7 episodes

An audio blog in the Irish language.

An tImeall Archives - Technology.ie News & Views on Gadgets & Tech Conn O Muineachain

    • Society & Culture

An audio blog in the Irish language.

    RTE launch new Online Irish Language News Service [Podchraoladh]

    RTE launch new Online Irish Language News Service [Podchraoladh]

    (Tá podchraoladh i nGaeilge ar fáil in éineacht leis an alt seo. Cliceáil ar an seinnteoir thuas, nó tá sé le híoslódáil anseo: 20:40; 12MB; MP3)
    A new comprehensive online Irish language news service was launched today by RTÉ, as part of a range of initiatives arising from the report of its internal Irish Language Working Group which was published in February.
    That report also recommended the appointment of a Group Head of Irish Language, reporting to the Director General of RTÉ, Noel Curran. On Friday, RTÉ announced the appointment of the current deputy head of RTÉ Raidio na Gaeltachta, Rónán Mac Con Iomaire, to this position which he will take up shortly.
    Rónán Mac Con Iomaire is my guest on today’s Irish language podcast, An tImeall.
    Phléamar Tuarascáil an Ghrúpa Oibre, agus na hathraithe atá dá gcur i bhfeidhm in RTÉ dá bharr. Mhínigh sé an t-atheagar atá curtha ar sheirbhísí nuachta in nGaeilge ó RTÉ.
    Ag tosú inniu, tá seirbhís chuimsitheach nuachta ar-líne i nGaeilge ag RTÉ den chéad uair, idir nuacht náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil. Tá sé le fáil ar shuíomh idirlín na nuachta ag RTÉ.ie, agus ar Aip RTÉ News Now. Comhpháirtíocht atá sa togra seo idir Nuacht RTÉ agus seomraí nuachta RTÉ Raidió na Gaeltachta. Is i Nuacht RTÉ i mBaile na hAbhann a bheidh an tseirbhís nua ar-líne lonnaithe, agus beidh iriseoirí ó RTÉ Raidió na Gaeltachta agus ó Nuacht RTÉ ag coinneáil ábhair leis.
    Tá dhá shuíomh ar leith i gceist leis an seirbhís nua idirlín. Is é rte.ie/nuacht an príomh-shuíomh, áit a mbeidh seirbhís chuimsitheach nuachta náisiúnta agus idirnáisiúnta. Beidh an tseirbhís seo ar fáil ar an Aip RTÉ News Now.
    Ach chomh maith leis sin, beidh seirbhís idirlín dírithe ar nuacht áitiúil na Gaeltachta ar fáil ar shuíomh idirlín Raidio na Gaeltachta, ag rte.ie/rnag/nuacht-gaeltachta.

    Beidh cúram eile sa bhreis ar Raidio na Gaeltachta freisin, mar beidh an nuacht náisiúnta agus idirnáisiúnta Gaeilge anois á soláthar do sheirbhísí uile Raidió RTÉ ag RTÉ Raidió na Gaeltachta. Is i gceanncheathrú na seirbhíse i gCasla a bheidh an lárionad léirithe raidió don nuacht Ghaeilge, agus is as sin feasta a chraolfar an 32 feasachán nuachta Gaeilge sa tseachtain ar RTÉ Radio 1, RTÉ lyric fm agus RTÉ 2fm, chomh maith le gnáthsheirbhís nuachta Raidió na Gaeltachta mar atá faoi láthair.
    Admhaíonn Rónán go bhfuil “creimeadh” déanta le roinnt bhlianta ar an méid as-chur i nGaeilge ar RTÉ, agus deir sé go mbeidh sé in a chuid den gcúram a bheidh air sa phost nua, obair in éineacht le rannóga éagsúla na heagraíochta chun dul i ngleic leis sin.
    D’fháiltigh Príomh Stiúrthóir RTÉ Noel Curran roimh an atheagar:

    “Dul chun cinn tábhachtach atá anseo, a chruthaíonn an chéad togra ilmheáin i nGaeilge a bheidh ag feidhmiú ó dhá láthair éagsúil. Bainfidh sé leas níos fearr as na hacmhainní atá againn faoi láthair le cur leis an tseirbhís a chuirtear ar fáil don phobal. Léiriú atá anseo go bhfuil RTÉ tiomanta don Ghaeilge, mar a léirigh an feasachán nua Gaeilge ar RTÉ News Now a chuirfidh 26 uair an chloig sa bhreis leis an soláthar nuachta Gaeilge in aghaidh na bliana.”

