ClubLeabhar.com - Irish Language Book Club

ClubLeabhar.com
ClubLeabhar.com - Irish Language Book Club

[English version below] Is tionscadal de chuid Gaelchultúr Teoranta (www.gaelchultur.com) é ClubLeabhar.com. Bunaíodh an comhlacht Gaelchultúr sa bhliain 2004 agus é mar sprioc aige an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach, idir cheol, amhránaíocht agus damhsa, a chur chun cinn i mBaile Átha Cliath agus ar fud na tíre. Tá sé mar aidhm ag ClubLeabhar.com daoine in Éirinn agus i dtíortha eile ar fud an domhain a spreagadh chun leabhair Ghaeilge a léamh. Is féidir le daoine aonair ballraíocht a bhaint amach sa chlub leabhar seo ar líne ach tá sé mar aidhm againn chomh maith na baill a spreagadh le teacht le chéile uair sa mhí in ionaid éagsúla ar fud na hÉireann agus thar lear chun an saothar a bheidh mar leabhar na míosa a phlé. Ní thógann sé ach nóiméad clárú don chlub agus níl aon táille i gceist. Roghnaítear leabhar nua gach mí agus bíonn deis ag na baill plé a dhéanamh ar an saothar i bhfóram an tsuímh. Bíonn fáil ag na baill ar aistriúcháin Bhéarla ar na focail agus frásaí is deacra sna leabhair a bhíonn á bplé, rud a éascaíonn an léitheoireacht go mór. Tá sé mar pholasaí againn leabhair atá róchasta agus acadúil a sheachaint. Tugtar tús áite d’úrscéalta agus do chnuasaigh gearrscéalta, ach bíonn seánraí eile (filíocht agus leabhair thaistil, cuir i gcás) i gceist ó am go chéile chomh maith. Bíonn meascán ann de leabhair nua-fhoilsithe agus clasaicigh atá fós i gcló. Más mian leat go mbeadh leabhar Gaeilge a thaitníonn go mór leatsa mar leabhar na míosa ar an suíomh seo, bí i dteagmháil linn! Tá liosta le fáil ar Clubleabhar.com de na clubanna leabhar Gaeilge atá ag feidhmiú in Éirinn cheana féin agus tá Gaelchultúr ag súil go spreagfaidh an tionscadal seo ar líne daoine le clubanna nua a thosú, ní hamháin in Éirinn ach i dtíortha eile mar na Stáit Aontaithe agus an Astráil ina bhfuil lucht na Gaeilge gníomhach cheana féin. Tá comhairle agus tacaíocht ar fáil sa rannóg Bunaigh Club dóibh siúd a bhfuil spéis acu a gclub leabhar féin a bhunú. Is féidir na leabhair a bhíonn á bplé ar ClubLeabhar.com a cheannach ar siopa.ie. Ar an suíomh sin, tá deis agat leabhar amháin a cheannach nó beart de na leabhair ar fad a bhíonn á bplé i ngach sraith. Tá maoiniú á chur ar fáil do Clubleabhar.com ag Clár na Leabhar Gaeilge (Foras na Gaeilge). [Leagan Gaeilge thuas] The ClubLeabhar.com project is run by Gaelchultúr Teoranta (www.gaelchultur.com). The company was established in 2004 with the aim of promoting the Irish language and various aspects of Irish culture, including music, song and dance, in Dublin and around the country. ClubLeabhar.com aims to encourage people in Ireland and abroad to read Irish language books. Individuals can become members of this online book club but we also want to encourage the members to meet once a month in various locations around Ireland to discuss the work that will be the book of the month. There is no membership fee. It only takes a minute to register for the club and there’s no membership fee. A new book is chosen each month and club members have an opportunity to discuss this book in the website’s forum. Members have access to English translations of the most difficult words and phrases in the books being discussed, which makes reading them a lot easier. It’s our policy to avoid books that are too difficult or academic. The focus is on novels and short-story collections for the most part, but books from other genres (poetry and travel books, for example) are discussed from time to time. There is a mix of newly-published books and classics that are still in print. If you would like a book in Irish that you’ve enjoyed to be book of the month on this site, please contact us! There is a list available on Clubleabhar.com of the Irish language book clubs already functioning in Ireland and Gaelchultúr hopes that this online project will encourage peopl

  1. An Corpán sa Trunc - Leabhar mhí na Samhna 2024 | November's Book of the Month 2024

    11 ОКТ.

