Learn Irish with daily podcasts

V H

Short sentences with English translations

  1. 2 DAYS AGO

    20260204_IRISH__folaireamh_oraiste_agus_baisteach_throm_geallta_aris_san_oirthear

    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/24dj2bpp Contact: irishlingos@gmail.com Orange Alert and heavy rain promised again in the East. Foláireamh Oráiste agus báisteach throm geallta arís san Oirthear. An Orange Warning has been issued and heavy rain is expected again tomorrow in Waterford and Wicklow, with the Met Office saying that there is a high risk of frost again in those two counties. Tá Foláireamh Oráiste fógartha agus báisteach throm geallta arís amárach i bPort Láirge agus i gCill Mhantáin, agus Oifig na hAimisre ag rá go bhfuil contúirt mhór fuarlaigh an athuair sa dá chontae sin. The storm is expected to last for 24 hours from 3 o’clock tonight, Wednesday night, until 3 o’clock in the morning on Thursday night. Ón 3 a chlog anocht, oíche Dé Céadaoin, atá an doineann geallta agus mairfidh an foláireamh ar feadh 24 uair a chloig, go dtí an 3 ar maidin san oíche Déardaoin. A Yellow Alert has also been issued, for the same period of time, in Dublin, Kildare, Carlow, Kilkenny, Laois and Louth, Wexford, Monaghan and Tipperary. Tá Foláireamh Buí fógartha freisin, an tréimhse chéanna ama, i mBaile Átha Cliath, Cill Dara, Ceatharlach, Cill Chainnigh, Laois agus Lú, Loch Garman, Muineachán agus Tiobraid Árann. Met Éireann says that the soft ground has been soaked by the rain it has shed on the east coast over the past 10 days and as a result there are cold spots in rivers and widespread flooding will occur again. Deir Met Éireann go bhfuil an talamh bog báite leis an mbáisteach atá caite aige ar an gcósta thoir le 10 lá anuas agus dá bharr sin go bhfuil fuarlaigh in aibhneacha agus go mbeidh tuillte go forleathan arís. Wexford County Council has warned drivers to be vigilant as many roads are still under water, including roads that would not be expected to be affected by flash floods. Tá fainic curtha ag Comhairle Chontae Loch Garman ar thiománaithe a bheith san airdeall mar go bhfuil bóithre go leor fós faoi uisce, bóithre ina measc nach mbeadh súil leo a bheith buailte ag fuarlaigh. The Council says there will be delays in the stormwater runoff, particularly along the coast, as drainage systems in the region are already overflowing, and due to the high tide. Beidh moill ar an uisce trámh a deir an Chomhairle, go háirid cois cósta, mar go bhfuil córais draenála sa réigiún ag gabháil thar maoil mar atá, agus mar gheall ar an taoide ard. We have a storm, the Great St. Brigid’s Storm, from now until the end of the week, and it won’t help that strong currents and high winds are promised. Tá rabharta linn, Rabharta Mór na Féile Bríde, as seo go deireadh na seachtaine, agus ní chuideoidh sé ach an oiread go bhfuil sruth láidir agus gaoth mhór geallta.

