Learn Irish with daily podcasts

V H
Learn Irish with daily podcasts

Learn Irish

  1. 1D AGO

    20250326_IRISH__dhareag_gafa_in_eirinn_agus_sa_spainn_faoi_choireacht_eagraithe

    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2bu895q6 Contact: irishlingos@gmail.com Twelve arrested in Ireland and Spain for organised crime. Dháréag gafa in Éirinn agus sa Spáinn faoi choireacht eagraithe. Twelve people have been arrested by the Gardaí in this country and by police in Spain as part of a coordinated investigation by Europol into international organised crime, particularly drug trafficking. Tá dháréag gafa ag na Gardaí sa tír seo agus ag póilíní sa Spáinn mar chuid d'fhiosrúchan comhordaithe atá ar bun ag Europol faoi choireacht eagraithe idirnáisúnta, go háirithe gáinneáil ar dhrugaí. Six were arrested in Ireland and six in Spain. Gabhadh seisear in Éirinn agus seisear sa Spáinn. The investigation concerns the trafficking of cocaine and heroin between the two countries in trucks. Baineann an fiosrúchán le gáinneáil ar chócaon agus hearóin idir an dá thír i leoraithe. The six men, aged between 30 and 60, were arrested in Ireland yesterday and have been questioned at various Garda stations in Dublin. Arú inné a gabhadh an seisear in Éirinn, ar fir iad idir na tríochaidí agus na seascaidí, agus tá siad á gceistiú ó shin i stáisiúin Ghardaí éagsúla i mBaile Átha Cliath. They can be kept for up to a week. Is féidir iad a choinneáil ar feadh suas le seachtain. At least one Irishman is among the men arrested in Spain. Tá Éireannach amháin ar a laghad i measc na bhfear a gabhadh sa Spáinn. It is understood that the men are linked to the crime gang known as 'The Family', which has replaced the Kinahans as the head of drug trafficking in the greater Dublin area and beyond. Tuigtear go bhfuil baint ag na fir leis an drong coireachta dá ngairtear 'The Family' agus atá tagtha in áit lucht Kinahan i gceann na mangaireachta drugaí i mórcheantar Bhaile Átha Cliath agus níos faide amach. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

