Nuacht Mhall

Conradh na Gaeilge i Londain

Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. The week's main news stories, read slowly in Irish.

  1. 5 HR AGO

    28 Márta 2026 (An Clár)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-ochtú lá is fiche de mhí an Mhárta. Is mise Niall Ó Cuileagáin. Tá na hIosraelaigh agus na Meiriceánaigh ag leanúint ar aghaidh leis an gcogadh san Iaráin an tseachtain seo, in ainneoin go bhfuil Caolas Hormuz fós fé smacht na hIaráine agus praghas na hola an-ard go fóill. Dhein Uachtarán Mheiriceá Donald Trump bagairt buamála i gcoinne na nIaránach an tseachtain seo caite mar gheall ar an ndúnadh i gCaolas Hormuz, ach ansan tharraing sé siar an bhagairt agus dúirt sé go raibh na hIaránaigh i mbun comhráite; shéan na hIaránaigh é so go láidir an lá ina dhiaidh san. Tá na Iosraelaigh ag seoladh trúpaí isteach sa Liobáinchomh maith, agus iad ag rá go bhfuil siad ag iarraidh crios maolánach a chruthú idir Iosrael agus forsaí Hezbollah. Ach de réir Amnesty International, tá Iosrael ag dul in aghaidh an dlí idirnáisiúnta leis an ionradh so. Dheimhnigh giuiré cúirte in Los Angeles go bhfuil ar Google agus Meta $3 mhilliún a íoc le bean óg a dúirt go raibh sí gafa lena gcuid meán sóisialta. Mhaígh an bhean gur cúis andúile iad na meáin shóisialta mar gheall ar an ndearadh atá orthu, seachas na hábhair atá orthu. De réir na mná, bhí na comhlachtaí Google agus Meta ag iarraidh daoine óga ach go háirithe a mhealladh leis an ndearadh andúile so. Bhí sí chun cás cúirte a thosnú in aghaidh Snap agus TikTok chomh maith, ach dhein na comhlachtaí san réiteach léi roimh ré. Dúirt Meta nár aontaíodar leis an gcinneadh agus go mbeidís ag féachaint anois ar na roghanna atá acu. Tá seans go mbeidh tionchar mór ag an gcás so ar fud na cruinne. Níl cead ag daoine óga dul ar na meáin shóisialta san Astráil le cúpla mí anois, agus tá go leor tíortha eile ag plé cosc a chur sa dlí chomh maith. Bhí díomá ollmhór ar fud na hÉireann tráthnóna Déardaoin nuair a chaill foireann sacair Phoblacht na hÉireann in aghaidh Phoblacht na Seice tar éis ciceanna pionóis agus nuair a bhí an lámh in uachtar leis na hIodálaigh in aghaidh ThuaisceartÉireann. Bhí Poblacht na hÉireann ag iarraidh dul go dtí an Corn Domhanda den gcéad uair ón mbliain 2002 agus ní fhéadfaidís tús ní b'fhearr a bheith acu nuair a scóráladar dhá chúl laistigh de 23 nóiméad, ceann amháin ó Troy Parrott agus an ceann eile ó chúl tuathail. Ach cúpla nóiméad tar éis sin, fuair na Seicigh cúl ó chic pionóis eile agus ansan ag deireadh an chluiche tharraingíodar cothrom. Ní raibh cúl ar bith san am breise agus ansan bhuaigh na Seicigh 4–3 sna ciceanna pionóis. Ní raibh cúrsaí ní b'fhearr san Iodáil, nuair a chaill an fhoireann óg ó Thuaisceart Éireann 2-0 in aghaidh na hIodáile. Agus leis sin, tá deireadh leis an mbrionglóid ar feadh ceithre bliana eile. Iscéalta spóirt eile an tseachtain seo, chaill an Cumann Lúthchleas Gael duine desna craoltóirí is ansa lena lucht féachana: d'éag Michael Lyster, láithreoir ar an Sunday Game ar feadh 30 bliain, ag an ndeireadh seachtaine. Bhí sé 71 bliain d’aois. Suaimhneas síoraí dá anam. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS bagairt buamála - threat of bombing crios maolánach - buffer zone cúis andúile - cause of addiction dearadh - design cúl tuathail - own goal tharraingíodar cothrom - they equalised

