Learn Irish with daily podcasts

V H

Short sentences with English translations

  1. May 30

    20260530_IRISH__ionsai_ar_ionad_stiurtha_dron_i_ndeisceart_na_hiaraine

    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2ba7sqej Contact: irishlingos@gmail.com Attack on a drone control center in southern Iran. Ionsaí ar ionad stiúrtha drón i ndeisceart na hIaráine. A US government spokesman has confirmed that the American air force attacked a drone control center belonging to Iranian military forces in the Strait of Hormuz overnight. Tá sé deimhnithe ag urlabhraí ó Rialtas na Stát Aontaithe gur ionsaigh aerfhórsa Mheiriceá ionad stiúrtha drón le fórsaí míleata na hIaráine i gCaolas Hormuz i gcaitheamh na hoíche. The spokesman said the Americans also shot down four drones when they attacked the base in the port of Bandar Abbas. Dúirt an t-urlabhraí gur chuir na Meiriceánaigh ceithre dhrón go talamh chomh maith nuair a d’ionsaigh siad an bhunáit i gcalafort Bandar Abbas. In retaliation, as they themselves said, Iranian forces attacked a military base belonging to the United States. Ina éiric sin, mar a dúirt siad féin, d’ionsaigh fórsaí na hIaráine bunáit mhíleata leis na Stáit Aontaithe. Although the Iranians did not say which base was attacked, authorities in Kuwait have indicated that several missiles and drones were fired at that country. Cé nach ndúirt na hIaránaigh cén bhunáit go baileach (which base exactly) a ionsaíodh, tá sé tugtha le fios ag na húdaráis i gCuáit gur scaoileadh roinnt diúracán agus drón leis an tír sin. Officially, a ceasefire has been in place in the region since the beginning of April, but it is unclear what direction it is heading – whether it will be consolidated or fall apart – especially since US President Donald Trump has often and simultaneously played both sides of the fence in relation to it. Go hoifigiúil, tá sos comhraic i bhfeidhm sa réigiún ó thús an Aibreáin ach níl sé soiléir cén treo atá faoi – an ndaingneofar é nó an dtitfidh sé as a chéile – go háirithe ó tá an dá phort ag Uachtarán Mheiriceá Donald Trump go minic agus ag an am céanna i ndáil leis. The price of oil has risen again on international markets in light of the latest attacks after falling 5% yesterday. Tá praghas ola ardaithe arís ar na margaí idirnáisiúnta i bhfianaise na n-ionsaithe is deireanaí tar eis dó titim 5 faoin gcéad inné. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

    7 min
  2. May 22

    20260522_IRISH__ardu_14%_ar_an_lion_daoine_difhostaithe_o_thus_na_bliana

    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/yl4lp9em Contact: irishlingos@gmail.com A 14% increase in the number of unemployed people since the beginning of the year. Ardú 14 faoin gcéad ar an líon daoine dífhostaithe ó thús na bliana. The number of people unemployed in the State increased by more than 14% in the first quarter of the year compared to the same quarter last year, according to new figures from the Central Statistics Office. Tháinig ardú de bhreis agus 14 faoin gcéad ar an líon daoine a bhí dífhostaithe sa Stát sa chéad ráithe den bhliain i gcomparáid leis an ráithe chéanna anuraidh, de réir figiúirí nua ón bPríomh-Oifig Staidrimh. 141,800 people were unemployed in the first three months of 2026, an increase of 17,600 from last year, and brings the unemployment rate to 4.9%. 141,800 duine a bhí dífhostaithe sa chéad trí mhí de 2026, sin ardú de 17,600 ó anuraidh, agus fágann sé gur 4.9 faoin gcéad atá sa ráta dífhostaíochta. More than any other sector, the information and communications sector saw the largest drop in employment – 20,300 fewer than last year, a drop of 10.7%. Thar aon earnáil eile, ba san earnáil faisnéise agus cumarsáide bhí an titim ba mhó sa líon fostaithe – 20,300 níos lú ná anuraidh, ar titim de 10.7 faoin gcéad é sin. 80% of those people were programmers and consultants, according to the figures. Ríomhchláraitheoirí agus comhairleoirí ab ea 80 faoin gcéad de na daoine sin, de réir na bhfigiúirí. Conversely, the number of people employed also increased in the first quarter of the year. Os a choinne sin, tháinig ardú chomh maith ar an líon daoine a bhí fostaithe sa chéad ráithe den bhliain. It was a very small increase, 400 people, and it leaves 2,794,500 people employed in the State in the first three months of 2026. Ardú an-bheag a bhí ann, 400 duine, agus fágann sé go raibh 2,794,500 duine fostaithe sa Stát sa chéad trí mhí de 2026. Since it is such a small increase, statisticians do not include it as a percentage. Ós ardú chomh beag sin é, más ea, ní áiríonn lucht staidrimh é go céatadánach. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

