238 episodes

Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
The week's main news stories, read slowly in Irish.

Nuacht Mhall Conradh na Gaeilge i Londain

    • Education
    • 5.0 • 13 Ratings

Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
The week's main news stories, read slowly in Irish.

    8 Meitheamh 2024 (An Dún)

    8 Meitheamh 2024 (An Dún)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an t-ochtó lá de mhí an Mheithimh. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.

    Dar le tuairisc déanta ag Seirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann, tá breis is 320 iarratas déanta acu ar rochtain ar shonraí cumarsáide iriseoirí le 13 bliana anuas. Ar 10 gcinn de na hócáidí seo, bhain sé le hiarracht a dhéanamh ar a gcuid foinsí a aithint trí mhodhanna rúnda. Dúirt an PSNI gur minic a bhí sonraí á lorg acu nuair a bhí na hiriseoirí ina n-íospartaigh, ina n-amhrastaigh nó ina bhfiannéithe. Dúradh sa tuarascáil fosta go ndearnadh 500 iarratas ar shonraí a bhain le dlíodóirí le linn na tréimhse céanna. D'iarr Amnesty International agus Aontas Náisiúnta na nIriseoirí go ndéanfaí fiosrúchán ar ghníomhaíocht faireachais póilíneachta. Tagann sé i ndiaidh líomhaintí cúirte go ndearnadh monatóireacht mhídhleathach ar ghutháin de chuid roinnt tuairisceoirí. Dúradh sa tuarascáil go raibh na hócáidí ina ndearnadh iarracht foinse iriseora a aithint bainteach le himscrúduithe ar “nochtadh neamhúdaraithe” fhaisnéis nó dhoiciméid an PSNI. Dúirt an PSNI go ndéanann sé thart ar 8,500 iarratas sonraí cumarsáide gach bliain. Ach, i ráiteas, dúirt an Bord Póilíneachta nár thug an tuarascáil “gach ráthaíocht a bhí de dhíth ar dhaoine”. Ní ba luaithe an tseachtain seo, d’fhógair an Príomh-Chonstábla Jon Boutcher go ndéanfaidh dlíodóir, Angus McCullough KC, athbhreithniú ar chúrsaí faireachais.Cháin príomhfheidhmeannach na Náisiún Aontaithe ionsaí a rinne Iosrael ar scoil a bhí á reáchtáil ag na Naisiúin Aontaithe le déanaí. Líomhnaíonn Iosrael go raibh “comhdháil Hamas” á reachtáil sa scoil. Dúirt dochtúirí Gaza gur maraíodh 40 duine ar a laghad. “Níl ann ach sampla uafásach eile den phraghas atá á íoc ag sibhialtaigh, go bhfuil fir, mná agus leanaí na Palaistíne faoi chos agus iad díreach ag iarraidh maireachtáil” a dúirt urlabhraí Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, António Guterres. "Beidh gá le cuntasacht as gach rud a tharla in Gaza," a dúirt sé. Tá iarrtha ag na Stáit Aontaithe ar Iosrael a bheith fírinneach faoin ionsaí seo - lena n-áirítear ar maraíodh leanaí san ionsaí. Dúirt an tUasal Miller gur chreid polaiteoirí na Stát Aontaithe measúnuithe agus tuairisc Iosrael go bhfuil Hamas i bhfolach uaireanta i mbonneagar sibhialta, ach dúirt sé go raibh sé ag fanacht le faisnéis ar an ionsaí is déanaí. Thuairiscigh Iosrael gur bhuail siad an scoil mar ionsaí ón aer, spriocdhírithe ar níos mó ná 30 trodaithe Hamas taobh istigh, ach dúirt oifigeach Palaistíneach gurb iad 40 duine lena n-áirítear mná agus leanaí a maraíodh agus iad ag baint úsáid as an suíomh NA mar fhoscadh.

    Tá rogha de thráchtaireacht bheo as Gaeilge i measc na bhféidearthachtaí atá á bplé ag an tseirbhís sruthaithe GAAGO do na cluichí craoibhe ar fad a chuirtear ar fáil ar líne, a thug Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Iarlaith Ó Broin, le fios.  Mheabhraigh Ó Broin nach raibh cluichí Gaelacha á sruthú ag an gCumann cúig bliana ó shin ach nuair a tharla an phaindéim go raibh dualgas ar CLG an cumas a chruthú. “Craoladh 222 cluiche Gaelach anuraidh le tráchtaireacht i nGaeilge as 300 – ní olc sin nuair a smaoiníonn tú air agus ba bhreá linn é sin a dhéanamh,” a dúirt sé, agus é ag caint ag Comórtas Peile na Gaeltachta ar na mallaibh. “Nuair a smaoiníonn tú go bhfuil an BBC ábalta é a dhéanamh agus fiú an BBC, b’fhéidir go dtiocfadh le GAAGO féachaint air sin . Tá cuid mhór féidearthachtaí ag GAAGO gan amhras agus sin ceann de na féidearthachtaí atá againn, beidh muid ag breathnú agus ag leathnú amach na seirbhíse agus, insan todhchaí, má leanaimid sa treo ina bhfuil muid ag dul, sílim go dtiocfaidh linn sin a dhéanamh," a dúirt sé.