    Podchraoladh i nGaeilge is ea An tImeall, curtha i láthair ag Blacknight, an príomh-chomhlacht in Éirinn le haghaidh óstáil idirlín agus ainmneacha fearainn. Tá margaí maithe ar ainmneacha fearainn ar fáil ag an suíomh domainoffers.me.
    Má thaitníonn an clár seo leat, is féidir síntús a fháil le iTunes nó le RSS.
    Related articles

    RTÉ launches new online Irish language news service
    We’re Irish and Proud of it!
    Seo Chugainn na Fearainn Bharrleibhéil Nua!
    TG4 agus Gaeltacht an Idirlín: Agallamh le Pádhraic Ó Ciardha [Podchraoladh]
    Will the Internet Save the Irish language?

    RTE launch new Online Irish Language News Service [Podchraoladh] originally appeared on

    • 20 min
    TG4 agus Gaeltacht an Idirlín: Agallamh le Pádhraic Ó Ciardha [Podchraoladh]

    TG4 agus Gaeltacht an Idirlín: Agallamh le Pádhraic Ó Ciardha [Podchraoladh]

    Today’s Irish language podcast (19:20; 11MB; MP3) is an interview with the Deputy CEO of TG4, Pádhraic Ó Ciardha.

    TG4, the award-winning multi-platform Irish language media service, has announced the completion of three major phases in the implementation of its digital content distribution strategy.
    The first is the new Smart TV App, available and live on all major platforms, Samsung, Philips, Opera TV, Foxxum, Toshiba and Google TV. The apps have also been submitted for LG and Panasonic.
    The second is the release of an updated and enhanced version of the TG4 Web-based Player, available through the browser ( tg4.tv) on any device. Launched in 2002, it was Ireland’s first TV Player, created and produced by TG4’s in-house team. The new upgrade makes it possible for users to create their own personal playlist and will offer a continuous live stream of TG4 content worldwide (any rights-restricted content in the user’s region will be replaced seamlessly by other non-restricted TG4 content).

    The third element of the latest TG4 smart move is the release of an updated and enhanced version of the TG4 Player App for iPad. This will be available free to download from the App store, worldwide, and will include access to the TG4 live stream as well as a catch up service for TG4 audiences. The TG4 player App is in addition to the 7 existing Irish language Apps developed by TG4 for the kids audience, making TG4 the main App developers for Irish language content.
    In the podcast, Pádhraic Ó Ciardha explains that, from the station’s beginning in 1996, it has been acutely aware of the demand from the globally dispersed community of Irish people who wish to connect with their culture. The intervening years have seen a revolution in media, up-ending the top-down model of broadcasting and putting the user in control of the time, place and platform with which they choose to consume content.

    “Bhí an tráth ann, agus shocraigh fear, go hiondúil, i stáisiún teilifíse, cad é an rud a raibh tusa chun féachaint air, ag am a shocraigh seisean. Chaith tusa tú féin a chur ar fáil, ag an am sin, le go bhfeicfeadh tú an t-ábhar sin. Tá an chothromóid chumhachta sin athraithe go h-iomlán anois. Tusa a roghnaíonn céard é ar a bhfuil tú ag dul ag féachaint. Tusa a roghnaíonn cén t-am a bhfuil tú chun féachaint air. Tusa a roghnaíonn cén gaireas, nó cén uirlis a bhfuil tú ag dul ag féachaint air. Mar sin, ‘sé an cúram atá orainne, mar stáisiún teilifíse, ná a chinntiú go bhfuil an t-ábhar s’againne ar fáil duit, ins an áit, ag an am, ar an árdán a roghnaíonn tusa, agus na rudaí atá fógraithe againn an tseachtain seo, is léiriú é go bhfuilimíd dáiríre faoi choinneál bord ar bhord leis na forbairtí sin … le gur féidir le daoine, aon áit ar fud an domhain, an t-ábhar iontach atá againn a bhlaiseadh ar an mbealach is ansa leo féin.”

