Learn Irish with daily podcasts

V H

Short sentences with English translations

  1. 2D AGO

    20251030_IRISH__trump_ag_maiomh_as_comhaontu_nua_leis_an_tsin

    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/23h3hh5p Contact: irishlingos@gmail.com Trump touting a new deal with China. Trump ag maíomh as comhaontú nua leis an tSín. US President Donald Trump said he and Chinese President Xi Jinping reached a significant trade agreement in a meeting the two men held in the South Korean city of Busan. Dúirt Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump gur tháinig sé féin agus Uachtarán na Síne Xi Jinping ar chomhaontú suntasach trádála i gcruinniú a bhí ag an mbeirt fhear i gcathair Busan sa Chóiré Theas. Trump said he agreed to reduce tariffs on Chinese goods from 47% to 57% in exchange for a promise from Xi that China would resume buying soybean products from the United States, that China would continue to supply rare earth minerals to the international market, and that China would do more to prevent the production of the drug fentanyl in that country. Thug Trump le fios gur shocraigh sé ar tharaifí ar earraí ón tSín a laghdú ó 47 faoin gcéad go 57 faoin gcéad mar mhalairt ar ghealltanas ó Xi go gceannódh an tSín táirgí pónairí soighe ó na Stáit Aontaithe arís, go leanfadh an tSín ag soláthar mianrai tearcithreacha don mhargadh idirnáisiúnta agus go ndéanfadh an tSín tuilleadh le táirgeadh an druga feantainil sa tír sin a chosc. Trump is very proud of that and said it was a "great meeting." Is mór an maíomh ag Trump an méid sin agus dúirt sé gur "cruinniú iontach ar fad" a bhí ann. Xi made a more moderate statement after the meeting, then. Ráiteas níos measartha a rinne Xi i ndiaidh an chruinnithe, más ea. According to him, "representatives of the two countries reached an agreement on the best way to address important economic and trade issues" and "it was now important to finalize the details and implement what had been agreed". Dar leisean gur "tháinig ionadaithe an dá thír ar chomhaontú faoin mbealach is fearr le dul i gceann ceisteanna tábhachtacha eacnamaíochta agus trádála" agus "nár mhór anois bailchríoch a chur ar na mionsonraí agus ar aontaíodh a chur i bhfeidhm". Trump and Xi met at a summit of Pacific leaders and the talks between the two reportedly lasted two hours. Is ag cruinniú mullaigh de cheannairí thíortha an Áigéin Chiúin a tháinig Trump agus Xi le chéile agus tuairiscítear gur dhá uair an chloig a mhair na comhráite idir an bheirt. Above all else, the Americans want to solve the issue of rare earth minerals because China, more than any other country, has the most of them. Thar aon cheist eile, teastaíonn ó na Meiriceánaigh ceist na mianrai tearcithreacha a réiteach ós sa tSín, thar aon tír eile, is mó atá siad le fáil. The discussions between Trump and Xi focused on economic and trade matters and did not appear to discuss contentious political or military issues. Is ar chúrsaí eacnamaíochta agus trádála a díríodh sna comhráite idir Trump agus Xi agus is cosúil nár pléadh ceisteanna achrannacha polaitíochta ná míleata. Trump said that the fate of Taiwan, for example, was not mentioned, and it seems that not a syllable was said about the new military agreement between the United States and South Korea. Dúirt Trump nár luadh a bhfuil i ndán don Téaváin, cuir i gcás, agus dealraíonn sé nach ndúradh oiread agus siolla faoin gcomhaontú nua míleata idir na Stáit Aontaithe agus an Chóiré Theas. In addition, a few minutes before the meeting between the two leaders, Trump announced on his own social media that the United States intended to test nuclear weapons again, for the first time since 1992. Ina cheann sin, cúpla nóiméad roimh an gcruinniú idir an bheirt cheannairí, d'fhógair Trump ar a mheán sóisialta féin go raibh rún ag na Stáit Aontaithe airm núicléacha a phromhadh an athuair, an chéad uair ó 1992. Neither of them said a word about that after the meeting, however. An drae focal faoi sin ní dúirt ceachtar acu i ndiaidh an chruinnithe, áfach. RTÉ News and Current Affairs

