AN POD SPÓRT - Tuairisc Ó Bhéal

Tuairisc

Seo chugaibh ‘AN POD SPÓRT’, podchraoladh ina ndéantar plé i nGaeilge ar chúrsaí spóirt.

  1. Ciceanna taobhlíne, cluichí ceannais na gcúigí agus dea-chomhairle ón gCeathrú Rua – ‘cuir dead an ball’

    3D AGO

    Ciceanna taobhlíne, cluichí ceannais na gcúigí agus dea-chomhairle ón gCeathrú Rua – ‘cuir dead an ball’

    Ar eagrán na seachtaine seo de An Pod Spórt, pléitear cluichí móra peile an deireadh seachtaine seo chugainn i gCúige Mumhan agus i gCúige Chonnacht. Insíonn Dara dúinn cad ina thaobh gur dóigh leis go bhfuil luíochán ag teacht ó Chorcaigh i gCill Airne agus móidíonn sé nach caint ‘dhera’ an Chiarraígh atá aige. Níl Pádraic chomh cinnte céanna. Tráchtar ar na buanna atá léirithe ag Ros Comáin i mbliana agus ar an ngá atá acu a thaispeáint do chleas na Gaillimhe nach foireann ‘thuas seal, thíos seal’ iad nach féidir brath orthu an beart a dhéanamh ar a bpaiste féin. Caitear tamall chomh maith ag plé píosa ‘ealaíne’ ón taobhlíne Jack McCarron do Mhuineacháin an tseachtain seo caite agus saothar cuid na máistrí eile ar an gceird sin, leithéidí Maurice Fitzgerald, Michael Meehan agus, creid nó ná creid, duine de chriú An Pod Spórt féin. Cuimhníonn Dara chomh maith ar chomhairle mhaith a chuala sé ar pháirc na himeartha in aghaidh na Ceathrún Rua fadó. Ar deireadh déantar plé ar tharraingt na seachtaine don chéad bhabhta eile den chraobh peile agus cuirtear an cheist, an bhfuil cleas na gcamán níos fearr i mbun margaíochta? Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Spórt’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta. ‘An Pod Spórt’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.

    55 min
  2. Tá John Allen agus Dara Ó Cinnéide linn an tseachtain seo chun plé a dhéanamh ar chraobhacha iomána agus peile na gcúigí

    APR 29

    Tá John Allen agus Dara Ó Cinnéide linn an tseachtain seo chun plé a dhéanamh ar chraobhacha iomána agus peile na gcúigí

    In éineacht le Darren agus Pádraic ar An Pod Spórt an tseachtain seo, tá an t-iarbhainisteoir agus iar-imreoir ó Chorcaigh John Allen agus an t-iar-imreoir de chuid Chiarraí Dara Ó Cinnéide. Pléitear i dtosach le John scéal na gcraobhacha iomána go n-uige seo agus cluiche mór an deireadh seachtaine seo chugainn idir contae an Chláir agus Luimneach in Inis. Agus Luimneach d’uireasa a gcaptaein, Cian Lynch atá ar fionraí agus an-amhras i gcónaí ann faoina bpríomhnaoscaire Aaron Gillane, an deis iontach é seo ag an gClár an ceann is fearr a fháil sa bhaile ar na comharsana? Ina dhiaidh sin, tá Dara linn chun súil a chaitheamh ar chúrsaí peile agus ar ghaisce an Dúin in aghaidh Dhún na nGall an deireadh seachtaine seo caite, toradh a tháinig aniar aduaidh ar chách, go háirithe Darren. Ach an mbeidh an dara seift in imeacht seachtaine ag contae an Dúin agus aghaidh á tabhairt acu ar Ard Mhacha i gCluain Eois i mbabhtaí leathcheannais Chúige Uladh? Agus cad faoi chluichí leathcheannais Chúige Laighean? An bhfuil an ceart ag Dara go bhfuil Áth Cliath chomh leochaileach is a bhí aon uair ó 1973 nuair a bhuaigh contae Lú go deireanach sa chraobh? Agus más ionann Áth Cliath agus Liverpool faoi láthair cé hé Mo Salah na nDubanna? Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Spórt’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta. ‘An Pod Spórt’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.

