382 episodes

Is clár úr nua é 'Fada is Fairsing' a tosaíodh ar Raidió na Life le déanaí in aimsir Tóstáil 2013, Bliain na Gaeilge 2013 agus ag am ina bhfuil pobal na Gaeilge ag éirí níos mó agus níos mó achan lá ar fud fad an domhain. Díríonn an clár ar scéalta éagsúla ó thíortha ar fud an domhain ó chúrsaí reatha, go scéalta na Gaeilge, go scéalta grinn, le roinnt ceoil dhomhanda freisin. Is í Lisa nic an Bhreithimh láithreoir an chláir agus tá sí díreach tar éis filleadh go hÉirinn ó na Stáit Aontaithe Meiriceá, áit inar chaith sí bliain ag múineadh na Gaeilge. B'ansin a fuair sí inspioráid chun an clár seo a thosú leis an léar mór Gaeilgeoirí ar bhuail sí leo ansin ó Mheiriceá is i bhfad.

Fada is Fairsing teicneoir@raidionalife.ie

    • News

    Clár 425 - 2024 - Raidió na Life

    Clár 425 - 2024 - Raidió na Life

    Ar an gclár seo bhí Hannah Mac Dermott ag labhairt linn ón ngrúpa Irish Bloc Beirlín faoin gcosc a cuireadh orthu Gaeilge a labhairt ag agóid ar son na Palaistíne i gcathair na Gearmáine, cad atá tar éis titim amach don ghrúpa ó shin agus na himpleachtaí móra a bhaineann leis an méid a tharla. Chomh maith leis sin cloisfimid beagán den phainéal cainte a bhí ar siúl mar chuid de Lá Mór na Gaeilge le gairid i mBaile Átha Cliath maidir le cás na Palaistíne agus beagán ceoil uaidh!

    • 25 min
    Clár 424 - 2024 - Raidió na Life

    Clár 424 - 2024 - Raidió na Life

    Ar an gclár seo bhí Caitríona Irving, a chónaigh in áiteanna éagsúla timpeall ar na Stáit Aontaithe i rith a saoil agus Nollaig Bonar, a chaith am san Albain in Oileán an Phrionsa Edward agus linn ó Chalifornia agus Èirinn, le labhairt linn faoina dturais ag cur lena gcuid Gaeilge agus ag reachtáil ciorcal comhrá trasAtlantach!

    • 25 min
    Clár 423 - 2024 - Raidió na Life

    Clár 423 - 2024 - Raidió na Life

    Ar an gclár seo bhí Aisling Ní Bhrádaigh, Ceanasaí Cumarsáide le Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn ag labhairt linn faoi na Toghcháin Eorpacha ina mbeidh deis ag muintir na hÉireann vótáil ar an 7 Meitheamh, conas a bheith cinnte go bhfuil tú cláraithe le vótáil agus an feachtas atá ar siúl ag an eagraíocht, dar teideal "Is Féidir Vótáil, Taim ag Vótáil!"

    • 26 min
    Clár 422 - 2024 - Raidió na Life

    Clár 422 - 2024 - Raidió na Life

    Ar an gclár seo bhí Áine Uí Fhoghlú ón ngrúpa úr Gaeil ar son Gaza ag labhairt linn faoi obair an ghrúpa, faoina fheachtas Solas do Pháistí Gaza agus faoin oíche filíochta a nglacfaidh sí páirt ann i gCorcaigh chun airgead a thiomsú don Phailistín.

    • 25 min
    Clár 421 - 2024 - Raidió na Life

    Clár 421 - 2024 - Raidió na Life

    Ar an gclár seo bhí Gearóid Ó Treasaigh linn ó Ollscoil Naomh Thomáis i Fredericton Ceanada, áit a bhfuil scoláireacht ICUF idir lámha aige. Chomh maith leis sin bhí John Woods linn ón mBruiséil le labhairt faoin gcéad díospóireacht poiblí Gaeilge a reachtáladh le gairid i bParlaimint na hEorpa a raibh sé féin mar chathaoirleach uirthi.

    • 26 min
    Clár 420 - 2024 - Raidió na Life

    Clár 420 - 2024 - Raidió na Life

    Ar an gclár seo bhí Seannachán Ó Cinéide linn le labhairt faoi imeachtaí do Sheachtain na Gaeilge i Massachusetts na Stát Aontaithe. Chomh maith leis sin bhí Eoghan Mac Cormaic, iarphríosúnaí Poblachtánach i bpriosiún na Ceise Fada, linn ag caint faoina leabhar úr 'Gaeil agus Géibheann', a thaithí leis an nGaeilge sa phriosiún, Gaeilge i Westminster sa 19ú hAois agus go leor eile.

    • 26 min

Top Podcasts In News

30 with Guyon Espiner
RNZ
Global News Podcast
BBC World Service
The Detail
RNZ
The Daily
The New York Times
The Rest Is Politics
Goalhanger Podcasts
Tova
Stuff Audio

You Might Also Like

Blas Pod
BBC Radio Ulster
Nuacht Mhall
Conradh na Gaeilge i Londain
The Blindboy Podcast
Blindboyboatclub
Talking History with Patrick Geoghegan
Newstalk