    An Corpán sa Trunc - Leabhar mhí na Samhna 2024 | November's Book of the Month 2024

    [English version below] Nuair a thuirlingíonn trunc mistéireach ag doras Chaitlín Mhic Gearailt, is beag coinne atá aici leis an uafás atá istigh ann: corpán a fir céile. Bhí an Garda óg Seán Mac Gearailt ar mhisean sár-rúnda do Malcolm Ó Conchubhair, Cheannaire an Bhrainse Lorgaireachta, é ag fiosrú buíon coirpeach atá i bhfad ró-eolach ar ghníomhaíochtaí rúnda na nGardaí agus an Rialtais. Níl aon amhras ar Malcolm – ná ar a chara mór Réics Carló – gur teachtaireacht dó féin atá sa dúnmharú seo: éirigh as an bhfiosrúchán. Láithreach. Isteach sa bhearna bhaoil arís le Réics agus a chúntóir óg, Brian Ó Ruairc, agus iad ag iarraidh Éire a choinneáil slán ó naimhde. Ach cén seans atá acu nuair atá duine mór sa Rialtas, is léir, ag tacú leis na coirpigh? Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Louisa Ní Éideáin agus Conall Mac Dhonnagáin [Leagan Gaeilge thuas] A criminal gang whose crimes have come to the attention of An Garda Síochána are not best pleased when a young Garda, Seán Mac Gearailt, begins to pry into their affairs and their access to classified information. They send him packing however, delivering his dead body in a sealed trunk to his house. This gruesome act carries a clear message from the criminal gang agree Seán’s boss, Malcolm, and Malcolm’s best friend Réics Carló – Stop the investigation! Now! Turning a deaf ear to the chilling message of the gang Réics and his assistant Brian Ó Ruairc plot and plan the downfall of these enemies of the State. But what chance have they when it seems the gang have friends in high places? Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Louisa Ní Éideáin and Conall Mac Dhonnagáin

    28 мин.
  2. Flaitheas - Leabhar mhí Dheireadh Fómhair 2024 | October's Book of the Month 2024

    30 СЕНТ.

    Flaitheas - Leabhar mhí Dheireadh Fómhair 2024 | October's Book of the Month 2024

    [English version below] Seo scéal a thugann radharc dúinn ar Cholm Cille an duine, duine a raibh a chuid laigí féin aige agus a raibh constaicí go leor le sárú aige. Tumtar sinn i saol éiginnte an séú haois, tráth a raibh athruithe móra ag teacht ar shaol na ndaoine; tráth a raibh ríthe uaillmhianacha in adharca a chéile; tráth a raibh seansaol na págántachta ag géilleadh don Chríostaíocht. An Naomh a Dhuiniú seachas an Duine a Naomhú Insíonn Flaitheas scéal an duine atá ag iarraidh ciall a bhaint as an saol corrach, scéal an duine ag streachailt leis an gcinniúint, scéal an duine a dhéanann botúin ach atá ar a dhícheall an rud ceart a dhéanamh dó féin agus do na daoine thart air. Scéal gach duine againn. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Gráinne Ní Ghilín agus Dubhán Ó Longáin [Leagan Gaeilge thuas] Pagans and Christians at each other’s throats We are immersed in the uncertain life of the sixth century, a time when great changes were coming to people’s lives; a time when ambitious kings were at each other’s throats; a time when the old world of paganism was yielding to Christianity. A glimpse of Colmcille the person Flaitheas is a story that gives us a glimpse of the human Colmcille, a person who had his own weaknesses and had many obstacles to overcome. The story of each one of us Flaitheas tells the story of a person who is trying to make sense of changes in his life, the story of a person struggling with fate, the story of a person who makes mistakes but tries his best to do the right thing for himself and for the people around him. The story of each of us. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Gráinne Ní Ghilín and Dubhán Ó Longáin

    32 мин.
  3. Na Geansaithe Móra - Leabhar mhí an Mhárta 2024 | March's Book of the Month 2024

    19 ФЕВР.

