127 episodes

[English version below]
Is tionscadal de chuid Gaelchultúr Teoranta (www.gaelchultur.com) é ClubLeabhar.com. Bunaíodh an comhlacht Gaelchultúr sa bhliain 2004 agus é mar sprioc aige an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach, idir cheol, amhránaíocht agus damhsa, a chur chun cinn i mBaile Átha Cliath agus ar fud na tíre.

Tá sé mar aidhm ag ClubLeabhar.com daoine in Éirinn agus i dtíortha eile ar fud an domhain a spreagadh chun leabhair Ghaeilge a léamh. Is féidir le daoine aonair ballraíocht a bhaint amach sa chlub leabhar seo ar líne ach tá sé mar aidhm againn chomh maith na baill a spreagadh le teacht le chéile uair sa mhí in ionaid éagsúla ar fud na hÉireann agus thar lear chun an saothar a bheidh mar leabhar na míosa a phlé.

Ní thógann sé ach nóiméad clárú don chlub agus níl aon táille i gceist.

Roghnaítear leabhar nua gach mí agus bíonn deis ag na baill plé a dhéanamh ar an saothar i bhfóram an tsuímh. Bíonn fáil ag na baill ar aistriúcháin Bhéarla ar na focail agus frásaí is deacra sna leabhair a bhíonn á bplé, rud a éascaíonn an léitheoireacht go mór.

Tá sé mar pholasaí againn leabhair atá róchasta agus acadúil a sheachaint. Tugtar tús áite d’úrscéalta agus do chnuasaigh gearrscéalta, ach bíonn seánraí eile (filíocht agus leabhair thaistil, cuir i gcás) i gceist ó am go chéile chomh maith. Bíonn meascán ann de leabhair nua-fhoilsithe agus clasaicigh atá fós i gcló.

Más mian leat go mbeadh leabhar Gaeilge a thaitníonn go mór leatsa mar leabhar na míosa ar an suíomh seo, bí i dteagmháil linn!

Tá liosta le fáil ar Clubleabhar.com de na clubanna leabhar Gaeilge atá ag feidhmiú in Éirinn cheana féin agus tá Gaelchultúr ag súil go spreagfaidh an tionscadal seo ar líne daoine le clubanna nua a thosú, ní hamháin in Éirinn ach i dtíortha eile mar na Stáit Aontaithe agus an Astráil ina bhfuil lucht na Gaeilge gníomhach cheana féin. Tá comhairle agus tacaíocht ar fáil sa rannóg Bunaigh Club dóibh siúd a bhfuil spéis acu a gclub leabhar féin a bhunú.

Is féidir na leabhair a bhíonn á bplé ar ClubLeabhar.com a cheannach ar siopa.ie. Ar an suíomh sin, tá deis agat leabhar amháin a cheannach nó beart de na leabhair ar fad a bhíonn á bplé i ngach sraith.

Tá maoiniú á chur ar fáil do Clubleabhar.com ag Clár na Leabhar Gaeilge (Foras na Gaeilge).

[Leagan Gaeilge thuas]

The ClubLeabhar.com project is run by Gaelchultúr Teoranta (www.gaelchultur.com). The company was established in 2004 with the aim of promoting the Irish language and various aspects of Irish culture, including music, song and dance, in Dublin and around the country.

ClubLeabhar.com aims to encourage people in Ireland and abroad to read Irish language books. Individuals can become members of this online book club but we also want to encourage the members to meet once a month in various locations around Ireland to discuss the work that will be the book of the month. There is no membership fee.

It only takes a minute to register for the club and there’s no membership fee.

A new book is chosen each month and club members have an opportunity to discuss this book in the website’s forum. Members have access to English translations of the most difficult words and phrases in the books being discussed, which makes reading them a lot easier.

It’s our policy to avoid books that are too difficult or academic. The focus is on novels and short-story collections for the most part, but books from other genres (poetry and travel books, for example) are discussed from time to time. There is a mix of newly-published books and classics that are still in print.

If you would like a book in Irish that you’ve enjoyed to be book of the month on this site, please contact us!

