300 episodes

Learn Irish

Learn Irish with daily podcasts V H

    • Education
    • 4.7 • 6 Ratings

Learn Irish

    20240420_IRISH_deanann_imeaglu_ar_pholaiteoiri_dochar_don_daonlathas

    20240420_IRISH_deanann_imeaglu_ar_pholaiteoiri_dochar_don_daonlathas

    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });

    Original Podcast with clickable words

    https://tinyurl.com/2xjb8gg2



    Contact: irishlingos@gmail.com

    "Intimidation of politicians harms democracy".

    "Déanann imeaglú ar pholaiteoirí dochar don daonlathas".

    Threats and intimidation aimed at elected representatives are damaging to democracy, said the Minister for Integration, Roderic O'Gorman today, after a group of protestors gathered outside his home last night.

    Déanann bagairtí agus imeaglú atá dírithe ar ionadaithe tofa dochar don daonlathas, a dúirt an tAire Lánpháirtíochta, Roderic O'Gorman inniu, i ndiaidh do ghrúpa daoine a bhí i mbun agóide a bhailiú taobh amuigh dá theach cónaithe aréir.

    They were wearing face coverings and carrying anti-immigration signs.

    Bhí clúdaigh aghaidhe á gcaitheamh acu agus bhí comharthaí frith- inimirce á n-iompar acu.

    The Gardaí from Blancheir attended the scene, of which no one was arrested.

    D'fhreastail na Gardaí ó Bhaile Bhlainséir ar an láthair, acu níor gabhadh aon duine.

    "I want to thank the Gardai", Minister O'Gorman said today.

    "Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na Gardaí", a dúirt an tAire O'Gorman inniu.

    "We have a strong tradition of democracy in this country.

    "Tá traidisiún láidir daonlathais againn sa tír seo.

    Representatives are accountable to the public they serve.

    Tá ionadaithe freagrach don phobal a bhfreastalaíonn siad air.

    It's easy to contact us and give us feedback.

    Tá sé furasta teagmháil a dhéanamh linn agus tuairimí a chur in iúl dúinn.

    There are debates and disagreements between us, sometimes.

    Bíonn díospóireachtaí eadarainn agus easaontas, uaireanta.

    But respect is always shown.

    Ach léirítear meas i gcónaí.

    We place a high value on respect in this country; it is particularly valued by politicians.

    Tá luach ard againn ar mheas sa tír seo; tá luach ar leith ag polaiteoirí air.

    But intimidation of elected representatives will damage that relationship between representatives and their communities.

    Ach déanfaidh imeaglú ar ionadaithe tofa dochar don chaidreamh sin idir ionadaithe agus a bpobail.

    And democracy will be damaged as a result."

    Agus déanfar dochar don daonlathas dá bharr."

    The Taoiseach, Simon Harris, indicated earlier today that he feels "uneasy" about the incident in front of Roderic O'Gorman's house yesterday.

    Thug an Taoiseach, Simon Harris, le fios níos luaithe inniu go mbraitheann sé "míshuaimneach" faoin eachtra os comhair theach Roderic O'Gorman inné.

    He said it was a frightening incident, one that would demoralize an elected representative.

    Dúirt sé gur eachtra scanrúil a bhí ann, a chuirfeadh drochmhisneach ar ionadaí tofa.

    Justice Minister Helen McEntee said she had spoken to the Garda Commissioner about the "appalling" incident.

    Dúirt an tAire Dlí agus Cirt, Helen McEntee, gur labhair sí le Coimisinéir na nGardaí faoin eachtra "uafásach".

    In a statement on social media, she said the minister's "privacy and property rights" had been violated, "in a way that would shock anyone."

    I ráiteas ar na meáin shóisialta, dúirt sí go ndearnadh "sárú ar chearta príobháideachais agus maoine" an aire, "ar shlí a gcuirfeadh samhnas ar dhuine."

    • 9 min
    20240417_IRISH_os_cionn_200_gnothas_bia_dunta_o_thus_na_bliana_–_tuarascail_nua

    20240417_IRISH_os_cionn_200_gnothas_bia_dunta_o_thus_na_bliana_–_tuarascail_nua

    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });

    Original Podcast with clickable words

    https://tinyurl.com/29nmgwao



    Contact: irishlingos@gmail.com

    Over 200 food businesses closed since the start of the year - new report.