    Na Geansaithe Móra - Leabhar mhí an Mhárta 2024 | March's Book of the Month 2024

    [English version below] Buaileann bean ghalánta le seanabhean ar an dtraein, ach ní mar a shíltear a bhítear. Téann cailín óg ag siopadóireacht, is gan ’fhios ag éinne cá luíonn an bhróg uirthi. Braitheann bean teanntaithe san óispidéal, ach nuair a thagann a fear céile ar a tuairisc, ní aimsíonn siad na focail chuí. Ceithre splancscéal is tríocha atá sa chnuasach so, iad go léir faoi bhun 1,000 focal. Pléann siad le réimse mór téamaí i saol na mban, idir chumha is ghrá, idir uaigneas is dóchas. Insintí géara gonta, go bhfuil tús, lár agus deireadh leo – cé gur minic go dtosnaíonn siad i lár baill nó go gcríochnaíonn siad go luath. Tá an leabhar so ag cur thar maoil le carachtair bháúla, agus splanc léargais nua á fháil acu ar an saol. Tugtar cuireadh duit teacht ag spraoi ar feadh tamaillín i saol na splancscéalaíochta. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Lisa Nic an Bhreithimh agus Bríd-Treasa Ní Ghaoithín [Leagan Gaeilge thuas] A glamorous woman meets an old lady on the train, but not all is as it seems. A young girl goes shopping, but no one knows the extent of her troubles. A woman feels cornerned in the hospital, but when her husband comes to visit her, they can’t seem to find the right words. This collection comprises of thirty four flash fiction stories, all of them under 1,000 words. The look at a wide range of themes in women’s lives, from sadness to love, from lonliness to hope. They are short snappy tales that have a beginning, a middle and an end – although they often start in the middle of the action or finish early. This book is overflowing with empathetic characters, as they get a flash of new insight into life. You are invited to come and play for a while in the world of flash fiction. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Lisa Nic an Bhreithimh and Bríd-Treasa Ní Ghaoithín

    27 мин.
  4. Sa Pholl Báite - Leabhar mhí Feabhra 2024 | February's Book of the Month 2024

    13 ФЕВР.

    Sa Pholl Báite - Leabhar mhí Feabhra 2024 | February's Book of the Month 2024

    [English version below] Tá Emer Uí Ghríofa imithe gan tásc. I gcúinne uaigneach ar bhruach na Life a aimsíonn an Garda Réamonn Seoighe a corp. Tá a mac, Dan, cráite faoina bás ach cén drogall atá air labhairt leis na gardaí? Tá Colmán Ó Gríofa ina theach saoire ar leithinis Bhéarra an deireadh seachtaine céanna, é scartha ó Emer ach dílis di i gcónaí. Tacaíonn a chomharsa Aoife Nic Dhiarmada leis agus í ag éirí gafa sa chás. Tá noda fiúntacha agus fianaise bhréige á scagadh aicise agus ag na gardaí; tá faire faoi cheilt ar siúl istoíche agus an t-am ag sciorradh. An nochtfar an ciontóir sula ndéanfar an dara marú? Is úrscéal cumhachtach é 'Sa Pholl Báite' a chaitheann solas géar ar choimhlintí sóisialta agus ar an nimh i gcroí an duine. Bhain an saothar seo duais i gComórtais Liteartha an Oireachtais 2022 agus bhí sé ar Ghearrliosta Ghradam Fhoras na Gaeilge, Leabhar Ficsin Gaeilge na Bliana i nGradaim Leabhar An Post in 2023. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Caomhán Ó hÓgáin [Leagan Gaeilge thuas] Emer Uí Ghríofa has gone missing without a trace. Garda Réamonn Seoighe finds her body in a lonely corner on the banks of the Liffey. Her son, Dan, is devastated by her death, but why is he reluctant to talk to the guards? Colmán Ó Gríofa, her estranged husband, is in his holiday home on the Béarra peninsula that same weekend, separated from Emer but still devoted to her. His neighbour Aoife Nic Diarmada supports him as she becomes involved in the case. Together with the authorities, they sift through a mosaic of substantial clues and fabricated evidence. The night witnesses a covert surveillance operation as time inches relentlessly forward. Will the perpetrator be unveiled before another life is claimed? “'Sa Pholl Báite' captivates readers with its exploration of societal discord, shining a penetrating light on the hidden poisons lurking within the human soul.” This work won a prize in the Oireachtas Literary Competitions in 2022 and was shortlisted for the Foras na Gaeilge Irish Fiction Book of the Year Award in the An Post Irish Book Awards in 2023. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Caomhán Ó hÓgáin

    16 мин.

