Seachtain

Scéalta, Eolas, Tuairimí; An Indo as Gaeilge. 

  1. ‘No Irish need apply’: Scéal na nÉireannach i Sasana

    11. Juni

    ‘No Irish need apply’: Scéal na nÉireannach i Sasana

    Ó Learphoill go cathair Londain - is fada scéal an imirce go Sasana. Leis an glúnta, chuir easpa deiseanna sa tír seo iachall ar dhaoine imeacht, agus ba í an Bhreatain an chéad stad do cuid mhaith acu agus iad ag cuartú saol níos fearr dóibh féin. Le linn an chéad seo caite, bhí na hÉireannaigh ag croílár tionscadail tógála sa Bhreatain, ach taobh leis an obair sin, bhí leithcheal, imeallú agus droch-chlú a lean iad ar feadh i bhfad. Mar sin, cén tionchar a bhí ag an imeallú seo ar na pobail Éireannacha  ar fud na Breataine? Agus cén chuma a bhí ar an saol i ndáiríre dóibh siúd a rinne an turas trasna Mhuir Éireann? Tá taispeantas nua san Epic Museum i mBaile Átha Cliath a dhéanann iniúchadh ar na ceisteanna seo agus ar scéal na n-imirceach i Sasana. Chun an stair seo a fhiosrú, labhair Seachtain leis an staraí eacnamaíochta Cormac Ó Gráda - duine acu siúd atá taobh thiar den taighde don taispeantas seo - le súil siar a chaitheamh ar shaol na nÉireannach i Sasana. Foclóir: An Réabhlóid Thionsclaíoch: Industrial revolution Táille: Fee An chosmhuintir: The common people Spáilpíní: Nomadic farmworkers Díspeag: Belittle Coitianta: Common Éirimiúil: Intelligent Ag toraíocht: Searching Achrann: Dispute Sloinnte: Surnames Meán: Average Maoiniú: Financing Eachtrannaigh: Foreigners Bhí fonn orthu: They were keen to Todhchaí: Future Ag maolú: Petering out Naimhdeas: Animosity Sofheicthe: Visible Léirsithe: Demonstrations Inimirce: Immigration Ganntanas oibrithe: A lack of workers See omnystudio.com/listener for privacy information.

    26 Min.
  2. Dáithí Ó Sé: ‘A Blasket Island boatman was the best job I ever had!’

    28. Mai

    Dáithí Ó Sé: ‘A Blasket Island boatman was the best job I ever had!’

    Is cloch mhíle mhór í caoga bliain d’aois - fágann duine slán le ré amháin, agus cuireann sé tús le ré nua. ­ Ach ní hionann “caoga” an lae inniu agus an chiall a ba leis do na glúnta eile a tháinig romhainn. ­ Agus is fíor é sin, go háirithe i gcás Dháithí Uí Shé, agus a bhreithlá mór féin ag teannadh leis. ­ Le beagnach Tríocha bliain caite aige ar an scáileán teilifíse, is beag duine in Éirinn nach bhfuil aithne súl acu ar Dháithí. ­ Cad é mar a mhothaíonn sé i ndáiríre faoin chloch mhíle mhór seo? ­ Agus cad iad na ceachtanna saoil atá foghlamtha aige ar an aistear go dtí seo? ­ Ar Seachtain, labhair Dáithí le Tessa Fleming. ­ ­ Foclóir: ­ Na maidí a scaoileadh le sruth: To let things slide ­ I bhfaiteadh na súl: In the blink of an eye ­ Roic: Wrinkles ­ Maol: Bald ­ Ag tanú: Thinning ­ Ardteist: Leaving Cert ­ Máistir sorcais: Circus master ­ I ndiaidh a chéile: Back-to-back ­ Fir grinn: Clowns ­ Bliain agus leathchéad: 51 years ­ Caid: Football ­ Soineanta: Naive or innocent ­ Domhain: Deep ­ Teoraí: Guide ­ Gealgháireach: Cheerful ­ I gcló: Print ­ Lig do scíth: Relax ­ Póigín gréine: Freckle ­ Breoite: Sick ­ Is ball den trust project é Seachtain agus ba mhian linn go mbeidh muinín agaibhse ionainn. Is féidir ár mbeartas eitice a léamh ag independent.ie/ourjournalism See omnystudio.com/listener for privacy information.

    25 Min.
  3. By-elections i nGaillimh agus BÁC: An buntáiste í an Ghaeilge sna fothoghcháin?

    20. Mai

    By-elections i nGaillimh agus BÁC: An buntáiste í an Ghaeilge sna fothoghcháin?

    Beidh vótálaithe i nGaillimh agus Baile Átha Cliath ag caitheamh vóta i bhfothoghcháin Dé hAoine beag seo.  Ghéill Paschal Donohoe a shuíochán Dála i mBaile Átha Cliath Láir i mí na Samhna seo caite chun a dhul ag obair sa Bhanc Domhanda.  Chomh maith leis, tá suíochán an Uachtaráin nua Catherine Connolly le líonadh i nGaillimh Thiar.  Tá 31 iarrthóir san iomlán ag rith sa dá thoghcheantar.  Is iomaí ceist atá i mbéal an phobail agus an toghchán ag teannadh linn.  Tá cúrsaí tithíochta, an costas maireachtála, an inimirce ag croílár an fheachtais sa dá chontae.  Ach cé hiad na hiarrthóirí atá chun cinn go dtí seo?  An buntáiste í líofacht na Gaeilge, go háirithe do mhuintir Chonamara?  Agus cén tionchar a bheidh ag torthaí na dtoghchán seo ar na páirtithe móra agus ar chúrsaí polaitíochta na tíre i gcoitinne?  Ar Seachtain, labhair Ciarán Dunbar le John Downing, tráchtaire polaitíochta leis an Irish Independent agus Máirín Ní Ghadhra, tráchtaire polaitíochta agus láithreoir TG4.    Foclóir:  Fothoghchán: By-election  Breithiúnas cúirte: Court judgement  Moill: Delay  Stocaireacht: Campaigning  Codarsnacht: Contrast  Toghcheantar/dáilcheantar: Constituency   Bruachbhaile: Suburb  Áibhéil: Exaggeration  Pobalbhreith: Opinion poll  An dallamullóg a chur ar dhuine: To pull the wool over someone’s eyes  Cuarbhóthar: Ring road  Tachta: Choked  Tráth dá raibh: Back in the day  Vóta aistrithe: Transfers  Frithbhunaíochta: Anti-establishment  Teip: Failure  Rogha na coitiantachta: The favourite  Cinniúnach: Decisive  Eachtrannaigh: Foreigners  Iallach a chur ar: To force  Comhaireamh: Count  See omnystudio.com/listener for privacy information.