    Os cionn 200 gnóthas bia dúnta ó thús na bliana – tuarascáil nua.

    Over 200 restaurants, cafes and other food businesses have closed in the State since the start of the year, says a new report commissioned by the Irish Restaurant Association.

    Tá os cionn 200 bialann, caife agus gnóthas eile bia dúnta sa Stát ó thus na bliana, a deirtear i dtuarascáil nua a choimisiúnaigh Cumann Bhialanna na hÉireann.

    The report claims that the country's economy could lose up to €288 million every year as a result of these businesses going out of business.

    Maítear sa tuarascáil go bhféadfadh geilleagar na tíre suas le €288 milliún a chailleadh gach bliain de bharr na gnóthais sin a bheith imithe i mbá.

    Every time a food business closes, the State loses up to €1.36 million a year when everything is taken into account, according to the report.

    Gach uair a dhúnann gnóthas bia, cailleann an Stát suas €1.36 milliún sa bhliain nuair a chuirtear gach rud san áireamh, de réir na tuarascála.

    In that one, it is said, 22 people lose their job on average.

    Ina cheann sin, a deirtear, cailleann 22 duine a bpost ar an meán.

    According to the analysis carried out by researchers, €576,554 in gross wages and €115,310 in tax are lost in each case on average.

    De réir na hanailíse a rinne lucht taighde, cailltear €576,554 in ollphá agus €115,310 i gcáin i ngach cás ar an meán.

    On top of that, it is said, €105,000 is lost in value added tax, €11,874 in commercial rates and €4,583 in water charges.

    Ar a mhuin sin, a deirtear, cailltear €105,000 i gcáin bhreisluacha, €11,874 i rátaí tráchtála agus €4,583 i dtáillí uisce.

    Around €440,000 in social welfare payments will also have to be paid to the former employees if they do not find another job in the meantime.

    Caithfear thart ar €440,000 in íocaíochtaí leasa shóisialta a íoc leis na hiarfhostaithe freisin mura bhfaighidh siad post eile idir dhá linn.

    In relation to that aspect of the story, the report also claims that civil servants in Dublin do not understand that it is not so easy to find another job outside the capital.

    I dtaca leis an ngné sin den scéal de, maítear sa tuarascáil chomh maith nach dtuigeann státseirbhísigh i mBaile Átha Cliath nach bhfuil sé chomh héasca sin post eile a fháil taobh amuigh den phríomhchathair.

    The Irish Restaurant Association is petitioning the Government to come to the aid of food businesses and lower value added tax to 9% again.

    Tá Cumann Bhialanna na hÉireann ag achainí ar an Rialtas teacht i gcabhair ar ghnóthais bhia agus cáin bhreisluacha a ísilú go dtí 9 faoin gcéad arís.

    However, according to the Department of Finance, that would cost the State €545 million a year.

    Dar leis an Roinn Airgeadais, áfach, go gcosnódh sé sin €545 milliún sa bhliain ar an Stát.

    On the contrary, the association believes that the Department of Finance's saving approach makes no sense when everything is lost when a food business closes.

    Os a choinne sin, creideann an cumann nach bhfuil aon chiall le dearacadh coigilteach sin na Roinne Airgeadais nuair a chuirtear san áireamh gach rud a chailltear nuair a dhúnann gnóthas bia.

    The association is also unhappy with certain policies that have been introduced or are yet to be introduced by the Government regarding workers' rights.

    Tá an cumann míshásta freisin le beartais áirithe atá tugtha isteach nó fós le tabhairt isteach ag an Rialtas maidir le cearta oibrithe.

    The newly elected Taoiseach Simon Harris has said that he is sympathetic to business people in that respect and it is understood that he intends to postpone ...

    • 14 min
    20240415_IRISH_iosrael_le_dioltas_a_agairt_as_ionsaithe_na_hiaraine

    20240415_IRISH_iosrael_le_dioltas_a_agairt_as_ionsaithe_na_hiaraine

    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });

    Original Podcast with clickable words

    https://tinyurl.com/2ar55r8m



    Contact: irishlingos@gmail.com

    Israel to sue for revenge for Iran's attacks.

    Iosrael le díoltas a agairt as ionsaithe na hIaráine.

    Israel's military leaders met last night after the attacks that came from Iran during the night.

