Seachtain

Scéalta, Eolas, Tuairimí; An Indo as Gaeilge. 

  1. ‘Tortured, jailed, forgotten’: Robáil traenach Sallins 50 bliana ar aghaidh

    15 HR AGO

    ‘Tortured, jailed, forgotten’: Robáil traenach Sallins 50 bliana ar aghaidh

    I 1976, tharla robáil traenach a mhairfeas i gcuimhne na ndaoine go deo.   I lár na hoíche, ar an 30ú Márta, thaistil seachtar déag ó Bhaile Átha Cliath go Contae Cill Dara, i gcarr a bhí fuadaithe, chuig trasnú traenach bheag fada amuigh faoin tuath.   Ag a haon a chloig ar maidin, chuaigh ceathrar acu chuig teach feirme díreach i aice leis an líne iarnróid agus chnag siad ar an doras, ag ligin orthu gur Gardaí a ba iad.   Is ansin a choinnigh siad bean, fear agus triúr páiste dá gcuid faoi bhéal gunna.   Dhá uair a chloig níos déanaí, bhí traen poist ar an bhealach ó Chorcaigh go Baile Átha Cliath, nuair a phléasc an geaing an iarnród taobh thiar den teach feirme agus tháinig an traen chun stopadh.   Choinnigh siad an tiománaí agus an criú traein faoi bhagairt.  Chuaigh siad ar bord agus ghoid dhá chéad míle punt, tuairim ar milliún euro sa lá atá inniu ann.   An rud a tharla ina dhiaidh sin áfach, ba chúis náire agus conspóide é don Stáit.   Cúisíodh triúr fear as robáil nach raibh aon páirt acu ann agus maireann na hiarmhairtí go fóill d’Osgur Breathnach,do Nicky Kelly agus do Brian McNally.  Ar Seachtain amharcann Íte Ní Chionnaith, iar-léachtóir iriseoireachta agus iar-bhall den IRSP, siar ar an chonspóid lena dearcadh féin a thabhairt ar an robáil agus ar an mhéid a thit amach ina dhiaidh.    Foclóir:  Faoi bhéal gunna: At gunpoint  Ráiteas: Statement  Pleascáin: Explosives   Iomrall ceartais: Miscarriage of justice  Gabh: Arrest  Baill: Members  Droch-íde: abuse or ill treatment  Bagairt: Threat  Seán: Deny  Cuireadh iachall orthu: They were forced to  Fianaise: Evidence  An Chúirt Choiriúil Speisialta: The Special Criminal Court  Éadóchasach: Hopeless  In ainneoin: Despite  Ciontach: Guilty  D’éalaigh sé: He escaped  Achomharc: Legal appeal  Ciontú: Conviction  Cuir ar neamhní: To quash  Cúiseanna daonna: Humanitarian grounds  See omnystudio.com/listener for privacy information.

    26 min
  2. Bánú na Gaeltachta: Where are all the Irish speakers?

    6 DAYS AGO

    Bánú na Gaeltachta: Where are all the Irish speakers?

    Tá go leor ceantar Gaeltachta ann atá ag streachailt go mór le bánú na tuaithe. Sin de réir gníomhaithe teanga atá sa tóir ar réiteach práinneach a rachaidh i ngleic leis an fhadhb. Dar leo, is é bánú na Gaeltachta mar gheall ar an easpa tithíochta, an ghéarchéim is mó a bhí ag an teanga riamh, ach ní ar thithíocht amháin atá an locht, dar leo, I measc na ndúshlán, tá cúrsaí imirce, infrastruchtúr, seirbhísí, fostaíocht agus áiseanna, agus tá siad ar fad nasctha ó thaobh thodhchaí na Gaeltachta de. Ach cad é an tionchar atá le feiceáil ar an talamh sna ceantair seo atá faoi bhrú maidir le saol an chultúir agus leis an spórt? Cad iad na baic is mó atá ag coinneáil cainteoirí Gaeilge atá ag lorg tí, lasmuigh den Ghaeltacht? Agus cén dóigh go bhfuil na pobail seo ag troid i gcoinne chreimeadh na tuaithe? Ar Seachtain, fiosraíonn Áine Ní Bhreisleáin an tionchar atá ag bánú na tuaithe ar an Ghaeltacht. Foclóir: Bánú: Depopulation Ceal: A lack of Gníomhaithe teanga: Language activists Tithíocht inacmhainne: Affordable housing Fostaíocht: Employment Níos fusa: Easier Faoin tuath: The country or rural area Éileamh: Demand Todhchaí: Future Luach: Value Forleathan: Widespread Go sonrach: Particularly Ar dualgas: On Duty Borradh: A boost or growth Creimeadh: Erosion I mbaol: In danger Scéim Scoláireachta: Scholarship Scheme An taoide a chasadh: To turn the tide Ag dul in éag: Becoming extinct Is annamh: Rarely Ionad Fiontraíochta: Enterprise centre Ar an imeall: On the egde Fite fuaite: Intertwined See omnystudio.com/listener for privacy information.