    *

    Léiri

    • 6 min
    1 Meitheamh 2024 (Tiobraid Árann)

    1 Meitheamh 2024 (Tiobraid Árann)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an chéad lá de mhí an Mheithimh. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh.

     

    Fuarthas iarUachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump ciontach i ngach cúiseamh ag deireadh a thrialach i Nua Eabhrac Déardaoin. Bhí ceithre chúiseamh is tríocha ann, a bhain le cuntais ghnó a fhalsú le linn fheachtas na huachtaránachta sa bhliain 2016, nuair a tugadh airgead tosta don aisteoir Stormy Daniels. Gearrfar an pionós ar Trump ar an chéad lá déag de mhí Iúil, ach ní cheaptar go seolfar go príosún é, mar gheall ar an gcineál feileonachta atá i gceist. In ainneoin an bhreithiúnais, d’áitigh Trump féin go bhfuil sé neamhchiontach agus scríobh a lucht leanúna a lán teachtaireachtaí inar bagraíodh foréigean – foréigean i gcoinne iad siúd a bhí páirteach sa triail agus i gcoinne an stáit araon. Is cosúil nach gcuirfidh an breithiúnas seo bac ar fheachtas uachtaránachta Trump sa toghchán ag deireadh na bliana.

     

    In Éirinn, tá ‘Old Mr Brennan’ ar shlí na fírinne. Ba é Joseph Brennan a bhunaigh an comhlacht mór Brennans Bread níos mó ná caoga bliain ó shin, agus úsáideadh a leasainm sna feachtais fógraíochta a bhí acu i gcaitheamh na mblianta. Bhí an chéad bhácús dá chuid suite i Lána Fumbally i lár Bhaile Átha Cliath, ach tá an comhlacht bunaithe i mBaile Bhailcín le fada anois. Fuair an tUasal Brennan bás sa bhaile i gCábán tSíle, agus cé raibh sé ar scor le tamall, is comhlacht teaghlaigh é Brennans Bread fós agus roinnt páistí dá chuid luaite mar stiúrthóirí an chomhlachta.

     

    Tháinig deireadh le séasúr an tsacair i Sasana an deireadh seachtaine seo caite nuair a bhuaigh Manchester United Corn an FA Dé Domhnaigh. Bua gan choinne a bhí ann, agus iad ag imirt in aghaidh a gcomharsan Manchester City, atá tar éis an tsraith is airde i Sasana a bhuachan den cheathrú huaire as a chéile, éacht nach ndearnadh riamh i Sasana. É sin ráite, tá céad cúig déag cúiseamh curtha i leith Manchester City, maidir le sárú rialacha airgeadais an FA, agus ní fios go fóill cén saghas pionóis a ghearrfar ar an gclub sa chás go bhfaighfí ciontach iad. Deireadh ré a bhí ann i Learpholl freisin, nuair a d'fhág an bainisteoir Jürgen Klopp slán le Liverpool FC tar éis ocht mbliana rathúla sa chlub, inar mbain siad Corn na hEorpa agus an Premier League.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    ciontach - guilty

    cuntais ghnó a fhalsú - falsifying business records

    leasainm - nickname

    feachtais fógraíochta - advertising campaigns

    gan choinne - unexpected

    sárú rialacha airgeadais - violation of financial rules

    • 4 min
    25 Bealtaine 2024 (An Clár)

    25 Bealtaine 2024 (An Clár)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an cúigiú lá is fiche de mhí na Bealtaine. Is mise Niall Ó Cuileagáin.