    6 min
  2. 21 MAR

    21 Márta 2026 (Dún na nGall)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-aonú lá ‘s fiche de mhí an Mhárta. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. Thug Gerry Adams fáilte roimh “dheireadh láidir” ar éileamh damáiste san Ard-Chúirt i Londain, a tharraing triúr íospartach d'ionsaithe de chuid an IRA Sealadach ina choinne. Mhaígh na héilitheoirí go raibh Adams faoi dhliteanas pearsanta i leith na ngorthuithe a bhfuair siad sna hionsaithe i Londain agus i Manchain in 1973 agus 1996. Dé hAoine, ar lá dheireanach na trialach, a mhair coicís, dhearbhaigh dlíodóirí na n-íospartach go raibh an t-éileamh in aghaidh iar-uachtarán Sinn Fein “scortha … gan ordú ar bith maidir le costas.” Tar éis an fhógra, chuir Adams ráiteas amach ag preasócáid i mBéal Feirste ag rá gur fhreastail sé ar an triail le meas a léiriú do na h-íospartaigh agus leis féin a chosaint “in aghaidh na smál agus na gcúiseamh fánach a cuireadh i mo choinne.” Cuireadh deireadh leis an triail tar éis naoi lá d'éisteachtaí os comhair an Bhreithimh Swift san Ard-Chúirt i Londain.  Bhí an lámh in uachtar ag an scéinséir polaitiúla One Battle After Another ag na hOscars i mbliana, le sé bhua agus an pictiúr is fearr aige san áireamh. Bhuaigh an tÉireannach Jessie Buckley a céad Oscar ar son a róil mar bhean William Shakespeare, atá trína chéile tar éis bhás a mic atá aon bhliain déag d’aois. “Is rud ar leith é seo,” a dúirt Buckley. Ag trácht ar Lá na Máithreacha, ag deireadh a hóráide glactha, thiomnaigh sí a hOscar do “anord galánta chroí na máthar …. Go raibh míle, míle maith agat.” I measc na mbuaiteoirí eile, fuair an t-aisteoir Michael B Jordan ón scannán Sinners duais an aisteora is fearr, agus ba í Autumn Durald Arkapaw an chéad bhean ariamh ar bronnadh an duais cineamatagrafaíochta uirthi, mar gheall ar a hobair ar an scannán Sinners.  Tráthnóna Dé hAoine, d’fhreastail na céadta daoine ar shochraid an cheoltóra Dolores Keane i gContae na Gaillimhe. Chuaigh an t-amhránaí ar shlí na fírinne agus í ina teach féin i nGaillimh Dé Luain seo caite, agus í 72 d’aois. Beidh cuimhne uirthi go deo mar dhuine den chór neamhaí guthanna ar an albam A Woman’s Heart ó 1992, in éineacht le Eleanor McEvoy, Mary agus Frances Black, Sharon Shannon, agus Maura O’Connell. Ba bhall bunaidh í den ghrúpa aitheanta De Danann, agus bhí ceann de na guthanna sainiúla de cheol tíre agus tráidisiúnta aici, agus tionchar ollmhór ar cheoltóirí comhaimseartha ar nós Lisa O’Neill agus Lankum. Dúirt an tAthair Gannon, cara teaghlaigh mhuintir Keane, gurb í Dolores “duine de na daoine ab umhaile ar an domhan seo” agus “Fríd an clú uilíoch seo, nár athraigh sí mar dhuine riamh.” * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script le fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS faoi dhliteanas pearsanta - personally liable cúiseamh - accusation scéinséir - thriller anord galánta - beautiful chaos neamhaí - heavenly ball bunaidh - founding member