    12 min
  2. OCT 23

    20251023_IRISH__iarrthoiri_uachtaranachta_ag_stocaireacht_in_aiteanna_eagsula

    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2baut57r Contact: irishlingos@gmail.com Presidential candidates lobbying in various locations. Iarrthóirí Uachtaránachta ag stocaireacht in áiteanna éagsúla. The two candidates in the Presidential election are campaigning in different regions of the country today – half and half in Leach-Quinn and half in Leach- Mogha – with only two days left before the big day itself. Tá an bheirt iarrthóirí sa toghchán Uachtaránachta ag stocaireacht i réigiúin éagsúla sa tír inniu – idir Leath Chuinn agus Leath Mhogha leath ar leath – agus gan ach dhá lá fanta roimh an lá mór féin. Among those in Munster is Fine Gael candidate Heather Humphreys, between Cork and Co Clare. I measc na ndaoine i gCúige Mumhan atá iarrthóir Fhine Gael Heather Humphreys, idir Corcaigh agus Co an Chláir. She was first in Cork city this morning, then in Ballycastle, and from there she will go to Enniscray. I gcathair Chorcaí a bhí sí ar dtús ar maidin, i mBaile Mhisteála ina dhiaidh sin, agus rachaidh sí as sin go hInis an Chláir. Left-wing candidate Catherine Connolly is in Ulster, going out through the people in Co. Monaghan and Co. Cavan. Is in Ultaibh atá iarrthóir na heite clé Catherine Connolly agus í ag dul amach trí na daoine i gCo Mhuineacháin agus i gCo an Chabháin. She will visit Athlone in County Westmeath this afternoon and Mullingar afterwards. Tabharfaidh sí sciuird ar Bhaile Átha Luain i gCo na hIarmhí tráthnóna agus ar an Muileann gCearr ina dhiaidh sin. The pair clashed in the final election debate which aired on RTÉ television last night. Chuaigh an dís in árach a chéile i ndíospóireacht dheireanach an toghcháin a bhí ar siúl ar theilifís RTÉ aréir. Heather Humphreys was the most controversial of them all during the debate, and if the polls are true, she is far behind Catherine Connolly. Ba í Heather Humphreys ba spairní díobh le linn na díospóireachta arae, más fíor do na pobalbhreitheanna, tá sí i bhfad chun deiridh ar Catherine Connolly. According to political analysts, then, while it cannot be said that neither of them was without a sense of urgency, neither of them was without a sense of urgency. Dar leis na hanailísithe polaitíochta, más ea, cé nach bhféadfadí a rá nár bhain béim chreabhair do cheachtar acu nár buaileadh an bhrathbhéim ar cheachtar acu. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

    7 min
  3. OCT 19

    20251019_IRISH__bealach_rafah_i_gaza_le_hathoscailt_gan_mhoill

    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2bj33wjx Contact: irishlingos@gmail.com Rafah crossing in Gaza to reopen soon. Bealach Rafah i Gaza le hathoscailt gan mhoill. It is hoped that the Rafah crossing in the Gaza Strip will be open again by next Sunday. Tá súil go mbeidh bealach Rafah i Stráice Gaza oscailte arís faoin Domhnach seo chugainn. The Israeli Foreign Minister announced this this morning. Aire Gnóthaí Eachtracha Iosrael a thug an méid sin le fios ar maidin inniu. For the first time in 2 years, Palestinians will have the right to enter and leave Gaza. Den chéad uair le 2 bhliain beidh sé de cheart ag Pailistínigh teacht agus imeacht as Gaza. However, it is uncertain whether food will be allowed in through that route on a regular basis, with hundreds of trucks now on standby to provide humanitarian aid to the people of the strip. Níltear cinnte áfach an gceadófar bia isteach tríd an bhealach sin ar bhonn rialta agus na céadta leoraithe faoi réir anois le cúnamh daonchabhrach a chur ar fáil do phobal an stráice. It is said that there is now an urgent need for a large amount of assistance in light of what the community has suffered there since October 2023. Deirtear go bhfuil géarghá anois le líon ard cúnaimh i bhfianaise an méid atá fulaingte ag an bpobal ansin ó Dheireadh Fómhair 2023. Israel remains deeply dissatisfied with what it says is the slowness of Hamas militants in returning the bodies of the hostages they were holding. Tá míshástacht mhór ar Iosrael i gcónaí maidir leis an mhoilleadóireacht a deir sé atá ar threallchogaithe Hamas i dtaca le coirp na ngialla a bhí á gcoinneáil acu a thabhairt ar ais. Hamas says that some of these bodies are heavily covered in debris and that special equipment is required to access them, not to mention additional time. Deir Hamas go bhfuil roinnt de na coirp sin faoi bhrat trom smionagair agus go bhfuil trealamh speisialta ag teastáil le teacht orthu gan trácht ar bhreis ama. It is estimated that 19 bodies have not yet been returned to their families in Israel. Áirítear go bhfuil 19 corp le teaghlaigh in Iosrael nach bhfuil tugtha ar ais dóibh go fóill. Inbar Hayman (27) received a state funeral in Israel this morning. Fuair Inbar Hayman (27) sochraid stáit in Iosrael ar maidin inniu. She was the last female body held by Hamas, a woman who was kidnapped during the Nova festival in October 2023 and killed sometime later. B'ise an corp mná deiridh a bhí coinnithe ag Hamas, bean a fuadaíodh le linn fhéile Nova i nDeireadh Fómhair 2023 agus a maraíodh am éigin ina dhiaidh sin. Some reports say that the Israeli military campaign is continuing despite a ceasefire being declared in Gaza. Deir tuairiscí áirithe go bhfuil feachtas míleata Iosrael ag leanacht ar aghaidh i gcónaí ainneoin sos comhraic a bheith fógraithe i Gaza. Hamas claims that up to 20 people have been killed there in the past week. Maíonn Hamas go bhfuil suas le 20 duine maraithe ansin le seachtain.

