Nuacht Mhall

Conradh na Gaeilge i Londain

Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. The week's main news stories, read slowly in Irish.

  1. 21 hr ago

    10 Deireadh Fómhair 2026 (Tiobraid Árann)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an deichiú lá de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh. In Éirinn, fógraíodh Búiséad 2027 le linn na seachtaine. Deir an rialtas go bhfuil sé cóir d’oibrí, ach mheall an plean cáineadh ón bhfreasúra a deir gur theip ar an rialtas aon rud a dhéanamh ar son teaghlaigh atá ag streachailt le costais mhaireachtála. Tá roinnt athruithe beaga ar cháin, leasa, agus tacaíochtaí cúram leanaí ach dar le hanailís a rinne an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta beidh athrú beag nó easpa athruithe i gceist ar ioncam teaghlach. Deir saineolaí ón ITES nach ndéanfaidh an búiséad aon fheabhsú ar bhochtaineacht leanaí, atá ag 7.8% faoi láthair, agus nach ndéannan sé aon dul chun cinn maidir le sprioc an rialtais an fígiúir a laghdú go 3% in 2030. Cuireadh €1 milliún ar fáil don Roinn Oideachais chun tionscnamh “Clár Laochra Teanga na Gaeltachta” a chruthú, clár a tabharfaidh maoiniú do bheirt daltaí i ngach meánscoil sa tír freastal ar chúrsa sa Ghaeltacht. Seachas sin, méadú níos lú na €1 milliún atá á thabhairt don Ghaeilge, an Ghaeltacht agus na hoileáin sa bhúiséad. Ní bhfuair TG4 aon ardú maoinithe, den chéad uair le 10 mbliana anuas. €65.4 milliún a bheidh acu, mar an gcéanna leis an bhliain seo. Níor bhfuair RTÉ aon mhaoiniú breise ach oiread. I Sásanna, bhuaigh Pairtí an Lucht Oibre an fothoghchán in Holborn agus St.Pancras, a tharla mar d’éirigh an t-iar-phríomh-aire Keir Starmer as mar Fheisire. Bhí an bua ag Sagal Abdi-Wali thar Zack Polanski, ceannaire an Chomhaontais Ghlais. Bhí béim ar an bhfothoghchán seo mar scrúdú ar rath Phairtí an Lucht Oibre faoi cheannaireacht nua Andy Burnham, agus an mbeadh siad in ann an tacaíocht a chaill siad i gcoinne an Chomhaontais Ghlais faoi stiúiriú Keir Starmer a fháil ar ais. Choimeád siad an suíochán ach laghdaíodh an tromlach ó 11,572 go 3,364 vóta. Dúirt Zack Polanski gurbh é an dara toradh is fearr a bhain an Comhaontas Glas amach i bhfothoghchán riamh agus gur bunús maith é le haghaidh tógáil agus forbairt an páirtí. Tár éis an drochthoraidh, ceistíodh Zach Polanski faoi na héilimh ó roinnt baill laistigh den phairtí ag iarraidh go n-eiródh sé as a ról mar cheannaire, tar éis conspóid níos luaithe sa tseachtain nuair a theip air freastal ar dhíospóireacht maidir le rún ag tabhairt sainmhíniú ar an Síónachas mar chineál ciníochais. Dúirt Polanski go cinnte go bhfanfadh sé ina ról mar cheannaire an Chomhaontais Ghlais agus nach raibh aon amhras aige faoi. Tá El Niño ag láidriú agus an buaicphointe le teacht i mí na Nollag agus ag leanúint ar aghaidh go Feabhra 2027. Feiniméin aimsire nadúrtha atá i gceist, a tharlaíonn gach dhá go seacht mbliana, a mhaireann go ceann dha mhí dhéag de ghnáth. Ardaíonn El Niño teocht dromchla i bpáirt den Aigéan Ciúin le athruithe brú, gaoithe agus báistí ar fud an domhain mar thoradh. Ceaptar go mbeidh seo an tarlú is láidre a chonacthas ón mbliain 1950. Chomh maith le hathrú aeráide de dhéantús an duine, bhí éifeachtaí le feiceáil cheana i rith an tsamhraidh agus tá saineolaithe ag tnúth le hardú teochtanna sa chuid is mó den domhan i rith an gheimhridh freisin, agus baol tuilte agus triomaigh mar thoradh. Ní chuireann El Niño teocht nua sa phlainéad ach scaoileann sé teocht atá á stóráil san aigéan, le hardú teocht an aigéin mar thoradh ar an athrú aeráide tá níos mó teocht le scaoileadh. Chuir El Niño leis an teocht in 2024 agus 2023 - an bliain is teo agus an dara bliain is teo a taifeadadh riamh. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS costais mhaireachtála - living costs bochtaineacht leanaí - child poverty fothoghchán - by-election díospóireacht - debate feiniméin aimsire - weather phenomenon teocht dromchla - surface temperature

