Seachtain

Scéalta, Eolas, Tuairimí; An Indo as Gaeilge. 

  1. Gráinne McElwain: From múinteoir meánscoile to media guru

    8 HR AGO

    Gráinne McElwain: From múinteoir meánscoile to media guru

    Tá blianta fada caite ag Gráinne McElwain os comhair an cheamara mar láithreoir.  D’fhág sí an mhúinteoireacht meánscoile agus í go fóill sna luath-fichidí chun gairm bheatha a chruthú di féin mar thuairisceoir agus mar láithreoir in earnáil an spóirt.  Ó shin i leith, d’oibrigh sí ag na hócáidí spóirt is mó leis na cainéil mhóra, ar nós RTÉ, BBC, Sky Sports, GAA Beo agus TG4.  Tá a ceird forbartha go paiteanta aici agus an-taithí go deo aici a bheith ag cur faoi agallamh imreoirí, bainisteoirí agus tráchtairí spóirt.  Ach ní earnáil éasca í na meáin in aon chor, agus is minic go mbíonn níos mó ama caite ar an bhóthar ag taistil ná os comhair an cheamara.  Mar sin de, cad iad na buaicphointe agus an crá croí is mó a bhaineann leis an saol seo, saite sa spóirt?  Agus i dtaca leis an láithriú de agus maidir lena a bheith ag caint go poiblí, cad iad na do’s and don’ts atá le foghlaim?  Ar Seachtain, labhraíonn Tessa Fleming leis an láithreoir spóirt Gráinne McElwain faoina saol oibre agus faoina togra úr ‘Own My Stage’.    Foclóir:  Togra: Project   Seomra foirne: Staff room  Nathanna cainte: Phrases or sayings   Earnáil: Sector  Caint phoiblí: Public speaking  Táithí: Experience  Fuinneamh: Energy  Aitheantas: Recognition  Aiseolas: Feedback  Bua na cainte: The gift of the gab  Eiseamláir: Role model  Imní: Nervousness or anxiety  Fánach: Random  Scáthán: Mirror  Teachtaireacht: Message  Caighdeán: Standard  Meáchan: Weight  See omnystudio.com/listener for privacy information.

    22 min
  2. 1926 Census: ‘1% de phobal na tíre a líon i nGaeilge é - mo mhuintir ina measc’

    30 APR

    1926 Census: ‘1% de phobal na tíre a líon i nGaeilge é - mo mhuintir ina measc’

    Ba é Daonáireamh 1926 an chéad daonáireamh a rinneadh tar éis bhunú an Stáit. Beagnach céad bliain tar éis dó a bheith curtha i gcrích, tá fáil againn anois ar an eolas pearsanta a líonadh isteach ar na foirmeacha sin. Rinneadh tuairisciú ar bheagnach trí mhilliún duine sa daonáireamh sin agus tugann sé léargas fíorluachmhar dúinn ar shaol mhuintir na hÉireann mar a bhí sa bhliain 1926. Tá cuid mhór againn anois ag tumadh isteach sa chartlann agus suim againn níos mó a fháil amach faoinár gceantar féin agus faoi na daoine a tháinig romhainn. Sa sraith teilifíse nua, ‘Come to your Census’, chuaigh seisear ar thuras pearsanta chun iniúchadh a dhéanamh ar a gcuid gaolta féin atá luaite sna cáipéisí. Duine acu siúd ná an láithreoir raidió Gormfhlaith Ní Thuairisg, agus í ag rianú a sinsear féin agus scéalta a pobail. Labhair Gormfhlaith ar Seachtain faoi na scealta a tháinig chun solais ar a haistear agus an dóigh a ndeachaigh sé i bhfeidhm uirthi. Foclóir: Múnlaigh: Shape Ag brath ar: Depending on Eisimirice: Emmigration  Éagóir agus leatrom: Injustice and opression Gannchuid: Scarcity  Racht mothúcháin: Fit of emotion  Chuaigh sé i gcion orm: It really hit home Drogall: Reluctant I gcaitheamh móige: Throughout my childhood  Ní laghdaíonn sé sin: That doesn’t take away from Cosc: Prevent Leigheas: Remedy Comhbhá: Empathy Cruatan: Hardship Domhain: Deep Airigh: To feel Níor chuimhnigh mé: I didn’t consider Tochailt: Digging  Cladach: Coast/Shoreline See omnystudio.com/listener for privacy information.