    Dúirt an Taoiseach Simon Harris maidin Dé Céadaoin go mbeidh Éire ag tabhairt aitheantas don bPalaistín go foirmiúil ón 28ú lá de mhí na Bealtaine. D’fhógair an Iorua agus an Spáinn go mbeidh siadsan ag tabhairt aitheantas don stát chomh maith. Luaigh an Taoiseach stair na hÉireann agus a heispéireas leis an gcoilíneachas agus dúirt sé go bhfuil sé dóchasach go leanfaidh tíortha eile an eiseamláir seo. Bhí an-fhearg ar rialtas Iosrael agus d’athghair siad ambasadóir na tíre in Éirinn. Chomh maith leis sin, tá barántas gabhála á lorg an tseachtain seo ag an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta do Phríomh Aire Iosrael, Benjamin Netenyahu agus don Aire Cosanta, Yoav Gallant, chomh maith le triúr ceannairí de chuid Hamas. Tá an t-ionchúisitheoir ag an gCúirt ag iarraidh iad a ghabháil mar gheall ar choireanna cogaidh aguscoireanna in aghaidh an duine. Déanfar scrúdú ar na hiarratais go luath ach fiú má éisíonn an Chúirt an barántas, níl aon chumhacht aici é a chur i bhfeidhm. Cuireann an Chúirt i leith go bhfuil Netanyahu agus Gallant ag baint úsáid as an ngorta mar uirlis chogaidh. Tá níos mó ná 35,000 Palaistíneach marbh ó thús an chogaidh agus tá an daonra sa réigiún i mbéal an bháis leis an ocras de réir oibrithe cabhracha.

    Maraíodh Uachtarán na hIaráine Ebrahim Raisi, an t-aire gnóthaí eachtracha Hossein Amir-Abdollahian agus roinnt daoine eile i dtimpiste héileacaptair Dé Domhnaigh. Tharla an timpiste i gceantar sléibhtiúil in aice le teorainn na hAsarbaiseáine. Bhí an héileacaptair ag teacht thar n-ais ó shearmanas oscailte damba nuair a chuaigh sé i sáinn i gceo trom. Ceannaire ana-choimeádach a bhí in Raisi, duine a chuir faoi chois go cruálach éirí amach na mban agus nagcailíní in 2022. Bhí Raisi ana-mhór leis an Ard-Cheannaire, an Ayatollah Ali Khamenei, agus ceapadh go mbeadh sé féin ag teacht i gcomharbacht air sa todhchaí. Fógraíodh cúig ládobróin sa tír ón Luan seo caite.

    Tá an Ghaeltacht Chois Tamaise ar siúl arís an deireadh seachtaine seo i gcroílár Londan. Seo an tríú bliain den imeacht atá ag dul ó neart go neart ó thosaigh sí in 2022. Cuireadh tús leis Dé hAoine le Pop-Up Gaeltacht i gCeamdain agus anois tá dhá lá de ranganna i scoil Haverstock, i dtuaisceart Londan ar an Sathairn agus ar an nDomhnach. Chomh maith leis sin, beidh roinnt imeachtaí cúltúrtha ar siúl le linn an deireadh seachtaine, mar shampla léiriú an scannáin Arracht, séisiún ceoil, ranganna ióga agus siúlóid Ghaelach trí lár na cathrach. Má tá suim agat inti, tá drochscéala againn: tá na ticéid go léir díolta amach le cúpla seachtain.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    aitheantas - recognition

    coilíneachas - colonialism

    barántas gabhála - arrest warrant

    ionchúisitheoir - prosecutor

    damba - dam

    dobrón - mourning

    • 6 min
    18 Bealtaine 2024 (Dún na nGall)

    18 Bealtaine 2024 (Dún na nGall)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an t-ochtú lá déag de mhí na Bealtaine. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. 

    Rinneadh ionsaí ar Phríomhaire na Slóvaice Dé Céadaoin agus é taobh amuigh de chultúrlann i mbaile beag darb ainm Haldlova, i ndiaidh cruinniú a bhí aige. Tuairiscíodh gur lámhachadh ceithre huaire é agus gabhadh an té a rinne an t-ionsaí lámhaigh air ar láthair na coire. Gortaíodh go dona Príomh-Aire Fico agus dúradh go raibh sé ag streachailt leis an bhás, ach tar éis cúig uair faoi obráid, go raibh drochbhail sheasmhach air. Sa tSlóvaic agus san Aontas Eorpach, is pearsa conspóideach é Fico, mar gheall ar a éilimh chun deireadh a chur le cúnamh míleata don Úcráin agus stop a chur leis na smachtbhannaí eacnamaíochta ar an Rúis.