    6 min
  2. 2D AGO

    20250325_IRISH__fear_(61)_cuisithe_faoi_luach_€10.6m_cocaon

    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2y36cydr Contact: irishlingos@gmail.com Man (61) charged with €10.6m worth of cocaine. Fear (61) cúisithe faoi luach €10.6m cócaon. A 61-year-old man has been remanded in custody and charged with possession of €10.6m worth of cocaine seized last Tuesday. Tá fear 61 bliain d'aois curtha siar faoi choinneáil agus é cúisithe i leith luach €10.6m den druga cócaon a gabhadh Dé Máirt seo caite. Michael Murphy was brought before Gorey District Court in Co Wexford this morning. Tugadh Michael Murphy os comhair Chúirt Dúiche Ghuaire i gCo Loch Garman ar maidin. He has an address - which has not been permitted to be published at the request of his lawyer - on the border between Kilkenny and Waterford. Tá seoladh aige - nach bhfuil ceadaithe a fhoilsiú ar iarratas óna dhlíodóir - ar an teorainn idir Cill Chainnigh agus Port Láirge. Detective Sergeant Seán Lane of Waterford Garda Barracks gave evidence that at 11.02 last night he arrested Michael Murphy, and that Mr Murphy replied "I understand the reason for this". Thug an Bleachtaire Seán Lane as Beairic na nGardaí i bPort Láirge fianaise gur ag 11.02 aréir a ghabh sé Michael Murphy, agus gur fhreagair an tUasal Murphy "tuigim an chúis atá imo leith". The Gardaí asked that he not be granted bail, which was confirmed by Judge Kevin Staunton. D'iarr na Gardaí nach mbronnfaí bannaí air, rud a dhearbhaigh an Breitheamh Kevin Staunton. Lawyer Chris Hogan asked that Michael Murphy be sent to Cork Prison - and not to Cloverhill Prison - "as there are well-founded concerns that his life would be in danger". D'iarr an dlíodóir Chris Hogan go gcuirfí Michael Murphy go Príosún Chorcaí - agus ní go Príosún Chnoc na Seamar - "mar go bhfuil imní a bhfuil bunús leis go mbeadh a bheatha i mbaol". Judge Staunton granted that request and issued a request not to publish it. Cheadaigh an Breitheamh Staunton an t-iarratas sin agus iarratas nach bhfoilseofaí a sheoladh. Michael Murphy has been remanded in custody in Cork Prison until a week from tomorrow, when he is due to appear in court again via video link. Cuireadh Michael Murphy siar faoi choinneáil i bPríosún Chorcaí go dtí seachtain ó amárach, nuair a bheidh sé le bheith os comhair na cúirte arís ar nasc-físe. A week and a half ago, Gardaí stopped a lorry on the M9 in Co Kilkenny, at around 10am this morning. Seachtain is an lá amárach a tháinig na Gardaí roimh leoraí ar an M9 i gCo Chill Chainnigh, thart ar a 10 a chlog ar maidin. The lorry was taken to Dublin Port for an X-ray examination. Tugadh an leoraí go Calafort Átha Cliath le scrúdú X-gha a dhéanamh uirthi. Then the Gardaí and the Customs Service came across 152kg of cocaine - worth €10.6m they say. Ansin a tháinig na Gardaí agus an tSeirbhís Custaim ar 152kg cócaon - luach €10.6m a deir siad. A search was subsequently carried out at a residence and 2 business premises in Waterford. Ina dhiaidh sin tugadh faoi chuardach ar theach cónaithe agus ar 2 áitreabh gnó i bPort Láirge. Michael Murphy after the court hearing in Gorey Michael Murphy tar éis na héisteachta cúirte i nGuaire

    10 min
  3. 5D AGO

    20250323_IRISH__gaelcholaiste_shraid_synge_le_bunu_mar_a_beartaiodh_anuraidh

    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/23wftbjz Contact: irishlingos@gmail.com Synge Street Irish Medium School to be established as planned last year. Gaelcholáiste Shráid Synge le bunú mar a beartaíodh anuraidh. It is not good enough that a plan to turn a secondary school in Dublin into an all-Irish school is being progressed without consulting the school's teachers, says the teachers' union. Níl sé maith go leor go bhfuiltear ag dul chun cinn le plean scoil lán-Ghaeilge a dhéanamh de mheánscoil i mBaile Átha Cliath gan dul i gcomhairle le múinteoirí na scoile, a deir ceardchumann na múinteoirí. The Department of Education announced last autumn that the Christian Brothers School on Synge Street in the south of the city was to be converted into a Gaelcholáiste and would open at the start of the 2026 school year. D'fhógair an Roinn Oideachais an fómhar seo caite go rabhthas le Gaelcholáiste a dhéanamh de Scoil na mBráithre Críostaí ar Shráid Synge i ndeisceart na cathrach agus go n- osclófaí é ag tús na scoilbhliana 2026. The teachers indicated at the time, however, that the news came to them from the north and that the issue was never discussed with them. Thug na múinteoirí le fios ag an am, áfach, gur tháinig an scéala aniar aduaidh orthusan agus nár pléadh an cheist riamh leo. Some said they were worried that they would have to significantly improve their Irish, learn Irish from scratch or look for a new job at another school. Dúirt roinnt acu go raibh imní orthu go gcaithfidís feabhas mór a chur ar a gcuid Gaeilge, Gaeilge a fhoghlaim ón mbuntús nó post nua a lorg i scoil eile. The matter was discussed in a meeting held by the school administrators, Éamainn Rís Schools Trust, with the school's board of management last night. Pléadh an scéal i gcruinniú a bhí ag riarthóirí na scoile, Iontaobhas Scoileanna Éamainn Rís, le bord bainistíochta na scoile arú aréir. In a statement issued by the Trust after the meeting, it was confirmed that the plan was to proceed, apart from the occasional minor change, and it was accepted that the teachers had been put at a disadvantage because they had not been consulted beforehand. I ráiteas a d'eisigh an tIontaobhas i ndiaidh an chruinnithe, deimhníodh go rabhthas le dul chun cinn leis an bplean, seachas an corrathrú beag, agus glacadh leis gur cuireadh olc ar na múinteoirí mar nach ndeachthas i gcomhairle leo roimhe seo. It was stated that the school would gradually become a Gaelcholáiste and that it was intended to teach some students through the medium of English at the outset. Dúradh gur de réir a chéile a dhéanfaí Gaelcholáiste den scoil agus go raibh sé i gceist roinnt daltaí a theagasc trí mheán an Bhéarla i gcónaí ag an tús. Speaking on RTÉ this morning, however, Deputy General Secretary of the Secondary Teachers' Association, Diarmaid de Paor, said that teachers are still blind to what the Department of Education and school administrators are planning. Agus é ag labhairt ar RTÉ ar maidin inniu, áfach, dúirt Leas- Ardrúnaí Chumann na Meánmhúinteoirí, Diarmaid de Paor, go bhfuil na múinteoirí dall i gcónaí ar a bhfuil á bheartú ag an Roinn Oideachais agus ag riarthóirí na scoile. Not to mention the teachers, the parents are not being consulted either, said the Power. Gan trácht ar na múinteoirí, níltear ag dul i gcomhairle leis na tuismitheoirí ach an oiread, arsa an Paorach. He believes that the plan should be revisited and implemented properly anew. Dar leis gur cheart dul siar ar an bplean agus a chur sa siúl i gceart as an nua. He also indicated that he doubts that Synge Street is the best location for a new Irish-medium school – as it is being envisioned by the Department of Education anyway, he said.

