Adhmhaidin RTÉ Raidió na Gaeltachta
-
- News
-
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.
-
'Niamh' - Othar in Ospidéal na hOllscoile Gaillimh.
D’inis an Teachta Dála Mairéad Farrell scéal sa Dáil le gairid faoi chás 'Niamh' agus faoin méid a tharla di nuair a bhí uirthi dul chuig an Aonad Timpistí agus Éigeandála i nGaillimh. Mhínigh 'Niamh' do Máire Áine Ní Chuaig gur chaith sí 12 uaire sa seomra feitheamh san aonad sula cuireadh obráid éigeandála uirthi le haghaidh toircheas eachtópach.
-
-
Bertie Ó hAinmhire, Gníomhaí ar son na Palaistíne.
Tá sé ráite ag Príomh Aire Iosrael Benjamin Netanyahu go bhfuil an tír réidh le seasamh léi féin sa gcogadh i nGaza más gá. Tháinig a ráiteas sna sála ar ghealltanas ó rialtas Washington nach gcuirfear lastais airm ar fáil don Iosrael má leanann siad ar aghaidh leis an ionradh ar Rafah.
-
Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Tá 30,027 duine ina gcónaí in ionaid soláthair dhírigh nó i lóistín éigeandála le haghaidh iarrthóirí tearmainn, de réir na bhfigiúirí is deireanaí ón Roinn Lánpháirtíochta.
-
Dr. Gretta Mohan, taighdeoir leis an Institiúid Taighde Sóisialta agus Eacnamaíochta.
Léiríonn taighde atá déanta ag an Institiúid Taighde Sóisialta agus Eacnamaíochta go bhfuil ceithre oiread de mhéadú tagtha ar an líon daoine óga atá i ngreim ag an gcearrbhachas le hais mar a bhí.
-
Dónal Coyle - Comhairleoir Condae i nDún na nGall.
Dúirt an Comhairleoir Contae Dónal Coyle go rachaidh ‘Togra Taistil Leitir Ceanainn’ ar glacadh leis ag cruinniú an tseachtain seo go mór chun sochair don bhaile.
Customer Reviews
Clár den scoth
Clár den scoth.
Thar a bheith praiticiúil
Áis iontach!
Níos mó l’do thoil!
Cén fath nach bhfuil an clár iomlán le fáil ar podchraoltaí Apple?