    9 min
  4. OCT 14

    20251014_IRISH__priosun_gearrtha_ar_fhear_og_a_ghlac_pairt_i_gcireibeacha

    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/23eqpol6 Contact: irishlingos@gmail.com A young man who took part in riots has been sentenced to prison. Príosún gearrtha ar fhear óg a ghlac páirt i gcíréibeacha. In Dublin Circuit Criminal Court, a young man who pleaded guilty to taking part in anti-immigration riots in the city last year and setting fire to a Luas tram was sentenced to four years in prison – the latter suspended. I gCúirt Chuarda Choiriúil Bhaile Átha Cliath, gearradh ceithre bliana príosúin – an ceann deireanach ar fionraí – ar fhear óg a phléadáil ciontach i bpáirt a ghlacadh i gcíréibeacha in aghaidh na hinimirce sa chathair arú anuraidh agus i dtram Luas a chur trí thine. That's Evan Moore, a 20-year-old apprentice electrician, from Grangemore Road in Donaghmede in north Dublin. Sin é Evan Moore, leictreoir faoi oiliúint 20 bliain d'aois, as Bóthar na Gráinsí Móire i nDomhnach Míde i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath. A Garda told the court that Evan Moore had been incited to violence on social media and had ignored his mother's pleas not to enter the city centre on the night of November 23, 2023. Dúirt Garda sa chúirt gur gríosaíodh chun foréigin ar na meáin shóisialta Evan Moore agus gur thug sé neamhaird ar achainí a mháthar gan dul isteach i lár na cathrach oíche an 23 Samhain 2023. It was said that he broke a window on the tram and dragged a bin that was already on fire into it. Dúradh gur bhris sé fuinneog ar an tram agus gur tharraing sé isteach ann araid a bhí trí lasadh cheana. Luas services had to be suspended for twenty-four hours due to the arson and it was estimated that €5 million worth of damage was caused to the tram. B'éigean seirbhísí Luas a chur ar fionraí ar feadh ceithre huaire is fiche mar gheall ar an loscadh agus áiríodh go ndearnadh luach €5 mhilliún de dhamáiste don tram, a dúradh. It was not until six months later that Gardaí arrested Evan Moore while taking part in an extreme right-wing protest. Ní go dtí sé mhí ina dhiaidh sin a ghabh na Gardaí Evan Moore agus é ag glacadh páirt in agóid de chuid na heite deise antoiscí. The young man had never been convicted before and was said to have deeply regretted what he had done. Níor ciontaíodh an fear óg riamh cheana agus dúradh go raibh an- aiféala go deo air as a ndearna sé. It was also revealed that he had completed an anti-racism course. Tugadh le fios freisin go raibh cúrsa frithchiníochais déanta aige. Judge Orla Crowe said she took all of that into account when considering the sentence she would impose on the offender. Dúirt an Breitheamh Orla Crowe gur chuir sí é sin ar fad san áireamh nuair a bhí sí ag déanamh a machnamh ar an bpianbhreith a ghearrfadh sí ar an gciontach. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

