36 min

Nuachainteoirí [Podchraoladh‪]‬ An tImeall Archives - Technology.ie News & Views on Gadgets & Tech

    • Society & Culture

Tá an Dr John Walsh ina Léachtóir le Gaeilge in Ollscoil na hÉireann Gaillimh agus tá taighde ar leith ar siúl aige i láthair na huaire ar idé-eolaíocht agus spreagadh ‘nuachainteoirí’ mionteangacha, daoine nár tógadh leis na teangacha sin ach a labhraíonn iad go líofa agus go rialta.  Labhair sé liom ar phodchraoladh na seachtaine seo. (36.17, 21MB, MP3).
Sílim gur cás ar leith í an Ghaeilge sa mhéid is gur nuachainteoirí iad tromlach mór na ndaoine a bhíonn á labhairt, ach cuireann John i gcuimhne dom gurb amhlaidh don mBéarla chomh maith! Admhaíonn sé gur féidir teannas áirithe a bheith sa chaidreamh idir nuachainteoirí agus cainteoirí dúchais na Gaeilge, agus deir sé go bhfuil “speictream an-leathan” de chineálacha éagsúla nuachainteoirí ó thaobh an cúram a dhéanann siad maidir leis an bhfoghraíocht agus an ghramadach.
Níl dóthain taighde déanta, deir sé, go bhféadfaí a rá go fóill gur canúint bheo atá i nGaeilge na Cathrach, ach aontaíonn sé go bhfuil an so-tuigtheacht agus an fheidhmiúlacht tabhachtach agus canúint nó stíl chainte á mheas. Sé sin le rá: an féidir leat do chúram a dhéanamh tré mheán na teanga?
Tá an taighde ag leanúint ar aghaidh ar fud na hEorpa go dtí 2016, agus beidh torthaí dá bhfoilsiú de réir a chéile ag John agus ag a chomhghleacaithe.  Is féidir é a leanúint ar Twitter ag @nuachtainteoir agus tá cuntas ag an mór-thionscnamh Eorpach ag @costnewspeakers.
Podchraoladh seachtainiúil i nGaeilge is ea An tImeall, curtha i láthair ag Blacknight, an príomh-chomhlacht in Éirinn le haghaidh óstáil idirlín agus ainmneacha fearainn. ‘Bhfuil tú ag iarraidh suíomh idirlín a dhéanamh do ghléasanna póca?  Is féidir an uirlis GoMobi a usáid saor in aisce ar feadh 30 lá!  Tuilleadh eolais – agus go leor margaí maithe eile ar fáil – ar an suíomh domainoffers.me.
Má thaitníonn an clár seo leat, is féidir síntús a fháil le iTunes nó le RSS.
 
Related articles

We’re Irish and Proud of it!
Advertising Dot.com domains ‘As Gaeilge’
The First ‘Honest’ Spam in the Irish Language?
Altocloud’s Barry O’Sullivan wants to make Customer Service better [Video]

Nuachainteoirí [Podchraoladh] originally appeared on Technology.ie News & Views on Gadgets & Tech - A Podcast about technology

Top Podcasts In Society & Culture

The Apple & The Tree
Daily Mail
The Stand with Eamon Dunphy
The Stand
Miss Me?
BBC Sounds
Life with Nat
Keep It Light Media
Spencer & Vogue
Global
Documentary on One Podcast
RTÉ Documentary on One