    25 min
  3. An Ghaeltok: Béarlachas agus ‘pet peeves’ Laura Pakenham

    12 MAR

    An Ghaeltok: Béarlachas agus ‘pet peeves’ Laura Pakenham

    Tá Laura Pakenham ar dhuine de réaltaí móra na GaelTok-ta, an pobal úrnua sin de chainteoirí Gaeilge a bhíonn ag cruthú ábhar digiteach ar TikTok.  Is as lár na tíre í Laura ó dhúchas, ceantar nach bhfuil cáil mhór air as an Ghaelscolaíocht, ach tá gairm cruthaithe aici anois as an teanga a chur chun cinn.  Is múinteoir, craoltóir, cruthaitheoir ábhair ar na meáin sóisialta í agus anois, is údar í fosta.  Tá leabhar úr scríofa aice, ‘Irish: History and Culture Through Language’.  Is leabhar faoin Ghaeilge é, dírithe ar fhoghlaimeoirí, agus b’fhéidir a rá gur am tráthúil é dá leithéid, le borradh as cuimse tagtha ar an tsuim atá ann sa Ghaeilge le roinnt blianta anuas.  Anuraidh, tháinig fás 600% ar úsáid na teanga ar TikTok agus tá an cuma air nach bhfuil sé sin ag laghdú i mbliana. Agus is léir nach in Éirinn amháin atá an suim sa teanga ag fás.  Chuaigh leabhar Laura ar dhíol sna Stáit Aontaithe fiú sula raibh sé ar fáil anseo in Éirinn, agus tá sé anois ar fáil go domhanda.    Ar Seachtain, labhraíonn Laura Pakenham faoina leabhar úr agus na míthuiscintí atá ann faoin Ghaeilge atá ina ‘pet peeve’s’ do Ghaelgeoirí.      Foclóir:  Borradh: Boom or explosion  Teibí: Abstract  Súigh isteach: Absorb  Airím: I feel   Achar ama: Time frame  Fiúntach: Worthwhile  Aistear: Journey  Cinneadh: Decision  Machnamh: Contemplation  Ábhar: Content  Éacht: Achievement  Uathúil: Unique  Easpa: A lack of  Teangacha dúchasacha: Native languages  Ábhar scoile: School subject  Sáite: Immersed  Leáigh: Melt  Reoite: Frozen  Diúltach: Negative  Dearfach: Positive  Is annamh: Seldom  Dea-chleachtas: Good practice  Bac: Block  Cáin: Criticise  Cothromaíocht: Balance  Closleabhar: Audiobook  See omnystudio.com/listener for privacy information.

    25 min
  4. Róisín Seoighe: ‘Tá mé oscailte do chomhoibriú le Fontaine’s D.C!’

    5 MAR

    Róisín Seoighe: ‘Tá mé oscailte do chomhoibriú le Fontaine’s D.C!’

    Tá Seachtain na Gaeilge buailte linn arís ar feadh coicíse agus i mbliana tá an ceol i gcroílár an chéiliúradh.  Is é téama na bliana seo ná ‘A Ghaeilge, mo cheol thú’, agus s’iad Róisín Seoighe, ball den ghrúpa ceoil IMLÉ, agus Conor Curley ón bhanna ceoil Fontaines D.C., ambasadóirí na féile.  Tá dhá thuras ar leith ag an bheirt ambasadóir leis an teanga.  Tógadh Róisín le Gaeilge i gcroílár na Gaeltachta agus cumann sí ceol nua-aimseartha ins an teanga, agus tá Conor anois ag iarraidh ath-thosú lena chuid aistir foghlamtha.  Léiríonn téama na bliana seo an gaol láidir atá idir an Ghaeilge agus an ceol agus tá an teanga á úsáid ag Conor agus Róisín ina gcuid liricí.  Tá sé coitianta anois do cheoltóirí móra le rá an Ghaeilge a fhigh isteach ina gcuid ceoil ceoltóirí ar nós CMAT, Fontaines D.C., Denise Chalia agus Kneecap.  Ach cad é atá mar spreagadh ar an treocht seo?  Ar Seachtain labhair Tessa Fleming le Róisín Seoighe, Ambasadóir Sheachtain na Gaeilge, agus bean Gaeltachta go smior í, faoin fís atá aici don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.  Foclóir:  Ceol a chumadh: To compose music  Faitíos: Apprehension  Aistrigh: Translate  Béim: Emphasis  Eispéireas: Experience  Céad cuimhní: First memories  Nósanna: Traditions or customs  Éalú uaigh: Escape from it  Drogall: Hesitation  Seanchas: Storytelling   Ag casadh ceol: Playing music  Camchuairt: A tour  A scaradh: To seperate  Dushlán: Challenge  Iomráiteach: Prominent  Slí bheatha: Career  Figh: Weave  See omnystudio.com/listener for privacy information.

