4 min

18 Nollaig 2021 (Ciarraí‪)‬ Nuacht Mhall

    • Language Learning

Nuacht Mhall. Príomhscéalta naseachtaine, léite go mall.

*

Inniu an t-ochtú lá déag de mhí na Nollag. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin.

Ritheadh an Bille Teanga i dTithe an Oireachtais Dé Céadaoin. Mar gheall ar an mBille, beidh ar 20 faoin gcéad d'earcaigh nua sa Státseirbhís a bheith ábalta an Ghaeilge a labhairt faoin mbliain 2030. Beidh ar an Stát ainmeacha Gaeilge a chlarú agus a litriú i gceart leis an síneadh fada agus caithfidh an Státseirbhís seirbhisí i nGaeilge a chur ar fáil do Mhuintir na Gaeilge. Dúirt Árd-Runaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn: ‘Is an lá é seo do chearta teanga, tá an poitéinseal anois ag an mbille seo an-difir a déanamh. An rud atá ag teastáil anois ná cinntiú go mbeidh na hacmhainní curtha ar fáil’. Cuirfear an bille faoi bhráid Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, chun siniú isteach sa reachtaíocht.

Bhuaigh an snámhaí oilimpeach Ellen Walshe bonn airgead sa chomortás snámha domhanda in Abu Dhabi. Bhain sí an duais amach sa mheascra 400 méadar. B’í an chéad bhean ó Éireann a bhuaigh bonn ag an gcomórtas seo. D'éirigh léi curiarracht nua a bhaint amach agus an rás snáfa aici ceithre shoicind ní ba thapúla. Is as Teach Mealóg i ndeisceart Chontae Bhaile Átha Cliath í Ellen, agus cé go raibh sí in iomaíocht ag na Cluichí Oilimpeacha i mbliana, is í seo an chéad bhonn a bhuaigh sí ag mórimeacht spóirt.

Táthar tar éis na céadta lorg dineasár a aimsiú sa Pholann. Tá na loirg caomhnaithe chomh maith sin gur féidir gainní an chraicinn a feiscint. Fuarthas na rianta agus cnámha i gcré i mianach 130 ciliméadar taobh amuigh de Chathair Vársá. Dúirt an geolaí Grzegorz Niedwiedzki ‘Ó na rianta seo, is féidir iompar agus nósanna a aithint ó na dineasáir, iad a bheith ag rith, ag snámh, ina luí agus ina suí'. Meastar go bhfuil na loirg thart ar 200 milliún bliain d'aois.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

earcaigh - recruits

reachtaíocht - legislation

meascra - medley

curiarracht - record (sport)

loirg - prints

gainní - scales