232 Folgen

Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
The week's main news stories, read slowly in Irish.

Nuacht Mhall Conradh na Gaeilge i Londain

    • Bildung

Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
The week's main news stories, read slowly in Irish.

    27 Aibreán 2024 (Luimneach)

    27 Aibreán 2024 (Luimneach)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniú an seachtú lá is fiche de mhí Aibreáin. Is mise Sibéal Dempsey.D’fhógair Micheál D. Ó hUiginn, Uachtarán na hÉireann, an tseachtain seo go raibh cineál stróc éadrom aige i mí Feabhra níos luaithe i mbliana. D'áitigh sé nach raibh tionchar ag an stróc ar a chumas cognaíochta ach go raibh tionchar aige ar a ghluaiseacht ar an taobh clé agus gur ghéaraigh sé na fadhbanna a bhí aige cheana féin le híochtar an droma. Labhair sé in Ollscoil Mhanchain Dé Céadaoin seo caite, áit a raibh sé ar cuairt le linn dó céim oinigh a fháil, agus áit a ndearna sé a chuid staidéar iarchéime. Dúirt sé gur ghlac sé leis an gcéim ní hamháin dó féin ach do gach imirceach agus dóibh siúd a dhéanann staidéar orthu agus a thugann aire dóibh. Dúirt sé freisin go raibh fianaise ann go raibh tionchar seachtrach ag dul i bhfeidhm ar mheon frith-inimirce in Éirinn ach go raibh tacaíocht ollmhór fós ann d’imircigh ina ainneoin sin.Níos luaithe an tseachtain seo shínigh Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden pacáiste cúnaimh nócha cúig billiún dollar don Úcráin, d'Iosrael agus don Téaváin. Dúirt Uachtarán na hÚcráine Vlodomyr Zelenzky go neartaíonn sé “ról Mheiriceá mar chomhartha daonlathais agus mar cheannaire ar an saol saor”. Bhí sé ag éileamh go gcuirfí tuilleadh cabhrach chuig an Úcráin mar go raibh an Rúis ag dul chun cinn de réir a chéile ina hionradh le seachtainí beaga anuas. Chomh maith le cúnamh díreach, cuimsíonn an bille reachtaíocht freisin chun sócmhainní na Rúise atá i seilbh bhainc an Iarthair a choigistiú chomh maith le smachtbhannaí agus foráil chun iallach a chur ar úinéir Síneach TikTok an tseirbhís meáin shóisialta a dhíol. Mura ndíolfar laistigh de naoi mí é, déanfar TikTok a dhúnadh ar fud na Stát Aontaithe mar thoradh ar an reachtaíocht.Tá sé fógartha ag rialtas na hÉireann go bhfuil páirc náisiúnta nua á cruthú i gContae Chiarraí. Beidh an pháirc ar an bpáirc náisiúnta is mó sa tír, ag clúdach seachtó míle acra talún agus farraige le chéile agus tabharfar Páirc Náisiúnta na Mara uirthi. Beidh sé ina chéad Pháirc Náisiúnta Mara in Éirinn freisin. Áireofar sa pháirc suíomhanna timpeall an chontae, lena n-áirítear Cnoc Bréanainn, An Chonair, Trá na hInse agus an suíomh oidhreachta domhanda UNESCO ag Sceilig Mhichíl, chomh maith le roinnt oileán amach ón gcósta. D’fhógair an tAire Noonan, an tAire Stáit don Dúlra agus Oidhreachta an seoladh Dé Luain, Lá Domhanda na Cruinne.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    íochtar an droma - the lower back

    céim oinigh - honorary degree

    pacáiste cúnaimh - aid package

    sócmhainní na Rúise - Russian assets

    suíomh oidhreachta domhanda - world heritage site

    Lá Domhanda na Cruinne - Earth Day

    • 6 Min.
    20 Aibreán 2024 (Maigh Eo)

    20 Aibreán 2024 (Maigh Eo)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an fichiú lá de mhí Aibreán. Is mise Oisín Mac Conamhna.