    8 min
  3. 14 MAR

    14 Márta 2026 (Maigh Eo)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an ceathrú lá déag de mhí an Mhárta. Is mise Oisín Mac Conamhna. Ta an cogadh idir Iosrael, Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Iaráin, fós ar siúl. Ainmníodh Mojtaba Khamenei, mac an Ayatollah Ali Khamenei a maraíodh ag tús an chogaidh, mar Ardcheannaire nua na hIaráine Dé Domhnaigh. Gortaíodh é san ionsaí a mharaigh a athair, agus níl sé le feiceáil go poiblí ó shin. Léadh ráiteas in a ainm ar theilifís stáit na hIaráine Déardaoin, inar gheall sé díoltas ar son na nIaránach atá maraithe sa chogadh go dtí seo, agus mhol sé Caolas Hormuz a choiméad dúnta. De ghnáth, bíonn thart ar 25% de tháirgeadh ola an domhain á iompar tríd an gCaolas, agus tá an dúnadh ag ardú phraghas na hola agus ag cur isteach ar gheilleagar an domhain go mór. Mhaígh Khamenei gur ionsaíodh bunscoil i Minab d'aon ghnó, ina maraíodh breis agus céad go leith cailíní óga; tá fianaise láidir go raibh Stáit Aontaithe Mheiriceá freagrach as an ionsaí. Dúirt Benjamin Netanyahu, príomhaire Iosrael, nach molfadh sé árachas saoil a scríobh ar Khamenei. I Londain Dé Céadaoin, diúltaíodh an t-achomharc a thóg Seirbhís Ionchúisimh na Corónach san Ard- Chúirt i gcoinne an bhreithiúnais go raibh siad as am agus ródhéanach ag cúiseamh Liam Óg Ó hAnnaidh, an rapálaí mór le rá leis an ngrúpa Kneecap, le cion líomhaintí go raibh sé ag tacú leis an eagraíocht thoirmiscthe Hezbollah ag ceolchoirm in 2024. Dúirt Ó hAnnaidh, a úsáideann an ainm stáitse Mo Chara, gur scór a trí in aghaidh a náid atá ann do Kneecap, agus nach raibh an próiseas uilig faoin sceimhlitheoireacht in aon chur, acht faoin bPalaistín, agus dúirt sé nach mbeidh sé ina thost, nach mbeidh Kneecap ina dtost, agus nach mbeidh muintir Iarthar Bhéal Feirste ina dtost. Dúirt Seirbhís Ionchúisimh na Corónach go nglacann siad leis an mbreithiúnas, agus go ndéanfaidh siad úasdatú ar a próisis dá réir. Ta pobail ar fud Éireann agus an domhain ag ullmhú le Lá Fhéile Pádraig a cheiliúradh, agus beidh both ag Conradh na Gaeilge i Londain ar Chearnóg Trafalgar ag an bhféile amárach. In Éirinn, ainmníodh Paddy Claffey, an fear is sine sa tír, mar Ard-Mhaor na paráide i gClóirtheach, Contae Uibh Fhailí. Tá Paddy ceithre bliana is céad d’aois, agus ina thuairim tá a shaol fada mar thoradh ar bhia maith, teaghlach maith, agus an aclaíocht a mbaineann le obair chrua. Dúirt sé gur mór an onóir dó bheith ina Ard-Mhaor, agus go bhfuil sé ag súil le slua ollmhór ann. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS Caolas Hormuz - the Strait of Hormuz geilleagar an domhain - the global economy d'aon ghnó - on purpose Seirbhís Ionchúisimh na Corónach - the Crown Prosecution Service eagraíocht thoirmiscthe - proscribed organisation Ard-Mhaor - Grand Marshal