  2. 6 days ago

    3 Deireadh Fómhair 2026 (Gaillimh)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an triú lá de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh. Tar éis dóibh cluiche a chailleadh i gcoinne na Cosaive, fuair foireann sacair na hÉireann na chéad trí phointe faighte i Sraith na Náisiún Dé Domhnaigh. Cé gur éirigh leo an lámh in uachtar a fháil ar Iosrael, bua gan lúcháir a bhí ann tar éis cluiche nár cheart a imirt ar chor ar bith, dar le go leor daoine. Fiú roimh an deireadh seachtaine seo, bhí cúrsaí chomh hachrannach sin gur ghá d’UEFA an cluiche a bhogadh go dtí an Ungáir, chun coimhlint idir an dá ghrúpa lucht tacaíochta a sheachaint. Tháinig an crú ar an tairne, áfach, nuair a d’fhógair Gavin Bazunu nach raibh sé toilteanach páirt a ghlacadh i gceachtar den dá chluiche i gcoinne na nIosraelach. Dúirt Bazunu, a imríonn sa chúl le Bolton Wanderers, go raibh a chinneadh bunaithe ar a chreideamh pearsanta nach bhfuil sé ceart daoine neamhchiontach a mharú. Ina ainneoin sin, tá an cuma ar an scéal nach mothaíonn a chomh-imreoirí chomh láidir sin faoin gcinedhíothú sa Phalaistín, ós rud é gur bhuaigh an dream a bhí i bhfabhar na cluichí a chomhlíonadh nuair a reáchtáladh vóta sa seomra gléasta. Le linn an chluiche féin, bhí muinchillí dubha á gcaitheamh ag na hÉireannaigh agus d’ísligh siad a gceann agus amhrán náisiúnta Iosrael á sheinm. Idir an dá linn, cé nach raibh duine ná deoraí de lucht tacaíochta na hÉireann ann, líomhnaítear gur thug lucht tacaíochta Iosrael íde béil chiníoch d’Adam Idah. Buailfidh na foirne le chéile arís tráthnóna Dé Domhnaigh, an t-am seo sa tSeirbia, agus tá sé geallta ag captaen Iosrael, Manor Solomon, go mbeidh an toradh thar a bheith difriúil sa dara cluiche. Go Port an Dúnáin anois, agus níl aon réiteach ar an tsáinn go fóill, gan ceachtar den dá thaobh ag géilleadh go fóill. Thug Coimisiún na bParáidí cead don Ord Oráisteach máirseáil síos Bóthar Gharbhachaidh den chéad uair le hocht mbliana is fiche anuas. Cé go raibh an mórshúil le bheith ar siúl Dé Domhnaigh seo caite, cuireadh cosc air mar gheall ar agóidí ón bpobal náisiúnach. Tugadh doiciméid de réitigh do gach ceann den dá thaobh agus tuigtear go bhfuil siad i mbun plé ar na moltaí. Ag tacú leis na háitritheoirí, tá baill de Chonradh na Gaeilge ann, ina measc Uachtarán na heagraíochta, Ciarán Mac Giolla Bhéin. Tá sé ráite ag Jamie Bryson, comhairleoir dlí don Ord Oráisteach, áfach, nach ngéillfidís choíche, fiú dá bhfaighidís fiche milliún punt. Dar le Coimisiún na bParáidí, rinneadh níos mó ná 2,500 máirseáil i dTuaisceart Éireann ó mhí Aibreáin 2025 go dtí mí an Mhárta 2026. I mBeirlín, tá polaiteoirí Die Linke, ón eite chlé, ag bualadh leis na Glasaigh, nó ‘Die Grünen’, agus leis na Daonlathaigh Shóisialta, nó ‘die SPD’, chun tús a chur le cainteanna comhrialtais don phríomhchathair. I measc ábhair eile, beidh siad ag plé moladh ó Die Linke chun dul i ngleic leis an ngéarchéim tithíochta trí thithe a ghabháil ó thiarnaí talún corparáideacha. Dá mbuafadh Die Linke an lá, ba í a gcomhcheannaire parlaiminte, Elif Eralp, an chéad bhean a bheadh ​​ina méara ar an gcathair. Roimhe sin, áfach, tá fadhbanna le réiteach idir na páirtithe mar gheall ar a gcuid dtuairimí éagsúla faoi Iosrael. Idir an dá linn, tá Seansailéir na Gearmáine, Friedrich Merz, i mbaol fós i ndiaidh na dtorthaí toghcháin tubaisteacha, an ceann a bhuaigh an AfD, nó ‘Alternative für Deutschland’, in Sachsen-Anhalt in oirthear na tíre, san áireamh. De réir na bpobalbhreitheanna is déanaí, is é Merz an ceannaire is measa ó bhí an Dara Cogadh Domhanda ann. bua gan lúcháir - joyless victory lucht tacaíochta - supporters sáinn - standoff áitritheoirí - residents comhcheannaire - co-leader pobalbhreitheanna - polls