    Chríochnaigh an t-ionchuisne sa dóiteán tubaisteach sa chlub oíche Stardust i mBaile Átha Cliath Déardaoin. Tharla an dóiteán in 1981, and d’éag 48 duine ann. Shroich an giúiré an breithiúnas gur maraíodh iad uilig go neamhdhleathach. An t-ionchuisne is faide i stair an stáit ba ea, agus le linn breis agus céad lá d’fhianaise, tháinig sé amach go raibh na bealaí éalaithe faoi ghlas, chun daoine a choimeád amuigh; agus rinne an giúiré an cinneadh gur chuir sin go mór leis an tubaiste. Chuir an breithiúnas deireadh le feachtas mór fada de chuid theaghlaigh na marbh, agus tá na gardaí chun athbhreithniú a dhéanamh ar an gcás ina dhiaidh.

    I Nua Eabhrac, thosaigh an chéad triail choiriúil riamh d'iar-uachtarán na Stát Aontaithe an tseachtain seo. Tá Donald Trump os comhair na cúirte ar dhíotálacha feileonacha, gur fhalsaigh sé taifid ghnó chun airgead tosta, a deirtear gur íoc sé don aisteoir earótach Stormy Daniels, a fholú, díreach roimh an toghchán uachtaránachta in 2016. Tá na líomhaintí uilig séanta ag Trump. Caithfidh sé freastal ar an gcúirt gach lá a bhíonn an cás ar siúl, agus bhí an giúiré roghnaithe faoi oíche Dhéardaoin - próiseas  a thóg tamall mar d'admháil roinnt mhaith iarrthóirí don ghiúiré nach raibh siad neamhchlaonta. Tá an  breitheamh tar éis ordú a thabhairt do Trump gan a bheith ag déanamh trácht ar an gcás ar na meáin shóisialta, agus beidh éisteacht ar siúl Dé Máirt ar chúiseamh an ionchúisimh go bhfuil an t-ordú sin sáraithe ag Trump cheana.

    I Sasana, aimsíodh iontaisí na reiptíle mara is mó a bhfuil eolas air in Somerset. Iochtasár, nó “laghairt éisc”, a mhair 200 milliún bliain ó shin ag deireadh na Tréimhse Triasaí, atá ann, a raibh thart ar 25 méadar ar fad, chomh mór le míol mór gorm. Tugadh Ichthyotitan severnensis, nó Iasc Ollmhór na Sabhrainne, ar an speiceas i bpáipéar a foilsíodh Dé Máirt. I measc na n-údar bhí Ruby Reynolds, a bhí aon bhliain déag d’aois nuair a bhí sí ag siúl lena hathair ar Thrá an Ancaire Ghoirm in 2020, nuair a d’aimsigh siad an chuid is mó atá faighte den Ichthyotitan.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    ionchuisne - inquest

    dóiteán - fire

    airgead tosta - hush money

    aisteoir earótach - erotic actor

    iontaisí - fossils

    laghairt éisc - fish lizard

    • 5 Min.
    13 Aibreán 2024 (Dún na nGall)

    13 Aibreán 2024 (Dún na nGall)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an tríú lá déag de mhí Aibreáin. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.

    Chuaigh OJ Simpson, iar-réalta peile Meireacánaí, ar shlí na fírinne le linn na seachtaine. Bhain sé clú amach mar fhear spóirt sna seascaidí agus arís mar aisteoir sna hochtóidí ach ansin bhí sé sna ceannlínte arís in 1994 nuair a fuarthas a iarbhean agus cara dá cuid marbh taobh amuigh dá teach in Los Angeles. Triaileadh Simpson sna dúnmharaithe, ach saoradh é sa bhliain 1995. Chuaigh an cás i gcion ar na Stáit Aontaithe ar fad. In 2008 fuarthas ciontach é ar chúiseanna difriúla, i gcás sibhialta, agus gearradh píonós priosúin air ar feadh 33 bliain. Fuair sé bás ón ailse Dé Céadaoin, lena pháistí agus a gharpháistí ina thimpeall, de réir ráiteas teaghlaigh.  

