Adhmhaidin RTÉ Raidió na Gaeltachta
-
- News
-
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.
-
Adhmhaidin Déardaoin 23 Bealtaine 2024.
Le Séamus Ó Scanláin.
-
-
An tOllamh Conchúr Ó Brádaigh, Ollscoil Sheffield.
Aontaíonn an tOllamh Ó Brádaigh leis an méid a bhí le rá ag an Aire Eamon Ryan le déanaí nuair a dúirt sé nach raibh an teicneolaíocht sách forbartha fós le tuirbíní gaoithe a chur ar snámh ar muir i bhfad amach ó chósta na hÉireann.
-
Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta.
Scéalta polaitíochta an lae.
-
Dáithí Ó Cualáin, Comhairleoir Contae.
Pléadh cás an Aonaid Timpistí agus Éigeandála in Ospidéal na hOllscoile i nGaillimh an tseachtain seo agus thug Príomhfheidhmeannach Réigiún an Iarthair agus an Iarthuaiscirt don Fheidhmeannacht Sláinte le fios gur fhreastal 320 duine ar an Aonad Dé Luain seo caite an líon is mó ariamh go dtí seo.
-
Frances Nic Géadaigh, Tuairisceoir Raidió na Gaeltachta.
Rinne an Biúró um Shócmhainní Coiriúla, nó CAB, cuardaithe i nDún na nGall agus in Iarthar Bhaile Átha Cliath inné. Plé faoina hiarrthóirí atá san iomaíocht sna toghchán áitiúla i gceantar Bhardas na nGleannta.