    Podchraoladh i nGaeilge is ea An tImeall, curtha i láthair ag Blacknight, an príomh-chomhlacht in Éirinn le haghaidh óstáil idirlín agus ainmneacha fearainn. Tá margaí maithe ar ainmneacha fearainn ar fáil ag an suíomh domainoffers.me.
    Má thaitníonn an clár seo leat, is féidir síntús a fháil le iTunes nó le RSS.
     
    Related articles

    Seo Chugainn na Fearainn Bharrleibhéil Nua!
    We’re Irish and Proud of it!
    Will the Internet Save the Irish language?
    Translator AR App Word Lens is now Free!

    TG4 agus Gaeltacht an Idirlín: Agallamh le Pádhraic Ó Ciardha [Podchraoladh] originally appeared on Technology.ie News & Views on Gadgets & Tech - A Podcast about technology
    TG4 agus Gaeltacht an Idirlín: Agallamh le Pádhraic Ó Ciardha [Podchraoladh] originally appeared on Technology.ie News & Views on Gadgets & Tech - A Podcast about technology

    • 19 min
    CD Gaeilge, Ceol #10, le Seoladh go h-Eisiach Anocht ar Raidio Rí-Rá ar RnaG

    CD Gaeilge, Ceol #10, le Seoladh go h-Eisiach Anocht ar Raidio Rí-Rá ar RnaG

    Déanfar seoladh eisiach anocht ar an dlúthdhiosca nua pop-cheoil i nGaeilge: Ceol #10, ar an gclár Rí-Rá ar RnaG ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir a 9 agus a 10 a chlog.
    Tá Raidio Rí-Rá ar fáil go forleathan ar an idirlíon ar rrr.ie, agus ar an gcóras digiteach DAB i mBaile Átha Cliath agus i bPort Láirge.  Faoi láthair tá comhchraoladh ar siúl ar bhonn trialach ina gcraoltar uair a chloig ón gcairtstáisiún ar sheirbhís náisiúnta RTÉ Raidio na Gaeltachta ar 92–94 MHz FM, ó 9-10pm, Máirt go hAoine.
    Bíonn an clár sin, Rí-Rá ar RnaG, á chur i láthair ag Cillian de Búrca agus Síne Nic an Ailí, agus labhair Síne linn ar phodchraoladh an lae inniu (12:16; 7MB; MP3).
    Maidir leis an albam Ceol #10 le Raidió Rí-Rá, is comhthogra idir Conradh na Gaeilge, Seachtain na Gaeilge agus Raidió Rí-Rá le tacaíocht ó COGG (An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta) é albam ar leith na bliana seo, ag tógáil ar thraidisiún Sheachtain na Gaeilge ó 2005 chun albam de cheol reatha as Gaeilge a eisiúint mar chuid den fhéile idirnáisiúnta Ghaeilge gach bliain.
    Tá 14 amhrán as Gaeilge ar an albam Ceol #10 Le Raidió Rí-Rá agus seinnfear gach ceann acu ar an gclár speisialta de Rí-Rá Ar RnaG ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ó 9.00 – 10.00in anocht. Áirítear leaganacha Gaeilge de chuid de na singlí nua-eisithe ag Seo Linn, The Shoos, Senakah agus buaiteoirí an chomórtais BEO Ireland Apollo Six ar an albam Ceol #10 Le Raidió Rí-Rá, mar aon leis na hamhráin is mó tóir orthu ó na halbaim Ceol agus Rí-Rá roimhe seo ó cheoltóirí móra Éireannacha ar nós The Coronas, The Riptide Movement, Republic of Loose, Bell X1, Delorentos, Kíla, Heathers, Ham Sandwich, Traic agus The Swell Season le leagan Gaeilge den amhrán a bhain Oscar sa bhliain 2008, Falling Slowly.
    Is féidir cóip den albam Ceol #10 Le Raidió Rí–Rá a ordú ón gcairtstáisiún in aisce ach sonraí teagmhála a sheoladh chuig eolas@rrr.ie.
    Podchraoladh i nGaeilge is ea An tImeall, curtha i láthair ag Blacknight, an príomh-chomhlacht in Éirinn le haghaidh óstáil idirlín agus ainmneacha fearainn. Tá margaí maithe ar ainmneacha fearainn ar fáil ag an suíomh domainoffers.me.
    Má thaitníonn an clár seo leat, is féidir síntús a fháil le iTunes nó le RSS.
     
