Adhmhaidin RTÉ Raidió na Gaeltachta
-
- News
-
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.
-
-
-
Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta, Raidió na Gaeltachta.
Cúrsaí polaitíochta an lae.
-
John Shéamuis Ó Fearraigh, Comhairleoir Contae.
Tá sé iarrtha ag John Shéamuis Ó Fearraigh ar an Aire Mara Charlie McConalogue deireadh a chur leis an gcosc atá ar iascaireacht Deargóg ar mhaithe le pobail bheaga ar chósta Dhún na nGall. Labhair an Comhairleoir Contae le Frances Nic Géadaigh.
-
Kevin Magee, Iriseoir.
I mí an Mheithimh 2019 bhagair Rialtas na hAlban go gcuirfeadh siad an dlí ar aon iascaire seachas iascairí na Breataine a bheadh ag iascach i bhfoisceacht dhá mhíle dhéag do Rocall. Tá cás Rocall ardaithe arís tar éis don chlár ‘Iniúchadh TG4 – Anfa Mara’ a craoladh ar an stáisiún aréir.
-
Peadar Ó Fionnáin, An Comhaontas Glas, Corca Dhuibhne.
Nuair a fógraíodh Páirc Náisiúnta na Mara Ciarraí go hoifigiúil sa Daingean dúirt gach polaiteoir a labhair nach mbeadh aon athrú ar chearta iascaireachta agus feirmeoireachta laistigh den pháirc nua. Labhair Peadar Ó Fionnáin le Dáithí de Mórdha.
Customer Reviews
Thank you
Go rabh mil maith agat