    8 min
  2. 5 DAYS AGO

    20260201_IRISH__stadas_bui_baisti_do_roinnt_mhaith_contaetha

    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2dpq57z5 Contact: irishlingos@gmail.com Yellow rain status for many counties. Stádas buí báistí do roinnt mhaith contaetha. Met Éireann is warning of further flooding and poor travel conditions in the coming days. Tá Met Éireann ag bagairt breis tuilte agus droch-choinníolacha taistil sna laethanta amach romhainn. A Yellow Rain Status is in effect for many counties. Tá Stádas Buí báistí i bhfeidhm do roinnt mhaith contaetha. This warning will come into effect from 1 o’clock tomorrow evening until 9 o’clock Tuesday morning and the counties affected are Carlow, Kilkenny, Wexford, Cork and Waterford. Tiocfaidh an foláireamh sin i bhfeidhm óna 1 a ‘chlog tráthnóna amárach go dtí a 9 a’chlog maidin Dé Máirt agus is iad contaetha Cheatharlach,Chill Chainnigh,Loch Garman,Chorcaigh agus Phort Láirge atá i gceist. A warning is also in place for counties Dublin, Louth and Wicklow. Tá foláireamh i bhfeidhm freisin do chontaetha Bhaile Átha Cliath, Lú agus Chill Mhantáin. This warning is in effect for those counties from 9 p.m. tomorrow night until 1 a.m. Tuesday morning. Ón 9 a’chlog san oíche amárach go dtí a 1 a’chlog maidin Dé Máirt atá an foláireamh sin i bhfeidhm do na contaetha sin. Heavy rain is forecast for the coming week. Tá báisteach throm geallta don tseachtain atá romhainn. The UK Met Office has also issued an ice warning for 6 counties in Northern Ireland from 7pm this evening until 9am tomorrow morning. Tá foláireamh don leac-oighir eisithe freisin ag oifig mhéitéireolaíochta na Ríochta Aontaithe don 6 chontae i dTuaisceart Éireann ón 7 a’ chlog tráthnóna go dtí 9 a’ chlog maidin amárach.

    5 min
  3. 18 JAN

    20260118_IRISH__bagairt_taraifi_a_ardu_ag_sam_ar_thiortha_san_eoraip

    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/224xl78p Contact: irishlingos@gmail.com The US threatens to raise tariffs on countries in Europe. Bagairt taraifí a ardú ag SAM ar thíortha san Eoraip. US President Donald Trump threatened this evening to raise tariffs on certain European countries until the United States acquires Greenland. Bhagair Uachtarán Mheiriceá Donald Trump tráthnóna go n-ardóidh sé taraifí ar thíortha áirithe san Eoraip go dtí go bhfaigheann na Stáit Aontaithe seilbh ar an Ghraonlainn. He announced on his Truth Social platform that tariffs of 10% will come into effect from next month on Denmark, Finland, France, Germany, the Netherlands, Norway, Sweden and the United Kingdom. Chuir sé in iúl ar a ardán Truth Social go dtiocfaidh taraifí de 10 faoin gcéad isteach ón mhí seo chugainn ar an Danmhairg, an Fhionnlainn,an Fhrainc, an Ghearmáin, an ísiltír, an Ioruaidh, an tSualainn agus an Ríocht Aontaithe. These are all countries that are allied with the United States. Is tíortha iad seo ar fad atá i gcomhghualaíocht leis na Stáit Aontaithe. However, Mr Trump tells them they are playing ‘dangerous games‘ regarding their position on Greenland. Deir an tUasal Trump leo áfach go bhfuil ‘cluichí contúirteacha‘ á n-imirt acu i dtaca lena seasamh ar an Ghraonlainn. ‘From the first of June’ he says, ‘these tariffs will increase to 25% unless a satisfactory agreement is reached that allows the United States to purchase Greenland in full‘. ‘Ón gcéad lá de Mheithimh’ a deir sé, ‘ardóidh na taraifí seo go 25 faoin gcéad mura dtagtar ar shocrú sásúil a cheadóidh do na Stáit Aontaithe an Ghraonlainn a cheannacht go hiomlán‘.

