17 episodes

Ceannaireacht scoile

Príomhoideachas Toirdealbhach Ó Lionáird

    • Education

Ceannaireacht scoile

    Comhrá le Fionnuala Ní Chaisil

    Comhrá le Fionnuala Ní Chaisil

    Is Iar-Phríomhoide í Fionnuala. Bhí sí ina bunaitheoir agus Príomhoide ar Ghaelcholáiste Reachrann. Ansin, d'imigh sí isteach san earnáil lán-Bhéarla mar Phríomhoide ar Choláiste Phobail Bhaile Lotrail faoi bhainistiú Bhord Oideachais agus Oiliúna Átha Cliath agus Dhún Laoghaire (BOOÁCDL) i mBaile Átha Cliath. Ansin, bunaíodh Aonad Lán-Ghaeilge Choláiste Phobail Bhaile Lotrail, Coláiste na Tulchann. Insíonn sí faoina cúlra oideachais; a cosán foghlama mar phríomhoide sa dá earnáil; na múnlaí a mholtar don oideachas iar-bhunoideachias; an trasnaíl ón mbunscoil; earcaíocht agus na dúshláin a bhíonn i gceist; curaclam agus freastal ar na scoláirí; an ról: moladh nó gan; díriú ar riachtanais na scoláirí; guth an dalta san oideachas. Oibríonn Fionnuala anois mar oide i gColáiste Aingeal, Sligeach.

    • 37 min
    Comhrá le Melanie Ní Dhuinn

    Comhrá le Melanie Ní Dhuinn

    Is léachtóir san oideachas í Melanie atá ag obair in Institiúd Oideachais Marino i mBaile Átha Cliath. Insíonn sí faoina oideachas tosaigh féin agus a forbairt ghairmiúil mar mhúinteoir go dtí seo; cad a spreag a suim sa socheolaíocht agus sa ghairm; na féidearthachtaí don cheannaireacht a bhíonn ag daoine a fhorbairt; an fhoghlaim chomhtháite ábhar agus teanga san ábhar Corpoideachas nuair nach raibh sé faiseanta; an fhéidearthacht a bhíonn san aos óg; conas mic léinn a spreagadh chun a gcaighdeán a ardú sa Ghaeilge trí neamhspleáchas a spreagadh iontu; an córas Droichead, an taighde DEEPEN agus luach na meántóirí sa chóras; na costais a bhaineann le cáiliú mar mhúinteoir; an easpa ionadaíochta sa ghairm agus conas réiteach a fháil ar seo; an taighde úr nua atá ar bun aici sa tionscnamh Oileán Comhroinnte; scéalaíocht a spreagadh trí grianghraif. 
    Déan teagmháil le Melanie ar Twitter @melanienidhuinn .

    • 44 min
    Comhrá le Dessie Tennyson

    Comhrá le Dessie Tennyson

    Is múinteoir sinsearach é Dessie i Sruth na Gaeilge, Scoil Iósaef i Dún Geanainn, Co. Tír Eoghain. Tagraíonn sé dá chúlra oideachais; an áit a ghlac teangacha ina shaol; an córas oideachais ó thuaidh agus an sruth Ghaeilge; an ról atá aige agus conas na dualgais éagsúla a láimhseáil; cad a d’ullmhaigh é don phost; a lá oibre; conas an Ghaeilge a chur chun cinn trí chomhoibriú leis an bpobal agus riail na Gaeilge, mar shampla; cad a spreag an cheannaireacht teicneolaíochta ann agus an ipad mar uirlis; oiliúint ón RTC; an Greásán; T1 sa Ghaeilge agus stádas na teanga ó thuaidh; an bóthar amach roimhe.

    Déan teagmháil le Dessie ar Twitter @iGael1 .

    • 42 min
    Comhrá le T.J. Ó Ceallaigh

    Comhrá le T.J. Ó Ceallaigh

    Is léachtóir é T.J. agus Stiúrthóir na Staidéar Iarchéime Múinte san Oideachas sa Roinn um Oideachas Teanga agus Litearthachta, Coláiste Mhuire gan Smál i Luimneach. Tá clú agus cáil air go hidirnáisiúnta mar léachtóir agus más maith leat tuilleadh a léamh faoina chuid oibre, lean an nasc seo: https://www.mic.ul.ie/staff/383-tj-o-ceallaigh.