There is a list available on Clubleabhar.com of the Irish language book clubs already functioning in Ireland and Gaelchultúr hopes that this online project will encourage peopl

ClubLeabhar.com - Irish Language Book Club ClubLeabhar.com

    • Education

    Corp an Duine Uasail - Leabhar mhí na Bealtaine 2024 | May's Book of the Month 2024

    Corp an Duine Uasail - Leabhar mhí na Bealtaine 2024 | May's Book of the Month 2024

    [English version below]

    A leithéid de shaol! Tar éis do Zoé an lá a chaitheamh mar fháilteoir ag comhdhálacha agus seónna tráchtála, ní bhíonn ag fanacht léi sa bhaile ach leisceoir mímhúinte a chodlaíonn ina chuid stocaí. Sin, nó go gcastar Tomás uirthi, scríbhneoir mór a bhfuil an inspioráid ag teip air...

    Láithreoir: Seán Ó Catháin
    Aíonna: Emma Ní Chearúil agus Katie Whelan

    [Leagan Gaeilge thuas]

    What a life! After spending the day working as a hostess at conferences and trade shows, all that awaits Zoé at home is a rude and lazy boyfriend who sleeps in his socks! Until she meets Tomás, a writer who is running out of inspiration...

    Presenter: Seán Ó Catháin
    Guests: Emma Ní Chearúil and Katie Whelan

    • 22 min
    Saighdiúir - Leabhar mhí Aibreáin 2024 | April's Book of the Month 2024

    Saighdiúir - Leabhar mhí Aibreáin 2024 | April's Book of the Month 2024

    [English version below]

    In ainneoin na mílte Éireannach a thit i gcogadh mór 1914-1918, is beag trácht orthu i litríocht na Gaeilge. Seo é an chéad úrscéal sa teanga a insíonn a scéal. Ní hé amháin gur saothar ceannródaíoch é Saighdiúir ach is úrscéal cumhachtach frithchogaidh é, agus é tugtha chun solais go húr beo máistriúil ag Cathal Ó Searcaigh.

    Láithreoir: Seán Ó Catháin
    Aíonna: LAonghus Ó hAlmhain agus Liam Mac Amhlaigh

    [Leagan Gaeilge thuas]

    The novel’s protagonists are two young Gaelic speakers from Cloich Cheann Fhaola in north west Donegal who believe they are going on a glorious adventure without any real notion of the horrific realities they would encounter as infantrymen on the western front. Saighdiúir is an immensely moving book that evokes the horror and the terror of that dreadful conflict. It gives vivid heart-rending descriptions of the tragic waste of brief young lives fed into the voracious jaws of war. It is a harrowing corrective to the myth of a just war.

    Presenter: Seán Ó Catháin
    Guests: Aonghus Ó hAlmhain and Liam Mac Amhlaigh

    • 26 min
    Na Geansaithe Móra - Leabhar mhí an Mhárta 2024 | March's Book of the Month 2024

    Na Geansaithe Móra - Leabhar mhí an Mhárta 2024 | March's Book of the Month 2024

    [English version below]

    Buaileann bean ghalánta le seanabhean ar an dtraein, ach ní mar a shíltear a bhítear.

    Téann cailín óg ag siopadóireacht, is gan ’fhios ag éinne cá luíonn an bhróg uirthi.

    Braitheann bean teanntaithe san óispidéal, ach nuair a thagann a fear céile ar a tuairisc, ní aimsíonn siad na focail chuí.

    Ceithre splancscéal is tríocha atá sa chnuasach so, iad go léir faoi bhun 1,000 focal. Pléann siad le réimse mór téamaí i saol na mban, idir chumha is ghrá, idir uaigneas is dóchas. Insintí géara gonta, go bhfuil tús, lár agus deireadh leo – cé gur minic go dtosnaíonn siad i lár baill nó go gcríochnaíonn siad go luath. Tá an leabhar so ag cur thar maoil le carachtair bháúla, agus splanc léargais nua á fháil acu ar an saol.

    Tugtar cuireadh duit teacht ag spraoi ar feadh tamaillín i saol na splancscéalaíochta.

