Barrscéalta RTÉ Raidió na Gaeltachta
-
- Noticias
-
Clár iris an Tuaiscirt. Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar an chlár, comh maith le scéalta as na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.
-
Comhordaitheoir Pleanála Teanga Líonra Leitir Canainn Bairbre Uí Chathail.
Ag cur síos ar Lá Spraoi Teaghlaigh atá a eagrú ag Líonra Leitir Ceanainn i mBaiel Leitir Ceanainn Dé Sathairn seo.
-
Frances Nic Aoidh, múinteoir i Scoil Mhuire, Baile na nGallóglach.
Áit a bhfuil feachtas ar bun ag scoil náisiúnta an bhaile, Scoil Mhuire, feachtas le scoil úr a fháil. Tá an scéal is deireanaí ag Frances dúinn.
-
Maighréad Uí Annluain ó Sheomra na Nuachta.
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.
-
Marjorie Uí Chearúil. Bainisteoir Comharchumann Oileán Thóraí agus ball de choiste meastóireachta Leader.
Cuireadh tús le sraith cruinnithe ar aréir le heolas a thabhairt don phobal fán chlár úr Leader, ag caint fosta faoin gha atá le hotharcharr d’Oileán Thoraí agus scéalta eile.
-
Rachel Akkoc as Leitir Ceanainn.
Tá Rachel i Malmo na Sualainne agus í ag ceiliúradh inniu i ndiaidh dó Bambie Thug áit a bhaint amach sna babhtaí ceannais den Chomórtas Eurofíse aréir, bhí Rachel i láthair aréir ag an babhta leath cheannais agus beidh arís san oíche amárach.
-
An scríbhneoir Róise Ní Bhaoill agus Eoghan Mac Giolla Bhríde ón chomhlacht foilsitheoireachta Éabhlóid.
Dhéanfar an leabhar úr filíochta ‘Idir an Dá Fhearsaid’ le Róise Ní Bhaoill agus mhórscríbhneoir as RNF Seosamh Mac Grianna nuair a dhéanfaidh Eoghan Mac Giolla Bhríde as an chomhlacht foilsitheoireachta Éabhlóid eagrán úr den leabhar An Grá agus an Ghruaim a sheoladh san oíche amárach in Áislann Rann na Feirste.