    7 min
  3. May 20

    20260520_IRISH__gan_aon_sceala_fos_o_ghniomhaithe_ata_togtha_ag_forsai_iosrael

    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/27mnh3du Contact: irishlingos@gmail.com No news yet from activists captured by Israeli forces. Gan aon scéala fós ó ghníomhaithe atá tógtha ag fórsaí Iosrael. It is understood that no one in this country has received any news from any of the activists from a humanitarian aid flotilla detained by Israeli military forces in the Mediterranean. Tuigtear nach bhfuil scéala faighte ag aon duine sa tír seo ó aon duine de na gníomhaithe ó loingeas cabhrach daonnúla atá faoi choinneáil ag fórsaí míleata Iosrael sa Mheánmhuir. The Israelis intercepted over twenty boats from the aid fleet in the eastern Mediterranean yesterday and have taken the approximately 400 people who were on board those boats. Tháinig na hIosraelaigh roimh os cionn dhá scór bád ón loingeas cabhrach in oirthear na Meánmhara inné agus tá an tuairim is 400 duine a bhí ar bord na mbád sin tógtha acu. It seems that ten more boats are still heading towards Gaza. Is cosúil go bhfuil deich mbád eile ag tabhairt aghaidh ar Gaza i gcónaí. A number of Irish citizens are part of the fleet and Dr. Margaret Connolly, sister of the late President Catherine Connolly, is one of those captured by the Israelis. Tá roinnt saoránach de chuid na hÉireann páirteach sa loingeas agus tá an Dr Margaret Connolly, deirfiúr leis an Uacharán Catherine Connolly, ar dhuine den dream a ghabh na hIosraelaigh. Taoiseach Micheál Martin has condemned the Israelis’ actions in international waters and has called for the immediate release of the hostages. Tá a bhfui déanta ag na hIosraelaigh in uiscí idirnáisiúnta cáinte ag an Taoiseach Micheál Martin agus d’éiligh sé na géibheannaigh a scaoileadh saor láithreach. The vessel closest to Gaza, the Sirius, was 145 nautical miles from its destination, according to the group in Ireland to which the activists are affiliated. An soitheach ba ghaire do Gaza, an Sirius, bhí sí 145 muirmhíle ó cheann scríbe, dar leis an ngrúpa in Éirinn a bhfuil na gníomhaithe bainteach leis. In a statement, Israel’s foreign ministry said that no one would (not) be allowed to breach the naval blockade they are imposing on Gaza, which the Israelis say is a “legal” blockade. I ráiteas, dúirt roinn gnóthaí eachtracha Iosrael nach gceadófaí d’aon dream an léigear mara atá siad a dhéanamh ar Gaza a shárú, ar léigear “dleathach” é, dar leis na hIosraelaigh. The Israeli navy has a habit of taking people they capture to the port of Ashdod in Israel and deporting them from the country shortly thereafter. Tá sé de nós ag cabhlach Iosrael daoine a thógann siad a thabhairt go calafort Aisdeod in Iosrael agus iad a dhíbirt as an tír go gairid ina dhiaidh sin. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