  3. 26 Sept

    26 Meán Fómhair 2026 (An Dún)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an séú lá is fiche de mhí Mheán Fómhair. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Cuireadh bille síos an tseachtain seo a thabharfadh saoire 20 lá do mhná atá i ndiaidh breith anabaí, agus saoire 10 lá do dhaoine atá ag dul faoi chóireáil torthúlachta. Rinne Coiste Fiontair an Oireachtais plé ar an reachtaíocht mholta Dé Céadaoin. Dúirt urlabharlaí ó Pháirtí an Lucht Oibre go n-aithneodh an bille seo an tionchar suntasach fisiciúil agus mothúchánach gur féidir na heispéiris seo imirt ar dhaoine, agus am saor ón obair á chur ar fáil do dhaoine nuair is mó gá. Agus í ag labhairt ar chlár teilifíse Morning Ireland de chuid RTÉ, dúirt Marie Sherlock, urlabhraí sláinte an Pháirtí, nach saincheisteanna sláinte amháin iad breith anabaí agus neamhthorthúlacht, ach saincheisteanna don ionad oibre fosta. Dúirt sí gur chuir a páirtí reachtaíocht faoi bhráid na cúirte cúig bliana ó shin agus gur bhain siad tacaíocht láidir thraspháirtí amach. Dúirt sí go bhfacthas forbairtí suntasacha le déanaí i dtíortha eile, lena n-áirítear an Ríocht Aontaithe, an Nua-Shéalainn agus Málta. "Is é fírinne an scéil ná go gcaithfimid a chinntiú nuair a bhíonn an eachtra neamhchoitianta sin ag oibrí ina saol, cibé acu breith anabaí nó cóireáil torthúlachta é, go dtugtar saoire chomhbhách don ionad oibre dóibh, agus gur cheart dóibh a bheith amuigh ar lánphá," a dúirt sí. Deir Roinn na Gaeltachta go gcuirfear tús leis an phróiseas comhairliúcháin maidir le caighdeáin teanga laistigh de sé mhí. Tagann na caighdeáin in áit chóras na scéimeanna teanga, agus tá an chéim seo ar cheann de phríomhbhearta na reachtaíochta teanga a ritheadh ag deireadh 2021. Bhí sé i gceist an córas nua a chur i bhfeidhm roimh dheireadh 2024 agus imní léirithe ag an Choimisinéir Teanga ó dheas agus ag polaiteoirí faoin mhoill. Faoin chóras nua caighdeán teanga, leagfar dualgais chaighdeánacha teanga ar chomhlachtaí poiblí bunaithe ar an mhéid teagmhála a bhíonn acu leis an phobal. Ag cruinniú de choiste Gaeilge an Oireachtais Dé Máirt, dúirt an Dr Aodhán Mac Cormaic, Ceannasaí Roinn na Gaeltachta, go raibh cur i bhfeidhm na reachtaíochta teanga sin níos casta ná aon rud eile a bhí feicthe aige. “Tá mise 40 bliain sa státseirbhís an mhí seo chugainn agus níor tháinig mé ar phíosa oibre chomh casta leis an phíosa oibre seo atá ar bun don togra seo uilig,” a dúirt an Dr Mac Cormaic agus é ag labhairt ar ullmhú na gcaighdeán, an sprioc earcaíochta 20% agus na bearta eile ata mar chuid d’Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021.  Cuireadh thart ar 2,000 duine amach as breis agus 300 teach i Falmouth i gCorn na Breataine agus saineolaithe ag plé le buama ón Dara Cogadh Domhanda a aimsíodh san fharraige. Glaodh ar na seirbhísí éigeandála ar 9.15 ar maidin nuair a aimsíodh gléas a chreidtear a bheith ina bhuama aeir Meiriceánach nár phleasc ón Dara Cogadh Domhanda san uisce. Cuireadh crios eisiaimh 300m i bhfeidhm ar dtús, a leathnaíodh go 755m. Cuireadh seirbhísí traenach idir stáisiúin Dugaí Falmouth agus Baile Falmouth ar ceal. Thug Póilíní Devon agus Chorn na Breataine rabhadh: “Má leathnaítear an crios slándála agus má tá cónaí ort laistigh den limistéar seo, moltar go láidir duit do theach a fhágáil faoi 09:00.” Chuaigh an crios eisiaimh i bhfeidhm ar 339 teach. Bunaíodh ionad aslonnaithe ag Eaglais All Saints ar Shráid Killigrew, áit a raibh réimse brioscaí, tae, caife agus luchtairí fón ar fáil d’aon duine a bhí curtha as a dteach, agus gabhadh buíochas le cónaitheoirí as a bhfoighne agus a gcuidiú i rith an ama. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS breith anabaí - miscarriage torthúlacht - fertility próiseas comhairliúcháin - consultation process sprioc earcaíochta - recruitment target crios eisiaimh - exclusion zone cónaitheoirí - residents