    14 min
  4. MAR 21

    20250321_IRISH__an_ucrain:_moladh_siochana_mheiricea_a_phle_ag_ceannairi_eorpacha

    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2bcz49bu Contact: irishlingos@gmail.com Ukraine: American peace proposal being discussed by European leaders. An Úcráin: moladh síochána Mheiriceá á phlé ag ceannairí Eorpacha. Taoiseach Micheál Martin is attending a summit in Brussels today, where European Union leaders are discussing the war in Ukraine and other major international issues. Tá an Taoiseach Micheál Martin ag freastal ar chruinniú mullaigh sa Bhruiséil inniu, áit a bhfuil an cogadh san Úcráin agus mórcheisteanna idirnáisiúnta eile á gcíoradh ag ceannairí an Aontais Eorpaigh. The meeting will discuss, in particular, the ceasefire and peace agreement proposed by the United States Government. Faoi chaibidil sa chruinnú go háirithe, tá an sos cogaidh agus an comhaontú síochána atá Rialtas na Stát Aontaithe a mholadh. Ukrainian President Volodymyr Zelensky's views on what US President Donald Trump is proposing will be heard when he participates in the meeting via video link later. Tabharfar cluas éisteachta do thuairimí Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky i dtaobh a bhfuil á mholadh ag Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump nuair a ghlacfas sé páirt sa chruinniú ar nasc físe ar ball. Talks on the details of the peace deal will take place in Saudi Arabia next weekend and Zelensky is ready to present what he knows about the agenda to the other leaders. Beidh comhráite faoi mhionsonraí na síochána ar siúl san Araib Shádach a an deireadh seachtaine seo chugainn agus tá Zelensky lena bhfuil ar eolas aige faoin gclár oibre a chur os comhair na gceannairí eile. Donald Trump told Zelensky yesterday that the United States government wants to take over Ukraine's nuclear power plants and operate them as part of a peace agreement. Dúirt Donald Trump le Zelensky inné gur mian le Rialtas na Stát Aontaithe seilbh a ghabháil ar stáisiúin núicléacha na hÚcráine agus iad a riar feasta mar chuid de chomhaontú síochána. At today's meeting in Brussels, it is understood that the leaders will give their blessing to a plan to significantly increase the military and economic support that the European Union already provides to Ukraine. Sa chruinniú sa Bhruiséil inniu, tuigtear go dtabharfaidh na ceannairí a mbeannacht do phlean cur go mór leis an tacaíocht mhíleata agus eacnamaíochta a thugann an tAontas Eorpach don Úcráin cheana féin. They will also discuss the Israeli massacre in Gaza, the crisis in Syria and international trade issues in light of President Trump's policies. Pléifidh siad freisin an t-ollmharú atá Iosrael a dhéanamh in Gaza, an ghéarchéim sa tSiria agus cúrsaí trádála idirnáisiúnta i bhfianaise pholasaithe an Uachtaráin Trump. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