    Láithreoir: Seán Ó Catháin
    Aíonna: Lisa Nic an Bhreithimh agus Bríd-Treasa Ní Ghaoithín

    [Leagan Gaeilge thuas]

    A glamorous woman meets an old lady on the train, but not all is as it seems.

    A young girl goes shopping, but no one knows the extent of her troubles.

    A woman feels cornerned in the hospital, but when her husband comes to visit her, they can’t seem to find the right words.

    This collection comprises of thirty four flash fiction stories, all of them under 1,000 words. The look at a wide range of themes in women’s lives, from sadness to love, from lonliness to hope. They are short snappy tales that have a beginning, a middle and an end – although they often start in the middle of the action or finish early. This book is overflowing with empathetic characters, as they get a flash of new insight into life.

    You are invited to come and play for a while in the world of flash fiction.

    Presenter: Seán Ó Catháin
    Guests: Lisa Nic an Bhreithimh and Bríd-Treasa Ní Ghaoithín

    • 27 min
    Sa Pholl Báite - Leabhar mhí Feabhra 2024 | February's Book of the Month 2024

    Sa Pholl Báite - Leabhar mhí Feabhra 2024 | February's Book of the Month 2024

    [English version below]

    Tá Emer Uí Ghríofa imithe gan tásc. I gcúinne uaigneach ar bhruach na Life a aimsíonn an Garda Réamonn Seoighe a corp. Tá a mac, Dan, cráite faoina bás ach cén drogall atá air labhairt leis na gardaí?

    Tá Colmán Ó Gríofa ina theach saoire ar leithinis Bhéarra an deireadh seachtaine céanna, é scartha ó Emer ach dílis di i gcónaí.

    Tacaíonn a chomharsa Aoife Nic Dhiarmada leis agus í ag éirí gafa sa chás. Tá noda fiúntacha agus fianaise bhréige á scagadh aicise agus ag na gardaí; tá faire faoi cheilt ar siúl istoíche agus an t-am ag sciorradh. An nochtfar an ciontóir sula ndéanfar an dara marú?

    Is úrscéal cumhachtach é 'Sa Pholl Báite' a chaitheann solas géar ar choimhlintí sóisialta agus ar an nimh i gcroí an duine.

    Bhain an saothar seo duais i gComórtais Liteartha an Oireachtais 2022 agus bhí sé ar Ghearrliosta Ghradam Fhoras na Gaeilge, Leabhar Ficsin Gaeilge na Bliana i nGradaim Leabhar An Post in 2023.

    Láithreoir: Seán Ó Catháin
    Aíonna: Caomhán Ó hÓgáin

    [Leagan Gaeilge thuas]

    Emer Uí Ghríofa has gone missing without a trace. Garda Réamonn Seoighe finds her body in a lonely corner on the banks of the Liffey. Her son, Dan, is devastated by her death, but why is he reluctant to talk to the guards?

    Colmán Ó Gríofa, her estranged husband, is in his holiday home on the Béarra peninsula that same weekend, separated from Emer but still devoted to her.

    His neighbour Aoife Nic Diarmada supports him as she becomes involved in the case. Together with the authorities, they sift through a mosaic of substantial clues and fabricated evidence. The night witnesses a covert surveillance operation as time inches relentlessly forward. Will the perpetrator be unveiled before another life is claimed?

    “'Sa Pholl Báite' captivates readers with its exploration of societal discord, shining a penetrating light on the hidden poisons lurking within the human soul.”

    This work won a prize in the Oireachtas Literary Competitions in 2022 and was shortlisted for the Foras na Gaeilge Irish Fiction Book of the Year Award in the An Post Irish Book Awards in 2023.