    41 min
  3. Tiobraid Árann i mbaol, dúshlán do Dhún na nGall agus agallamh le Seán Ó Maoilchiaráin

    APR 22

    Tiobraid Árann i mbaol, dúshlán do Dhún na nGall agus agallamh le Seán Ó Maoilchiaráin

    Tá na craobhacha peile agus iomána faoi lán seoil anois agus cluichí móra ó cheann ceann na tíre romhainn an deireadh seachtaine seo. An tseachtain seo ar ‘An Pod Spórt’ bhí iar-iománaí Chláir, Paul Flanagan, agus iarchaptaen Chiarraí, Dara Ó Cinnéide in éineacht le Seán Tadhg agus Pádraic chun súil a chaitheamh ar a bhfuil romhainn. San iomáint, tá daoine ag súil go mór leis an gcluiche i gCraobh na Mumhan idir Luimneach agus Corcaigh Dé Domhnaigh agus na Corcaígh ag iarraidh na ceachtanna a foghlaimíodh ó chluiche ceannais na sraithe a chur i bhfeidhm. Seans gurb é an cluiche eile sa gcúige an ceann is tábhachtaí, áfach. Tá seaimpíní na hÉireann, Tiobraid Árann, i mbaol agus toradh maith ag teastáil uathu óna dturas chuig Port Láirge. Pléitear cás Chill Chainnigh chomh maith tar éis d’fhoireann Derek Lyng greadadh eile a fháil ó Ghaillimh i mBóthar na Trá. Sa bpeil, tá agallamh againn le himreoir na Gaillimhe, Seán Ó Maoilchiaráin, agus é ainmnithe ina Ambasadóir na Gaeilge ag Cumann Lúthchleas Gael. Labhair Seán ar bhliain na nGaillmheach go dtí seo, ar an bhfeachtas atá rompu agus ar an sásamh atá á bhaint aige as an bpeil i ré na rialacha nua. Caitear súil chomh maith ar an gcluiche mór i gcúige Chonnacht an deireadh seachtaine seo agus Maigh Eo ag tabhairt aghaidh ar Ros Comáin agus ar an gcluiche idir Dún na nGall agus an Dún i gCúige Uladh. Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Spórt’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta. ‘An Pod Spórt’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.

    1h 15m
  4. 2025-07-31

    ‘Bhí na leaids ag magadh faoi Paudie, go raibh an chaid aige 76 bhabhta agus nár aimsigh sé ach trí phointe’

    Is iad Ciarraí seaimpíní Chraobh Shinsir Peile na hÉireann 2025 agus linn chun labhairt ar ghaisce na Ríochta tá aoi speisialta, duine de mheitheal bainistíochta na foirne buacaí, Aodán Mac Gearailt. Labhair Aodán ar an aistear a rinne Ciarraí ón lá gur chaill siad in aghaidh chontae na Mí sa Tulach Mhór i lár mhí an Mheithimh go dtí Dé Domhnaigh seo caite. Mar a deir sé féin, is minic gur fearr cic sa tóin ná aon rud eile. Ina ról mar roghnóir, ba mhinic d’Aodán aiseolas a thabhairt d’imreoirí faoi céard a bhí á dhéanamh go maith acu agus céard nach raibh ag dul go maith dóibh. Insíonn sé dúinn faoi conas a bhraitheann sé a bheith ag cur comhairle ar David Clifford agus faoin ‘easpa cacamais’ a bhaineann le David agus a dheartháir, Paudie. Bhí Aodán agus Dara Ó Cinnéide ar fhoireann Chiarraí a bhuaigh Craobh na hÉireann in 2000, foireann a ndearnadh ceiliúradh uirthi ag an deireadh seachtaine roimh chluiche ceannais na hÉireann. Thagair Aodán don spreagadh a thug na himreoirí sin d’fhoireann an lae inniu roimh an gcluiche ceannais agus labhair Dara faoin tábhacht a bhaineann leis an gceangal sin idir peileadóirí agus iarpheileadóirí i gCiarraí. Labhraíonn an bheirt freisin ar bhainisteoir na foirne, Jack O’Connor, a bhfuil Craobh Shinsir na hÉireann anois buaite cúig huaire aige le foireann Chiarraí. Chuir Aodán béim ar an gcaidreamh atá aige leis na himreoirí agus deir sé gurb é a dtuairim siúd is mó a shocróidh an dtabharfaidh an Conchúireach faoi bhliain eile i gceannas ar an gcontae. Podchraoladh é ‘An Pod Spórt’ ó Tuairisc ó Bhéal, sraith podchraoltaí nua ó Tuairisc.ie, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie. ‘An Pod Spórt’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service. In this episode Kerry selector Aodán Mac Gearailt reflects on his county’s victory against Donegal in this year’s All Ireland Final.

    1h 6m

About

Seo chugaibh ‘AN POD SPÓRT’, podchraoladh ina ndéantar plé i nGaeilge ar chúrsaí spóirt.

You Might Also Like