    8 min
  5. MAR 16

    20250316_IRISH__beirt_os_comhair_cuirte_faoi_ghabhail_mhor_drugai

    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/24ytz7zf Contact: irishlingos@gmail.com Two appear in court over major drug bust. Beirt os comhair cúirte faoi ghabháil mhór drugaí. Two men appeared before Ardee District Court in Co Louth today charged with various offences in relation to €2 million worth of illegal drugs seized by Gardaí in that county yesterday. Tugadh beirt fhear os comhair Chúirt Dúiche Bhaile Átha Fhirdhia i gCo Lú inniu agus iad cúisithe i gcionta éagsúla maidir le luach €2 mhilliún de dhrugaí mídhleathacha a fuair na Gardaí sa chontae sin arú inné. They are Varinder Singh, aged 32, of Ashfield Green, Drogheda, Co Louth, and Alan Crosby, aged 45, of Willow River, Willow Avenue, Ballymun, Dublin 11. Sin iad Varinder Singh, 32 bliain d'aois, as Faiche Ghort na Fuinseoige, Droichead Átha, Co Lú, agus Alan Crosby, 45 bliain, as Abhainn Saileach, Ascaill Shaileoige, Baile Munna, Baile Átha Cliath 11. The court was told that Gardaí found €1 million worth of cocaine in a van they stopped in Tinure in Co Louth last Wednesday morning and that they later found €1 million worth of cannabis and cannabis resin. Dúradh sa chúirt go bhfuair na Gardaí luach €1 mhilliún de chócaon i veain a stop siad i dTigh an Iúir i gCo Lú ar maidin Dé Céadaoin seo caite agus go bhfuair siad €1 mhilliún de channabas agus de roisín cannabais ina dhiaidh sin. It was also said that the Gardaí had prior information on the men's activities and that the drugs belonged to a transnational crime group. Dúradh freisin go raibh faisnéis roimh ré ag na Gardaí ar ghníomhaíochtaí na bhfear agus gur le grúpa coireachta trasnáisiúnta na drugaí. The pair's bail application was refused and they were remanded in custody until next Wednesday, when they will appear before Dundalk District Court. Diúltaíodh iarratas na beirte ar bhannaí agus cuireadh siar faoi choinneáil iad go dtí Dé Céadaoin seo chugainn, tráth a thabharfar iad os comhair Chúirt Dúiche Dhún Dealgan. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