    8 min
  5. OCT 7

    20251007_IRISH__imni_faoi_fhoreigean_dilseoiri_faoi_chomharthaiocht_datheangach

    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/24vspuan Contact: irishlingos@gmail.com Concerns about Loyalist violence over bilingual signage. Imní faoi fhoréigean Dilseoirí faoi chomharthaíocht dátheangach. Conradh na Gaeilge says the threats made by Loyalist paramilitaries at the weekend that Belfast City Council property will be destroyed if it has bilingual signage are a cause for great concern. Deir Conradh na Gaeilge gur cúis mhór imní iad na bagairtí a rinne paraimíleataigh Dílseora ag an deireadh seachtaine go scriosfar maoin de chuid Chomhairle Chathair Bhéal Feirste má bhíonn comharthaíocht dátheangach orthu. In an open letter from Conradh na Gaeilge and the Leaders of the Parties and the City Council, the League says that it is a cause for concern for everyone who supports the Irish language and equality in general. I litir oscailte ó Chonradh na Gaeilge agus ó Cheannairí na bPáirtithe agus ó Chomhairle na Cathrach deir an Conradh gur cúis imní é do gach duine a thacaíonn leis an Ghaeilge agus leis an chomhionannas trí chéile. The threat has been condemned by Ulster Unionist leader Mike Nesbitt. Tá an bhagairt cáinte ag ceannaire Aondachtóirí Uladh, Mike Nesbitt. A draft Irish language policy agreed by the Council would mean that Irish and English would be more prominent and side by side on all Council publications and property. Chiallaódh dréachtpholasaí Gaeilge atá aontaithe ag an Chomhairle go mbeadh an Ghaeilge agus an Béarla níos feiceálaí agus iad le taobh a chéile ar gach foilseachán agus maoin de chuid na Comhairle. But since the policy was adopted last Wednesday the UDA and UVF have threatened to destroy any property bearing the signage. Ach ó glacadh leis an pholasaí Dé Céadaoin seo caite tá an UDA agus UVF tar éis bagairt go scriosfaidh siad maoin ar bith a mbeidh an chomharthaíocht orthu. These paramilitary organisations told the Sunday Life newspaper that they would burn down Council vehicles and buildings if Irish was visible on them. Dúirt na heagrais paramíleatacha sin le nuachtán an Sunday Life go lasfadh siad feithiclí agus foirgnimh de chuid na Comhairle dá mbeadh an Ghaeilge le feiceáil orthu. Conradh na Gaeilge called on party leaders in Stormont to condemn the threat. D'iarr Conradh na Gaeilge ar cheannairí na bpáirtithe i Stormont an bhagairt a cháineadh. Irish Language Commissioner The new Irish Language Commissioner will be responsible for implementing the Identity and Language Act. Coimisinéir na Gaeilge Beidh dualgas ar an Choimisinéir úr Gaeilge an tAcht Féiniúlachta agus Teanga a chur i bhfeidhm. Yesterday on the X platform, the person nominated but not appointed to that position, Pól Deeds, said that the threat from the UDA and UVF is a result of the promotion of bigotry in the media - in particular, he said, the BBC. Inné ar an ardán X dúirt an té atá ainmnithe ach nach bhfuil ceaptha don phost sin, Pól Deeds, gur toradh í an bhagairt ón UDA agus UVF ar chur chun cinn na biogóideachta sna meáin - go háirithe a dúirt sé an BBC. Paul Deeds said the Executive Office in Stormont had failed to protect its own policy - and UK law - and was failing in its duty of care to the new Commissioner. Dúirt Pól Deeds gur theip ar Oifig an Fheidhmeannais i Stormont a bpolasaí féin - agus dlí na Ríochta Aontaithe - a chosaint agus go bhfuil siad ag teip ina ndualgas cúraim don Choimisinéir úr. The threats from Loyalists have only been condemned by one Unionist party, the Ulster Unionists (UUP). Níl na bagairtí ó Dhílseoirí cáinte ach ag pairtí Aondachtach amháin, Aondachtóirí Uladh an UUP. Their leader Mike Nesbitt said that the Irish language signage needs to be discussed further, and he said that any threat to Council workers should be withdrawn. Dúirt a gceannaire Mike Nesbitt go gcaithfear an chomharthaíocht i nGaeilge a phlé tuilleadh, agus dúirt sé gur cheart bagairt ar bith ar oibrithe na Comhairl...