    Tháinig ceannairí míleata Iosrael le chéile aréir i ndiaidh na n-ionsaithe a tháinig ón Iaráin i rith na hoíche.

    The Government of Israel has threatened to sue for retaliation for the missiles fired at the country.

    Tá sé bagartha ag Rialtas Iosrael go n- agrófar díoltas as na diúracáin a scaoileadh leis an tír.

    The defense equipment of the Israeli forces with the help of Britain and the United States succeeded in deflecting most of the missiles before they reached their targets.

    D'éirigh leis an trealamh cosanta atá ag fórsaí Iosrael le cúnamh ón Bhreatain agus na Stáit Aontaithe formhór na ndiúracán a chur ó mhaith sular bhain siad spriocanna amach.

    However, some managed to go head-to-head and cause damage.

    Mar sin féin d'éirigh le roinnt díobh dul go ceann cúrsa agus damáiste a dhéanamh.

    It is known that at least 30 people have been injured as a result of the attacks, including a 10-year-old girl.

    Tá a fhios go bhfuil suas le 30 duine ar a laghad a gortaíodh de bharr na n-ionsaithe, cailín 10 mbliana d'aois ina measc.

    Iran says any further attack on Israel will be much more severe if Israel or the United States act against it.

    Deir an Iaráin go mbeidh aon ionsaí eile a dhéanfar ar Iosrael i bhfad níos déine más rud é go ngníomhaíonn Iosrael nó na Stáit Aontaithe ina coinne.

    'Last night was revenge for an attack by Israel on the Iranian consulate in Damascus in Syria two weeks ago' says the Leader of Iran, Ayatollah Ali Khamenei.

    'Díoltas a bhí san oíche aréir as ionsaí a rinne Iosrael ar chonsalacht na hIaráine i Damascus sa tSiria coicís ó shin' a deir Ceannaire na hIaráine,Ayatollah Ali Khamenei.

    Israel has not officially claimed responsibility for the attack on April 1 but is strongly believed to be responsible.

    Níor ghlac Iosrael aon fhreagracht oifigiúil as an ionsaí sin ar an 1 Aibreán ach creidtear go láidir gurb é a bhí freagrach.

    The President of America, Joe Biden, says that that country is standing by its promise to Israel.

    Deir Uachtarán Mheiriceá,Joe Biden go bhfuil an tír sin ag seasamh lena geallúint d'Iosrael.

    The United Kingdom and France are also offering assistance to Israel to give it more protection against missile attacks.

    Tá cúnamh á thairiscint ag an Ríocht Aontaithe agus an Fhrainc d'Iosrael freisin le breis cosanta a thabhairt di ar ionsaithe diúracáin.

    The major countries of the world are meeting today and the United Nations Security Council will meet this afternoon to discuss the crisis.

    Tá tíortha móra an domhain i mbun cruinnithe inniu agus tiocfaidh Comhairle Shlándála na Náisiún Aontaithe le chéile tráthnóna leis an ghéarchéim a phlé.

    • 9 min
    20240412_IRISH_€3_bhilliun_sa_bhliain_a_chothu_ag_sli_an_atlantaigh_fhiain

    20240412_IRISH_€3_bhilliun_sa_bhliain_a_chothu_ag_sli_an_atlantaigh_fhiain

    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });

    Original Podcast with clickable words

    https://tinyurl.com/29fafkmd



    Contact: irishlingos@gmail.com

    €3 billion a year supported by the Wild Atlantic Way.

    €3 bhilliún sa bhliain á chothú ag Slí an Atlantaigh Fhiáin.

    Over €3 billion is brought in a year between Donegal and Cork due to the Wild Atlantic Way, the major tourist route established ten years ago, according to a new report published by Fáilte Ireland.

    Tugtar isteach os cionn €3 bhilliún sa bhliain idir Dún na nGall agus Corcaigh mar gheall ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin, an mhórchonair turasóireachta a bunaíodh deich mbliana ó shin, de réir tuarascáil nua atá foilsithe ag Fáilte Éireann.

    That is said to be a 60% increase in tourism arrivals in the west of the country since 2014.

    Deirtear gur méadú 60 faoin gcéad é sin ar an teacht isteach ón turasóireacht in iarthar na tíre ó 2014.

    As well as the additional influx, says Fáilte Ireland, 35,000 new jobs have been created in the west over the course of those ten years as a result of the project's success so far.