    6 min
  6. MAR 15

    20250315_IRISH__g7_ag_tuineadh_le_putin_glacadh_le_sos_comhraic

    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2dxf9kap Contact: irishlingos@gmail.com G7 agrees with Putin to accept ceasefire. G7 ag tuineadh le Putin glacadh le sos comhraic. G7 countries have warned Russian President Vladimir Putin that further sanctions will be imposed on that country if it does not accept a ceasefire in Ukraine. Tá foláireamh tugtha ag tíortha an G7 d'Uachtarán na Rúise Vladimir Putin go ngearrfar tuilleadh smachtbhannaí ar an tír sin mura nglacfaidh sé le sos comhraic san Úcráin. G7 foreign ministers discussed the issue at a two-day meeting in Quebec, Canada. Chíor airí gnóthaí eachtracha an G7 an cheist i gcruinniú a bhí acu in Québec i gCeanada le dhá lá. The ministers threatened in a joint statement they issued after the meeting today that they would impose restrictions on the price of oil from Russia, for example, if Putin did not accept the 30-day ceasefire proposed by the United States Government last Tuesday, or a version of it. Bhagair na hairí i gcomhráiteas a d'eisigh siad i ndiaidh an chruinnithe inniu go gcuirfidís srianta ar phraghas ola ón Rúis, cuir i gcás, mura nglacfadh Putin leis an sos comhraic 30 lá a mhol Rialtas na Stát Aontaithe Dé Máirt seo caite, nó le leagan de. The statement also reaffirmed the G7's unwavering commitment to Ukraine – "to the freedom, sovereignty and independence of Ukraine" – and argued that the country's long-term security should not be taken into account in any ceasefire. Athdhearbhaíodh sa ráiteas freisin dílseacht dhaingean an G7 don Úcráin – "do shaoirse, do fhlaitheas agus do neamhthuilleamaíocht na hÚcráine" – agus áitíodh nárbh fholáir slándáil na tíre i bhfad na haimsire a chur san áireamh in aon sos comhraic. In addition, the ministers said, Ukraine must stand with Russia in negotiating and brokering peace. Ina cheann sin, arsa na hairí, ní mór don Úcráin a bheith bonn ar aon leis an Rúis i dtaca leis an margáil agus comha na síthe. Vladimir Putin indicated yesterday that he was in favor of implementing a ceasefire in Ukraine in accordance with the American proposal "as long as the root cause of the conflict is addressed". Thug Vladimir Putin le fios inné go raibh sé i bhfabhar sos cogaidh a chur i bhfeidhm san Úcráin de réir mholadh na Meiriceánach "a fhad is a rachfaí i ngleic le bunúdar na coimhlinte". Putin also said that the situation needed further discussion and claimed that he was concerned that the Ukrainian Army would take advantage of the ceasefire to stockpile its stockpile. Dúirt Putin freisin nár mhór tuilleadh plé a dhéanamh ar an scéal agus mhaígh go raibh imní air go mbainfeadh Arm na hÚcráine leas as sos comhraic lena stór a bhiorú. However, Ukrainian President Volodymyr Zelensky made a cold joke out of Putin's statement. File fuar a rinne Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky de ráite Putin, ámh. He claimed that the Russian man was obviously worried and said that he was scheming and scheming in order to thwart the American enterprise. Mhaígh sé gur imní mar dhóigh de a bhí ar fhear na Rúise agus dúirt gur ag siléigeacht agus ag scéiméireacht a bhí sé le dúil fiontar na Meiriceánach a chur de dhroim seoil. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

    9 min
  7. MAR 13

    20250313_IRISH__damaiste_deanta_ag_crith_talun_i_ndeisceart_na_hiodaile

    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/24yz5g4c Contact: irishlingos@gmail.com Earthquake damage in southern Italy. Damáiste déanta ag crith talún i ndeisceart na hIodáile. An earthquake struck the Naples area in southern Italy overnight, damaging several buildings and causing power outages. Tharla crith talún i gceantar Napoli i ndeisceart na hIodáile i gcaitheamh na hoíche agus rinneadh damáiste do roinnt foirgneamh agus gearradh an chumhacht ann dá bharr. Many locals spent the night sleeping outside – on the street or in cars – for fear that their houses would collapse on them. Chaith go leor de mhuintir na háite an oíche ag codladh amuigh – ar an tsráid nó i ngluaisteáin – ar fhaitíos go dtitfeadh a dtithe i mullach orthu. According to experts in Italy, the quake had a seismic magnitude of 4.4 three kilometers underground, but geological surveyors in the United States say it was 4.2 ten kilometers underground. Dar le saineolaithe san Iodáil gur méid sheismeach de 4.4 a bhí sa chrith trí chiliméadar faoi thalamh ach deir suirbhéirí geolaíochta sna Stáit Aontaithe gur 4.2 a bhí ann deich gciliméadar faoi thalamh. In any case, the earthquake was reportedly felt throughout the Campania region and is also said to be the strongest earthquake in the area in forty years. Pé scéal é, tuairiscítear gur airíodh an crith ar fud réigiún Campania agus deirtear freisin gurbh é an crith ba láidre sa limistéar é le daichead bliain. Pozzuoli, west of the city of Naples, was the town closest to the epicenter of the quake and one man was reportedly injured there when a wall of his house collapsed. Pozzuoli, siar ó chathair Napoli, an baile ba ghaire do chroílár an chreatha agus tuairiscitear gur gortaíodh fear amháin ansin nuair a thug balla a thí uaidh. Naples is located on a caldera, or volcanic crater, which is quite volatile and earthquakes occur from time to time. Tá Napoli suite ar chaildéara, nó cráitéar bolcánach, atá luaineach go maith agus tarlaíonn creathanna talún ann ó am go chéile. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

