Beo ón bPicnic Aibhléiseach 2013! teicneoir@raidionalife.ie
-
- Arts
Bhí Stáisiún Raidió na Bliana Raidió na Life, atá ag ceiliúradh 20 bliain ar an aer, ag craoladh trí chlár speisialta ón bPicnic Aibhléiseach sa tSráidbhaile i gCo. Laoise, agus féile na Picnice Aibhléisigh ag ceiliúradh an deichiú breithlá acu féin! Bhí an stáisiún raidió pobail ó Bhaile Átha Cliath ag craoladh ón Phuball Gaeilge i gceantar Mindfield na féile, le cláracha lán go béil le ceoltóirí, ealaíontóirí agus tuairiscí ó rudaí éagsúla a bhí ag titim amach ag an bhféile. Bhí Raidió na Life ag tarraingt aird ar an éagsúlacht agus ar an tallann ar leith a bhí le feiceáil sa Phuball Gaeilge agus chuir Muiris Ó Fiannachta, Ruth Ní Ghormáin agus Rob Vipond scoth an Phubaill i láthair ar Raidió na Life thar an deireadh seachtaine.
-
Rónán Ó Muirthile – 2013 - Raidió na Life
An léiritheoir teilifíse agus láithreoir an chláir raidió Splanc ar Newstalk Rónán Ó Muirthile ag cur síos ar an ndíospóireacht sa Phuball Gaeilge a dhéan sé féin a chur i láthair.
-
Tadhg agus Oisín Peelo Walsh – 2013 - Raidió na Life
Tadhg agus Oisín Peelo Walsh ón mbanna ceoil 'Mo Hat Mo Gheansaí' agus iad díreach tar éis seit a dhéanamh sa Phuball Gaeilge ar cur síos ar na tionscnaimh éagsúla atá ar siúl acu faoi láthair.
-
Willie White – 2013 - Raidió na Life
Stiúrthóir Ealaíne agus Príomhfheidhmeannach Fhéile Amharclannaíochta Bhaile Átha Cliath Willie White ag labhairt faoin méid a bhí ar stáitse sa phuball amharclannaíochta agus a bhuacphoinntí féin ón bPicnic.
-
Mícheál Ó Domhnaill – 2013 - Raidió na Life
Mícheál Ó Domhnaill, tráchtaire spóirt TG4, ag labhairt faoin suíomh livetrad.com agus na himeachtaí sa Phuball Gaeilge a bhí á sruthú acu beo ar an idirlíon.
-
Aodhán Ó Deá agus Rónán Mistéil – 2013 - Raidió na Life
Aodhán Ó Deá agus Rónán Mistéil ag cur fáilte roimh champálaithe chuig an nGaeltacht bheag a bhí bunaithe acu i gceantar cámpála Jimi Hendrix.
-
Darach Ó Tuairisg – 2013 - Raidió na Life
Darach Ó Tuairisg ón gcomhlacht puipéadóireachta agus amharclannaíochta Fíbín, ag cur síos ar a bhaint féin leis an bPuball Gaeilge agus an méid atá ar siúl ag Fíbín faoi láthair.