Seachtain

Scéalta, Eolas, Tuairimí; An Indo as Gaeilge. 

  1. 10 sep

    ‘Bhí na fóin phóca ag bualadh sa rubble thíos fúm’: Cuimhní ó 9/11

    Ba é an t-ionsaí ba mharfaí i stair Mheiriceá. Ar an 11ú lá de mhí Mheán Fómhair 2001, bhuail dá eitleán isteach sna Twin Towers in Manhattan, Nua Eabharc. Bhí na mílte duine ag obair iontu ag an am. Tharla na hionsaithe i gcroílár na cathrach a ba ghnóthaí sa tír, ar ghnáthlá oibre, gan aon rabhadh. Maraíodh beagnach trí mhíle duine sa tubaiste a thit amach. Chonaic milliúin de dhaoine an t-uafás seo ag titim amach beo ar an teilifís. Spreag na hionsaithe cogaí san Afganastáin agus in Iaráic. Chuaigh SAM sa tóir ar cheannaire Al-Qaeda Osama bin Laden go láithreach agus mhair an toraíocht i bhfad. D’athraigh imeachtaí 9/11 slándáil an aerthaistil ar fud an domhain go deo. Anois, 25 bliana ar aghaidh ó ionsaíodh an tIonad Trádála Domhanda, cad é an lorg a d'fhág 9/11 orainn? Ar Seachtain tugann Pearse O’Reilly a chuntas pearsanta féin den lá tragóideach sin agus faoin tionchar a bhí a bhí ag 9/11 ar Nua Eabhrac ina dhiaidh sin. Foclóir: Greanta: Engraved Eispéireas: Experience Mí-ádh: Misfortune Dúshlán: Challenge Sa deireadh thiar thall: Eventually Greamaithe: Stuck Ionsaí sceimhlitheoireachta: Terror attack Faitíos: Fear Smionagar: Rubble Tubaiste: Carnage Deatach: Smoke Ganntanas: A lack of Misneach: Courage Gaolta: Relatives Cogadh Domhanda: World War Uafás: Horror Sáinnithe: Stranded See omnystudio.com/listener for privacy information.

    ‘Bhí na fóin phóca ag bualadh sa rubble thíos fúm’: Cuimhní ó 9/11
  2. 19 ago

    Stair Bhéal Feirste: ‘Stair a mhúnlaigh mo mhuintir’ - Séamus Ó Tuama

    Tar éis bás a athar, gheall Séamus Ó Tuama go gcríochnódh sé féin an leabhar a bhí tosaithe ag a dhaid, Diarmuid. Leabhar ar stair Bhéal Feirste atá ann ó pheirspictíocht phoblachtánach, le scéal muintir Uí Thuama féin agus an t-eispéireas a bhí acu féin fite fuaite le stair chorraitheach na cathrach féin. Leanann an leabhar turas na clainne, ó fhear óg Corcaíoch a bhog ó thuaidh i ndiaidh an Ghorta Mhóir, tríd na pogroms le linn na 1920ídí, agus na Trioblóidí a lean, go dtí Séamus agus a hathair Diarmuid agus an ról a bhí acu i réabhlóid na Gaeilge sa chathair. Bhí an-aithne ag Gaeil Bhéal Feirste ar mhuintir Uí Thuama, go háirithe mar gheall ar obair Dhiarmuid mar phríomhoide Bhunscoil Phobal Feirste, an chéad scoil lán-Ghaeilge i dTuaisceart Éireann. Ar Seachtain, labhraíonn Séamus Ó Tuama faoina leabhar úr ‘Béal Feirste: Belfast’ agus faoin saol sa chathair a mhúnlaigh a mhuintir. Cé gur scéal é atá lán de choimhlint agus de thráma thar na glúnta, feiceann Séamus toradh dearfach sa lá atá inniu ann i bhfoirm na hathbheochana cultúrtha agus teanga atá ag bláthú i mBéal Feirste. Foclóir: Dornán de pháistí: A handful of children Obair dheonach: Voluntary work Tiomsú airgid: Fundraising Cinnteacht: Certainty D’fhág sé a lorg: He left his mark Leac uaighe: Gravestone Borb: Abrupt Fréamhaithe: Rooted Do shinsir: Your ancestors Cartlann mhíleata: Military archives Críochdheighilt: Partition A shin-seanathair: His great-grandfather Ceannaire: Leader Dearfach: Positive Saorstát: Free state Scoilt: Divide Creatlach: Framework Bearna: A gap *Suirbhé le haghaidh deis dearbhán 500 euro One4All a bhuachaint: Téigh chuig mypodcastfeedback.com agus cur an cód ‘POD’ isteach.* See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Stair Bhéal Feirste: ‘Stair a mhúnlaigh mo mhuintir’ - Séamus Ó Tuama

Acerca de

Scéalta, Eolas, Tuairimí; An Indo as Gaeilge. 

Más de Irish Independent

También te podría interesar