  4. 19 Sept

    19 Meán Fómhair 2026 (An Clár)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an naoú lá déag de mhí Mheán Fómhair. Is mise Niall Ó Cuileagáin. Tá imní léirithe ag na comhlachtaí móra sa tionscal intleachta saorga mar gheall ar an gcumhacht atá ag an dteicneolaíocht anois. Scríobh an príomhfheidhmeannach de chuid Anthropic, Dario Amodei, aiste inar thug sé rabhadh don domhan faoindainséar a bhaineann leis an dteicneolaíocht. Scríobh sé go bhfuil orainn an luas forbartha a mhoilliú san earnáil ar eagla go rachadh an teicneolaíocht as smacht agus deireadh a chur leis an gcine daonna. D’fhógair Google an tseachtain seo guréirigh lena bhota comhrá, Gemini, haiceáil a dhéanamh ar chomlachtaí eile as a stuaim féin. Beidh Sam Altman, príomhfheidhmeannach de chuid OpenAI, ag tabhairtráiteas do cheannairí domhanda sa Náisiúin Aontaothe faoi na bagairtí abhaineann le hIntleacht Shaorga. Tá na comhlachtaí intleachta saorga ag iarraidh go mbeidh níos mó rialachán san earnáil chun na bagairtí seo a sheachaint, ach de réir cúpla saineolaí, tá siad ag déanamh áibhéil ar an gcontúirt agus ag iarraidh smacht iomlán a choimeád ar an earnáil. Ionsaíodh an Teachta Dála ó Chiarraí Theas, Michael Healy-Rae an tseachtain seo agus é ag tiomáint trí chathair Bhaile Átha Cliath. Tharla an t-ionsaí ar Shráid Chorcaí Dé Céadaoin nuair a bhí an Teachta Dála sáinnithe sa trácht. Tugadh fear darb ainmAnthony Foley os comhair na cúirte Dé hAoine agus cúisíodh é; ní dúirt sé aon rud nuair a cuireadh an chúis ina leith. Tuigtear gur thug an fear buille ar Healy-Rae tríd an bhfuinneog agus gur gearradh liopa Healy-Rae go dona agus go raibh air seachtngreim a fháil. Cháin polaitheoirí ó gach páirtípolaitaíochta agus tráchtairí sna meáin an t-ionsaí go géar. Dúirt ceannaire Phairtí an Lucht Oibre, Ivana Bacik, gur ionsaí ar an ndaonlathas a bhí ann. Tharraing an t-amhránaí Ed Sheeran conspóid mhór an tseachtain seo nuair a chaith sé an t-aoicheoltóir Macklemore amach as a chamchuairt i Meiriceá mar gheall ar an óráid a thug sé inar léirigh sé tacaíocht do mhuintir na Palaistíne. MhaíghMacklemore gur díbríodh é tar éis don bhilliúnaí Robert Kraft, a bhfuil seilbh aige ar cúpla staid sa chamchuairt, a mhíshásamh a léiriú do Sheeran agus bagairt a dhéanamh an chamchuairt iomlán a chur ar ceal. Chuir Sheeran teachtaireachtamach inar dhiúltaigh sé taobh a ghlacadh agus tar éis sin, tharraing gach aoicheoltóir eile amach as an gcamchuairt, Éireannaigh ina measc, an t-amhránaí Aaron Rowe agus an grúpa ceoil traidisiúnta, Beoga. D’fhógair an stáisiún raidió Éireannach Classic Hits nach mbeidh siad ag craoladh Sheeran ar an stáisiún níos mó agus gheall Macklemore go dtabharfaidh sé an méid airgid a fuair sé ó na ceolchoirmeacha a dhein sé sa chamchuairt go dtí seo go carthanais Phalaistíneacha. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS rabhadh - warning bota comhrá - conversation bot greim - stitch daonlathas - democracy aoicheoltóir - guest musician camchuairt - tour