    6 min
  4. 7 MAR

    7 Márta 2026 (Tír Eoghain)

    Inniu an seachtú lá de mhí an Mhárta. Is mise Niall Ó Siadhail. Tá leithscéal déanta ag Uachtarán na hIaráine, Masoud Pezeshkian, as ionsaithe a rinneadh ar thíortha eile timpeall Mhurascaill na Peirse agus dúirt sé nach ndéanfaí ionsaí ar thír ar bith nach bhfuil ag ionsaí na hIaráine amach anseo. Tháinig an ráiteas seo i ndiaidh seachtain de chogadh san Mheánoirthear, tar éis do Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Iosrael aerionsaithe a lainseáil ar an Iaráin an deireadh seachtaine seo caite. Maraíodh an tAyatollah Khomeini sna hionsaithe, chomh maith le níos mó na míle sibhialtach, 180 cailín bunscoile san áireamh. Cáineadhan cogadh go hidirnáisiúnta, agus dhiúltaigh an Spáinn do Mheiriceá úsáid a bhaint as bunáiteanna míleata atá roinnte idir an dá thír. Tá sé ráite ag Nick Ashley-Cooper, Iarla Shaftesbury, go bhfuil sé toilteanach Loch nEathach a chur faoi úinéireacht phoiblí “saor in aisce” ach nach réiteoidh sin fadhbanna truaillithe an locha. Tá algaí gormghlasa le feiceáil ar an loch is mó in Éirinn le blianta beaga anuas, rud atá tocsaineach d’ainmhithe, mar gheall ar fhuílleach leasúcháin a úsáidtear ar fheirmeacha timpeall an locha. Dúirt Ashley-Cooper trí bliana ó shin go ndíolfadh sé an loch ar an phraghas cheart ach tá sé míshásta anois go gcuireann daoine áirithe an locht airsean agus go dtugtar “bithiúnach” air. Rinne sinsear an iarla, an Ridire Arthur Chichester, sléacht sa cheantar timpeall an locha sa seachtú haois déag, agus tá an loch an seilbh an teaghlaigh ó shin i leith. Tá Seachtain na Gaeilge faoi lán seoil agus an iliomad imeachtaí ar siúl in Éirinn agus ar fud an domhain. I measc na n-imeachtaí beidh rití páirce, seisiúin scéalaíochta, maidineacha caife, ranganna damhsa, taispeáintí scannáin, oícheanta biongó agusneart deiseanna eile an Ghaeilge a chleachtadh agus a labhairt. Is féidir an liosta iomlán imeachtaí a fheiceáil ar scéal.ie. Is iad na ceoltóirí Conor Curley ó Fontaines DC agus Róisín Seoighe ón ghrúpa IMLÉ ambasadóirí na féile i mbliana. Tiocfaidh an fhéile chun deiridh Lá Fhéile Pádraig. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS Murascaill na Peirse - the Persian Gulf sibhialtach - civilian bunáiteanna míleata - military bases bithiúnach - villain sléacht - slaughter rití páirce - park runs