    Chomh maith leis an teacht isteach breise, a deir Fáilte Éireann, cuireadh 35,000 post nua ar fáil san iarthar i gcaitheamh na ndeich mbliana sin de bharr chomh rathúil agus a bhí an tionscadal go dtí seo.

    The Wild Atlantic Way is 2,500 kilometers long and runs from Enniswein in Co. Donegal to Kinsale in Co. Cork.

    2,500 ciliméadar ar a fhad atá Slí an Atlantaigh Fhiáin a théann ó Inis Eoghain i gCo Dhún na nGall go Cionn tSáile i gCo Chorcaí.

    Some of the country's most important heritage sites are included along the way - including Grianán Ailigh, Achidhéde, Dún Angusa and Blascaod Mór.

    Áirítear cuid de na láithreáin oidhreachta is tábháchtaí sa tír feadh na slí – Grianán Ailigh, Achaidh Chéide, Dún Aonghasa agus an Blascaod Mór ina measc.

    The new report is being launched by Fáilte Ireland at the Meithal tourism 'fair' which is being held in Kilarne in Co Kerry today and tomorrow.

    Tá an tuarascáil nua á seoladh ag Fáilte Éireann ag 'aonach' turasóireachta Meitheal atá ar siúl i gCill Airne i gCo Chiarraí inniu agus amárach.

    Meithal is an annual event that gives tourism businesses the opportunity to present what they have to offer to international bodies.

    Mórócáid bhliantúil is ea Meitheal a thugann deis do ghnóthais turasóireachta a bhfuil á thairiscint acu a chur i láthair comhlachtaí idirnáisiúnta.

    RTÉ News and Current Affairs

    Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

    • 8 min
    20240409_IRISH_simon_harris_le_toghadh_ina_thaoiseach_sa_dail_inniu

    20240409_IRISH_simon_harris_le_toghadh_ina_thaoiseach_sa_dail_inniu

    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });

    Original Podcast with clickable words

    https://tinyurl.com/2cvbjnhn



    Contact: irishlingos@gmail.com

    Simon Harris to be elected Taoiseach in the Dáil today.

    Simon Harris le toghadh ina Thaoiseach sa Dáil inniu.

    Fine Gael leader Simon Harris is to be elected Taoiseach in Dáil Éireann today.

    Tá ceannaire Fhine Gael Simon Harris le toghadh ina Thaoiseach i nDáil Éireann inniu.

    Simon Harris is 37 years old and will be the youngest ever Taoiseach.

    Tá Simon Harris 37 bliain d'aois agus beidh sé ar an Taoiseach is óige riamh.

    He will replace Leo Varadkar who unexpectedly announced his resignation three weeks ago.

    Tiocfaidh sé in áit Leo Varadkar a d'fhógair gan choinne trí seachtaine ó shin go raibh sé le n-éirí as.

    Yesterday evening, Leo Varadkar formally offered President Michael D Higgins to resign.

    Tráthnóna inné, thairg Leo Varadkar go foirimiúil don Uachtarán Michael D Higgins éirí as oifig.

    In the Dáil this morning, Minister for Social Protection and deputy leader of Fine Gael Heather Humphreys will recommend Simon Harris for the Taoiseach and Minister of State Peter Burke will support his motion.

    Sa Dáil ar maidin inniu, molfaidh an tAire Coimirce Sóisialaí agus leascheannaire Fhine Gael Heather Humphreys, molfaidh sí Simon Harris don Taoiseacht agus tacóidh an tAire Stáit Peter Burke lena rún.

    It is understood that up to 87 Dáil MPs will vote for Simon Harris, including a large number of Independent MPs.

    Tuigtear go vótálfaidh suas le 87 Teachta Dála ar son Simon Harris, cuid mhór Teachtaí Neamhspleácha ina measc.

    Independent Deputies Seán Canney, Cathal Berry, Peter Fitzpatrick, Noel Grealish, Denis Naughten, Michael Lowry and Marc MacSharry have already indicated that they will vote for him.

    Na Teachtaí Neamhspleácha Seán Canney, Cathal Berry, Peter Fitzpatrick, Noel Grealish, Denis Naughten, Michael Lowry agus Marc MacSharry, tá sé tugtha le fios acu cheana féin go vótálfaidh siad ar a shon.