  5. 12 Sept

    12 Meán Fómhair 2026 (Ard Mhacha)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an dara lá déag de mhí Mheán Fómhair. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin. D'éirigh iarUachtarán na hÉireann Máire Mhic Giolla Íosa as a ról mar chathaoirleach ar an choiste atá ag iarraidh trí eagraíocht - Cumann Lúthchleas Gael, Cumann Peil Gael na mBan agus an Cumann Camógaíochta - a thabhairt le chéile in aon eagraíocht amháin. D'éirigh sí as i ndiaidh do Chumann Lúthchleas Gael a rá nach dtig leo spriocdháta cinnte a thabhairt don aontú seo. Deir Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Iarlaith Ó Broin, go bhfuil sé fós ar son an aontaithe, ach go bhfuil deacrachtaí airgeadais ann maidir le maoiniú cothrom a thabhairt d'fhoirne fear agus ban. Dúirt an t-iriseoir Sinéad O'Carroll go mbaineann an scéal seo le hairgead agus cumhacht seachas le spóirt amháin. Dúirt sí freisin gurb é an rud is tábhachtaí ná rochtain chomhionann ar áiseanna agus cearta comhionanna do gach ball, is cuma cén inscne atá acu. Beidh Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, Donald Trump, ag tabhairt cuairt ar Éirinn an deireadh seachtaine seo. Le linn na cuairte, buailfidh sé le ceannairí polaitiúla na tíre agus freastalóidh sé ar Chraobhchomórtas Oscailte Gailf na hÉireann atá ar siúl ag a ionad saoire i nDún Beag, Contae an Chláir. Tá oibríocht slándála an-mhór á hullmhú ag na Gardaí agus ag Óglaigh na hÉireann do chuairt Trump. Beidh dúshláin mhóra lóistíochta ag baint leis an chuairt seo, toisc go bhfuil cruinnithe tábhachtacha eile ar siúl san am céanna mar gheall ar uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh. Dúirt an Taoiseach go bhfuil muinín aige as na Gardaí go mbeidh siad in ann déileáil leis na dúshláin seo ar fad. Tá Downing Street fós ag tabhairt tacaíocht do Príomhfheidhmeannach NATS, Martin Rolfe, in ainneoin éilimh go n-éireodh sé as. D'iarr an tAire Iompair, Heidi Alexander, tuarascáil iomlán air laistigh de sheachtain maidir leis an teip theicniúil a tharla Dé Máirt agus Dé Céadaoin. Chuir an fhadhb níos mó ná 2,000 eitilt ar ceal sa Bhreatain Mhór. In Éirinn, cuireadh thart ar 90 eitilt ar ceal i mBaile Átha Cliath agus bhí moilleanna i gCorcaigh agus in Aerfort na Sionainne, ach tá na sceidil ag filleadh ar an ghnáthnós anois. D'iarr Príomhoifigeach Oibríochtaí Ryanair, Neal McMahon, ar Martin Rolfe éirí as mar gheall ar mhíbhainistíocht. Dhearbhaigh Michael O'Leary go raibh ar Ryanair 260 eitilt a chur ar ceal, rud a chruthóidh caillteanas airgeadais idir €1.9m agus €7.0m don aerlíne. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS maoiniú cothrom - balanced funding cearta comhionanna - equal rights oibríocht slándála - security operation dúshláin lóistíochta - logistical challenges moilleanna - delays caillteanas airgeadais - financial loss

