An Saol ó Dheas RTÉ Raidió na Gaeltachta
-
- News
Clár irise an deiscirt. Cuirtear béim san irischlár seo ar scéalta phobail Ghaeltachta na Mumhan i gCiarraí, i gCorcaigh agus i bPort Láirge.
-
An Saol ó Dheas Lá Bealtaine 2024
Eibhlín Ní Bheaglaioch;Lá Bealtaine. Billy Ó Cinnéide;Craobh na Marcach. Siobhán Ní Chonail;Solas do pháistí Gaza. Billy Mag Fhloinn;Searmanaisí pósta daonachtaí. Aoife Granville;Feachtas d'Ionad Cultúrtha sa Daingean. Máirín Uí Fhainín;Muintir Bhaile Ghib dul go Cíll Rialaigh
-
Aoife Granville;Feachtas d'Ionad Cultúrtha sa Daingean.
Deir Aoife Granville go bhfuil sé in am aige Comhairle Contae Chiarrai an staidéar féidireachta a deineadh maidir le Ionad Cultúrtha do Bhaile an Daingin agus Corca Dhuibhne a fhoillsiú.
-
Billy Mag Fhloinn;Searmanaisí pósta daonachtaí
Lá Bealtaine agus méadú mór ar éileamh ar phóstaíocha lasmuigh don Eaglais de réir an eolais atá curtha ar fáil ag an bPríomh oifig Staidrimh.
-
Billy Ó Cinnéide;Craobh na Marcach
Tá ana sheans go bhféadfadh Jack Ó Cinnéide Craobh na Marcach a bhuachtaint in Éirinn i mbliana. Tá géar choibhlint idir é féin agus Paul Townend ó stábla Willie Mullins.
-
Máirín Uí Fhainín;Muintir Bhaile Ghib dul go Cíll Rialaigh
Beidh muintir Bhaile Ghib a tabhairt fé Chíll Rialaigh ar an 18ú lá do Bhealtaine agus an leabhar 'Ceann Scríbe Baile Ghib' á sheoladh acu ann. D'fhág teaghlaigh Cíll Rialaigh i 1939 agus thugadar aghaidh ar Bhaile Ghib mar a bhfuil a sliocht fós.
-
Siobhán Ní Chonail;Solas do pháistí Gaza
Anocht a lasfar na coinnle ar mhaithe le leanaí Gaza i mbailte agus i gcathracha ar fuaid na h-Éireann. Thosnaigh an feachtas i nGaeltacht na nDéise agus tá na h-iarrachtaí atá ar bun acu dulta i bhfeidhm go mór ar mmhuintir na h-Éireann.