    8 min
  4. May 12

    20260512_IRISH__hantaivireas:_saineolaithe_dochasach_nach_mbeidh_raig_eile_ann

    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/25revzkx Contact: irishlingos@gmail.com Hantavirus: experts optimistic there won’t be another outbreak. Hantaivíreas: saineolaithe dóchasach nach mbeidh ráig eile ann. The World Health Organization has confirmed that nine people have the virus and two others are showing symptoms of the disease. Tá sé dearbhaithe ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte go bhfuil an hantaivíreas ar naonúr agus go bhfuil siomptóim an ghalair ar bheirt eile. It is understood that all eleven of these cases are related to the cruise ship Hondius which had an outbreak of the disease. Tuigtear go mbaineann gach aon cheann den aon chás déag sin leis an long chrúsála an Hondius a raibh ráig den ghalar uirthi. The head of the World Health Organization, Tedros Adhanom Ghebreyesus, said that unfortunately this is not the end of the story and that it is likely that more passengers from that ship will become ill in the coming days. Ceannaire na hEagraíochta Domhanda Sláinte, Tedros Adhanom Ghebreyesus, dúirt sé nach é sin deireadh an scéil ar an drochuair agus gurb é is dóichí go n-éireoidh tuilleadh paisinéirí ón long sin tinn sna laethanta amach romhainn. On the contrary, he said, there is currently no likelihood of an outbreak of the disease anywhere else. Os a choinne sin, arsa sé, níl aon chosúlacht ar an scéal faoi láthair go mbeidh ráig den ghalar in aon áit eile. On the other hand, however, he said, another outbreak cannot be ruled out because the anti-virus is a virus that lies dormant for a while before reaching a peak of development. Os a choinne sin arís, áfach, a dúirt sé, ní féidir ráig eile a chur as an áireamh mar gur vireas é an hantaivíreas a tholgann faoi go ceann scaithimh sula dtagann barr forbartha air. The World Health Organization advises people with the disease to quarantine for six weeks and Tedros Adhanom Ghebreyesus said that most of the countries involved are currently adhering to that advice. Comhairlíonn an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte do dhaoine a bhfuil an galar orthu coraintín sé seachtaine a dhéanamh agus dúirt Tedros Adhanom Ghebreyesus go bhfuil bunáite na dtíortha atá i gceist an uair seo ag cloí leis an gcomhairle sin. The head of the Centers for Disease Control and Prevention in the United States, Jay Bhattacharya, said, however, that the same advice might not be applied in that country. An té atá i gceannas ar an Lárionad um Ghalair a Chosc agus a Rialú sna Stáit Aontaithe, Jay Bhattacharya, dúirt seisean, ámh, go mb’fhéidir nach gcuirfí an chomhairle chéanna i bhfeidhm sa tír sin. Two Irish women were among the passengers aboard the Hondius. Bhí beirt bhan as Éirinn i measc na bpaisinéirí a bhí ar bord an Hondius. They are now at home and are said to be in good health. Tá siad sa bhaile anois agus deirtear go bhfuil siad i ndea-shláinte. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

