![](/assets/artwork/1x1-42817eea7ade52607a760cbee00d1495.gif)
100 episodes
![](/assets/artwork/1x1-42817eea7ade52607a760cbee00d1495.gif)
Barrscéalta RTÉ Raidió na Gaeltachta
-
- News
Clár iris an Tuaiscirt. Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar an chlár, comh maith le scéalta as na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.
-
Cathal Ó Gallchóir, Anna Ní Bhroin agus Eoghan Mac Giolla Bhríde ó choiste Féile Dorn san Aer.
Tá siad ag labhairt ar Féile Úr “Dorn san Aer” in ómós do Rónán Mac Aodha Bhuí a bhéas ar siúl i mí Meán Fhómhair le ceiliúradh a dhéanamh ar shaol agus oidhreacht Rónáin.
-
Mark Harte an tráchtaire spóirt.
Ag labhairt ar na cluichí a bhéas ann ag an deireadh seachtaine Gaillimh v Mhuineachán, Tír Eoghain v Ros Comain, Maigh Eo v Dhoire agus an Lú v Corcaigh.
-
Ár dtuairisceoir Frances Nic Géadaigh ó Sheomra na Nuachta.
Ag labhairt ó Cheann Áras na Comhairle Contae i Leifear áit a bhfuil na comhairleoirí nua tofa ag teacht le cheile don chéad uair.
-
Éamonn Mac Aoidh Cléireach an Chúrsa Eugene Noel Ó Fearraigh, dearthóir Aip don rallaí.
I mbliana don chéad uair tá aip deartha le h-eolas chuimsitheach a chur ar fáil fá rallaí idirnáisiúnta Dhún na nGall agus tá an fear a rinne an Aip seo a dhearradh Eugene Noel Ó Fearraigh.
-
Ainle Ó Cairealáin as Béal Feirste.
Rinne Ainle agus a chara Stiofan Ó Luachrán turas rothaíocht thart ar Oileán na hÉireann ó Bhéal Feirste ar ais go Béal Feirste ar mhaithe le pobal Gaza. D’éirigh leo os cionn 65 míle euro a bhailiú don chúis.
-
An Dochtúir Teaghlaigh Tony Delap, Íoclann an Bhun Bhig.
Mír rialta faoi chúrsaí leighis agus sláinte ag plé an triuch, easpa otharcharranna agus an bhaint atá idir Norovirus agus Covid19.