Nuacht a hAon RTÉ Raidió na Gaeltachta
-
- News
An barr is deireanaí nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil, le plé agus anailís ar scéalta móra an lae.
-
An Dr. Conchúr Ó Giollagáin, Ollscoil Shabhal Mór Ostaig ar an Oileán Sgitheanach.
In Albain, léiríonn Daonáireamh 2022 gur tháinig méadú 1.7% ar líon na ndaoine a labhraíonn an Ghadhlig, ach bhí titim ar na cainteoirí dúchais. Cé mar a thiocfaidh an t-olltoghchán in Albain, an bhfaighdidh an Lucht Oibre an borradh atá siad a éileamh?
-
Nuacht a hAon: Déardaoin 23 Bealtaine 2024.
Fionnuala Uí Neachtain.
-
-
Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Sa Dáil le linn dhíospóireacht na gceannairí cheistigh an freasúra an tAire Tithíochta Darragh O’Brien faoin thuairisc an Choimisiúin Tithíochta a foilsíodh inné. Tá Sinn Féin ag lorg díospóireachta iomlán ar an ábhar sa Dail an tseachtain seo chugainn.
-
Eimear McGovern, Iriseoir leis an Belfast Telegraph.
Fágann fógra olltoghcháin na Breataine a tháinig aniar aduaidh ar chuile dhuine go bhfuil brú gan choinne ar pháirtithe na sé Chontae. Beidh an deacracht is mó ar an DUP a chaithfidh duine a roghnú siad mar iarrthóir in ionad Jeffrey Donaldson i nGleann na Lagan.
-