
An Cleasaí Dubh - Leabhar mhí an Mheithimh 2026 | May's Book of the Month 2026
[English version below] Maireann scéalta Bhríain Mhic a’ Bhaird i saol atá idir an coitianta agus an corr – saol ina mbuaileann draíocht na samhlaíochta le gnáthshaol na tuaithe. Tá na carachtair a chruthaíonn sé beo daonna, ach bíonn scáil éiginnteachta ag crochadh tharstu go minic, le seift éigin agus rúndiamhair fite fuaite i scéalta a mbeatha. Léirítear réimse leathan de shaolta sna scéalta seo: tá an greann ann chomh maith leis an ghruaim, leis an uaigneas agus an cairdeas, an fhírinne lom agus an chaimiléireacht. Tugann Mac a’ Bhaird a ghuth sainiúil féin do shaol atá ag athrú, guth atá fréamhaithe sa traidisiún ach atá ag lorg bealaí úra leis an fhírinne a rá amach. Seo leabhar a mheallfaidh an léitheoir isteach sna saolta a nochtar dúinn, áit a mbíonn an gnáthshaol i gcónaí réidh le héirí as an choiteann. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Dáibhidh Ó Luinín agus Caoimhín Ó Liatháin [Leagan Gaeilge thuas] A collection of short stories in Irish from the author of Iníon Katie and Ó Loinsigh agus Mason. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Dáibhidh Ó Luinín and Caoimhín Ó Liatháin
Information
- Show
- FrequencyMonthly
- Published28 May 2026 at 16:03 UTC
- Length26 min
- RatingClean