    23 min
  3. War, ISIS, Taliban: An Gaeilgeoir a théann isteach sa choimhlint

    23 APR

    War, ISIS, Taliban: An Gaeilgeoir a théann isteach sa choimhlint

    Ar shamhlaigh tú riamh cad é mar a bheadh sé a bheith i do shuí ag bord os comhair an Talaban? Nó idirbheartaíocht a dhéanamh le rialtas nua tar éis chogadh fíochmhar? Cad é a dhéanfá dá mbeadh ort dul go ceantar buailte ag tubaiste mhillteanach, agus tosú arís leis an atógáil? Sin iad roinnt de na dúshláin a bhíonn os comhair Angus Lambkin go rialta agus é ag obair leis na Náisiúin Aontaithe. Is saineolaí tubaiste é Angus a bhíonn ag taistil ar fud an domhain chuig tíortha atá i mbaol is faoi bhagairt. Ar Seachtain labhraíonn Ciarán Dunbar leis an bhFeirsteach Angus Lambkin, faoin ról ar leith atá aige mar shaineolaí tubaiste leis na Náisiúin Aontaithe. Foclóir: Oifig co-ordú: Cordination office Daonchairdeas: Philanthropy Stráitéis comhroinnte: Shared strategy Comhoibriú: Work together Ionadaíocht: Represent Ní airíonn muid: We don’t feel Caighdeán beatha: Quality of life Na diúracáin: The missiles Éiginnteacht: Uncertainty Coimeádach: Conservative Acmhainní: Resources Cráifeach: Religious Taidhleoireacht: Diplomacy Antoisceach: Extremist Crith talún: Earthquake Coimhlint: Conflict Ag obair go dlúth: Working closely Leochaileach: Vulnerable Ag dul in olcas: Getting worse Scoil idirchreidmheach : Interdenominational school Fostaithe: Employed Cinneadh: Decision Teip: Failure Is ball den trust project é Seachtain agus ba mhian linn go mbeidh muinín agaibhse ionainn. Is féidir ár mbeartas eitice a léamh ag independent.ie/ourjournalism See omnystudio.com/listener for privacy information.

    27 min
  4. Agóidí agus achrann: Seachtain chorraitheach sa pholaitíocht

    15 APR

    Agóidí agus achrann: Seachtain chorraitheach sa pholaitíocht

    Ba é seachtain thar a bheith neamhghnách í i gcúrsaí polaitíochta, gan dabht. ­ Le praghsanna breosla ag ardú go géar, shocraítear léirsithe ar fud na tíre an tseachtain seo caite. ­ Chuaigh na mílte i mbun agoide agus dúnadh bóithre, cuireadh bacainn ar scaglanna ola na tíre  agus is ar éigean a bhí an tír ar tí stoptha ar fad.  ­ Faoi dheireadh, aontaíodh pacáiste ar luach breis agus €700 milliún le dul i ngleic le hardú na bhpraghasanna breosla. ­ Mar sin féin, cáineadh an rialtas go géar faoin chaoi gur láimhséil siad an ghéarchéim agus cuireadh rún muiníne sa Rialtais faoi bhráid na Dála dá bharr. ­ Baineadh siar as daoine freisin nuair a d’éirigh Michael Healy-Rae as a phost mar Aire Stáit go tobann, mar léiriú ar a mhíshástacht leis an Rialtas. ­ Ach tá go leor ceisteanna fós le freagairt. ­ An bhfuil sé d’acmhainn ag an tír €700 milliún a chur ar fáil don earnáil seo? ­ Agus leis an Rialtas ag feidhmiú ar thromlach an-chaol, cén tionchar a bheas ag imeacht na Healy Rae’s ón chomhrialtas? ­ Ar Seachtain, labhraíonn an comhfhreagraí polaitíochta, John Downing le Tessa Fleming. ­ FOCLÓIR: ­ Breosla: Fuel ­ Rún: Motion ­ Aighneas: Disagreement ­ Agóideoirí: Protestors ­ Mustar: Pomp ­ Tromchúiseach: Consequential ­ Meath: Decline ­ Clis eacnamúil: Economic crash or breakdown ­ Faoiseamh cánach: Tax relief ­ Fuinneamh: Energy ­ Ag géilleadh: Conceding to ­ Ag teacht salach ar a chéile: At odds with each other ­ Bruscar: Litter/rubbish ­ Iniúchadh: Inspection or examination ­ Ag fulaingt: Suffering ­ Claonta: Biased ­ Féinfhostaithe: Self-employed ­ Cáineadh: Criticism ­ ­ ­ ­ See omnystudio.com/listener for privacy information.