    Mar gheall ar líon na dtimpistí bóthair marfacha in Éirinn, fógraíodh go mbeidh achan garda síochána ag tabhairt faoi ghníomhaíocht sábháilteachta ar bhóithre go ceann leathuaire le linn achan seala. Déardaoin, d’fhógair Coimisinéir na nGardaí, Drew Harris, go raibh ar An Gharda Síochána a dtionscnaimh póilíneachta a chur in oiriúint chun sábháilteacht a mhéadú ar bhóithre na hÉireann. Ní ba luaithe sa lá, d’inis an Tánaiste Micheál Martin don Dáil gur “seafóid” é nach féidir le húdaráis áitiúla eolas maidir le tuairteanna bóithre a tharla le linn bliana anuas a fheiceáil de bharr rialacha GDPR agus gur cheart go réiteofaí an fhadhb “gan a thuilleadh moille”. 

    D'fhoilsigh Fáilte Éireann tuairisc nua le linn na seachtaine chun ceiliúradh a dhéanamh ar 10 mbliana de Shlí an Atlantaigh Fhiáin. De réir na tuairisce, tugtar isteach níos mó ná €3 bhilliún i rith na bliana ó Dhún na nGall go Corcaigh mar gheall ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin, atá 2,500 ciliméadar ar fad. Tuairimíonn Fáilte Éireann gur tháinig beag nár 2 milliún turasóirí sa bhreis ar cuairt go Slí an Atlantaigh Fhiáin, i gcomparáid leis an bhliain 2013 agus cuireadh 35,000 post nua ar fáil i gcaitheamh na ndeich mbliana. Seoladh an tuairisc ag Meitheal, mórócáid bhliantúil dírithe ar chúrsaí turasóireachta, a bhí ar siúl i gCill Airne.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    iarbhean - ex-wife

    saoradh é - he was acquitted

    tionscnaimh póilíneachta - policing initiatives

    gan a thuilleadh moille - without further delay

    tuairisc - report

    Slí an Atlantaigh Fhiáin - the Wild Atlantic Way

    • 5 Min.
    6 Aibreán 2024 (Tír Eoghain)

    6 Aibreán 2024 (Tír Eoghain)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an séú lá de mhí Aibreáin. Is mise Niall Ó Siadhail.

    Beidh Simon Harris ina Thaoiseach Dé Máirt nuair a fhillfidh Teachtaí Dála ar an Dáil i ndiaidh shos na Cásca. Ós rud é nach raibh aon iarrthóir eile do cheannaireacht Fhine Gael tar éis do Leo Varadkar éirí as an ról, tá Harris ina cheannaire gan toghchán ach beidh vóta de dhíth sa Dáil chun é a dheimhniú mar Thaoiseach, an Taoiseach is óige i stair an stáit ag seacht mbliana is tríocha d'aois. Baineadh croitheadh as lucht polaitíochta an Tuaiscirt seachtain ó shin nuair a gabhadh Jeffrey Donaldson, ceannaire an Pháirtí Aontachtaigh Daonlathaigh, ar chúiseanna mí-úsáide stairiúla, ach roghnaíodh Gavin Robinson mar cheannaire sealadach an pháirtí agus táthar ag súil nach mbeidh aon drochéifeacht ar Thionól Chnoc an Anfa.

    Tá beagnach 40 ball den Pháirtí Daonlathach i Meiriceá, Nancy Pelosi ina measc, i ndiaidh impí ar Uachtarán na Stát Aontaithe, Joe Biden, agus ar an Rúnaí Stáit, Anthony Blinken, stop a chur le díolacháin arm d'Iosrael. D'éiligh Biden féin sos cogaidh Déardaoin tar éis d'fhórsaí Iosraelacha seachtar oibrithe cabhracha a mharú. Tá súil ag an charthanacht World Central Kitchen go dtarlóidh fiosrúchán neamhspleách. Ghlac Iosrael freagracht as an eachtra, agus dúirt an Príomh-Aire nár tharla sé d'aon ghnó, ach níor gabhadh aon phardún faoi. Tá imní ann sa Mheánoirthear maidir le freagairt na hIaráine ar mharú seachtar oifigeach den Gharda Réabhlóideach i nDamaisc na Siria fosta.