    14 min
  6. OCT 5

    20251005_IRISH__stoirm_amy:_184,000_aitreabh_gan_cumhacht_leictreach

    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/26ycdstu Contact: irishlingos@gmail.com Storm Amy: 184,000 homes without electrical power. Stoirm Amy: 184,000 áitreabh gan cumhacht leictreach. A man was seriously injured in an accident in Co. Donegal today which was caused by severe weather, Gardaí say. Gortaíodh fear go dona i dtimpiste i gCo Dhún na nGall inniu arbh í an aimsir gharbh ba shiocair leis, a deir na Gardaí. The accident happened in Letterkenny at around 4.15pm. Tharla an tionóisc i Leitir Ceanainn ag thart ar 4.15 tráthnóna. As Storm Amy makes its way across the country, it is reported that approximately 184,000 properties are currently without electrical power. Agus Stoirm Amy ag déanamh a díchill ar fud na tíre, tuairiscítear go bhfuil thart ar 184,000 áitreabh gan cumhacht leictreach faoi láthair. Meteorologists have announced seven different weather warnings – from yellow to red – in various parts of the country. Tá seacht bhfoláireamh éagsúla aimsire fógartha ag na meitéareolaithe – ó bhuí go dearg – in áiteanna éagsúla sa tír. The most serious of these is the red sea warning that has been issued between 2pm and 8pm this evening from Head of Limerick in Co Clare to Head of Roscommon in Co Donegal to Benmore in Co Antrim. Is tromchúisí dar ndóigh an foláireamh dearg mara atá fógartha idir 2 a chlog agus 8 a chlog tráthnóna inniu ó Cheann Léime i gCo an Chláir go Ceann Ros Eoghain i gCo Dhún na nGall go dtí an Bhinn Mhór i gCo Aontroma. In fact, the weather is most severe along the coastline between Galway and Donegal, with winds reaching up to 120 kilometres per hour, although almost every part of the country has received its share of the storm. Go deimhin, is feadh an imeallbhoird idir Gaillimh agus Dún na nGall is gairbhe atá an aimsir, mar a bhfuil suas le 120 ciliméadar san uair faoin ngaoth, siúd is go bhfuil mórán gach áit sa tíre tar éis a cion féin den tuargaint a fháil. Met Éireann says the wind gusts are above average and are likely to cause power outages in more places, down trees and cause sea waves to hit shores. Deir Met Éireann go bhfuil neart os meán sa stangadh gaoithe agus gur dóichí go ngearrfar an chumhacht i dtuilleadh áiteanna, go leagfar crainn agus go dtonnfaidh an fharraige isteach ar chladaí dá bhíthin. Since the timely announcement, people in the most remote places have been protecting themselves since yesterday against what is inevitable. Ó tugadh fógra go tráthúil, tá daoine in áiteanna is sceirdiúla á ndíonadh féin ó inné ar an rud nach bhfuil inseachanta. For example, sandbags have been pressed tightly against doorways in Donegal and Sligo to prevent water from leaking into homes and shops, especially in areas where the public has bought in. Cuir i gcás, tá málaí gainimh brúite isteach go dlúth le doirse i nDún na nGall agus i Sligeach ar fhaitíos go sceithfeadh uisce isteach i dtithe agus i siopaí, go háirithe i gceantair a bhfuil ciall cheannaithe ag an bpobal. People are also being urged to use common sense and stay home rather than risking danger and defying the quarantine without good reason. Táthar ag achainí ar dhaoine gnáthchiall a bheith acu freisin agus fanacht sa bhaile seachas dul i nguais agus dúshlán na síne a thabhairt gan údar maith. People must be alert to downed power lines, says the Electricity Supply Board, and not touch or touch them. Ní mór do dhaoine a bheith san airdeall ar shreanga cumhachta atá tite, a deir Bord Soláthair an Leictreachais, agus gan drannadh leo ná lámh a leagan orthu. The company says its technicians are trained and on standby to carry out repair work as soon as possible, if necessary. Deir an comhlacht go bhfuil a gcuid teicneoirí innealta agus ar fuireachas le hobair dheisiúcháin a dhéanamh a thúisce is féidir, más gá. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