    8 min
  5. 28 FEB

    28 Feabhra 2026 (Gaillimh)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-ochtú lá is fiche de mhí Feabhra. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh. Tá sé mar aidhm anois ag Conradh na Gaeilge “gníomhú i dtreo Éire Aontaithe ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta” tar éis don Ard-Fheis vótáil ar son athraithe ar bhunreacht na heagraíochta. Bhí an ócáid bhliantúil ar siúl san Óstán Europa i mBéal Feirste an deireadh seachtaine seo caite, an chéad uair a reachtáladh é sa chathair le tríocha bliain. Lá suntasach a bhí ann don eagraíocht nuair a ghlac mórchuid de na baill gur chóir go mbeadh an Conradh i lár an aonaigh maidir le deireadh a chur le críochdheighilt na hÉireann. Tagann an fógra seo ag am cinniúnach don teanga, dar leis an taighdeoir Róisín Nic Liam, a thug rabhadh go mbeidh an Gaeilge i mbaol mura n-athraíonn meon an phobail agus muid ag druidim le comhaontú na tíre. I measc na n-abhár eile a pléadh, glacadh freisin le rún a éilíonn gníomh ó Stát na hÉireann chun dul i ngleic leis an ngéarchéim tithíochta sa Ghaeltacht agus moltaí ón gConradh agus ó eagraíochtaí ar nós Bánú a chur i bhfeidhm. Bronnadh Gradam an Uachtaráin ar an ngníomhaí cearta Fergus Ó hÍr as a chuid éachtaí thar na blianta, lena n-áirítear a sheasamh in aghaidh na mBlocanna H agus a cheannaireacht ar Raidió Fáilte. Níl an dara rogha ag foireann sacair na hÉireann ach a gcluichí i Sraith na Náisiún in aghaidh Iosrael a chomhlíonadh. Sin de réir Phríomhfheidhmeannach Cumann Sacair na hÉireann (an FAI) David Courell, i ndiaidh an fhógra go n-imreofaí cluiche baile i mBaile Átha Cliath ar an gceathrú lá de mhí Dheireadh Fómhair. Tuigeann an FAI go mbeidh an cinneadh seo deacair ar go leor den lucht tacaíochta, a deir a ráiteas, ach caithfidh siad cloí le rialacha UEFA nó glacadh leis an mbaol dícháilithe. Thacaigh gnáthbhaill FAI roimhe seo le rún ag iarraidh go gcuirfí Iosrael ar fionraí ó chomórtais UEFA mar gheall ar an gcinedhíothú sa Phalaistín. Bhí ráflaí ann go n-imreofaí an cluiche thar lear, ag cur san áireamh an teannas idir an dá thír agus an imní faoi chúrsaí slándála. Tuigtear, áfach, go bhfuil na Gardaí sásta nach mbeidh aon fhadhb ann. Níl a fhios fós cad a dhéanfaidh daoine mar fhreagra, ach is féidir a bheith ag súil le baghcat nó le hagóid ag an Staid Aviva ar an oíche. Tá Seachtain na Gaeilge 2026 beagnach buailte linn, agus chun an ócáid ​​a cheiliúradh, beidh dhá scannán as Gaeilge le feiceáil i bpictiúrlanna ar fud na hÉireann. Beidh lucht féachana Cúla4 ar bís faoi fhilleadh carachtair bhuí áirithe ar an scáileán mór sa scannán beochana SpongeBob: Cá Bhfuil SquarePants? San eachtra nua seo, caithfidh SpongeBob a chrógacht a chruthú dá leathbhádóir, an tUasal Krabs, agus an bheirt acu sa tóir ar thaibhse fíochmhar. Más rud é go bhfuil tú ag lorg rud eicínt níos dorcha, áfach, is féidir leat dul chuig Báite, scéal noir atá suite sna seachtóidí, ina dtagann rúin ghránna chun solais tar éis corp a fháil i loch. Ba é Ruán Magan, deartháir Manchán, a stiúir an scannán, bunaithe ar an úrscéal The Lake, le script ón údar céanna, Sheena Lambert. Tá ardmholadh faighte ag Báite on eagarthóir coimisiúnaithe TG4, Máire Ní Chonláin, a deir go bhfuil sé “fréamhaithe go domhain in áit agus i gcarachtair”, le béim láidir ar shaibhreas scéalaíochta na Gaeilge. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS críochdheighilt - partition rún - resolution baol dícháilithe - risk of disqualification ar fionraí - suspended leathbhádóir - partner eagarthóir coimisiúnaithe - commissioning editor