    Cuirfear tús le Craobhchomórtas Sinsir na hÉireann sa Pheil an deireadh seachtaine seo agus foireann Londan ag imirt in aghaidh Chontae na Gaillimhe in Ruislip inniu. Beidh Maigh Eo ag imirt i Nua Eabhrac amárach agus roinnt cluichí ar siúl ar fud na hÉireann. Fuair Doire an lámh in uachtar ar Bhaile Átha Cliath an tseachtain seo caite i gcluiche ceannais na Sraithe Náisiúnta agus measann anailísithe gurb iad an dá fhoireann sin chomh maith le Ciarraí a bheidh ag dul in iomaíocht don duais is mó, Corn Mhig Uidhir, ag deireadh an chomórtais i mí Iúil. Cuirfear tús le Craobhchomórtas Sinsir na hÉireann san Iománaíocht an mhí seo fosta ach ar dtús tá cluiche ceannais na Sraithe Náisiúnta idir an Clár agus Cill Cheannaigh ar siúl i nDurlas Éile anocht.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    cúiseanna mí-úsáide stairiúla - historical abuse charges

    Tionól Chnoc an Anfa - the Stormont Assembly

    díolacháin arm - arms sales

    fiosrúchán neamhspleách - independent investigation

    anailísithe - pundits

    ag dul in iomaíocht - competing

    • 4 Min.
    30 Márta 2024 (Tiobraid Árann)

    30 Márta 2024 (Tiobraid Árann)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an tríochadú lá de mhí an Mhárta. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh.

    Bhí an líon daoine ag baint úsáid as seirbhisí tithíochta éigeandála in Éirinn níos airde ná riamh cheana an mhí seo caite. Bhí 13,841 daoine i dtithíocht éigeandála i mí Feabhra, 4,170 díobh a bhí ina bpáistí. Sin na huimhreacha is airde a taifeadadh ó tosaíodh taifead a dhéanamh, agus ardú 310 duine atá i gceist i gcomparáíd le mí Eanáir. Tá 10,100 de na daoine taifeadta bunaithe i mBaile Átha Cliath. Léirigh ionadaí ó Chlann Shíomóin nach bhfuil daoine a bhíonn ag fanacht ar na sráideanna, daoine atá ag éalú ó fhoréigean baile nó lucht iarrtha tearmainn san áireamh sna figiúirí sin agus mar sin nach léiriú ceart iad don ghéarchéim iomlán. Mar thoradh ar an éíleamh ard ar na seirbhisí tá ar dhaoine gan dídean tréimhse níos giorra a chaitheamh i dtithíocht éigeandála. D’iarr Clann Shíomóin ar an rialtas dearbhthosáiocht a dhéanamh as an ngéarchéím easpa dídine. Dúirt siad gurb í tógáil tithí sóisialta agus inacmhainne an t-aon fhreagar agus chuir siad brú ar an rialtas glacadh leis an “Simon Homeless Prevention Bill” agus cearta dídine a chumhdach. 

    Tharla timpiste uafásach in Baltimore sna Stáit Aontaithe Dé Máirt nuair a bhuail long choimeadán Droichead Francis Scott Key i bpríomhphort na cathrach. Tá an droichead 2.6k i bhfad agus thit sé san fharraige de bharr an damáiste a rinneadh don tacaíocht nuair a tharla an t-imbhualadh. Tá fiosrú oifigiúil fós ar siúl le teacht ar chúis chinnte leis an timpiste ach deir oifigeach gur tharla cliseadh cumhachta ar an long agus gur seoladh comhartha guaise nóiméad roimh an imbhualadh. Bhí ochtar ag obair ar an droichead nuair a tharla an timpiste agus tugadh tarrtháil ar bheirt acu. Fuair beirt bás agus leanann iarrachtaí teacht ar an gceathrar atá caillte ach glactar leis go bhfuil siad marbh. Tá dúshlán mór i gceist leis an iarracht mar gheall ar an teocht fhuar agus an líon smionagair san uisce. Ní raibh aon ghortú ag an bhfoireann ar an long. Is é Port Baltimore an port is gnóthaí i Stáit Aontaithe Mheiriceá maidir le heaspórtáil gluaisteán agus tá sé tábhachtach le haghaidh lasta freisin. Tógfaidh sé tamaillín an droichead a atógáil agus tá imní ann faoin tionchar ar shlabhraí soláthair an domhain. 

