Blas Pod BBC Radio Ulster
-
- Sport
Podchraoladh: Inneachar tráthúil fuaime ó fhoireann BBC Blas.
-
Lá Domhanda an Raidió Amaitéaraigh, Déagóirí faoi Strus, Skortaí
Do Lá Domhanda an Raidió Amaitéaraigh, labhraíonn Caoimhe le Storm Eaton-Kilgallen, léiritheoir raidió faoi oiliúint, agus le Conchúr Ó Faoláin, láithreoir Raidió na Life, faoi thábhacht an mheáin, go háirithe do chraoltóirí atá ag tosú amach ina ngairm. Cluineann muid moltaí an tsíciteiripeora Bronagh Starrs do dhéagóirí atá faoi strus agus aimsir na scrúdaithe ag teannadh linn. Tá feistis imreoirí Chamógaíochta faoi chabail fosta agus cinneadh déanta nach mbeidh cead ag imreoirí briste gairide a chaitheadh nuair is mian leo. Tá Rebecca Ní Dhonnaile agus Catríona Nic an tSaoir linn leis sin a phlé.
For World Amateur Radio Day, Caoimhe chats to trainee radio producer Storm Eaton-Kilgallen and Raidió na Life presenter Conchúr Ó Faoláin about the medium’s importance - especially for broadcasters starting out on their careers. Psychotherapist Bronagh Starrs has advice on how best to support teenagers under stress as exam season approaches. Rebecca Ní Dhonnaile and Catríona Nic an tSaoir join us as Camogie players’ kit is under discussion, too as a decision has been made that players won’t be able to make their own decisions over wearing shorts or skorts. -
Gearrscannán Le Chéile, Tionscnamh Imirce.
Is féidir dul siar anois ar bhóithrín na staire i mbailiúchán speisialta de litreacha lámhscríofa ó imircigh Éireannacha thar tréimhse 400 bliain, bailiúchán atá ar fáil ar líne in áis dar teideal Imirce, trí mhíorúilt na teicneolaíochta úire agus tríd scil agus díograis na mbailitheoirí. Agus tá siad ag lorg tuilleadh litreacha – go háirithe, litreacha as Gaeilge! Tá an tOllamh Breandán Mac Suibhne linn leis an scéal a mhíniú. Fosta, is iarscoláire Ghaelscoil Éadain Mhóir i nDoire í an stiúrthóir agus scríbhneoir óg, Róise Nic an Bheatha, a bhfuil a gearrscannán úr Le Chéile/Ri Chèile, i nGaeilge agus Gaeilge na hAlban, ag gnóthú spotaí i bhféilte scannán ó Toronto go hOileán Acla. Labhraíonn sí linn ó Albain, áit a bhfuil sí lonnaithe anois.
A journey back in time, via a fascinating collection of handwritten letters from Irish immigrants over a period of 400 years, can now be enjoyed in an online resource named Imirce, made possible by the miracles of modern technology married with the skill and hard work of the collectors. And they are looking for more letters – especially letters in Irish! Professor Breandán Mac Suibhne joins us to explain the story. Róise Nic an Bheatha, who attended Gaelscoil Éadain Mhóir in Derry, has written and directed a new short film, in Irish and Scottish Gaelic, which is garnering spots in film festivals from Toronto to Achill Island. She speaks to us from Scotland, where she is now based. -
Teach s'Againne
We listen to highlights from Teach s'Againne, a series produced by Triplevision Productions for BBC Gaeilge with support from Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund, we hear parents’ experience of the various stages of raising their children
-
Inmheatróis, Oireachtas na Samhna agus Móragallamh le Caoimhín Ó Buachachalla
Labhraíonn Maeve McElduff faoina taithí féin leis an inmheatróis agus tá Oireachtas na Samhna ag teacht go Béal Feirste sa bhliain 2025 agus tá Jake Mac Siacais linn leis an nuacht a phlé. Suíonn Caoimhe Ní Chathail síos le Caoimhín Ó Buachalla, Éireannach a bhfuil an chuid is mó dá shaol caite i Meiriceá aige agus a d'fhoghlaim Gaeilge le linn na paindéime.
Maeve McElduff speaks about her experience suffering from endometriosis and how it has impacted her life. Oireachtas na Samhna returns to Belfast in 2025 and Jake Mac Siacais joins us to discuss the good news. Caoimhe Ní Chathail sits down with Caoimhín Ó Buachalla, an Irish man who spent most of his life in the USA but learned Irish during the pandemic. -
Celtic Kweens #4: Aoife (Clann Lir)
An féidir aighneas teaghlaigh a réiteach nuair a thiocfaidh Aoife i láthair a leasiníne Fionnuala? Scéal 900 bliain inar léir nach n-aithníonn ealaí, gan trácht ar chiaróga, a chéile. An ceann nuair a fhaigheann Clann Lir amach nach dtagann ciall le haois, fiú 900 bliain d’aois! Can a family feud be settled when Aoife is finally confronted by her stepdaughter, Fionnuala? The one where Clann Lir find out that wisdom doesn't come with age, even 900 years of age!
Comhlacht léiriúcháin/Production: Company Moondog Productions do BBC Gaeilge
Scríbhneoir/Writer: Julie Jay
Aisteoirí/Actors: Nuala Ní Néill, Tony Devlin ┐Diona Doherty. -
Celtic Kweens #3: Úna Ní Chearnaigh
Feicimid Úna Ní Chearnaigh gan d'arm aici ach clóscríobhán agus í ag teacht ar an tuiscint go bhféadfaí saibhreas a dhéanamh as Forógra an Phiarsaigh agus í i bhfolach in Ard-Oifig an Phoist in 1916. We join Real War Wife Úna as she and the men of 1916 take over the GPO in Dublin. Armed with nothing more than a typewriter Úna’s task is to take notes and write the diary. However, she sees the money spinning potential of Pádraig Pearse's Proclamation. An ceann nuair a fhaigheann Una Ní Chearnaigh amach gur treise an clóscríobhan ná an claíomh. The one where Winifred Carney finds out that the typewriter is mightier than the sword.
Comhlacht léiriúcháin/Production: Company Moondog Productions do BBC Gaeilge
Scríbhneoir/Writer: Julie Jay
Aisteoirí/Actors: Nuala Ní Néill,Tony Devlin ┐Francis Mezza