    Tá taighde nua foilsithe ag Údarás na Gaeltachta, ina léirítear go bhfuil an líon teaghlach sa Ghaeltacht ag méadú níos gasta ná an líon tithe, agus is mó tithe atá folamh i gceantair Ghaeltachta ná mar atá go náisiúnta. Ón bhliain 2016, tharla méadú 6% ar an líon teaghlach sa Ghaeltacht, agus níor tharla ach méadú 5% ar líon na dtithe. Bhí an taighde bunaithe ar Dhaonáireamh 2022 agus b’é an Dr Séin Ó Muineacháin a rinne é. Fuair an taighdeoir amach gurb iad na contaetha Gaeltachta na contaetha ina bhfuil an líon is mó tithe saoire in Éirinn, go háirithe i gContae Chiarraí agus i gContae Dhún na nGall. Dúirt Údarás na Gaeltachta go mbeadh tábhacht leis an taighde seo agus tithíocht na Gaeltachta á forbairt acu, agus go bhfuil breis tithíochta de dhíth ar na ceantair Ghaeltachta. 

    Oíche Dé hAoine seo caite, bhí radharc draíochtúil ann nuair a bhí na Saighneáin nó na Gealáin Thuaidh le feiceáil ar fud an domhain, agus an Eoraip san áireamh. Bhí Na Saighneáin dathúla le feiceáil mar gheall ar an stoirm gheomaighnéadach ba mhó a bhuail an domhan leis na cianta agus cuireadh amach rabhadh annamh grianstoirme, toisc go raibh baol dochair ann ar an eangach leictreachais, bonneagar, agus satailítí. Tá seans ann gur thig linn Na Saighneáin a fheiceáil arís i mbliana agus an ghrian ag barr a gníomhaíochta timthrialla i láthair na tréimhse seo.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    ionsaí lámhaigh - shooting attack

    láthair na coire - the crime scene

    taighde - research

    de dhíth - needed

    stoirm gheomaighnéadach - geomagnetic storm

    eangach leictreachais - electricity grid

    • 5 min
    11 Bealtaine 2024 (Ard Mhacha)

    11 Bealtaine 2024 (Ard Mhacha)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an t-aonú lá déag de Mí na Bealtaine. Is mise BarraMac Giolla Aoláin.Rinne Iosrael buamáil ar chathair Rafah i nGaza, áit atá dubhle daoine ag ceann thiar theas na Stráice. In ainneoin agóidíidirnáisiúnta, sheol Iosrael tancanna isteach in Rafah inné agus ghlac said smacht ar an trasbhealach teorann is mó. Is é seo an príomhbhealach chun cúnamh a fháil isteach i Stráice Gaza. Dúirt an Teach Bán go raibh siad in aghaidh ionradh ar Rafah. Tuairiscítear gur choinnigh na Meiriceánaigh siar lasta mór buamaí a bhí siad le seoladh chuig Iosrael an tseachtain seo caite mar gheall air seo. Bhí imní ar na Náisiúin Aontaithe faoi agus dúradh go raibh Iosrael ag "tachtadh" príomh-artairí cúnaimh Gaza. De réir tuairiscí leanann idirbheartaíocht síochána ar aghaidh san Éigipt idir Iosrael agus Hamas ach níl aon dul chun cinn déanta go dtí seo.Tá Éire tar éis dul ar aghaidh go dtí cluiche ceannais na hEoraifíse den chéad uair ó bhí 2018 ann. D’éirigh le “Bambie Thug” sa bhabhta leathcheannais Dé Máirt, leis an amhrán “Doomsday Blue” in Malmö na Sualainne. Dúirt máthair Bambie Thug Laura le Morning Ireland de chuid RTÉ “nach feidir léi fanacht” go bhfeicfidh sí an t-amhránaí as Corcaigh ag seinm sa chluiche ceannais. Bhí díomá ar lucht leanúna na hEoraifíse mar níor bhain an Astráil áit amach sa chomórtas i mbliana. Bhí ar na heagraithe leithscéal a ghabháil tar éis do dhuine de thaibheoirí Dé Máirt siombail a bhí ar son na Palaistíne a thaispeáint, agus rinneadh agóid mhór nuair a bhí an t-amhránaí as Iosrael ag seinm Déardaoin. Tá go leor daoine ag moladh gur chóir baghcat a dhéanamh ar an chluiche ceannais anocht, mar gheall ar rannpháirtíocht Iosrael, agus an cogadh fós ar siúl in Gaza.Beidh dhá chluiche ceannais cúige sa pheil ar siúl an deireadh seachtaine beag seo. Ceaptar go mbeadh an bua ag Baile Átha Cliath ar Lú go héasca i gcluiche ceannais Laighean, ach, maidir le cluiche ceannais Uladh i gCluain Eois Dé Domhnaigh, tá tá sé deacair buaiteoir a phiocadh amach idir Ard Mhacha agus Dún na nGall. Tá JimMcGuinness ar ais mar bhainisteoir Dhún na nGall agus támuinín ard ann. Tá sé ag cur orthu a chreidiúint gur féidirleo rudaí a dhéanamh nárbh fhéidir leo a dhéanamh anuraidh. Ar an taobh eile tá Kieran McGeeney ag lorg achéad bhua i gcraobh Uladh as deich n-iarracht. Ba cheart gur comórtas spreagúil a bheadh ann.  Bhuaigh Ciarraí agus Gaillimh na cluichí ceannais eile i gCúige Mumhan agus i gCúige Chonnacht an tseachtain seo caite.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    trasbhealach teorann - border crossing