    9 min
  6. 21 FEB

    21 Feabhra 2026 (An Dún)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-aonú lá is fiche de mhí Feabhra. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Gabhadh Andrew Mountbatten-Windsor as mí-iompar in oifig phoiblí an tseachtain seo. Ghabh Póilíní Ghleann na Tamaise an t-iarphrionsa ina theach cónaithe ar Eastát Sandringham in Norfolk in oirthear Shasana ag 8 a chlog maidin Déardaoin. Tá roinnt áitreabh de chuid an iarphrionsa á gcuardach ag na póilíní, an áit a mbíodh cónaí air in Windsor ina measc. Baineann an scéal lena bhfuil i ríomhphoist a líomhnaitear a sheol Mountbatten-Windsor agus ciontóir gnéis Jeffrey Epstein chuig a chéile – i measc cáipéisí eile – agus ar foilsíodh go leor acu le gairid. Bhí Mountbatten-Windsor ina ionadaí speisialta trádála agus infheistíochta ag Rialtas na Breataine idir 2001 agus 2011 agus líomhnaítear gur thug sé eolas a bhí faoi rún do Jeffrey Epstein – ar infheisteoir proifisiúnta é – i gcaitheamh an achair sin. Chomh maith leis an líomhain sin, tá sé tugtha le fios ag póilíní Ghleann na Tamaise go bhfuil siad ag breathnú ar líomhain gur sheol Epstein bean óg go Sasana le mianta collaí an iarphrionsa a shásamh. Is é Mountbatten-Windsor an t-ochtú duine i líne chomharbais na Breataine.Tá Rialtas na hÉireann aontaithe go foirmiúil go n-oibreoidh siad go gníomhach le ballstáit an Aontais Eorpaigh chun roghanna a iniúchadh le srianta aoise a thabhairt isteach ar úsáid na meán sóisialta, ag díriú go háirithe ar dhaoine faoi bhun 16 bliana d'aois. Beidh Éire ag abhcóideacht go láidir anois ar son cinneadh maidir le haois úsáide na meán sóisialta a dhéanamh ar leibhéal an Aontais Eorpaigh ach tá sé ráite fosta go ngníomhóidh sí go náisiúnta más gá. Tá 'Straitéis Dhigiteach agus Intleacht Shaorga' nua á plé ag airí an Rialtais. Cuirfidh an plean seo béim láidir ar shábháilteacht ar líne agus féachfaidh sé ar shrianadh a chur ar na meáin shóisialta do dhaoine óga trí fhíorú aoise. Mar sin féin, tá rabhaidh ann go gcaithfear é seo a dhéanamh le stáit eile an AE chun a sheachaint go gcuirfidh na cúirteanna deireadh leis. Tuigtear go bhfuil Éire aontaithe leis an Fhrainc ar an cheist seo, agus go bhfuil sé mar phlean acu reachtaíocht a thabhairt isteach ar dtús agus an córas fíoraithe aoise á fhorbairt amach anseo. Ní hé seo ach ceann amháin de 90 beart sa straitéis nua a bhfuil sé mar aidhm aici mol digiteach idirnáisiúnta a dhéanamh d'Éirinn le coimircí rialála láidre.Tá An Post ag déanamh ceiliúradh ar gheansaithe cáiliúla Árann agus stampaí nua seolta acu an tseachtain seo caite. Beidh stampa náisiúnta agus idirnáisiúnta ar fáil agus dhá dhearadh ar leith leis an mhaisitheoir Sally Caulwell orthu. Ar an stampa náisiúnta, léirítear na bioráin chniotála agus an ceirtlín olla agus an geansaí á chniotáil. Ar an stampa idirnáisiúnta, tá an geansaí críochnaithe le feiceáil. Deir An Post go dtugtar “léargas ar an cheird féin” sna stampaí agus go gcuirfidh siad “sárcheardaíocht na hÉireann os comhair an domhain mhóir”. “Tá geansaithe Árann fite fuaite i saol na hÉireann le glúnta anuas. Ceiliúrann an tsraith stampaí seo oidhreacht shaibhir na n-oileán agus an scil a bhaineann leis an gceardaíocht. Léiríonn sí freisin an spéis leanúnach atá ag lucht faisin idirnáisiúnta i bhfaisin atá inbhuanaithe agus buan,” a dúirt Julie Gill ó An Post. “Tá borradh úr faoin stíl arís anois, agus lúthchleasaithe na hÉireann ag caitheamh earraí cniotála traidisiúnta Árann ag Cluichí Oilimpeacha an Gheimhridh in Milano agus Cortina faoi láthair. “Cuireann an eisiúint seo béim shoiléir ar fhaisean inbhuanaithe. Déantar geansaithe Árann as olann atá 100% nádúrtha agus in-bhithmhillte – rogha bhuan i gcoinne an fhaisin thapa,” a dúirt urlabhraí eile ó An Post. Póilíní Ghleann na Tamaise - Thames Valley Police mianta collaí - sexual desires líne chomharbais - line of succession fíorú aoise - age verification bioráin chniotála - knitting needles olann - wool