    5 min
  4. 6 JAN

    20260106_IRISH__maduro_ag_pleadail_neamhchiontach_i_sceimhlitheoireacht_drugai

    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/27af6noe Contact: irishlingos@gmail.com Maduro pleading not guilty to drug terrorism. Maduro ag pléadáil neamhchiontach i sceimhlitheoireacht drugaí. In a federal court in New York today, former Venezuelan President Nicolás Maduro pleaded not guilty to four charges against him, including drug trafficking, terrorism and weapons possession. I gcúirt fheidearálach i Nua-Eabhrac inniu, phléadáil iarUachtarán Veiniséala Nicolás Maduro neamhchiontach i gceithre chúis a cuireadh ina leith, lena n- áirítear sceimhlitheoireacht drugaí agus airm a bheith ina sheilbh aige. Maduro said he was not guilty, that he was a just man and that he was the president of his country. Dúirt Maduro nach raibh sé ciontach, gur fear cóir a bhí ann agus gur uachtarán a thíre ab ea é. Maduro’s wife, Cilia Flores, was in the same court in Manhattan, facing the same charges, and she also pleaded not guilty. Os comhair na cúirte céanna in Manhattan, agus na cúiseanna céanna curtha ina leith, bhí bean chéile Maduro, Cilia Flores, agus phléadáil sise neamhchiontach chomh maith. The couple are accused of enriching themselves over 25 years by colluding with international criminals who were shipping illegal drugs to the United States. Cuirtear i leith na lánúine gur shaibhrigh siad iad féin le 25 bliain trí dhul i bpáirt le coirpigh idirnáisúnta a bhí ag seoladh drugaí mídhleathacha chun na Stát Aontaithe. Maduro’s lawyer said his client would not apply for bail today but indicated that he had not ruled it out in the future. Dúirt dlíodóir Maduro nach raibh a chliant chun iarratas ar bhannaí a dhéanamh inniu ach thug le fios nach raibh sé curtha as an áireamh aige san am le teacht. The hearing lasted about 40 minutes and Maduro had his feet shackled during it. Mhair an éisteacht tuairim is 40 nóiméad agus bhí geimhle ar a chosa ag Maduro lena linn. Only certain journalists and members of the public were allowed into the courtroom. Ní raibh cead isteach i seomra na cúirte ach iriseoirí áirithe agus daoine áirithe ón bpobal. The case will come before the court again on March 17 but it is not yet clear whether Maduro or his wife will be present that day. Tiocfaidh an cás os comhair na cúirte arís ar an 17 Márta ach níl sé soiléir fós an mbeidh Maduro nó a bhean chéile i láthair an lá sin. American military forces abducted the couple from their home in the Venezuelan capital, Caracas, over the weekend and took them to New York aboard a ship. D’fhuadaigh fórsaí míleata Mheiriceá an lánúin as a dteach cónaithe i bpríomhchathair Veiniséala, Caracas, ar an deireadh seachtaine agus thug go Nua-Eabhrac iad ar bord loinge. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

    8 min
  5. 2 JAN

    20260102_IRISH__daoine_fos_ar_iarraidh_tar_eis_na_tubaiste_san_eilveis

    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/28lqtjtv Contact: irishlingos@gmail.com People still missing after the disaster in Switzerland. Daoine fós ar iarraidh tar éis na tubaiste san Eilvéis. Authorities in Switzerland are still searching for missing people after a large fire that broke out in a pub in the town of Crans-Montana in the southwest of that country early yesterday morning. Tá na húdaráis san Eilvéis fós ag cuardach do dhaoine atá ar iarraidh tar éis an dóiteáin mhóir a tharla i dteach tábhairne i mbaile Crans-Montana in iardheisceart na tíre sin go moch ar maidin inné. In addition to the 40 people killed in the disaster, apparently mainly young people, 115 others were injured. Chomh maith leis an 40 duine a maraíodh sa tubaiste, daoine óga a mbunáite de réir dealraimh, gortaíodh 115 eile. Adding to the concern, it is said that some of those injured are very seriously ill. Mar bharr ar an mbuaireamh, deirtear go bhfuil roinnt den dream a gortaíodh an-dona tinn. It is not known exactly how many people are still missing, but the pub was holding over 300 people, according to online sources. Níl sé ráite cé mhéad duine go baileach atá fós ar iarraidh ach thoill an teach tábhairne os cionn 300 duine, de réir foinsí ar líne. Crans-Montana is an international ski resort and Swiss President Guy Parmelin said it was likely that people from different countries were among the dead. Ionad sciála idirnáisiúnta is ea Crans-Montana agus dúirt Uachtarán na hEilvéise Guy Parmelin gur dóichí go bhfuil daoine as tíortha éagsúla i measc na marbh. Already, the Italian Government has announced that fifteen people from that country are missing. Cheana féin, tá sé tugtha le fios ag Rialtas na hIodáile go bhfuil cúig dhuine dhéag ón tír sin ar iarraidh. The French Government says eight citizens of that country are also missing. Deir Rialtas na Fraince go bhfuil ochtar saoránach de chuid na tíre sin ar iarraidh chomh maith. It is still unknown what caused the fire, but two people who were there at the time say that the ceiling of the house caught fire when sparklers on a sweet cake went out of control and the fire spread at a crazy speed afterwards. Ní fios fós cad ba shiocair leis an dóiteán ach deir beirt a bhí san áit ag an am gur lasadh síleáil an tí nuair d’imigh spréachairí ar cháca milis ó smacht agus gur leath an tine de luas mire ina dhiaidh sin. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

