Seachtain

Scéalta, Eolas, Tuairimí; An Indo as Gaeilge. 

  1. há 3 dias

    Tackling the Gaeltacht housing crisis: ‘300 vacant homes ar ais in úsáid’

    Tá a fhios ag madraí na sráide faoin bhfadhb atá sa tír seo maidir le heaspa tithíochta.  Ó Ghaoth Dobhair, go Carna, go Corca Dhuibhne, tá dúshláin mhóra roimh theaghlaigh atá ag iarraidh teach a fháil i gceantair Ghaeltachta.  Beagnach bliain ó shin, fostaíodh duine chun dul i ngleic leis an ghéarchéim tithíochta sna Gaeltachtaí: Comhordaitheoir ar Thithe Folmha sa Ghaeltacht.  Agus an sprioc? Tithe folmha sna Gaeltachtaí a chur ar ais in úsáid.  Ach an bhfuil an éirigh leis an iarracht?  Agus cé chomh tábhacht is atá na deontais athchóirithe do na tithe fomha seo?  Ar Seachtain thug Colm Mac Eachmharcaigh, Comhordaitheoir Tithe Folmha sa Ghaeltacht, uasdátú ar an dul chun cinn atá déanta ó thosaigh sé sa phost.  Is ball den trust project é Seachtain agus ba mhian linn go mbeidh muinín agaibhse ionainn. Is féidir ár mbeartas eitice a léamh ag independent.ie/ourjournalism  Foclóir:  Deontas: Grant  Athchóiriú: Renovation  Tithe folmha: Vacant houses  Tréigthe: Abandoned  Díon: Roof  Bothán: An old rudimentary house  A mheas: To assess  Fostaíocht: Employment   Na scéaltaí rathúla: Success stories  Íochta amach: Paid out  Ag baint leas as: Benefitting from  Coinníoll: Condition  Daoine aonair: Individuals  Togra: Project  Dírithe: Directed at   Maoiniú: Funding  Cíos: Rent  Meascán: Mixture  Chun tosaigh: Ahead  Rannpháirtíocht: Participation  Uacht: Will  Cáin: Tax  See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Tackling the Gaeltacht housing crisis: ‘300 vacant homes ar ais in úsáid’
  2. 9 de jul.

    Gaeilge vs An Bhreatnais: Lessons from the Welsh language revival

    Ba scéal mór é sa Bhreatain Bheag nuair a chuir Plaid Cymru deireadh le forlámhas Páirtí an Luchta Oibre i mí na Bealtaine - páirtí a bhí i gcumhacht sa tír le breis agus 100 bliain. ­ ­ Is páirtí polaitíochta é Plaid Cymru ina bhfuil dlúthcheangal aige le cur chun cinn na teanga Bhreatnaise agus tá an teanga ar a dtoil ag formhór na n-airí rialtais, ar a laghad. ­ ­ Is éacht suntasach é do thír inár tháinig meath dhamnaithe ar an teanga leis na cianta. ­ ­ Anois, áfach, amharctar ar an mBreatain Bheag mar eiseamláir - mar chinéal blueprint faoi conas teanga – a bhí i mbaol - a athbheochan arís. ­ ­ Ba é scéal athbheochan na Breatnaise, scéal faoi feachtasaíocht, faoi toil pholaitiúil, agus faoi dúthracht na ndaoine chun todhchaí an teanga a athrú. ­ ­ Ach cé chomh fíor is atá rath na hathbheochana sa Bhreatain Bheag? ­ An glas iad na cnoic i bhfad uainn? ­ Nó an bhfuil ceachtanna le foghlaim againne ón Bhreatain Bheag i leith cur chun cinn na Gaeilge? ­ Ar Seachtain déanann an Dr Ben Ó Ceallaigh, leachtóir in ollscoil Aberystwyth, iniúchadh ar na ceachtanna atá le foghlaim ón Bhreatain Bheag. ­ ­ Is ball den trust project é Seachtain agus ba mhian linn go mbeidh muinín agaibhse ionainn. Is féidir ár mbeartas eitice a léamh ag independent.ie/ourjournalism ­ ­ ­ Foclóir: ­ Eiseamláir: Role model ­ Breatnais: Welsh ­ Athbheochan: Revival ­ Meath: Decline ­ Forlámhas: Supremacy ­ Rath: Success ­ Cos ar bolg: Oppress ­ Monarcháin: Factories ­ Ní sin an chloch is mó ar a phaidrín: It's not his biggest concern ­ Aire rialtais: Cabinet minister ­ Ag mianadóireacht: Mining ­ Nach maireann: The late or deceased ­ Coilíniú: Colonisation ­ Céatadán: Percentage ­ Folláin: Healthy ­ Ceacht: Lesson ­ Cíos: Rent ­ Bagairt: Threat ­ Cáin: Tax ­ Is fiúntaí: Most worthwhile ­ Uaillmhianach: Ambitious ­ Slat tomhais: Measuring stick ­ Mian: Desire ­ See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Gaeilge vs An Bhreatnais: Lessons from the Welsh language revival
  3. 2 de jul.

