Adhmhaidin RTÉ Raidió na Gaeltachta
-
- Actualités
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.
-
Adhmhaidin: Dé hAoine 07 Meitheamh 2024.
Le Séamus Ó Scanláin.
-
Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Cuireadh tús le vótáil sna toghcháin áitiúla agus toghcháin Eorpacha ag 7 ar maidin. Beidh na bothanna votála oscailte go dtí 2200. Beidh muintir Luimnigh in ann vóta a chaitheamh inniu chun Méara Luimnigh a roghnú.
-
John Joe Mac Gearailt, Leas-Uachtarán Chumann Feirmeoirí Cnoc agus Natura na hÉireann.
An imní atá ar fheirmeoirí faoin Dlí Athchóirithe Dúlra.
-
Mac Dara Breathnach, Iascaire i gCarna.
Ag labhairt faoin gcuardach do fhear atá ar iarraidh amach ó Oileán Mhic Dara.
-
Michael Bharry Ó Flatharta, Feidhmeannach Cumarsáide in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge - Ollscoil na Gaillimhe.
Tá sé iarrtha ag na milliúin de lucht úsáide an tsuímh meán sóisialta Instagram gan a gcuid íomhánna a úsáid le go bhféadfadh innill intleacht shaorga nó AI an chórais in ann feidhmiú.
-
Máire Áine Ní Chuaig, Tuairisceoir RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Táthar ag cuartú ó mhaidin inniu aríst do fhear atá goite ar iarraidh amach ó Oileán Mhic Dara i gCarna.