    After the vote, Simon Harris will go to Áras an Uachtaráin, where he will be formally appointed Taoiseach.

    Tar éis an vóta, rachaidh Simon Harris go dtí Áras an Uachtaráin, áit a gceapfar go foirmiúil é ina Thaoiseach.

    It is expected that he will replace several Fine Gael Ministers in the Cabinet afterwards.

    Meastar go n-athróidh sé roinnt Airí Fhine Gael sa Chomhaireacht ina dhiaidh sin.

    RTÉ News and Current Affairs

    Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

    • 7 min
    20240406_IRISH_meg_connery:_leacht_nochtaithe_ag_a_huaigh_i_gcnocan_iarom

    20240406_IRISH_meg_connery:_leacht_nochtaithe_ag_a_huaigh_i_gcnocan_iarom

    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });

    Original Podcast with clickable words

    https://tinyurl.com/25ghr2pc



    Contact: irishlingos@gmail.com

    Meg Connery: liquid revealed at her grave in Knocán Jaróm.

    Meg Connery: leacht nochtaithe ag a huaigh i gCnócán Iaróm.

    She lived poor at the end of her life.

    Bhí sí beo bocht ag deireadh a saoil.

    She had no children and her brothers and sisters left for America.

    Ní raibh leanaí aici agus d'imigh a deartháireacha agus deirfiúracha go Meirceá.

    Meg and her husband, Con, were buried in a grave without liquid in Cnoncán Iaróm Cemetery in Crois Araild in the fifties.

    Cuireadh Meg agus a fear céile, Con, in uaigh gan leacht i Reilg Chnoncán Iaróm i gCrois Araild sna caogaidí.

    But today, her name was up again.

    Ach inniu, bhí a hainm in airde arís.

    Her cousins and cousins came together from Meerceá in Knoncán Jaróm to reveal a liquid at her grave.

    Tháinig a garneachtanna agus garnianna tagtha le chéile ó Mheirceá i gCnoncán Iaróm chun leacht a nochtadh ag a huaigh.

    The money was collected by the Meg Connery Memorial Committee, which has been working for several years to draw attention to the important work she did.

    Bhí an t-airgead bailithe ag Coiste Cuimhneacháin Meg Connery, atá tar éis a bheith i mbun oibre le roinnt blianta anuas chun aird a tharraingt ar an obair thábhachtach a rinne sí.

    "She was a brave and courageous woman", Micheál Casey from the Memorial Committee told us today.

    "Bean chróga mhisniúil a bhí inti", a dúirt Micheál Casey ón gCoiste Cuimhneacháin linn inniu.

    "She was tiny.

    "Bhí sí beag bídeach.

    But she stood strong.

    Ach sheas sí an fód go láidir.

    She went on hunger strike twice.

    Chuaigh sí ar stailc ocrais faoi dhó.

    She spent many periods in prison.

    Chaith sí go leor tréimhsí sa phríosún.

    Reports from that period show that her nose was broken while in prison."

    Léiríonn tuairiscí ón tréimhse sin gur briseadh a srón agus í istigh sa phríosún."

    Micheline Sheehy Skeffington, granddaughter of Hanna Sheehy Skeffington, was present at the event today.

    Bhí Micheline Sheehy Skeffington, gariníon le Hanna Sheehy Skeffington, i láthair ag an ócáid inniu.

    Together with Meg Connery, Lisa Schneckenburger, composed a song specially to commemorate the occasion.

    Chum garneacht le Meg Connery, Lisa Schneckenburger, amhrán go speisialta chun comóradh a dhéanamh ar an ócáid.

    • 7 min

Customer Reviews

4.7 out of 5
6 Ratings

6 Ratings

Top Podcasts In Education

The Mel Robbins Podcast
Mel Robbins
The Jordan B. Peterson Podcast
Dr. Jordan B. Peterson
The Rich Roll Podcast
Rich Roll
TED Talks Daily
TED
Do The Work
Do The Work
Mick Unplugged
Mick Hunt

You Might Also Like

Imperfect Irish
gaeilge_go_deo
"How do you say...?" Learn Irish with Antrim GAA
Antrim GAA
Bitesize Irish Podcast
Bitesize Irish
Gaeilge Weekly
Liam Ó Duibhiolla
Learning Irish-Useful Phrases
Mbhosull
The Indo Daily
Irish Independent