    22 min
  5. Dúnmharú Denis Donaldson: 20 bliain gan freagraí ach cor úr sa chás

    9 APR

    Dúnmharú Denis Donaldson: 20 bliain gan freagraí ach cor úr sa chás

    Dúnmharaíodh Denis Donaldson, iarbhall den IRA, 20 bliain ó shin i 2006.    Duine sinsearach a bhí ann i Sinn Féin ag tráth a raibh an páirtí ag dul ó neart go neart mar fhórsa polaitiúil sa Tuaisceart.    Creidtear gur cara dílis de chuid Gerry Adams agus Martin McGuinness a bhí ann agus i ndiaidh Chomhaontú Aoine an Chéasta tugadh post riaracháin dó i gCnoc an Anfa.    Ach, sa bhliain 2005, tháinig sé chun solais go raibh Denis Donaldson ag feidhmiú mar spiaire ar son M15 le blianta fada.    Theith sé go ceantar iargúlta i nDún na nGall, áit ar chuir sé faoi i dteach beag gan uisce reatha ná leictreachas.  Is ann a thángthas ar a chorp roinnt míonna ina dhiaidh sin, agus é scaoilte faoi dhó.  Tá go leor ceisteanna fós gan freagraí i dtaca le bás Dennis Donaldson, ceisteanna a ghoilleann ar a chlann go dtí an lá inniu.  Agus le fear Gaeltachta cúisithe le déanaí i leith an dúnmharú - an bhfaighimid amach cé a thug an t-ordú chun é a mharú?  Ar Seachtain, labhraíonn an t-iriseoir Áine Ní Bhreisleáin faoin scéala is déanaí sa chás.  Foclóir:  Spiaire: Spy  Uisce reatha: Running water  Pleascáin: Explosives  Ball: Member  Riarachán: Administration  Ruathar: Raid  Ag spré: Spreading  Ag feidhmiú: Operating  Nocht: Reveal  Iarghúlta: Remote  Ar an toirt: On the spot  Freagracht: Responsibility  Tras-teorainn: Cross border  Corruair: Occasionally  Ag goilliúint orthu: Weighing heavily on them  Ceart agus cóir: Right and justice  Brathadóir: Informer  Ag dul i méadaíocht: Growing up  Eiseachadadh: Extradited   See omnystudio.com/listener for privacy information.

    25 min
  6. ‘Tortured, jailed, forgotten’: Robáil traenach Sallins 50 bliana ar aghaidh