     
     
    Related articles

    Seo Chugainn na Fearainn Bharrleibhéil Nua!
    Trash TV Versus Irish TV
    Will the Internet Save the Irish language?
    Ar Scáth a Chéile: A Community Rallies for Pádraig

    CD Gaeilge, Ceol #10, le Seoladh go h-Eisiach Anocht ar Raidio Rí-Rá ar RnaG originally appeared on Technology.ie News & Views on Gadgets & Tech - A Podcast about technology
    CD Gaeilge, Ceol #10, le Seoladh go h-Eisiach Anocht ar Raidio Rí-Rá ar RnaG originally appeared on Technology.ie News & Views on Gadgets & Tech - A Podcast about technology

    • 12 min
    Ag Fáil Réidh le Facebook

    Ag Fáil Réidh le Facebook

    This week’s Irish language podcast (18:48, 10.7MB, MP3) is an interview with journalist Caoimhe Ní Laighin, who wrote about her decision to quit Facebook in this week’s Irish Times.
    Cuireadh go leor spéise in alt san Irish Times inné le Caoimhe Ní Laighin, inar mhínigh sí an chúis go bhfuil sí tar éis éirí as Facebook.

    Ní drochrud é Facebook, ag brath ar an gcineál duine atá ionat. Ach i mo chás féin, baineann an mana cáiliúil de chuid Alcoholics Anonymous le hábhar: is iomarcach é cliceáil amháin, ní leor riamh na mílte cliceáil.

    Tá go leor daoine a d’aontódh léi. Aithnítear comharthaí na h-andúile sa tslí is go mbímíd ag caitheamh leis na meáin sóisialta.  Cothaítear droch-nósanna maidir le bainistiú ama, agus b’fhéidir go bhfuil sé ag cur isteach ar an gcumas atá againn díriú isteach agus léargas a fháil ar aon ábhar atá casta nó fada.
    Ghlac Caoimhe le cuireadh chun páirt a ghlacadh i bpodchraoladh na seachtaine seo agus chuireas glaoch uirthi inné leis an scéal a phlé.
    Podchraoladh seachtainiúil i nGaeilge is ea An tImeall, curtha i láthair ag Blacknight, an príomh-chomhlacht in Éirinn le haghaidh óstáil idirlín agus ainmneacha fearainn. Tá margaí maithe ar ainmneacha fearainn ar fáil ag an suíomh domainoffers.me.
    Má thaitníonn an clár seo leat, is féidir síntús a fháil le iTunes nó le RSS.
     
    Related articles

    Suíomh idirlín úr nós*
    Hollywood’s Gaelic Speakers
    Ar Scáth a Chéile: A Community Rallies for Pádraig
    We’re Irish and Proud of it!


    Ag Fáil Réidh le Facebook originally appeared on Technology.ie News & Views on Gadgets & Tech - A Podcast about technology
    Ag Fáil Réidh le Facebook originally appeared on Technology.ie News & Views on Gadgets & Tech - A Podcast about technology

    • 18 min
    Ar Scáth a Chéile: A Community Rallies for Pádraig

    Ar Scáth a Chéile: A Community Rallies for Pádraig

    Pádraig Schaler is a lovely guy. Anyone who knows him can tell you that.
    I got to know him online in 2006 when he was about 15. We were both exploring the possibilities which online social media, blogging and podcasting offered for the Irish language, and we encouraged each other and shared our experiences.  When I turned a podcast into a radio series called An Líonra Sóisialta, and got it syndicated on seven radio stations across Ireland, Pádraig emailed his encouragement. He told me that he would download the podcast from the RSS feed in the morning and listen on his phone on the bus to school. Then he would hear the show again on his way home, as it was broadcast live on Raidio na Life.
    It was no surprise to me that Pádraig continued his involvement with media and the Irish language as he grew up and went to college and, while we were no longer in touch, I would see his name pop up from time to time. It’s also no surprise to me that he inspires the kind of loyalty and support from the community at large that is in evidence at the moment.
    Pádraig was involved in an accident last year which has left him in a coma, suffering from severe brain injuries. His case has focused a lot of attention on the Irish healthcare system, as his family revealed that they felt it necessary to move him to Germany as the treatment offered in Ireland was inadequate. The campaign to highlight the case, and to raise funds for Pádraig is online at caringforpadraig.org.
    Snámh Phádraig takes place this weekend, as participants will attempt to swim off the coast of each of Ireland’s 17 coastal counties in a 2 day period.
    This week’s An tImeall Irish language podcast (9:56; 6MB; MP3) dips into the archive for an extract from An Líonra Sóisialta, published in October 2006, which featured a clip from Pádraig’s podcast An Saol. You’ll hear the voice of a teenager, excited by the possibilities of culture and language and technology.  I hope we will hear that enthusiasm soon again. Treise leat a Phádraig!
    Má thaitníonn an clár seo leat, is féidir síntús a fháil le iTunes nó le RSS.
    Related articles