    San eagrán seo, an ceann deireanach don sraith seo, insíonn T.J. faoina chuid oibre lá go lá; na poist a bhíodh aige mar phríomhoide sa tír seo agus thar lear; conas ar bhain sé post ceannaireachta amach mar phríomhoide; cad ina thaobh an ghaelscolaíocht mar sprioc dó in ainneoin an easpa taithí a bhí aige san earnáil; an tús a chuir sé lena ghairm i gCloch na Coillte agus an fhorbairt a bhí fós le déanamh dar leis; conas ar shroich sé an t-ardán tríú leibhéal agus a chumas ceannaireachta á fhorbairt aige; an cheist taighde a roghnaigh sé ón gcéad lá agus an bhearna idir cruinneas na ndaltaí agus teagasc na múinteoirí a fhiosrú; na heasnaimh san oiliúint do mhúinteoirí agus an M. Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta a bhunú chun freastal ar na riachtanais sin; na múinteoirí díograiseacha a thugann faoin gclár agus an éagsúlacht a bhíonn eatarthu a chruthaíonn draíocht éigin; an bhéim atá ar an gceannaireacht sa chlár; an taighde atá déanta aige: le Aoife Ní Shéaghdha faoin gceannaireacht scoile, an ról atá ag an teicneolaíocht; an taighde atá idir lámha aige leis an Dr Gabrielle NigUidhir faoi thréithe an múinteoirí a fheidhmíonn sa tumoideachas; an comparáid idir an cleachtas sa tír seo agus atá ar siúl go hidirnáisiúnta, bíodh sé sa mhúinteoireacht nó i gceannaireacht scoile; a chomhairle do mhúinteoirí eileagus iad ag obair chun barr feabhais a bhaint amach; na deiseanna atá roimhe fós.

    Déan teagmháil le T.J. ar Twitter: @tj_oceallaigh 

    • 32 min
    Comhrá le Jennifer Uí Dhuibhir

    Comhrá le Jennifer Uí Dhuibhir

    Is múinteoir agus Príomhoide Cúnta i Scoil Gharbháin i nDún Garbhán í Jennifer. Pléitear a saol ag fásadh aníos sa Ghaeltacht agus an tionchar ar a saol anois; an t-oideachas iomlánaíoch a cuireadh uirthi agus a spreag í don ghairm; cáiliú mar mhúinteoir i gColáiste Mhuire gan Smál "an baile as baile"; an bealach ina bhfuil oideachas sa choláiste tar éis forbairt agus athrú; an múnla le linn na paindéime nuair a d'éirigh le mic léinn agus múinteoirí obair as lámh a chéile i mbliana; an rang atá aici agus an obair a dhéanann sí lá go lá; an t-oideachas luath-óige "Aistear" (https://curriculumonline.ie/Early-Childhood/?lang=ga-ie); an taighde a rinne sí bainteach leis seo agus na ceisteanna agus torthaí a d'eascair as; an buntáiste a bhfuair sí as dá cleachtas; conas a dhéantar meastóireacht ar obair na scoile; míniú ar an délitearthacht; na cúiseanna a bhíonn ag daoine dul i mbun taighde; an tsuim a léiríonn tuismitheoirí in oideachas a bpáistí; an fhoghlaim chumaisc agus an teicneolaíocht mar spreagadh don phaindéim; an todhchaí ará roimpi mar mhúinteoir. Bain gach taitneamh as!  Déan teagmháil le Jennifre ar Twitter: @BeanALeanna .

    • 32 min
    Comhrá le Ciara Ní Chonchubhair

    Comhrá le Ciara Ní Chonchubhair

    Is múinteoir bunscoile i nGaelscoil Phort Láirge í Ciara. Tugann sí léargas ar a suim sa nádúr; a bóthar isteach sa ghairm; an teanga imithe uaithi ar feadh tamaill; múineadh i Sasana i scoil inar nach raibh Béarla ag na scoláirí agus a taithí ann; tabhairt faoi thogra taighde feidhmeach ann; filleadh ar Éirinn; cad a spreag í don staidéar iarchéime; stór focail agus teanga an fhile; dea-chleachtas an mhúinteora don sealbhú teanga mar ábhar taighde; an tionchar ar a cuid oibre ó shin; na rudaí atá fós le baint amach aici. 
    Déan teagmháil le Ciara ar ríomhphost: ciara@gaelscoilphortlairge.ie Bain taitneamh as!

    • 34 min

Top Podcasts In Education

The Mel Robbins Podcast
Mel Robbins
The Jordan B. Peterson Podcast
Dr. Jordan B. Peterson
By All Accounts. . .
ACCA
The Rich Roll Podcast
Rich Roll
Mick Unplugged
Mick Hunt
TED Talks Daily
TED