  6. 5 Sept

    5 Meán Fómhair 2026 (Tír Eoghain)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an cúigiú lá de mhí Mheán Fómhair. Is mise Niall Ó Siadhail. Anocht, beidh a troid dheireanach ag Katie Taylor, an dornálaí is rathúla i stair an spóirt in Éirinn. Beidh sí ag troid in aghaidh Flora Pili ón Fhráinc, os comhair slua de 80,000 duine i bPáirc an Chrócaigh ag deich a chlog anocht. Rugadh agus tógadh Taylor i mBré, Contae Chill Mhantáin, agus thosaigh sí ag dornálaíocht nuair a bhí sí dhá bhliain déag d'aois. Tá barraíocht comórtas agus duaiseanna bainte ag Taylor le liostáil anseo, ach ina measc tá bonn óir ag na Cluichí Oilimpeacha i Londain in 2012, curadh domhanda san éadrom-mheáchan agus curadh domhanda san éadrom-mheáchan trom. Beidh Taylor ag troid anocht den uair dheireanach, ach fanfaidh an méid atá bainte amach aici i gcuimhne lucht leanúna dornálaíochta go ceann i bhfad. Níl deireadh le cás Lindsay Clancy sna Stáit Aontaithe an tseachtain seo. I ndiaidh níos mó ná sé lá de dhíospóireacht, ní raibh an giúire ábalta teacht ar chinneadh d'aon ghuth agus mar sin d'fhógair an breitheamh gur míthriail a bhí ann. Admhaíonn Clancy gur mharaigh sí a triúr páistí féin trí bliana ó shin ach maíonn sí go raibh síocóis iarthuismidh uirthi, gur tugadh barraíocht cógas di, agus nach dúnmharú réamhbheartaithe a bhí i gceist. Tá roinnt cásanna dlí ar siúl maidir le míchleachtas leighis. Beidh le feiceáil anois an ndéanfaidh na hionchúisitheoirí iarracht Clancy a chur ar a triail arís. Beidh taispeántas úr ag oscailt i Músaem na Breataine an tseachtain seo agus Taipéis Bayeux le feiceáil den chéad uair riamh i Londain. Rinneadh an taipéis sna blianta i ndiaidh choncas na Normannach ar Shasana san aonú haois déag nuair a ghlac Liam Concar seilbh ar choróin Shasana, agus léirítear mór-imeachtaí an choncais uirthi, lena n-áirítear Cath Hastings agus bás Harold Godwinson, an rí deireanach de chuid na nAngla-Shacsanach. Tá an Taipéis ar cheann de na saothair ealaíne is cáiliúla agus is stairiúla ar domhan, agus beidh sí le feiceáil ón deichiú lá de mhí Mheán Fómhair go dtí an t-aonú lá déag de mhí Iúil an bhliain seo chugainn. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS dornálaí - boxer éadrom-mheáchan trom - super lightweight cinneadh d'aon ghuth - unanimous decision míthriail - mistrial síocóis iarthuismidh - postpartum psychosis dúnmharú réamhbheartaithe - premeditated murder concas - conquest

