Scoth na Seachtaine Raidió na Life 106.4FM, www.raidionalife.ie
-
- Society & Culture
Gach seachtain tugann Emma Ní Chearúil sracfhéachaint siar ar a rogha agallaimh agus scéalta ó chláir chainte Raidió na Life. Bíonn an uile ghné le cloisteáil ar Scoth na Seachtaine, idir scéalta nuachta, gné-scéalta, agallaimh le daoine móra le rá, seisiúin bheo sa stiúideo agus a lán scéalta eile nach iad. Is deis atá i Scoth na Seachtaine d'éinne a chaill amach ar chlár nó ar mhír le linn na seachtaine iad féin a thabhairt suas chun dáta ar na hábhair a craoladh ar an stáisiún i gcaitheamh na seachtaine.
-
Scoth na Seachtaine: Nuachainteoirí, Liú Lúnasa, Athrú Aeráide agus an Ghaeilge i gCeanada
Nuachainteoirí, Liú Lúnasa, Athrú Aeráide agus an Ghaeilge i gCeanada
-
Scoth na Seachtaine: An Gréasán Náisiúnta do Ghéarchéim Éignithe, Léiníní agus tuilleadh
Clíodhna Saidléir ar obair An Gréasán Náisiúnta do Ghéarchéim Éignithe. Dr Caitlín Nic Íomhair ar a clár No Egos, No Divas ar BBC R4. Alex Hijmans ar'Léiníní'. Brónagh Ní Chuillinn ar an Astráil.
-
Scoth na Seachtaine: Other Words,Tuarascáil an Coimisinéir Teanga agus tuilleadh
An scríobhnóir Cathal Poirtéir ar an ócáid litríochta Other Words. An Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill ar an tuarascáil bliaintúil. Peadar Mac Fhlannchadha ó Chonradh na Gaeilge ar pleanáil teanga. Dr Mairéad Nic Giolla Mhichil ar an MSc i nGnó agus i dTeicneolaíocht an Eolais atá á chuir ar fáil ag DCU. Dáire Ní Chanáin ar an bhfilíocht agus saol na bhfilí
-
Scoth na Seachtaine: Féile na Gealaí, Hilary Bow, Oski Bravo
Scoth na seachtaine ar fad dirithe ar ceol. Péire agallamh ó Féile na Gealaí ceann le Lauren ní Chasaide agus an dara cheann le Oisin mac Giolla Bhríde. Agallamh a rinne Aonghus Crean le Hilary Bow faoin amhráin nua atá sí direach tar éis a eisiú agus chomh maith le sin labhair muid le Oski Bravo faoin amhrán nua All I know atá direach eisithe acu siúd chomh maith.
-
Scoth na Seachtaine: Craoltóireacht Gaeilge, Strokestown International Poetry Festival agus tuilleadh
Bhí deis ag Darren mac an Phríora labhairt le Harry McGee, iriseoir an Irish times, faoi na toghcháin áitiúla agus Eorpacha a raibh ar siúil in Éireann le déanai. Labhair Orlagh Woods le Catherine Connolly faoin tuarascáil a raibh á sheoladh an tseachtain seo maidir leis na dushláin atá ann i leith na craoltóireachta Gaeilge de. Labhair Aonghus Crean le Michelle Murphy ó Social Justice Ireland faoi na rudaí is tabhachtaí dár léi a mba chóir dúinn aird a tabhairt orthu. Freisin chuir Réaltán Ní Leannáin Pádraig Mac Fhearghusa faoi agallamh faoin Duais de hÍde agus an Strokestown International Poetry Festival.
-
Scoth na Seachtaine: Pop-Up Gaeltacht na Breataine, Acht na dTeangacha agus tuilleadh
Labhair Lisa ar an chlár Fada is Fairsing le Evin ó Dúnaigh, faoi Pop up Gaeltacht na Breataine. ansin bhí Aonghus Crean faoi bhun agallamh le Ken Fitzgerald faoin gCómortás Dornálaíochta atá ar siúil i gClub Dornálaíochta Baile na Manach agus freisin bhí deis ag Réaltán Ní Leannáin láthreoir Fios feasa labhairt le Eamon ó Cúiv faoin Acht na dTeangacha agus ar na seirbhísí ateangaireachta sna cúirteanna faoi láthair. Freisin bhí Donagh Corby ar an mBricfeasta Blasta an tseachtain seo ag roinnt na scealta siamsaíochta ar fad linn.