Adhmhaidin RTÉ Raidió na Gaeltachta
-
- Nachrichten
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.
-
Frances Nic Géidigh, Clár Reachtaire
Tá cead pleanála a lorg ag Comhlacht Vivo Shell Teoranta Craoslach o Chomhairle Condae Dhún na nGall leis an Bhfoirgneamh ar an suíomh ag ar tharlaigh tragóid an Chraoslach ar an 7ú lá de Dheireadh Fómhair 2022 a leagain.
-
John Downing, Comhfreagraí polaitíochta an Irish Independent.
Cúrsaí Polaitíocht an Lae.
-
Niall Ó Muilleoir Trachtaire ar Chúrsaí i SAM.
Tá glactha ag Teach na nIonadaithe i Meiricea le bille faoina gcuirfear luach seasca billiun dollar ar fáil i gcúnamh míleata don Ucráin.
-
Pa Daly, Teachta Dála Sinn Féin.
Curtha os cionn míle go leith coinne ar ceal anuraidh in Ospidéal na hOllscoile Ciarraí i dTrá Lí, ábhar imní do phobal an chontae a duirt sé.
-
Pacáiste ó Ard Fheis an Chomhaontais Ghlais.
Pacáiste ó Ard Fheis an Chaomaontais Ghlais.
-
Peadar Mac Fhlannacha, Cathaoirleach Fhorbairt Pobail Mhaigh Cuillin.
Bhí dea scéala ag muintir Mhaigh Cuillin ar an deire seachtaine nuair a d’fhógair an tAire Heather Humphreys ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail go bhfuil maoiniú do 6 mhilliún euro ceadaithe le ionad pobail nua a thógáil i gCoillte Chill Ráinne , i Maigh Cuillin.