bláca agus Eibhlinn Zurell.  Bhronn Tomás De hÍde agus Roinn na Gaeilge Ollscoil Lehman duaiseanna orthu.  Bhí sé d'ádh orm Séamus a chur in aithne ag an ócáid bhreá seo.  Rinne mé taifead den mhéid a dúirt mé féin, bronnadh na duaise ar Shéamus, agus an cúpla focal a dúirt seisean.  Seo é: OicheSheamuisDeBlaca.mp3 (10:45) Séamas Ó Neachtain

    Séamas Ó Neachtain ag Féasta Chultúr na nGael, Ollscoil Molloy, 7 Feabhra 2015

    Séamas Ó Neachtain ag Féasta Chultúr na nGael, Ollscoil Molloy, 7 Feabhra 2015

    Haigh!  Nach fada an lá é!  Ní dhearna mé podchraoladh mar a bhíodh againn anseo, ach seo taifead de chaint a thug mé (Séamas Ó Neachtain) ag Féasta Chultúr na nGael ag Ollscoil Molloy ar Inis Fada, Nua-Eabhrac, 7 Feabhra 2015.  Tá an cuid is mó de as Gaeilge, ach amháin gur chuir mé roinnt Béarla ann mar gheall ar an lucht éisteachta.  Ag caint faoi ghnéithe na foilsitheoireachta i saol na Gaeilge agus i mo shaol féin. Caint faoi fhoisiú na leabhar is na n-irisleabhar srl. (57:13)

    Féile na Gaeilge ag Lárionad na nEalaíon Éireannach, Cuid a Trí (Críoch)

    Féile na Gaeilge ag Lárionad na nEalaíon Éireannach, Cuid a Trí (Críoch)

    Gaeilge i limistéir Nua-Eabhraic, ag an Irish Arts Center i Nua-Eabhrac, 24 Aibreán 2010. Chríochnímid na horáidí gearra ón bpainéil, le Séamus De Bláca, Roislin Ní Floinn, Máire Ní Mhaolagáin agus mise, Séamas Ó Neachtain, le cúpla focal eile ó Elaine Ní Bhraonáin ina measc. Podchraoladh Céad Tríocha a hAon (18:21)

    Féile na Gaeilge ag Lárionad na nEalaíon Éireannach, Cuid a Dó

    Féile na Gaeilge ag Lárionad na nEalaíon Éireannach, Cuid a Dó

    Comhdháil a bhí ann, le fírinne, agus ionadaithe i láthar ó beagnach gach eagras Gaeilge i limistéir Nua-Eabhraic, ag an Irish Arts Center i Nua-Eabhrac, 24 Aibreán 2010. Bhí painéal de aoi-chainteoirí ann mar chuid de, agus seo an triúir eile a labhair ón stáitse sin, Daithí Mac Lochlainn, Tomás De hÍde agus Breandán Ó Caollaí. Tá níos mó ag teacht fós, le cúnamh Dé! Podchraoladh Céad is Tríocha (9:59)

    Féile na Gaeilge ag Lárionad na nEalaíon Éireannach, Cuid a hAon

    Féile na Gaeilge ag Lárionad na nEalaíon Éireannach, Cuid a hAon

    Comhdháil a bhí ann, le fírinne, agus ionadaithe i láthar ó beagnach gach eagras Gaeilge i limistéir Nua-Eabhraic, ag an Irish Arts Center i Nua-Eabhrac, 24 Aibreán 2010. Bhí painéal de aoi-chainteoirí ann mar chuid de, agus seo an chéad bheirt a labhair ón stáitse sin, Elaine Ní Bhraonáin agus an Doctúir Art Hughes. Beidh i bhfad níos mó ag teacht, le cúnamh Dé! Podchraoladh Céad Fiche a Naoi (15:39)

    Lá 'le Pádraig i Nua-Eabhrac, 2010

    Lá 'le Pádraig i Nua-Eabhrac, 2010

    So mo chuid eachtraithe ar Lá 'le Pádraig i mbliana. Tá roinnt den Aifreann ag Néamh Agnes againn, agus agallaimh le daoine a bhí ansin agus ag an mórshiúl, agus píosaí den mhórshiúl fén. An-lá a bhí ann! Podchraoladh Céad Fiche a hocht (23:05) Tá físchraoladh ann faoin lá seo freisin!

Top Podcasts In Society & Culture

Listeners Also Subscribed To