Об этом подкасте

[English version below] Is tionscadal de chuid Gaelchultúr Teoranta (www.gaelchultur.com) é ClubLeabhar.com. Bunaíodh an comhlacht Gaelchultúr sa bhliain 2004 agus é mar sprioc aige an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach, idir cheol, amhránaíocht agus damhsa, a chur chun cinn i mBaile Átha Cliath agus ar fud na tíre. Tá sé mar aidhm ag ClubLeabhar.com daoine in Éirinn agus i dtíortha eile ar fud an domhain a spreagadh chun leabhair Ghaeilge a léamh. Is féidir le daoine aonair ballraíocht a bhaint amach sa chlub leabhar seo ar líne ach tá sé mar aidhm againn chomh maith na baill a spreagadh le teacht le chéile uair sa mhí in ionaid éagsúla ar fud na hÉireann agus thar lear chun an saothar a bheidh mar leabhar na míosa a phlé. Ní thógann sé ach nóiméad clárú don chlub agus níl aon táille i gceist. Roghnaítear leabhar nua gach mí agus bíonn deis ag na baill plé a dhéanamh ar an saothar i bhfóram an tsuímh. Bíonn fáil ag na baill ar aistriúcháin Bhéarla ar na focail agus frásaí is deacra sna leabhair a bhíonn á bplé, rud a éascaíonn an léitheoireacht go mór. Tá sé mar pholasaí againn leabhair atá róchasta agus acadúil a sheachaint. Tugtar tús áite d’úrscéalta agus do chnuasaigh gearrscéalta, ach bíonn seánraí eile (filíocht agus leabhair thaistil, cuir i gcás) i gceist ó am go chéile chomh maith. Bíonn meascán ann de leabhair nua-fhoilsithe agus clasaicigh atá fós i gcló. Más mian leat go mbeadh leabhar Gaeilge a thaitníonn go mór leatsa mar leabhar na míosa ar an suíomh seo, bí i dteagmháil linn! Tá liosta le fáil ar Clubleabhar.com de na clubanna leabhar Gaeilge atá ag feidhmiú in Éirinn cheana féin agus tá Gaelchultúr ag súil go spreagfaidh an tionscadal seo ar líne daoine le clubanna nua a thosú, ní hamháin in Éirinn ach i dtíortha eile mar na Stáit Aontaithe agus an Astráil ina bhfuil lucht na Gaeilge gníomhach cheana féin. Tá comhairle agus tacaíocht ar fáil sa rannóg Bunaigh Club dóibh siúd a bhfuil spéis acu a gclub leabhar féin a bhunú. Is féidir na leabhair a bhíonn á bplé ar ClubLeabhar.com a cheannach ar siopa.ie. Ar an suíomh sin, tá deis agat leabhar amháin a cheannach nó beart de na leabhair ar fad a bhíonn á bplé i ngach sraith. Tá maoiniú á chur ar fáil do Clubleabhar.com ag Clár na Leabhar Gaeilge (Foras na Gaeilge). [Leagan Gaeilge thuas] The ClubLeabhar.com project is run by Gaelchultúr Teoranta (www.gaelchultur.com). The company was established in 2004 with the aim of promoting the Irish language and various aspects of Irish culture, including music, song and dance, in Dublin and around the country. ClubLeabhar.com aims to encourage people in Ireland and abroad to read Irish language books. Individuals can become members of this online book club but we also want to encourage the members to meet once a month in various locations around Ireland to discuss the work that will be the book of the month. There is no membership fee. It only takes a minute to register for the club and there’s no membership fee. A new book is chosen each month and club members have an opportunity to discuss this book in the website’s forum. Members have access to English translations of the most difficult words and phrases in the books being discussed, which makes reading them a lot easier. It’s our policy to avoid books that are too difficult or academic. The focus is on novels and short-story collections for the most part, but books from other genres (poetry and travel books, for example) are discussed from time to time. There is a mix of newly-published books and classics that are still in print. If you would like a book in Irish that you’ve enjoyed to be book of the month on this site, please contact us! There is a list available on Clubleabhar.com of the Irish language book clubs already functioning in Ireland and Gaelchultúr hopes that this online project will encourage peopl

Чтобы прослушивать выпуски с ненормативным контентом, войдите в систему.

Следите за новостями подкаста

Войдите в систему или зарегистрируйтесь, чтобы следить за подкастами, сохранять выпуски и получать последние обновления.

Выберите страну или регион

Африка, Ближний Восток и Индия

Азиатско-Тихоокеанский регион

Европа

Латинская Америка и страны Карибского бассейна

США и Канада