    12 min
  7. SEP 28

    20250928_IRISH__toghchan_uachtaranachta:_triur_iarrthoiri_ar_shli_an_atlantaigh

    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/277epztj Contact: irishlingos@gmail.com Presidential Election: three candidates on the Atlantic path. Toghchán Uachtaránachta: triúr iarrthóirí ar shlí an Atlantaigh. The three candidates in the Presidential election are canvassing in Co. Donegal and Co. Kerry today. Ta an triúr iarrthóirí sa toghchán Uachtaránachta ag canbhasáil i gCo Dhún na nGall agus i gCo Chiarraí inniu. Left-wing candidate Catherine Connolly will be in Donegal town, Killybegs, Clifden and Ardara. Iarrthóir na heite clé Catherine Connolly, beidh sí i mbaile Dhún na nGall, sna Cealla Beaga, sa Chlochán Liath agus in Ard an Rátha. Since Sinn Féin is supporting Catherine Connolly, that party's finance spokesman, Pearse Doherty from Gaoth Dobhair, is canvassing alongside her today. Ó tá Sinn Féin ag tacú le Catherine Connolly, tá urlabhraí airgeadais an pháirtí sin, Pearse Doherty as Gaoth Dobhair, ag canbhasáil in éindí léi inniu. Kerry is home to both Fine Gael candidate Heather Humphreys and Fianna Fáil candidate Jim Gavin. I gCiarraí atá iarrthóir Fhine Gael Heather Humphreys agus iarrthóir Fhianna Fáil Jim Gavin araon. They may run into each other as they are both due to go to the Listowel Races this afternoon. D'fhéadfadh sé go gcasfaí ar a chéile iad ó tá an bheirt acu le dul chuig Rásaí Lios Tuathail tráthnóna. The two were interviewed from various locations on Radio Kerry this morning. Cuireadh an bheirt faoi agallamh ó áiteanna éagsúla ar Radio Kerry ar maidin. Jim Gavin is in Tralee, where he will be giving a tour of the Tralee Bay Wetland Ecopark. Tá Jim Gavin i dTrá Lí, áit a dtabharfaidh sé sciuird ar Éiceapháirc Bhogach Bhá Thrá Lí. Heather Humphreys went on a short cart ride in Killarney, she is due to be in Muckross House soon and will also visit the Tralee Women's Hut. Chuaigh Heather Humphreys ar thuras gairid i gcairt i gCill Airne, tá sí le bheith i dTeach Mhucrois ar ball agus tabharfaidh sí cuairt freisin ar Bhothán Ban Thrá Lí. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

    6 min
  8. SEP 28

    20250927_IRISH__16,353_duine_gan_didean_i_mi_lunasa

    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/29jesk8l Contact: irishlingos@gmail.com 16,353 homeless people in August. 16,353 duine gan dídean i mí Lúnasa. The latest figures from the Department of Housing show that 16,353 people were homeless or living in emergency accommodation in the State last month. Léiríonn na figiúirí is deireanaí ón Roinn Tithíochta go raibh 16,353 duine gan dídean nó ag cur fúthu i lóistín éigeandála sa Stát an mhí seo caite. This is an increase of 295 on the number of people who were homeless in July. Méadú de 295 is ea é sin ar an líon daoine a bhí gan dídean i mí Iúil. The number of children living in emergency accommodation in August included 5,145, the highest number ever recorded. Áírítear 5,145 leanbh ar na daoine a bhí ina gcónaí i lóistín éigeandála i mí Lúnasa, an líon is mó leanaí a taifeadadh riamh. Commenting on the new figures, Seán Moynihan from the elderly charity Alone said that the number of people over 65 who rented a home had increased by 83% between the last two censuses. Ag trácht dó ar na figiúirí nua, dúirt Seán Moynihan ón gcarthanas do dhaoine aosta Alone gur tháinig méadú de 83 faoin gcéad idir an dá dhaonáireamh dheireanacha ar an líon daoine os cionn 65 bliain d'aois a raibh áras cónaithe ar cíos acu. The situation must have gotten worse, he said, since there are so many people in their fifties and forties who currently don't have a home of their own. Ní foláir nó gur i ndonas a rachas an scéal, arsa sé, ó tá an oiread sin daoine atá sna caogaidí agus sna daichidí faoi láthair nach bhfuil áras cónaithe dá gcuid féin acu. According to the Munster, 25% of the houses to be built by the State should be made available for older people to get ahead of the problem. Dar leis an Muimhneachánach gur cheart 25 faoin gcéad de na tithe atá le tógáil ag an Stát a chur ar fáil do dhaoine aosta le teacht roimh an bhfadhb. He was talking about the commitment in the Government Programme to build over 300,000 homes between now and the end of 2030. Ag caint a bhí sé ar an ngealltanas atá i gClár an Rialtais barr ar 300,000 áras cónaithe a thógáil as seo go deireadh 2030. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

    8 min

Ratings & Reviews

4.7
out of 5
7 Ratings

About

Short sentences with English translations

You Might Also Like