Blas Pod BBC Radio Ulster
-
- スポーツ
Podchraoladh: Inneachar tráthúil fuaime ó fhoireann BBC Blas.
-
Project Children sa Lyric, Páirc Náisiúnta na Mara
Sa dráma Project Children in Amharclann an Lyric, insítear scéal an tionscnaimh chéanna, a thug deis do pháistí ó Thuaisceart na hÉireann seal a chaitheamh i Meiriceá agus faoiseamh a fháil ó dheacrachtaí an tsaoil anseo. Tá léirmheas ag Francis Mezza dúinn. Le Páirc úrnua Náisiúnta na Mara ar na bacáin i gContae Chiarraí, tugann an bitheolaí Jack O’Donovan Trá léargas s’aige féin dúinn ar na féidearthachtaí a d’fhéadfaí a chothú ann, maidir leis an fhiadhúlra agus an bhithéagsúlacht mar shampla.
The drama Project Children at the Lyric Theatre, tells the story of the project that gave children from the north of Ireland the opportunity to spend a holiday in America for respite from the difficulties of life here. Francis Mezza reviews the production for us. With a new Marine National Park planned for County Kerry, biologist Jack O’Donovan Trá considers the possibilities this might afford, in relation to wildlife and biodiversity for instance. -
Taobhlíne Tostach, Seachtain Mheabharshláinte na Máithreacha
Tá an cóitseálaí Michael Gerard Ó Dochartaigh linn le plé a dhéanamh ar an togra Silent Sideline de chuid CLG Uladh. Agus do Seachtain Mheabhairshláinte na Máithreacha, insíonn Maeve McAlister, a bhfuil triúr clainne aici, dúinn faoina taithí féin agus faoina thábhachtaí is atá sé aire a thabhairt do do mheabhairshláinte mar mháthair.
In underage games, is silence from the sidelines golden? Coach Michael Gerard Ó Dochartaigh joins us to discuss the Silent Sideline initiative from Ulster GAA. For Maternal Mental Health Week, Maeve McAlister, mother of three, speaks of her own experience and how important it is to look after maternal mental health. -
Turas Úr: Sliabh gCuillinn, Eascair.
Mar a deir an seanfhocal: an áit a bhfuil do chroí, is ann a thabharfas do chosa thú, agus is fíor sin go cinnte maidir le Proinsias Ó Coinn, a bhfuil tuairisc aige dúinn ó Shliabh gCuillinn, áit a ndeachaigh sé ag spaisteoireacht mar chuid den mhionsraith Turas Úr. Fosta, cluineann muid ó Dheirbhile Ní Chianáin, eagarthóir Gaeilge ar an iris úr litríochta, Eascair, faoin chéad eagrán a eisíodh le déanaí.
As the proverb says: where your heart lies, your feet will take you, and this is certainly true of Proinsias Ó Coinn and his report from Slieve Gullion, where he took a hike as part of our occasional series, Turas Úr. We also hear from Deirbhile Keenan, the Irish language editor of a new literary magazine, Eascair, about their recently published first edition. -
Celtic Kweens #4: Aoife (Clann Lir)
An féidir aighneas teaghlaigh a réiteach nuair a thiocfaidh Aoife i láthair a leasiníne Fionnuala? Scéal 900 bliain inar léir nach n-aithníonn ealaí, gan trácht ar chiaróga, a chéile. An ceann nuair a fhaigheann Clann Lir amach nach dtagann ciall le haois, fiú 900 bliain d’aois! Can a family feud be settled when Aoife is finally confronted by her stepdaughter, Fionnuala? The one where Clann Lir find out that wisdom doesn't come with age, even 900 years of age!
Comhlacht léiriúcháin/Production: Company Moondog Productions do BBC Gaeilge
Scríbhneoir/Writer: Julie Jay
Aisteoirí/Actors: Nuala Ní Néill, Tony Devlin ┐Diona Doherty. -
Celtic Kweens #3: Úna Ní Chearnaigh
Feicimid Úna Ní Chearnaigh gan d'arm aici ach clóscríobhán agus í ag teacht ar an tuiscint go bhféadfaí saibhreas a dhéanamh as Forógra an Phiarsaigh agus í i bhfolach in Ard-Oifig an Phoist in 1916. We join Real War Wife Úna as she and the men of 1916 take over the GPO in Dublin. Armed with nothing more than a typewriter Úna’s task is to take notes and write the diary. However, she sees the money spinning potential of Pádraig Pearse's Proclamation. An ceann nuair a fhaigheann Una Ní Chearnaigh amach gur treise an clóscríobhan ná an claíomh. The one where Winifred Carney finds out that the typewriter is mightier than the sword.
Comhlacht léiriúcháin/Production: Company Moondog Productions do BBC Gaeilge
Scríbhneoir/Writer: Julie Jay
Aisteoirí/Actors: Nuala Ní Néill,Tony Devlin ┐Francis Mezza -
Celtic Kweens #2: Maud Gonne
Glacann Maud páirt i seó Jerry McSpringer le bualadh leis an fhear a bhfuil nóisean aige di ach is mór an díoma di nuair a a fhaigheann sí amach cé atá i gceist. An ceann nuair nach bhfuil aon leigheas ar an ghrá ach pósadh, nó an t-óipiam, dar le Maud Gonne. Maud takes part in the Jerry McSpringer show to meet the man who has a notion of her but she's very disappointed when she finds out who it is. The one where Maud Gonne suggests that the only cure for love is marriage, or opium!
Comhlacht léiriúcháin/Production: Company Moondog Productions do BBC Gaeilge
Scríbhneoir/Writer: Julie Jay
Aisteoirí/Actors: Diona Doherty, Tony Devlin, Francis Mezza ┐Nuala Ní Néill