    8 min
  7. 14 FEB

    14 Feabhra 2026 (Ard Mhacha)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an ceathrú lá déag de mhí Feabhra. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin. Maraíodh naonúr in eachtra mhór lámhaigh in Tumbler Ridge, British Columbia Dé Máirt. Maraíodh seachtar acu i meánscoil an bhaile. Fuarthas seisear marbh sa scoil, agus fuair duine eile bás ar an bhealach chuig an ospidéal. Fuarthas beirt eile marbh i dteach sa bhaile a bhí ceangailte leis an eachtra. Gortaíodh 27 duine eile, agus bhí beirt acu gortaithe go dona. D'eisigh na póilíní fógra faoi lámhachóir gníomhach. Dúirt siad gur aimsíodh an duine a bhí faoi amhras marbh sa scoil. Tá na póilíní fós ag cuardach tithe eile sa cheantar. Is baile beag iargúlta é Tumbler Ridge agus thart ar 2,400 duine ina gcónaí ann. Tá timpeall 160 dalta sa mheánscoil. Dúnadh an scoil don chuid eile den tseachtain. Dúirt oifigigh gur tháinig na póilíní laistigh de dhá nóiméad i ndiaidh an ghlao. Léirigh ceannairí Cheanada brón agus comhbhrón leis na teaghlaigh. Dúirt siad gur tubaiste uafásach é seo. Tá an lámhach seo ar cheann de na hionsaithe is measa i stair Cheanada. Bhuaigh an lúthchleasaí Ioruach Sturla Holm Laegreid bonn cré-umha sna Cluichí Oilimpeacha Geimhridh, ach tarraingíodh aird mhór air nuair a d'admhaigh sé go poiblí nach raibh sé dílis dá chailín. Dúirt an fear, atá 28 bliain d'aois, gur bhuail sé le "grá a shaoil" sé mhí ó shin, ach gur rinne sé botún mór trí mhí ó shin. D'inis sé di faoin fheall seachtain roimh an rás, agus dúirt sé gurbh í an tseachtain ba mheasa dá shaol í. Dúirt sé gur shocraigh sé an fhírinne a insint go poiblí mar ní raibh sé ag iarraidh rún a choinneáil, agus tá súil aige go dtabharfaidh sí seans eile dó. Níos déanaí, dúirt sé go raibh sé buartha gur chuir a admháil isteach ar lá mór a chomrádaí foirne a bhuaigh an bonn óir. Dúirt sé go bhfuil aiféala mór air agus go nglacann sé freagracht as a bhotún. Tá Parlaimint an Aontais Eorpaigh tar éis iasacht €90 billiún a cheadú don Úcráin, ceithre bliana i ndiaidh thús ionradh na Rúise. Clúdóidh an iasacht cuid mhór de riachtanais airgeadais na hÚcráine do 2026 agus 2027. Úsáidfear thart ar €60 billiún chun airm a cheannach, agus an chuid eile chun tacú leis an bhuiséad ginearálta. Ní bheidh ar an Úcráin an t-airgead a aisíoc go dtí go n-íocfaidh an Rúis as an damáiste ón chogadh. Íocfaidh an tAontas Eorpach na costais úis. Faoin chomhaontú, is féidir leis an Úcráin roinnt arm a cheannach ó thíortha lasmuigh den Aontas Eorpach, mar shampla ó na Stáit Aontaithe, mura féidir leis an Aontas Eorpach iad a sholáthar go gasta. D'fhéadfadh tíortha ar nós na Ríochta Aontaithe tairbhe a bhaint as seo freisin, ag brath ar chomhaontú faoi chostais na hiasachta. D'fhéadfadh an chéad íocaíocht teacht i mí Aibreáin. Idir an dá linn, mharaigh ionsaí le drón ón Rúis athair agus triúr páistí óga i réigiún Kharkiv. Dúirt an Úcráin gur lámhachadh síos formhór de na 129 drón a seoladh thar oíche. Deir an dá thaobh nach ndíríonn siad ar shibhialtaigh sa chogadh, a thosaigh le hionradh na Rúise in 2022. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS eachtra lámhaigh - shooting incident an duine a bhí faoi amhras - the suspect Ioruach - Norwegian feall - betrayal iasacht - loan sibhialtaigh - civilians