    lasta buamaí - a cargo of bombs

    tachtadh - suffocating, smothering

    lucht leanúna na hEoraifíse - Eurovision followers/fans

    taibheoirí - performers

    spreagúil - exciting

    • 7 min
    4 Bealtaine 2024 (Baile Átha Cliath)

    4 Bealtaine 2024 (Baile Átha Cliath)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an ceathrú lá de mhí na Bealtaine. Is mise Liam Ó Brádaigh.Tá póilíní sna Stáit Aontaithe tar éis na céadta mac léinn atá ag agóid ar son na Palaistíne a ghabháil ar champais iolracha ar fud na tíre. Rinne póilíní Los Angeles a mbealach isteach sa champa agóide ag UCLA le fórsa, ag coinneáil roinnt agóideoirí agus ag stróiceadh na bpuball. D’éiligh na mic léinn go stopfadh ollscoileanna gnó a dhéanamh le hIosrael nó le cuideachtaí a thacaíonn leis an gcogadh in Gaza. Agus mic léinn ag leanúint ar aghaidh ag agóid ar fud na tíre, shéan an tUachtarán, Joe Biden, go gcaitheann na Stáit Aontaithe go leatromach le hagóideoirí ach dúirt sé go gcaithfidh “ordú a bheith i réim”.Tá scéim nua seolta chun an Ghaeilge a thabhairt do phobail nua in Éirinn, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil Araibis, Úcráinis agus Íogbóis mar phríomhtheanga acu.  ‘Céad Míle Fáilte’ an t-ainm atá ar an tionscnamh náisiúnta atá maoinithe don chéad trí bliana eile ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon agus Gaeltachta. Táthar ag súil go nglacfaidh ar a laghad 2,000 duine páirt ann. Dúirt an tAire Stáit, Thomas Byrne, go bhfuil níos mó i gceist leis an tionscadal ná clár teanga, ag rá gur cruthú atá ann go bhfuilimid tiomanta féiniúlacht Éireannach níos láidre agus níos leithne a chruthú, a bheidh cuimsitheach agus fáilteach roimh chách.Tá cuach Éireannach ar ais ina tír dhúchais tar éis aistear éachtach thar sáile. Chaith an chuach an geimhreadh i bhforaoisí báistí an Chongó agus thuirling sé ar ais i bPáirc Náisiúnta Chill Áirne i gCiarraí an tseachtain seo, áit ónar eitil sé an bhliain seo caite. Tá an t-éan, darb ainm Cuach KP, ar cheann de thriúr a feistíodh le clibeanna satailíte mar chuid de Thionscadal Rianaithe Cuach nua a seoladh an samhradh seo caite. Ba é cuspóir an tionscadail ná pictiúr soiléir a fháil ar thuras bliantúil na cuaiche agus conas is féidir iad a choinneáil sábháilte.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    campa agóide - protest camp

    go leatromach - oppressively

    cuimsitheach - inclusive

    fáilteach - welcoming

    cuach - cuckoo

    clibeanna satailíte - satellite tags

    • 4 min

Customer Reviews

5.0 out of 5
13 Ratings

13 Ratings

IÓR ,

An-smaoineamh

Ní raibh a fhios agam go raibh seo ar iarraidh ó mo shaol! Táim an-bhuíoch díobh mar seo.

Top Podcasts In Education

The Mel Robbins Podcast
Mel Robbins
The Rich Roll Podcast
Rich Roll
The Daily Stoic
Daily Stoic | Wondery
TED Talks Daily
TED
Navigating Narcissism with Dr. Ramani
iHeartPodcasts
Do The Work
Do The Work

You Might Also Like

Gaeilge Weekly
Liam Ó Duibhiolla
Inside Politics
The Irish Times
Today with Claire Byrne
RTÉ Radio 1
In The News
The Irish Times
Irish History Podcast
Fin Dwyer
The Irish Passport
The Irish Passport