    Presenter: Seán Ó Catháin
    Guests: Caomhán Ó hÓgáin

    • 15 min
    Ag Dul i bhFad - Leabhar mhí Eanáir 2024 | January's Book of the Month 2024

    Ag Dul i bhFad - Leabhar mhí Eanáir 2024 | January's Book of the Month 2024

    [English version below]

    Seo é an chéad chnuasach Gaeilge le hAlan Titley ó foilsíodh an 100 scéal atá i Leabhar Nóra Ní Anluain (1998). Má tháinig scata úrscéalta uaidh idir an dá linn níor thréig sé an ealaín ghairid riamh, óir tá seacht scéal anseo a ghnóthaigh duaiseanna Oireachtais. A bhformhór mór níor cuireadh i gcló cheana iad. Is ilchineálach an t-ábhar atá sa chnuasach seo: scéalta traidisiúnta ar an sean-déanamh, fabhalscéalta, scéalta gaisce nó rómánsaíochta agus tuilleadh.

    Láithreoir: Seán Ó Catháin
    Aíonna: Sorcha de Brún

    [Leagan Gaeilge thuas]

    This marks Alan Titley’s first collection of short stories since the release of his renowned work Leabhar Nóra Ní Anluain. Despite his subsequent contributions in the form of several novels, Titley has remained dedicated to the craft of short storytelling, a commitment evident in this anthology, which includes seven award-winning tales from the Oireachtas competition. Notably, the majority of these stories are previously unpublished, enhancing the collection’s novelty. The compilation boasts a rich tapestry of stories, encompassing various genres: traditional narratives steeped in antiquity to enchanting fables, stirring accounts of heroism and romance, and beyond.

    Presenter: Seán Ó Catháin
    Guests: Sorcha de Brún

    • 37 min
    An tEitleán Dofheicthe - Leabhar mhí na Nollag 2023 | December's Book of the Month 2023

    An tEitleán Dofheicthe - Leabhar mhí na Nollag 2023 | December's Book of the Month 2023

    [English version below]

    Tamall beag i ndiaidh meán oíche ar an 1 Feabhra 1943, déantar ionsaí fíochmhar, barbartha ar iompróir míleata agus é ar a bhealach go saotharlann rúnda i ndeisceart Bhaile Átha Cliath. Maraítear na saighdiúirí uile atá á thionlacan agus goidtear an lastas ríluachmhar atá istigh ann, an tEitleán Dofheicthe. Déanann na Gardaí mionscrúdú ar láthair an áir, ach níl ach fear amháin a bheidh in ann an cás casta seo a réiteach agus pleananna na gcoirpeach a chur de dhroim seoil: Réics Carló, lorgaire príobháideach.

    Tá Réics, Brian agus a gcairde ar ais sa scéal eachtrúil seo ó pheann Chathail Uí Shándair, an dara húrscéal ina shraith faoin lorgaire clúiteach as Baile Átha Cliath. Tá an t-eagrán nua seo curtha in oiriúint do léitheoirí óga an lae inniu.

    Láithreoir: Seán Ó Catháin
    Aíonna: Zoya Everard agus Rónán Mistéil

    [Leagan Gaeilge thuas]

    The second book in the Réics Carló series of detective novels. 2022 edition. An tEitleán Dofheicthe is a classic adventure novel for teens by Cathal Ó Sándair. First published in 1943 this new edition is adapted for contemporary readers.

    Shortly after midnight on the 1st of February 1943, a violent and barbaric attack is staged against a military carrier on its way to a secret lab in south Dublin. All of the soldiers guarding the transport are killed and the valuable cargo – The Invisible Plane – is stolen.

    The Gardaí examine the scene of the massacre, but only one man will be able to solve this complicated case and thwart the criminals’ plans: Réics Carló, a private detective. Réics, Brian and friends are back for this action-packed story by Cathal Ó Sándair, the second in his series of books about the famous investigator from Dublin. This new edition is adapted for contemporary readers.

    Presenter: Seán Ó Catháin
    Guests: Zoya Everard and Rónán Mistéil

    • 21 min

Top Podcasts In Education

The Mel Robbins Podcast
Mel Robbins
In Sight - Exposing Narcissism
Katie McKenna & Helen Villiers
The Rich Roll Podcast
Rich Roll
TED Talks Daily
TED
6 Minute English
BBC Radio
The Jordan B. Peterson Podcast
Dr. Jordan B. Peterson

You Might Also Like