    D'fhógair Micheál Martin, an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha go bhfuil Éire chun idirghabháil a dhéanamh sa chás a thosaigh an Aifric Theas i gcoinne Iosrael faoin gCoinbhinsiúin ar Chinedhíothú ag an gCúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta. Dúirt an Tánaiste gur thug sé orduithe d'oifigí tús a chur le hobair ar fhógairt idirghabháil faoi alt 63 de reacht na Cúirte. Má ghlacann an rialtas leis cuirfear an idirghabháil leis an gcás i gcoinne Iosrael ag an gcúirt sa Háig. Bhí an rialtas faoi bhrú leanúnach ón bpobal agus ón bhfreasúra chun gníomhú maidir leis an gcás seo. Dúirt Rapóirtéir Speisialta um Chearta an Duine ag na Náisiúin Aontaithe gur "cinneadh tábhachtach" é ach "b'fhéidir thar téarma". Mhínigh Fionnuala Ní Aoláin, ollamh dlí ag Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste, nach cás coiriúil atá i gceist agus níl brí ag an idirghabháil go bhfuil an rialtas ar aon "taobh" ach is tuairim bunaithe ar fhíricí atá i gceist leis an idirghabháil. 

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    seirbhisí tithíochta éigeandála - emergency housing services

    Clann Shíomóin - the Simon Community, a charity which helps homeless people

    long choimeadán - container ship

    comhartha guaise - danger signal

    idirghabháil - intervention

    Rapóirtéir Speisialta um Chearta an Duine - Special Rapporeur for Human Rights

    • 5 Min.
    23 Márta 2024 (An Dún)

    23 Márta 2024 (An Dún)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an tríú lá is fiche de mhí an Mhárta. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.

    Tá sé fógartha ag an Taoiseach Leo Varadkar go bhfuil sé chun éirí as a phost mar Thaoiseach agus mar cheannaire Fhine Gael, agus é ag rá gurb é an t-am a chaith sé ina Thaoiseach “an tréimhse is sásúla de mo shaol”. Ba é Varadkar an Taoiseach ab óige riamh nuair a bhuaigh sé toghchán ceannaireachta Fhine Gael in 2017, agus faoi láthair tá sé i gceannas ar an gcomhrialtas i mBaile Átha Cliath, in éineacht leis na páirtithe Fianna Fáil agus an Comhaontas Glas. Ag labhairt dó ón fhoirgneamh rialtais i mBaile Átha Cliath Dé Céadaoin, dúirt an tUasal Varadkar go raibh “Éire á stiúradh aige ón dífhostaíocht go dtí an lánfhostaíocht, ó easnamh buiséid go barrachas buiséid, ó dhéine go rathúnas”. Dúirt sé go raibh sé “bródúil as go bhfuil an tír ina háit níos cothroime agus níos nua-aimseartha maidir le cearta leanaí, an phobail LADT, comhionannas do mhná agus a neamhspleáchas coirp”. Dúirt Varadkar gur bhain a chinneadh le cúrsaí poilitiúla, ach ní dúirt sé níos mó faoin chúis lena chinneadh. Tá an chuma air go mbeidh Simon Harris ina chomharba ar Varadkar, an t-aon iarrthóir ainmnithe don ról ag am an taifeadta. 