  7. 29 Aug

    29 Lúnasa 2026 (Liatroim)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an naoú lá is fiche de mhí Lúnasa. Is mise Órla Nic Con na Búille. Gortaíodh fear agus bean ina n-ochtóidí go dona tar éis timpiste aonfheithicle ar an M50 i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo. Tharla an timpiste ag Acomhal 10 in aice le sliosbhóthar Bhaile an Mhóta thart ar 3.20pm tráthnóna Dé Céadaoin, 26 Lúnasa. Tuariscítear gur thiomáin an carr tríd an mbacainn ar dhroichead agus gur rolladh sé síos claífort agus isteach ar an M50. Bhí an lána aneas an M50 dúnta ar feadh go leor uaireanta agus bhí malairtí slí i bhfeidhm. Tá an bheirt a bhí sa charr san ospidéal le gortuithe tromchúiseacha. Níor tuairiscíodh aon ghortuithe eile. Tá comhaontú déanta ag Meta, an comhlacht taobh thiar de Facebook agus Instagram, chun suas le $16.68 billiún a íoc chun cásanna dlí sna Stáit Aontaithe a réiteach. Chuir 29 stát i leith gur dhear an comhlacht a chuid ardán chun páistí a dhéanamh andúilmhear, gur chuir sé tomhaltóirí amú maidir lena sábháilteacht agus gur bhailigh sé sonraí pearsanta leanaí go míchuí. Mar chuid den chomhaontú, cuirfidh Meta teorainneacha ar úsáid laethúil leanaí agus cuirfidh sé srian ar úsáid na n-ardán san oíche. Neartófar freisin na bearta chun cosc a chur ar leanaí rochtain a fháil ar ábhar nach bhfuil oiriúnach dá n-aois. Cé go bhfuil an comhlacht tar éis comhaontú a dhéanamh, shéan sé aon éagóir. Réitíonn an socrú roinnt cásanna príobháideachais a bhaineann le scannal Cambridge Analytica freisin. Tá na cásanna seo mar chuid de rabharta níos leithne dlíthíochta faoi thionchar na meán sóisialta ar mheabhairshláinte leanaí agus déagóirí. Tá cásanna eile fós ar siúl i gcoinne Meta agus comhlachtaí móra eile sna meáin shóisialta. Cuireann Electric Picnic críoch leis an samhradh in Éirinn gach bliain agus, is cuma faoin aimsir, tagann na mílte duine le craic agus spraoi a bhaint as an gceol agus as an gcultúr. D’oscail an fhéile a geataí tráthnóna Déardaoin, agus tá 80,000 duine i láthair sa Sráidbaile, Contae Laoise, faoi láthair. Tá áit faoi leith ag an nGaeilge i gcroílár na féile, le réimse leathan imeachtaí agus ealaíontóirí Gaeilge ar an gclár. Tá timpeall 500 duine ag campáil sa láthair Ghaeltachta, tearmann naofa do na Gaeil. Tá Puball an Phobail laistigh den láthair chomh maith, le seisiúin amhránaíochta agus péinteáil coirp thar an deireadh seachtaine. Le deich mbliana anuas, tá ardán darb ainm An Chollchoill ag cur ceoltóirí agus ealaíontóirí Gaeilge ar stáitse i lár na coille. I mbliana, tá ceol traidisiúnta, hip heap Gaelach, greann, seó solais agus neart eile le feiceáil. Chuir taifeadadh beo den phodchraoladh How to Gael tús spleodrach leis an bhféile inné le roinnt ceol agus craic ón triúr ban iontach. Beidh an ócáid ilteangach filíocht ó bhéal, REIC le Ciara Ní É sa Phuball Gaeilge inniu, an Satharn. Agus amárach, an Domhnach, craolfar clár speisialta ar TG4 le Síomha Ní Ruairc agus John Sharpson, ag ceiliúradh na féile agus na ndaoine a chuireann ar siúl í. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS sliosbhóthar - slip road claífort - embankment andúilmhear - addicted rabharta níos leithne dlíthíochta - wider wave of litigation tearmann naofa - sacred sanctuary collchoill - hazelwood

