![](/assets/artwork/1x1-42817eea7ade52607a760cbee00d1495.gif)
386 episodes
![](/assets/artwork/1x1-42817eea7ade52607a760cbee00d1495.gif)
Fada is Fairsing teicneoir@raidionalife.ie
-
- News
Is clár úr nua é 'Fada is Fairsing' a tosaíodh ar Raidió na Life le déanaí in aimsir Tóstáil 2013, Bliain na Gaeilge 2013 agus ag am ina bhfuil pobal na Gaeilge ag éirí níos mó agus níos mó achan lá ar fud fad an domhain. Díríonn an clár ar scéalta éagsúla ó thíortha ar fud an domhain ó chúrsaí reatha, go scéalta na Gaeilge, go scéalta grinn, le roinnt ceoil dhomhanda freisin. Is í Lisa nic an Bhreithimh láithreoir an chláir agus tá sí díreach tar éis filleadh go hÉirinn ó na Stáit Aontaithe Meiriceá, áit inar chaith sí bliain ag múineadh na Gaeilge. B'ansin a fuair sí inspioráid chun an clár seo a thosú leis an léar mór Gaeilgeoirí ar bhuail sí leo ansin ó Mheiriceá is i bhfad.
-
Clár 429 - 2024 - Raidió na Life
Ar an gclár seo, bhí Lorna Johnson beo i stiúideó Raidió na Life linn le labhairt faoina turas ón Nua Shéalainn go hÉirinn i láthair na huaire, cúrsaí polaitíochta na Nua-Shéalainne agus a turas leis an nGaeilge. Chomh maith leis sin bhí an Feisire nua-aththofa Seán Kelly MEP linn le labhairt faoi thoghcháin Pharlaimint na hEorpa le gairid, torthaí na dtoghchán agus a chuid pleananna dá chéad tréimhse eile mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa.
-
Clár 428 - 2024 - Raidió na Life
Ar an gclár seo, chualamar haidhcú dar teideal "Santōka: A Bhealach Féin" ón scríbhneoir agus Stiúrthóir Imram, Liam Carson a léirigh an haidhcú úd mar chuid d'Fhéile na Gealaí le gairid. Chomh maith leis sin cloisfimid ó Molly Nic Céille faoina turas go Bostún do Phop-Up Gaeltacht leis an Irish Network Boston ansin le gairid agus a cuid oibre ag cur na Gaeilge chun cinn trína gcainéil ar na meáin shóisialta 'Gaeilge i mo chroí'.
-
Clár 427 - 2024 - Raidió na Life
Ar an gclár seo bhí Patrick O'Leary, Cláraitheoir Ollscoil na hÉireann ag labhairt linn faoi léacht a thug an Dr Katriona O'Sullivan san ollscoil an tseachtain seo caite agus eile! Chomh maith leis sin cloisfimid cuid den chéad díospóireacht poiblí Gaeilge i bParlaimint na hEorpa a reachtáladh le gairid agus ar roinneadh taifead leis i rith na míosa.
-
Clár 426 - 2024 - Raidió na Life
Ar an gclár seo bhí Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Ùdarás na Gaeltachta ag caint linn faoi phainéal cainte ar ghlac sé páirt ann faoi thionchar na hintleachta saorga ar chùrsaí oibre i Stanford California le gairid. Chomh maith leis sin bhí Caoimhe Glas agus Ríoghnach Nic Ainmhire ó Choiste Craiceáilte Charn Tochair i nDoire linn le labhairt faoin oíche 'Biongó Lócó' a bheas acu chun airgead a thiomsú do mhuintir na Palaistíne.
-
Clár 425 - 2024 - Raidió na Life
Ar an gclár seo bhí Jeffrey Sardina ag labhairt linn faoin agóid a bhí ag mic léinn Choláiste na Tríonóide, é féin ina measc, ar son na Palaistíne agus in aghaidh na nascanna atá ag an ollscoil le hIosrael, i measc eile. Labhraíomar freisin faoi na Toghcháin Eorpacha a mbeidh deis ag muintir na hÉireann vóta a chaitheamh iontu ar an 7 Meitheamh.
-
Clár 424 - 2024 - Raidió na Life
Ar an gclár seo bhí Caitríona Irving, a chónaigh in áiteanna éagsúla timpeall ar na Stáit Aontaithe i rith a saoil agus Nollaig Bonar, a chaith am san Albain in Oileán an Phrionsa Edward agus linn ó Chalifornia agus Èirinn, le labhairt linn faoina dturais ag cur lena gcuid Gaeilge agus ag reachtáil ciorcal comhrá trasAtlantach!