    7 min
  6. 1 JAN

    20260101_IRISH__cuigear_gortaithe_in_ionsai_coirloiscthe_i_mbaile_atha_cliath

    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/27fsagpu Contact: irishlingos@gmail.com Five people injured in arson attack in Dublin. Cúigear gortaithe in ionsaí coirloiscthe i mBaile Átha Cliath. A woman in her forties and a teenage boy were seriously injured in an arson attack on a house in Finglas, north Dublin, early this morning. Gortaíodh go han-dona bean sna daichidí agus buachaill sna déaga in ionsaí coirloiscthe a rinneadh ar theach i bhFionnghlas i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath go moch ar maidin inniu. A woman in her twenties and two teenage girls were also injured in the attack on the house on Creston Avenue at around 12.45 this morning. Gortaíodh chomh maith bean sna fichidí agus beirt chailíní sna déaga san ionsaí a rinneadh ar an teach ar Ascaill Creston ag thart ar 12.45 ar maidin. The lives of the last three are said to be out of danger. Deirtear nach bhfuil beatha an triúir dheireanaigh sin i mbaol. The five are being treated at Connolly Hospital in Blanchardstown and the Children’s Hospital on Temple Street. Tá cóir leighis á chur ar an gcúigear in Ospidéal Uí Chonghaile i mBaile Bhlainséir agus in Ospidéal na Leanaí ar Shráid Temple. The Gardaí are to conduct a forensic examination of the house shortly. Tá scrúdú dlí- eolaíochta le déanamh ag na Gardaí ar an teach gan mhoill. Between the two lines, they are appealing to anyone who saw anything out of the ordinary in the Creston area last night to come talk to them. Idir an dá línn, tá siad ag achainí ar aon duine a chonaic aon ní as bealach i gceantar Creston aréir teacht chun cainte leo. RTÉ News and Current Affairs The malicious burning took place on Creston Avenue in Finglas Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Is ar Ascaill Creston i bhFionnghlas a rinneadh an dó mailíseach