    Trinity College J-1 student in a coma after road accident in Cape Cod
    We’re Irish and Proud of it!
    Gaelcoin Interview: a Cryptocurrency for Ireland [Audio]


    Ar Scáth a Chéile: A Community Rallies for Pádraig originally appeared on Technology.ie News & Views on Gadgets & Tech - A Podcast about technology
    Ar Scáth a Chéile: A Community Rallies for Pádraig originally appeared on Technology.ie News & Views on Gadgets & Tech - A Podcast about technology

    • 9 min
    Nuachainteoirí [Podchraoladh]

    Nuachainteoirí [Podchraoladh]

    Tá an Dr John Walsh ina Léachtóir le Gaeilge in Ollscoil na hÉireann Gaillimh agus tá taighde ar leith ar siúl aige i láthair na huaire ar idé-eolaíocht agus spreagadh ‘nuachainteoirí’ mionteangacha, daoine nár tógadh leis na teangacha sin ach a labhraíonn iad go líofa agus go rialta.  Labhair sé liom ar phodchraoladh na seachtaine seo. (36.17, 21MB, MP3).
    Sílim gur cás ar leith í an Ghaeilge sa mhéid is gur nuachainteoirí iad tromlach mór na ndaoine a bhíonn á labhairt, ach cuireann John i gcuimhne dom gurb amhlaidh don mBéarla chomh maith! Admhaíonn sé gur féidir teannas áirithe a bheith sa chaidreamh idir nuachainteoirí agus cainteoirí dúchais na Gaeilge, agus deir sé go bhfuil “speictream an-leathan” de chineálacha éagsúla nuachainteoirí ó thaobh an cúram a dhéanann siad maidir leis an bhfoghraíocht agus an ghramadach.
    Níl dóthain taighde déanta, deir sé, go bhféadfaí a rá go fóill gur canúint bheo atá i nGaeilge na Cathrach, ach aontaíonn sé go bhfuil an so-tuigtheacht agus an fheidhmiúlacht tabhachtach agus canúint nó stíl chainte á mheas. Sé sin le rá: an féidir leat do chúram a dhéanamh tré mheán na teanga?
    Tá an taighde ag leanúint ar aghaidh ar fud na hEorpa go dtí 2016, agus beidh torthaí dá bhfoilsiú de réir a chéile ag John agus ag a chomhghleacaithe.  Is féidir é a leanúint ar Twitter ag @nuachtainteoir agus tá cuntas ag an mór-thionscnamh Eorpach ag @costnewspeakers.
    Podchraoladh seachtainiúil i nGaeilge is ea An tImeall, curtha i láthair ag Blacknight, an príomh-chomhlacht in Éirinn le haghaidh óstáil idirlín agus ainmneacha fearainn. ‘Bhfuil tú ag iarraidh suíomh idirlín a dhéanamh do ghléasanna póca?  Is féidir an uirlis GoMobi a usáid saor in aisce ar feadh 30 lá!  Tuilleadh eolais – agus go leor margaí maithe eile ar fáil – ar an suíomh domainoffers.me.
    Má thaitníonn an clár seo leat, is féidir síntús a fháil le iTunes nó le RSS.
     
    Related articles

    We’re Irish and Proud of it!
    Advertising Dot.com domains ‘As Gaeilge’
    The First ‘Honest’ Spam in the Irish Language?
    Altocloud’s Barry O’Sullivan wants to make Customer Service better [Video]


    Nuachainteoirí [Podchraoladh] originally appeared on Technology.ie News & Views on Gadgets & Tech - A Podcast about technology
    Nuachainteoirí [Podchraoladh] originally appeared on Technology.ie News & Views on Gadgets & Tech - A Podcast about technology

    • 36 min