    6 min
  8. MAR 11

    20250311_IRISH__oibrithe_san_earnail_pobail_le_breathnu_ar_chomhaontu_pa

    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/23rqpuhs Contact: irishlingos@gmail.com Community sector workers to consider pay agreement. Oibrithe san earnáil pobail le breathnú ar chomhaontú pá. Workers in the community and voluntary sector are to consider proposals for a pay dispute settlement that have been accepted by their representatives. Tá oibrithe san earnáil pobail agus dheonach le breathnú ar mholtaí réitigh maidir le haighneas pá a bhfuil glactha ag a gcuid ionadaithe leo. The unions and the Government reached an agreement on the dispute in the Workplace Relations Commission last night and its contents are being presented to workers in the next few days. Tháinig na ceardchumainn agus an Rialtas ar chomhaontú faoin aighneas sa Choimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre aréir agus táthar lena bhfuil ann a chur faoi bhráid na n-oibrithe as seo go ceann cúpla lá. It is understood that the agreement proposes to give workers a 9.25% pay increase over the two years between October 2024 and October 2026, and also promises to include the community and voluntary sector in future pay agreements. Tuigtear go moltar sa chomhaontú ardú pá de 9.25 faoin gcéad a thabhairt do na hoibrithe i gcaitheamh an dá bhliain idir Deireadh Fómhair 2024 agus Deireadh Fómhair 2026, agus gealltar freisin an earnáil pobail agus dheonach a chur san áireamh i gcomhaontuithe pá as seo amach. Workers include people in various charities and agencies that provide healthcare services on behalf of the State. Áirítear i measc na n-oibrithe daoine i gcatharnais agus i ngníomhaireachtaí éagsúla a chuireann seirbhísí cúraim shláinte ar fáil thar ceann an Stáit. Last month, workers in those organizations voted in favor of going on strike if a resolution to the dispute was not reached. An mhí seo caite, vótáil oibrithe sna heagraíochtaí sin i bhfabhar dul ar stailc mura dtiocfaí ar réiteach ar an aighneas. They accused the Government of not yet implementing a pay agreement made in October 2023. Chuir siad i leith an Rialtais nár cuireadh i bhfeidhm fós comhaontú pá a rinneadh i nDeireadh Fómhair 2023. The Department of Children, Equality and Disability has stated that the community and voluntary sector is relied upon to provide a good number of essential services and that they should be fairly compensated for the invaluable work they do. Tá sé ráite ag an Roinn Leanaí, Comhionannais agus Míchumais go bhfuiltear ag brath ar lucht na hearnála pobail agus deonaí le riar maith seirbhísí riachtanacha a sholáthar agus gur cóir iad a chúiteamh mar is ceart as an obair iomardúil a dhéanann siad. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

    8 min

Ratings & Reviews

4.7
out of 5
7 Ratings

About

Learn Irish

You Might Also Like

To listen to explicit episodes, sign in.

Stay up to date with this show

Sign in or sign up to follow shows, save episodes, and get the latest updates.

Select a country or region

Africa, Middle East, and India

Asia Pacific

Europe

Latin America and the Caribbean

The United States and Canada