    5 min
  7. 31/12/2025

    20251231_IRISH__trump_ag_fogairt_ar_hamas_a_gcuid_arm_a_chur_de_laimh

    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words Contact: irishlingos@gmail.com Your browser does not support the audio element. Trump announces Hamas must lay down its weapons. Trump ag fógairt ar Hamas a gcuid arm a chur de láimh. US President Donald Trump has warned Hamas in Gaza to immediately hand over their weapons – or they will pay dearly, he said. Tá fógra tugtha ag Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump do Hamas in Gaza a gcuid arm a chur de láimh gan mhoill – é sin nó íocfaidh siad go daor as, arsa sé. Trump claimed that the Israelis had fulfilled their promises so far regarding the ceasefire in Gaza and said that it was now up to Hamas to do the same. Mhaígh Trump go raibh a gcuid gealltanas comhlíonta ag na hIosraelaigh go dtí seo maidir leis an sos comhraic in Gaza agus dúirt gur ar Hamas a bhí sé anois déanamh amhlaidh. Trump was speaking at a press conference in Florida after a meeting he had with Israeli Prime Minister Benjamin Netanyahu there yesterday. Ag labhairt ag preasócáid in Florida a bhí Trump tar éis cruinniú a bhí aige le Príomh-Aire Iosrael Benjamin Netanyahu ansin inné. Hamas had said earlier yesterday that they had no intention of handing over their weapons. Bhí sé ráite ag Hamas níos túisce inné nach raibh lá rúin acu a gcuid arm a chur de láimh. Trump is said to be excited about implementing the next part of his own plan for what’s to come for Gaza, which is to install a “technocratic” Palestinian government there with the support of an international military force. Deirtear go bhfuil Trump ar bís leis an gcéad chuid eile dá phlean féin maidir lena bhfuil i ndán do Gaza a chur i bhfeidhm, is é sin rialtas “teicnealathach” Palaistíneach a chur i gcumhacht ann le tacaíocht ó fhórsa míleata idirnáisiúnta. At the same press conference, with Netanyahu at his side, Trump said he would thwart any new attempt by Iran to develop nuclear power or produce ballistic missiles. Ag an bpreasócáid chéanna, agus Netanyahu lena thaobh, dúirt Trump go gcuirfeadh sé ó mhaith aon iarracht as an nua a dhéanfadh an Iaráin cumhacht núicléach a fhorbairt nó diúracáin bhalaistíocha a tháirgeadh. Nuclear facilities in Iran were severely damaged by bombing attacks carried out by the Americans and Israelis at the beginning of the summer. Rinneadh damáiste mór d’ionaid núicléacha san Iaráin de bharr ionsaithe buamála a rinne na Meiriceánaigh agus na hIosraelaigh orthu i dtús an tsamhraidh. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

    14 min
  8. 24/12/2025

    20251224_IRISH__curam_ar_na_boithre_a_mholadh_ag_na_gardai_thar_an_nollaig

    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/23mtvmny Contact: irishlingos@gmail.com Gardaí recommend road safety over Christmas. Cúram ar na bóithre á mholadh ag na Gardaí thar an Nollaig. Today is the busiest day on the State’s roads during the Christmas period, and An Garda Síochána is urging drivers to slow down and be mindful of other drivers, pedestrians and cyclists. Inniu an lá is gnóthaí ar bhóithre an Stáit i rith thréimhse na Nollag, agus tá an Garda Síochána ag impí ar thiománaithe maolú ar an luas agus bheith airdeallach faoi thiománaithe eile, coisithe agus rothaithe. Gardaí are today launching a 24-hour campaign to enforce speed limits more strictly, coinciding with this increase in Christmas traffic. Tá feachtas 24 huaire ar bun ag Gardaí inniu féachaint le teorainneacha luais a chur i bfheidhm níos géire, chomhuaineach leis an méadú seo ar an trácht Nollag. Gardaí say this is the latest element of a seasonal campaign which hopes to reduce the number of road accidents. Deir Gardaí gurb é seo an gné is deireanai den bhfeachtas séasúrtha atá ag súil le líon na dtaismí bóthair a laghdú. Drivers are being asked to stay within speed limits and be extra careful due to the high level of traffic and long journeys people are making. Táthar ag iarraidh ar thiománaithe fanacht laistigh de na teorainneacha luais agus bheith níos cúramaí de bharr an leibhéal ard tráchta agus turasanna fada atá ar bun ag daoine. 180 people have died on the State’s roads so far in 2025. 180 duine a bhásaigh ar bhóithre an Stáit go dtí seo i 2025. Almost all bus, train, ferry and air services are at their peak today, as people head home for Christmas. Tá beagnach gach seirbhís bus, traenach, bád farantóireachta agus aeir ar teann a ndíchill inniu, agus daoine ag déanamh ar an mbaile don Nollaig. The services are recommending that people make advance reservations whenever possible. Tá na seirbhísí ag moladh do dhaoine réamh-áirithint a dhéanamh nuair is féidir. 50,000 people will come through Dublin airport today alone, with thousands more landing at Cork, Shannon, and Knock. 50,000 duine a thiocfaidh trí aerfort Átha Cliath inniu féin, leis na mílte eile ag tuirlingt ag Corcaigh, an tSionna, agus Cnoc Mhuire.

    7 min

Ratings & Reviews

4.1
out of 5
7 Ratings

About

Short sentences with English translations

You Might Also Like