    23 Min.
  4. An dúnmharfóir Stephen McCullagh: 'Iar-chomhghleacaí de mo chuid'

    14. Mai

    An dúnmharfóir Stephen McCullagh: 'Iar-chomhghleacaí de mo chuid'

    Maraíodh Natalie McNally, bean sna luath-tríochaidí, i mbéal na Nollag 2022, agus í trí ar pháiste.   Ciontaíodh a iar-pháirtí, Stephen McCullagh, le déanaí as an dúnmharú ina dhiaidh dó iarracht a dhéanamh na póilíní a chur ar strae le linn an fhiosrúcháin.  Chruthaigh sé bréag-ailibí dó féin. Maígh sé go raibh sé ag ‘beoshruthú’ ar Youtube ar feadh sé uair a chloig an oíche a dúnmharaíodh Natalie.   Chomh maith leis sin, rinne sé tréaniarracht an milleán a chur ar iarpháirtí eile de chuid Natalie.  Mar sin, cén dóigh ar tháinig na póilíní ar an fhírinne?  Agus cad é atá i ndán anois do McCullagh?  Ar Seachtain, labhair Ciarán Dunbar le Tessa Fleming faoin fhiosrúchán, faoin chas cúirte agus faoi McCullagh – iar-chomhghleacaí dá chuid.  ­ ­ Foclóir: ­ Gean: Affection ­ Torrach: Pregnant ­ Idir dhá comhairle: Unsure or to be on the fence ­ Is léir: it is obvious ­ Tacht: Choke ­ Sádh í: She was stabbed ­ Dúnorgain: Manslaughter ­ An rud is míofaire: The most hideous thing ­ Otharcharr: Ambulance ­ Gabh: Arrest ­ Dodhéanta: Impossible ­ Aisteach: Strange ­ D'ainneoin: Despite ­ Bleachtaire: Detective ­ Bhí an t-ádh dearg air: He was very lucky ­ Comhghleacaí: Colleague ­ De réir a chéile: Bit by bit ­ Miotógaí: Gloves ­ Stócach: Boyfriend ­ Mar sin féin: However ­ Go teoiriciúil: Theoretically ­ Machnamh: Consideration ­ Aiféala: Regret ­ Is ball den Trust Project é Seachtain agus ba mhian linn go mbeidh muinín agaibhse ionainn. Is féidir ár mbeartas eitice a léamh ag independent.ie/ourjournalism See omnystudio.com/listener for privacy information.

    28 Min.
  5. Gráinne McElwain: From múinteoir meánscoile to media guru

    7. Mai

    Gráinne McElwain: From múinteoir meánscoile to media guru

    Tá blianta fada caite ag Gráinne McElwain os comhair an cheamara mar láithreoir.  D’fhág sí an mhúinteoireacht meánscoile agus í go fóill sna luath-fichidí chun gairm bheatha a chruthú di féin mar thuairisceoir agus mar láithreoir in earnáil an spóirt.  Ó shin i leith, d’oibrigh sí ag na hócáidí spóirt is mó leis na cainéil mhóra, ar nós RTÉ, BBC, Sky Sports, GAA Beo agus TG4.  Tá a ceird forbartha go paiteanta aici agus an-taithí go deo aici a bheith ag cur faoi agallamh imreoirí, bainisteoirí agus tráchtairí spóirt.  Ach ní earnáil éasca í na meáin in aon chor, agus is minic go mbíonn níos mó ama caite ar an bhóthar ag taistil ná os comhair an cheamara.  Mar sin de, cad iad na buaicphointe agus an crá croí is mó a bhaineann leis an saol seo, saite sa spóirt?  Agus i dtaca leis an láithriú de agus maidir lena a bheith ag caint go poiblí, cad iad na do’s and don’ts atá le foghlaim?  Ar Seachtain, labhraíonn Tessa Fleming leis an láithreoir spóirt Gráinne McElwain faoina saol oibre agus faoina togra úr ‘Own My Stage’.    Foclóir:  Togra: Project   Seomra foirne: Staff room  Nathanna cainte: Phrases or sayings   Earnáil: Sector  Caint phoiblí: Public speaking  Táithí: Experience  Fuinneamh: Energy  Aitheantas: Recognition  Aiseolas: Feedback  Bua na cainte: The gift of the gab  Eiseamláir: Role model  Imní: Nervousness or anxiety  Fánach: Random  Scáthán: Mirror  Teachtaireacht: Message  Caighdeán: Standard  Meáchan: Weight  See omnystudio.com/listener for privacy information.

    22 Min.

Info

Scéalta, Eolas, Tuairimí; An Indo as Gaeilge. 

Mehr von Irish Independent

Das gefällt dir vielleicht auch