  8. 22 Aug

    22 Lúnasa 2026 (Luimneach)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniú an dara lá fiche de mhí Lúnasa. Is mise Sibéal Dempsey. Tá treocht atá ag fás agus ag teacht chun cinn in Éirinn de thiománaithe óga ag luasghéarú ar an mótarbhealach sa treo mícheart. Is cosúil go bhfuil an treocht seo á spreagadh ag ardáin meán sóisialta ar líne, áit a bpostálann na tiománaithe físeáin díobh féin, chun aird agus aitheantas a tharraingt ar líne. Mar thoradh ar thimpiste gluaisteáin Dé Domhnaigh seo caite, a tharla mar gheall ar an tiomáint seo, cailleadh cúigear déagóirí agus fágadh an ceathrar sa charr eile gortaithe go dona. Creideann na Gardaí go raibh na déagóirí ag iarraidh aird na nGardaí a tharraingt mar thuig siad nach mbeadh cead acu iad a leanúint sa treo mícheart ar an mótarbhealach. Ba é seo an dara timpiste de bharr tiomána den sórt sin an mhí seo amháin. Tá beartais leagtha síos ag go leor cuideachtaí meán sóisialta, lena n-áirítear TikTok agus YouTube, a thoirmisceann ábhar a thaispeánann nó a chuireann chun cinn cleasanna nó dúshláin chontúirteacha a d’fhéadfadh díobháil choirp a bheith mar thoradh orthu. Is é an rud a fhágann go bhfuil an fhadhb seo an-deacair do na Gardaí a láimhseáil ná nach gceadaítear déileáil le tóraíochtaí in aghaidh tráchta mar seo ach amháin i gcúinsí eisceachtúla, mar gheall ar na rioscaí a bhaineann leis. Tá sé séanta ag Donald Trump go bhfuil caibidlíocht ar siúl idir Washington agus Tehran maidir le Caolas Hormuz a athoscailt, caolas atá dúnta den chuid is mó le beagnach sé mhí le linn an chogaidh idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Iaráin, agus d'fhógair Uachtarán Mheiriceá feachtas ag díriú ag gheilleagar na hIaráine. Tharla an méid seo ag am a raibh an Meabhrán Tuisceana seasca lá, a ba chúis leis an sos cogaidh idir an dá thaobh, díreach tar éis dul in éag. D’athdhearbhaigh an Iaráin roinnt éileamh, lena n-áirítear go gcuirfeadh na Stáit Aontaithe deireadh leis na smachtbhannaí ola ar an Iaráin agus leis an mbac cabhlaigh sa Mhuir Arabach. Cé gur bhagair Trump buamáil a dhéanamh ar Óman freisin "dá mbeadh sé ag cur isteach” ar chainteanna idir na Stáit Aontaithe agus an Iaráin Dé Luain, shéan sé go raibh cainteanna ar bith ar siúl faoin Chéadaoin. Idir an dá linn, tá an Rúis tar éis bagairt a dhéanamh ar an Ríocht Aontaithe go mbeadh ‘iarmhairtí’ tar éis tuairiscí teacht chun cinn go raibh sí ag monarú drón a úsáideann fórsaí na hÚcráine. Corónaíodh Caoilfhinn Ní Choiligh, Rós na hIarmhí, mar bhuaiteoir Rós Thrá Lí an tseachtain seo. Tá Caoilfhinn, atá cúig bliana is fiche d’aois, ag obair sa mhiondíol agus í ag déanamh staidéir le bheith ina déantóir gruaige bréige, tar éis di a cuid gruaige a chailleadh de bharr alóipéice nuair a bhí sí cúig bliana déag d’aois. Is í bunaitheoir Hair Loss Haven í freisin, grúpa a chuireann tacaíocht ar fáil do dhaoine eile a bhfuil fadhbanna den chineál céanna acu agus a eagraíonn imeachtaí dóibh. Dúirt sí nach raibh focal le rá aici tar éis di an comórtas a bhuachan Dé Máirt. I measc duaiseanna eile, gheobhaidh sí deontas taistil luach fiche a cúig míle euro; is féidir léi é seo a úsáid chun taisteal ar fud an domhain agus freastal ar imeachtaí ina ról mar Rós Thrá Lí. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS ag luasghéarú - accelerating cúinsí eisceachtúla - exceptional circumstances caibidlíocht - negotiation ag monarú - manufacturing miondíol - retail bunaitheoir - founder

Ratings & Reviews

4.8
out of 5
17 Ratings

About

Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. The week's main news stories, read slowly in Irish.

You Might Also Like