5 min

16 Nollaig 2023 (Baile Átha Cliath‪)‬ Nuacht Mhall

    • Language Learning

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Cuirfear iar-shaighdiúir Briotanach ar a thriail as dhá dhúnmharú agus cúig iarracht ar dhúnmharú ar Dhomhnach na Fola. Tá sé cúisithe i ndúnmharú William McKinney agus James Wray i nDoire ar an 30 Eanáir 1972. Chuir deartháir William McKinney, Mickey McKinney, fáilte roimh an gcinneadh Saighdiúir F a chur chun trialach, agus dúirt go raibh sé i bhfad ag teacht. Scaoileadh 13 dhuine marbh agus gortaíodh 15 eile ar a laghad nuair a thosaigh baill de Reisimint Pharaisiúit Arm na Breataine ag lámhach ar agóideoirí cearta sibhialta ar Thaobh an Bhogaigh breis is 51 bliain ó shin. Foilsíodh tuarascáil Saville, a chruthaigh go raibh an locht ar na saighdiúirí Briotanacha, sa bhliain 2010, ach níor cuireadh duine ar bith chun trialach chuige seo. Níl dáta don triail socraithe fós.Den chéad uair riamh, d’aontaigh na Náisiún Aontaithe glao ar aistriú ó bhreoslaí iontaise agus dul i ngleic leis an bpríomhchúis taobh thiar den athrú aeráide. De réir an chomhaontaithe, geallann an 200 tír a ghlacann leis an méid breoslaí iontaise a dhónn siad a laghdú de réir a chéile nó éirí as breoslaí iontaise de réir a chéile. Dúirt Aire Comhshaoil na hÉireann, Eamon Ryan, gur léirigh an comhaontú gur féidir le náisiúin “aontú fós” agus oibriú le chéile i ndomhan atá roinnte agus ag cogadh. Cháin ionadaithe eile an margadh mar rud atá ró-lag, agus dúirt Uachtarán COP 28, atá ina phríomhfheidhmiúchán i gcomhlacht náisiúnta ola agus gáis Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, go leanfaidh an comhlacht sin ar aghaidh le hinfheistíocht i mbreoslaí iontaise.Táthar ag súil go dtabharfar borradh mór airgid do chluichí Gaelacha tar éis an tsíntiús is déanaí ón mbilliúnaí Luimnigh JP McManus. Tháinig sé chun solais maidin Déardaoin go bhfuil McManus, atá ag tacú le CLG le fada an lá, le €1 milliún a bhronnadh ar gach contae in Éirinn, le dáileadh go cothrom ar eagraíochtaí CLG, LGFA agus Camógaíochta. Dúirt cathaoirleach CLG Luimnigh Séamus McNamara gur “deontas thar a bheith flaithiúil” a bhí ann. Tá daoine eile, áfach, tar éis labhairt amach faoi chás cánach McManus, a ritheann a ghnó ón Eilvéis. “Tríd an daonchairdeas is féidir leat na tionscadail is fearr leat a mhaoiniú,” a dúirt Jennifer Whitmore TD de chuid na nDaonlathaithe Sóisialta, “Ach is é an cuspóir a bhaineann le cáin a íoc ná íoc as bunseirbhísí poiblí, rudaí amhail séarachas, seirbhísí uisce, oideachas agus sláinte, b’fhéidir nach bhfuil siad chomh mealltach mar bheart caidreamh poiblí ach a bhfuil an tír á rith orthu.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

dúnmharú - murder

agóideoirí cearta sibhialta - civil rights protestors

roinnte - divided

príomhfheidhmiúchán - chief executive officer

daonchairdeas - philanthropy

séarachas - sewerage