    Beidh feabhsú ar an gheilleagar sa Ríocht Aontaithe i mbliana, a dúirt Rishi Sunak ar an BBC i ndiaidh nuacht gur thit an boilsciú go dtí an leibhéal is ísle le beagnach dhá bhliain go leith. "Tá muid timpeall coirneáil i ndiaidh imní na mblianta atá caite,” a dúirt sé. Thit an boilsciú go 3.4% an mhí seo caite mar agus moill tagtha ar ardú ar phraghsanna bia. Ach d'ainneoin arduithe praghais ag moilliú ar an iomlán, lean praghsanna tithíochta agus breosla ag ardú go gasta ar fad. Faoi agallamh ag an BBC, dúirt an Príomh-aire go bhfuil feabhsú ag teacht ar chursaí.  D’admhaigh an tUasal Sunak go raibh droch-chuma go fóill ar an scéal do dhaoine, ach d’áitigh sé go raibh rathúlacht eacnamaíoch na Ríochta Aontaithe ag athrú i ndiaidh damáiste a bheith déanta uirthi le blianta beaga anuas ag paindéim Covid agus de dheasca borradh fuinnimh agus praghsanna bia mar gheall ar an chogadh san Úcráin. Agus é á bhrú ar chostais árachais soghluaiste, leathanbhanda agus gluaisteáin ag ardú, d'admhaigh an tUasal Sunak go raibh "dúshláin" go fóill ann, ach d'áitigh go raibh an Ríocht Aontaithe "in áit i bhfad níos fearr ná mar a bhí muid nuair a tháinig mé isteach mar Phríomh-aire. Is é an jab atá agam ná a chinntiú go bhfuil muid ag cuidiú, agus sin a dhéanann ár gciorruithe cánach,” a dúirt sé.

    Tá €200,000 á thairiscint ag Coimisiún na Meán chun athbhreithniú agus measúnú a dhéanamh ar na meáin Ghaeilge. Beidh naoi mí ag an dream a mbronnfar an conradh orthu chun an t-athbhreithniú a chur i gcrích agus moltaí a dhéanamh a chuirfeadh “feabhas” ar na meáin Ghaeilge, idir chraolta agus scríofa. Díreoidh an t-athbhreithniú ar na meáin Ghaeilge chraolta agus scríofa, ar líne agus as líne, agus ar an soláthar don Ghaeilge sna meáin Bhéarla. Seo an chéad uair a ndéanfar athbhreithniú cuimsitheach dá leithéid. Déanfar athbhreithniú ar na róil atá ag TG4 agus RTÉ “mar choimisinéirí agus soláthróirí ábhair Ghaeilge”, agus ar shaothar Raidió na Gaeltachta, a “ról náisiúnta” agus “a ról i gceantair Ghaeltachta” agus “ar an teacht atá aige ar ioncam tráchtála.” Deirtear go mbeidh béim ar na dualgais reachtúla atá ann i dtaobh soláthar ábhar i nGaeilge chomh maith agus féachfar ar na “deiseanna comhpháirtíochta” idir na meáin éagsúla. I measc na réimsí eile a ndéanfar scagadh orthu, beidh an ról ba chóir a bheith ag na meáin i gcúrsaí oideachais agus an soláthar Gaeilge do dhaoine óga. Cuirfear an t-athbhr

    • 6 Min.

Top‑Podcasts in Bildung

Erklär mir die Welt
Andreas Sator
Eine Stunde History - Deutschlandfunk Nova
Deutschlandfunk Nova
G Spot  mit Stefanie Giesinger
Stefanie Giesinger & Studio Bummens
carpe diem – Der Podcast für ein gutes Leben
carpe diem
Easy German: Learn German with native speakers | Deutsch lernen mit Muttersprachlern
Cari, Manuel und das Team von Easy German
6 Minute English
BBC Radio

Das gefällt dir vielleicht auch

Gaeilge Weekly
Liam Ó Duibhiolla
In The News
The Irish Times
Inside Politics
The Irish Times
Three Castles Burning
Donal Fallon
Callan's Kicks
RTÉ Radio 1
Irish History Podcast
Fin Dwyer