    Máthair óg Ghaeltachta ar iarraidh: Breis is 40 bliana gan fhreagaí

    Breis is daichead bliain ó shín, d’imigh Barbara Bhreathnach, máthair óg de sheachtar, ar iarraidh gan tasc gan tuairisc i gCarna i gcroílár na Gaeltachta.  Oíche amháin i mí an Mheitheamh 1985, bhí muintir Bhreathnach ag cóisireacht sa teach tábhairne áitiúil, agus gaolta ar cuairt acu ó thar lear.  D’fhill siad go teach cónaithe muintir Bhreathnach agus lean an chóisir ar aghaidh go dtí na huaireanta beaga an mhaidin sin.  Chonacthas Barbara don uair dheireanach agus í ina codladh ar an tolg ag 4am.  Ní fhaca a teaghlach í ón lá sin ná ní raibh aon teagmháil léi ó shin.  Cad é go díreach a tharla an oíche chinniúnach sin?  Cén fáth nár tarraingíodh mórán airde ar an chás?  Agus an bhfuil daoine ann go fóill ag coinneáil na fírinne faoi cheilt?  Ar Seachtain, amharcann an t-iriseoir Áine Ní Bhreisleáin siar ar an chás a tharla 41 bliain ó shin agus atá go fóill gan fhreagraí.  Is ball den trust project é Seachtain agus ba mhian linn go mbeidh muinín agaibhse ionainn. Is féidir ár mbeartas eitice a léamh ag independent.ie/ourjournalism  Foclóir:  Ar iarraidh: Missing  Sna deaga: In the teenage years  Tábhairne: Pub  Scaifte: Group  Is cosúil: It seems  Pas: Passport  Módh taistil: Means of transport  Tuairimíocht: Speculation  In ísle brí: Depressed  Fiosrúchán: Investigation  Easpa: A lack of  Tochaltóir: Digger  Colscaradh: Divorce  Ráflaí: Rumours  Rún: Secret              See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Máthair óg Ghaeltachta ar iarraidh: Breis is 40 bliana gan fhreagaí
  4. 11 de jun.

    ‘No Irish need apply’: Scéal na nÉireannach i Sasana

    Ó Learphoill go cathair Londain - is fada scéal an imirce go Sasana. Leis an glúnta, chuir easpa deiseanna sa tír seo iachall ar dhaoine imeacht, agus ba í an Bhreatain an chéad stad do cuid mhaith acu agus iad ag cuartú saol níos fearr dóibh féin. Le linn an chéad seo caite, bhí na hÉireannaigh ag croílár tionscadail tógála sa Bhreatain, ach taobh leis an obair sin, bhí leithcheal, imeallú agus droch-chlú a lean iad ar feadh i bhfad. Mar sin, cén tionchar a bhí ag an imeallú seo ar na pobail Éireannacha  ar fud na Breataine? Agus cén chuma a bhí ar an saol i ndáiríre dóibh siúd a rinne an turas trasna Mhuir Éireann? Tá taispeantas nua san Epic Museum i mBaile Átha Cliath a dhéanann iniúchadh ar na ceisteanna seo agus ar scéal na n-imirceach i Sasana. Chun an stair seo a fhiosrú, labhair Seachtain leis an staraí eacnamaíochta Cormac Ó Gráda - duine acu siúd atá taobh thiar den taighde don taispeantas seo - le súil siar a chaitheamh ar shaol na nÉireannach i Sasana. Foclóir: An Réabhlóid Thionsclaíoch: Industrial revolution Táille: Fee An chosmhuintir: The common people Spáilpíní: Nomadic farmworkers Díspeag: Belittle Coitianta: Common Éirimiúil: Intelligent Ag toraíocht: Searching Achrann: Dispute Sloinnte: Surnames Meán: Average Maoiniú: Financing Eachtrannaigh: Foreigners Bhí fonn orthu: They were keen to Todhchaí: Future Ag maolú: Petering out Naimhdeas: Animosity Sofheicthe: Visible Léirsithe: Demonstrations Inimirce: Immigration Ganntanas oibrithe: A lack of workers See omnystudio.com/listener for privacy information.

    ‘No Irish need apply’: Scéal na nÉireannach i Sasana
  5. 28 de mai.

    Dáithí Ó Sé: ‘A Blasket Island boatman was the best job I ever had!’

    Is cloch mhíle mhór í caoga bliain d’aois - fágann duine slán le ré amháin, agus cuireann sé tús le ré nua. ­ Ach ní hionann “caoga” an lae inniu agus an chiall a ba leis do na glúnta eile a tháinig romhainn. ­ Agus is fíor é sin, go háirithe i gcás Dháithí Uí Shé, agus a bhreithlá mór féin ag teannadh leis. ­ Le beagnach Tríocha bliain caite aige ar an scáileán teilifíse, is beag duine in Éirinn nach bhfuil aithne súl acu ar Dháithí. ­ Cad é mar a mhothaíonn sé i ndáiríre faoin chloch mhíle mhór seo? ­ Agus cad iad na ceachtanna saoil atá foghlamtha aige ar an aistear go dtí seo? ­ Ar Seachtain, labhair Dáithí le Tessa Fleming. ­ ­ Foclóir: ­ Na maidí a scaoileadh le sruth: To let things slide ­ I bhfaiteadh na súl: In the blink of an eye ­ Roic: Wrinkles ­ Maol: Bald ­ Ag tanú: Thinning ­ Ardteist: Leaving Cert ­ Máistir sorcais: Circus master ­ I ndiaidh a chéile: Back-to-back ­ Fir grinn: Clowns ­ Bliain agus leathchéad: 51 years ­ Caid: Football ­ Soineanta: Naive or innocent ­ Domhain: Deep ­ Teoraí: Guide ­ Gealgháireach: Cheerful ­ I gcló: Print ­ Lig do scíth: Relax ­ Póigín gréine: Freckle ­ Breoite: Sick ­ Is ball den trust project é Seachtain agus ba mhian linn go mbeidh muinín agaibhse ionainn. Is féidir ár mbeartas eitice a léamh ag independent.ie/ourjournalism See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Dáithí Ó Sé: ‘A Blasket Island boatman was the best job I ever had!’

Sobre

Scéalta, Eolas, Tuairimí; An Indo as Gaeilge. 

Mais de Irish Independent

Você também pode gostar de