Nuacht a hAon RTÉ Raidió na Gaeltachta
-
- News
An barr is deireanaí nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil, le plé agus anailís ar scéalta móra an lae.
-
An t-iar Thaoiseach Brian Cowen : deartháir Barry Cowen Éamon Ó Braonáin, duine de lucht leanta Chiaráin Mullooly.
Ag a 3.10 ar maidin, san ionad comhairimh sa Royal TF, i gCaisleán a’ Bharraigh do thogh cheantar Lár Tíre/An tIar Thuaisceart toghadh an cúigear deireadh.
-
Cuan Ó Seireadáin : Eagraí Polaitíochta RnaG.
Tá moill go fómhar, churtha ar achtú an Bhille um Pleanála agus Forbartha ainneoin geallúint shollúnta a bheith tugtha ag an Aire Tithíochta, Darragh O'Brien go mbeadh an Bille achtaithe roimh shos an tsamhraidh.
-
Eoghan Corry : Iriseoir taistil agus eagarthóir na h-irise Air & Travel.
Tá ceardchumann na bpíolótaí le ceist a chur in athuair ar na baill faoi dul i mbun aighnis tionsclaíoch le Aer Lingus. Bhí bhóta déanta ar líne acu le dul i mbun aighnis, ach tá siad anois le bhótáil ar pháipéar.
-
Nuacht a' hAon Dé hAoine 14ú Meitheamh 2024.
An barr is deireanaí nuachta.
-
Nuacht an lae: Náisiúnta, Idirnáisiúnta & Áitiúil.
Nuacht Náisiúnta & Idirnáisiúnta Marion Ní Shúilleabháin Nuacht anTuaiscirt Conor Ó Gallachóir Nuacht an Iarthair Séamus Ó Scanláin Nuacht an Deiscirt Daithí de Mórdha.
-
Seán Mac Shéamuis : Comhairleoir Airgeadais.
Tá an rialtas le haghaidh córas nua a bhunú faoina mbeidh oibrithe i dteideal pinsean agus nach gá dóibh féin clárú lena aghaidh. Tá súil 800,000 oibrí san earnáil phríobháideach nach bhfuil aon phinsean acu faoi láthair a chlárú i scéim pinsin de chuid an stáit.