    1 APR

    ‘Tortured, jailed, forgotten’: Robáil traenach Sallins 50 bliana ar aghaidh

    I 1976, tharla robáil traenach a mhairfeas i gcuimhne na ndaoine go deo.   I lár na hoíche, ar an 30ú Márta, thaistil seachtar déag ó Bhaile Átha Cliath go Contae Cill Dara, i gcarr a bhí fuadaithe, chuig trasnú traenach bheag fada amuigh faoin tuath.   Ag a haon a chloig ar maidin, chuaigh ceathrar acu chuig teach feirme díreach i aice leis an líne iarnróid agus chnag siad ar an doras, ag ligin orthu gur Gardaí a ba iad.   Is ansin a choinnigh siad bean, fear agus triúr páiste dá gcuid faoi bhéal gunna.   Dhá uair a chloig níos déanaí, bhí traen poist ar an bhealach ó Chorcaigh go Baile Átha Cliath, nuair a phléasc an geaing an iarnród taobh thiar den teach feirme agus tháinig an traen chun stopadh.   Choinnigh siad an tiománaí agus an criú traein faoi bhagairt.  Chuaigh siad ar bord agus ghoid dhá chéad míle punt, tuairim ar milliún euro sa lá atá inniu ann.   An rud a tharla ina dhiaidh sin áfach, ba chúis náire agus conspóide é don Stáit.   Cúisíodh triúr fear as robáil nach raibh aon páirt acu ann agus maireann na hiarmhairtí go fóill d’Osgur Breathnach,do Nicky Kelly agus do Brian McNally.  Ar Seachtain amharcann Íte Ní Chionnaith, iar-léachtóir iriseoireachta agus iar-bhall den IRSP, siar ar an chonspóid lena dearcadh féin a thabhairt ar an robáil agus ar an mhéid a thit amach ina dhiaidh.    Foclóir:  Faoi bhéal gunna: At gunpoint  Ráiteas: Statement  Pleascáin: Explosives   Iomrall ceartais: Miscarriage of justice  Gabh: Arrest  Baill: Members  Droch-íde: abuse or ill treatment  Bagairt: Threat  Seán: Deny  Cuireadh iachall orthu: They were forced to  Fianaise: Evidence  An Chúirt Choiriúil Speisialta: The Special Criminal Court  Éadóchasach: Hopeless  In ainneoin: Despite  Ciontach: Guilty  D’éalaigh sé: He escaped  Achomharc: Legal appeal  Ciontú: Conviction  Cuir ar neamhní: To quash  Cúiseanna daonna: Humanitarian grounds  See omnystudio.com/listener for privacy information.

    26 min
  7. Bánú na Gaeltachta: Where are all the Irish speakers?

    26 MAR

    Bánú na Gaeltachta: Where are all the Irish speakers?

    Tá go leor ceantar Gaeltachta ann atá ag streachailt go mór le bánú na tuaithe. Sin de réir gníomhaithe teanga atá sa tóir ar réiteach práinneach a rachaidh i ngleic leis an fhadhb. Dar leo, is é bánú na Gaeltachta mar gheall ar an easpa tithíochta, an ghéarchéim is mó a bhí ag an teanga riamh, ach ní ar thithíocht amháin atá an locht, dar leo, I measc na ndúshlán, tá cúrsaí imirce, infrastruchtúr, seirbhísí, fostaíocht agus áiseanna, agus tá siad ar fad nasctha ó thaobh thodhchaí na Gaeltachta de. Ach cad é an tionchar atá le feiceáil ar an talamh sna ceantair seo atá faoi bhrú maidir le saol an chultúir agus leis an spórt? Cad iad na baic is mó atá ag coinneáil cainteoirí Gaeilge atá ag lorg tí, lasmuigh den Ghaeltacht? Agus cén dóigh go bhfuil na pobail seo ag troid i gcoinne chreimeadh na tuaithe? Ar Seachtain, fiosraíonn Áine Ní Bhreisleáin an tionchar atá ag bánú na tuaithe ar an Ghaeltacht. Foclóir: Bánú: Depopulation Ceal: A lack of Gníomhaithe teanga: Language activists Tithíocht inacmhainne: Affordable housing Fostaíocht: Employment Níos fusa: Easier Faoin tuath: The country or rural area Éileamh: Demand Todhchaí: Future Luach: Value Forleathan: Widespread Go sonrach: Particularly Ar dualgas: On Duty Borradh: A boost or growth Creimeadh: Erosion I mbaol: In danger Scéim Scoláireachta: Scholarship Scheme An taoide a chasadh: To turn the tide Ag dul in éag: Becoming extinct Is annamh: Rarely Ionad Fiontraíochta: Enterprise centre Ar an imeall: On the egde Fite fuaite: Intertwined See omnystudio.com/listener for privacy information.

    25 min

About

Scéalta, Eolas, Tuairimí; An Indo as Gaeilge. 

More From Irish Independent

You Might Also Like