    9 min
  8. 7 FEB

    7 Feabhra 2026 (Baile Átha Cliath)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an seachtú lá de mhí Feabhra. Is mise Liam Ó Brádaigh. An tseachtain seo, d’éirigh Peter Mandelson as Páirtí an Lucht Oibre agus as Teach na dTiarnaí sa Ríocht Aontaithe mar gheall ar a chuid nasc leis an maoinitheoir péidifileach, Jeffrey Epstein. Tá na póilíní ag fiosrú líomhaintí mí-iompair in oifig phoiblí, tar éis do ríomhphoist i gcomhaid Epstein a thug le fios gur chuir Mandelson faisnéis íogair margaidh ar aghaidh chuig Epstein nuair a bhí sé ina rúnaí gnó le linn na géarchéime airgeadais in 2009. Tá leithscéal gafa ag an bPríomh-Aire Keir Starmer le híospartaigh Jeffrey Epstein as “bréaga” an Tiarna Mandelson a chreidiúint agus as é a cheapadh mar ambasadóir na Ríochta Aontaithe sna Stáit Aontaithe. Rinneadh ceiliúradh ar chaoga bliain den iris cheoil Éireannach Hot Press Dé hAoine, le ceolchoirm speisialta sa 3Arena. I measc na gceoltóirí bhí Van Morrison, The Boomtown Rats, Clannad, Damien Dempsey, agus iar-uachtarán agus colúnaí fadtréimhseach Hot Press, Michael D. Higgins. Tá stair fhada ag Hot Press maidir le ceoltóirí Éireannacha a chur chun cinn. Díoladh an chéad eagrán i mí an Mheithimh 1977 ag féile Rac-Cheoil Mhic Chromtha.  Dúirt Niall Stokes, duine de bhunaitheoirí na hirise, gur leag siad amach ar dtús "iris a fhoilsiú a chuirfeadh dúshlán ar an dearcadh nach raibh fiúntas ealaíonta ag baint leis an bpopcheol." Tá turas i dTuaisceart Éireann críochnaithe ag an Uachtarán, Catherine Connolly. Is í seo an chéad turas oifigiúil dá cuid trasna na teorann ó bhuaigh sí an toghchán Uachtaránachta, ag comhlíonadh gealltanas toghcháin go mbeadh Tuaisceart Éireann ina chéad cheann scríbe oifigiúil. Le linn a hóráide in Ollscoil Uladh tráthnóna Dé Céadaoin, dúirt Connolly go bhfuil “ceacht” Thuaisceart Éireann “ag éirí níos tábhachtaí agus níos suntasaí” i "ndomhan atá, ar an drochuair, níos mó agus níos mó faoi chogadh agus míleatachas".  * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS maoinitheoir - financier faisnéis íogair - sensitive information colúnaí fadtréimhseach - longterm columnist fiúntas ealaíonta - artistic worth ceann scríbe - destination míleatachas - militarism

    4 min

About

Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. The week's main news stories, read slowly in Irish.

You Might Also Like