Gafa le Sinéad agus Rút BLOCTG4
-
- Vrije tijd
An bhfuil tú gafa leis an tae? An bhfuil a fhios agat an dóigh chun 'Thirst Trap' a dhéanamh? An bhfuil a fhios agat an difear idir Gen-Z agus Mílaoiseach? Foghlaim faoi sin agus tuilleadh ar Gafa le Sinéad agus Rút!
-
Fearg na mBan
Déanann na cailíní macnamh ar an bhealach ina ndéantar cáineadh ar mhná nuair a labhraíonn siad amach tar éis d'eachtra craiceáilte tárlú dóibh sa teach. An bhfuil fearg ar leith ag baint le fearg na mban?
-
Is FUATH liom nuair...
Labhraíonn Rút agus Sinéad faoi na rudaí a chuireann SOIR iad san eagrán seo. Idir an saol aerach agus an saol díreach, go dtí na canúintí is measa agus ag fanacht ciúin sa bpub... an bhfuil rud ar bith NACH gcuireann isteach ar na cailíní??
-
CD?! IPOD?!
Labhraíonn na cailíní san eagrán seo faoin difríocht idir mílaoiseach agus Gen-Z. Pléann siad an 'slang' a bhí ag an dá aoisghrúpa agus briseann díospóireacht amach faoin gceist thar a bheith tábhachtach: One Direction nó 5SOS?
-
Céard a tharla d'Angelina Ballerina?
Téann na cailiní ar aistear chuig an óige an tseachtain seo. Pléann siad na cláracha agus scannáin is mó a chuaigh i bhfeidhm orthu agus iad óg. Ó na Tweenies go dtí Angelina Ballerina. Agus labhraíonn siad faoin tábhacht a bhí ag an bosca SKY dóibh.
Fanaigí linn! -
SSB: Séasúir na Searmanas Bronnta
Clúdaíonn na cailíní gach a thit amach le linn Séasúir na Searmanas Bronnta, nó SSB mar a thugann Rút air. Pléitear Barbie, Spoilers, an eachtra *SIN* le Will Smith, agus go leor eile!
-
Mná vs Muinín
Labhraíonn na cailíní faoi thopaic thar a bheith tábhachtach san eagrán seo: féin-ghrá agus féin-mhuinín. An bhfuil nasc idir an teanga agus an féin-mhuinín? An bhfuil nasc idir an phribhléid agus féin-mhuinín? Labhraíonn na cailíní faoi seo agus go leor eile san eagrán nua seo!