    24 min
  5. Éire Aontaithe: Would it demote or promote our national language?

    26 FEB

    Éire Aontaithe: Would it demote or promote our national language?

    Tá an t-oileán beag seo ag athrú ar go leor, leor bealaí - ó thaobh na  polaitíochta de, ó thaobh an chultúir de agus ó thaobh ár bhféiniúlachta de.  Agus leis na hathruithe sin, tá díospóireacht  ag teacht chun cinn arís is arís eile, is é sin,  reifreann faoin teorainn agus faoi Éire Aontaithe.  Ach cé comh réadúil is atá an fís sin maidir le hÉire Aontaithe?  Ag Ard Fheis Chonradh na Gaeilge i mBéal Feirste ar na mallaibh, ghlac an eagraíocht le rún ar son ghníomhú i dtreo “Éire Aontaithe ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta”.  Ach le conspóid agus le teannas go minic ina scáil ar aon díospóireacht pholaitiúil faoin nGaeilge – go háirithe ó thuaidh -  an bhfuil baol an go dtiocfadh ísliú stádais ar an teanga in Éire Ath-Aontaithe?  Agus í ag taifeadadh beo ag an Ard Feis, phléigh Áine Ní Bhreisleáin taighde úr ar thodhchaí na Gaeilge agus na Gaeltachta in Éirinn Aontaithe leis an údar Róisín Nic Liam (scoláire dochtúireachta PhD in Ollscoil na Banríona), agus le hUachtarán Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin.    Foclóir:  Ag bailiú nirt: Gaining momentum  Dlús: Accerlate or to hasten  Is mithid dúinn: It’s time for us  Claochlaitheach: Transformative   Ionchur: Input  Claonadh: Bias  Ag amharc go cúng: Looking narrowly  Rúin: Motions  Críochdheighilt: Partition  Ualach: Burden  Deis chneasaithe: Opportunity for healing  Uirlis dheighilte: A tool of separation  Dlínse: Jurisdiction   Fréamhaithe: Rooted  Toil: Desire or will  Ionchas: Expectation   Creatlach: Framework  Idirbheartaíocht: Negotiation  Rinneadh muid talamh slán daofa: We took them for granted  Samhail: Model  Am-scála: Time frame  Aineolach: Uninformed or ignorant  Géilleadh: Surrender  Soiléireacht: Clarity  An cheist a chíoradh: To discuss the issue  Beidh seo ar leas..: This will benefit..    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    25 min
  6. The Donegal disconnect: Gan traein, gan mótarbhealach agus anois gan an midday flight

    18 FEB

    The Donegal disconnect: Gan traein, gan mótarbhealach agus anois gan an midday flight

    Do phobal iargúlta ar chósta thiar thuaidh na tíre, tá an tseirbhís aeir go Baile Átha Cliath riachtanach.  I nDún na nGall, áit nach bhfuil iarnród ná mótarbhealach ar bith ann, tá go leor daoine ag brath ar an aerfort le dul go dtí an phríomhchathair.  Tá an sceideal eitilte mar a bhí ag athrú anois áfach.  Agus leis an athrú sin, tá míshástacht, imní agus fearg ag fás.  Fógraíodh seachtain ó shin go raibh conradh úr PSO sínithe ag an Roinn Iompair le comhlacht eitlíochta.  De réir an amchlár nua, tiocfaidh deireadh le heitiltí fillte i lár an lae idir an dá aerfort.   De réir lucht feachtais ar son chúram ailse, beidh tionchar diúltach ag an sceideal úr ar na céadta duine atá ag fáil cóir leigheas i mBaile Átha Cliath.  Mar sin de, cad é an chúis taobh thiar den athrú amchláir seo?  Agus cad é an chéad chéim eile don phobal nach bhfuil sásta glacadh leis?  Ar Seachtain, ;abhair Áine Ní Bhreisleáin faoin fhearg atá ar an phobal áitiúil i nDún na nGall de bharr na n-athruithe atá le teacht.  Foclóir:  Eitiltí fillte: Return flights  Mí-bhuntáiste eacnamúil: Economic disadvantage  Raflaí: Rumours  Ag reachtáil: Running/Organise  Tairiscint: A tender  Ailse: Cancer  Ag fulaingt: Suffering  Corruair: Sometimes  Otharlann: Hospital  Tromchúiseach: Grave  Cóir leighis: Medical treatment  Galar croí: Heart disease  Imirce: Emigration  Infheistíocht: Investment  Le bheith ar an ghannchuid: To be short on something  Feiliúnach: Suitable  Ciall tráchtála: Commercial sense  Brabús: Profit  Éileamh: Demand  Do Ladar a chur isteach i rud: To weigh in on something or to meddle  Folamh: Empty  See omnystudio.com/listener for privacy information.

    20 min

About

Scéalta, Eolas, Tuairimí; An Indo as Gaeilge. 

More From Irish Independent

You Might Also Like