    8 min
  5. Apr 29

    20260429_IRISH__athru_aeraide:_an_eoraip_is_treine_ata_ag_teamh

    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/23m9ybod Contact: irishlingos@gmail.com Climate change: Europe is warming the most. Athrú aeráide: an Eoraip is tréine atá ag téamh. Europe is warming, or being warmed by humans, more than any other continent on the planet, says a new international report on climate change. Is í an Eoraip thar aon ilchríoch eile den chruinne is tréine atá ag téamh, nó á téamh ag an duine, a deirtear i dtuarascáil nua idirnáisiúnta faoi athrú aeráide. Every decade for thirty years, Europe has seen an average temperature increase of 0.56 degrees, a rate that is twice as strong as the rest of the world. Gach deich mbliana le tríocha bliain, bhí meánardú de 0.56 céim ar an teocht san Eoraip, ráta atá dhá oiread níos tréine ná an chuid eile den domhan. This means that the temperature in Europe increased by 1.68 degrees during those years. Fágann sin gur ardú de 1.68 céim a tháinig ar an teocht san Eoraip i gcaitheamh na mblianta sin. However, temperatures are rising even faster in the Arctic region – 0.75 degrees every decade. Is tréine fós atá an teocht ag ardú i réigiún an Artaigh, áfach – 0.75 céim gach deich mbliana. The result of this catastrophic change is warmer air, warmer seas, melting ice, drier land, the destruction of nature and the disappearance of all the shadows on which all beings live. Is é an toradh atá ar an athrú tubaisteach seo aer níos teo, farraigí níos teo, leá oighir, talamh níos tirime, scriosadh dúlra agus dul i léig gach aon cheann de scátha a chéile a maireann gach aon neach orthu. The details are in the annual report published by the European Centre for Medium-Range Weather Forecasts and the World Meteorological Organization. Tá na mionsonraí sa tuarascáil bhliantúil a d’fhoilsigh an Lárionad Eorpach do Réamhaisnéisí Aimsire Meánraoin agus an Eagraíocht Dhomhanda Meitéareolaíochta. In addition to the report’s doomsday predictions, it also highlights the positive side of the situation. Chomh maith le tuar tubaiste na tuarascála, tarraingítear aird ann ar an gcor dearfach. The progress made in Europe regarding renewable energy is said to be a hopeful forecast. Tuar dóchais, a deirtear, is ea an dul chun cinn atá déanta san Eoraip maidir le fuinneamh in- athnuaite. In 2025, 46.4% of Europe’s electricity supply will be generated from renewable sources. In 2025, is ó fhoinsí in-athnuaite a gineadh 46.4 faoin gcéad de sholáthar leictreachais na hEorpa. These sources were mainly wind, water and sun. Gaoth, uisce agus grian is mó a bhí sna foinsí sin. 27.5% of electricity supply was generated from fossil fuels, a significant decrease over thirty years. Ó bhreoslaí iontaise a gineadh 27.5 faoin gcéad den soláthar leictreachais, ar laghdú suntasach é sin le tríocha bliain. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

    9 min
  6. Apr 17

    20260417_IRISH__an_t-amhranai_mor_le_ra_moya_brennan_tar_eis_bhais

    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2dgmvzon Contact: irishlingos@gmail.com Legendary singer Moya Brennan has died. An t-amhránaí mór le rá Moya Brennan tar éis bháis. Northwest Reporter The famous singer from the Donegal Gaeltacht, Moya Brennan, has died. Tuairisceoir an Iarthuaiscirt Tá an t-amhránaí cáiliúil as Gaeltacht Dhún na nGall Moya Brennan tar éis bháis. She was 73 years old and had been ill for some time. Bhí sí 73 bliain d’aois agus bhí sí tinn le tamall. Máire Ní Bhraonáin first achieved fame as the lead singer and harpist with the group Clannad from Dobhar in Gaoth Dobhair. Bhain Máire Ní Bhraonáin cáil amach ar an chéad dul síos mar phríomhamhránaí agus mar chláirseoir leis an ghrúpa Clannad as Dobhar i nGaoth Dobhair. Máire was the eldest of nine children – Clannad – who took music seriously since 1970. Ba í Máire an duine ba shine de naonúr clainne – Clannad – a chuaigh leis an cheol go dáiríre ó 1970. She, her sister Eithne (Enya) and her brothers captivated millions with their modern versions of Irish music before taking to the international stage and singing English songs. Chuir sí féin, a deirfiúr Eithne (Enya) agus a deartháireacha na milliúin faoi gheasa lena leaganacha nua-aimseartha ar cheoltaí Gaeilge sular thug siad faoin stáitse idirnáisiúnta agus faoi amhráin Bhéarla. It was their own Irish language song they recorded for the television series Harry’s Game in 1982 that introduced them to the wider world outside of Ireland. Ba é a n-amhrán Gaeilge féin a thaifead siad faoi choinne na sraithe teilifíse Harry’s Game i 1982 a chuir in aithne iad don saol mór taobh amuigh d’Éirinn. “The east and the west, which have always come, the moon and the sun will go… “Imeoidh soir is siar, a dtáinig ariamh, an ghealach is an ghrian … ” – part of the significance of those lyrics and Máire’s magical voice together. ” – cuid suntais na liricí sin agus guth draíochtúil Mháire in éineacht. From a young age, Máire was involved in music at home with her mother Máire Ní Dhúgáin, later in dance halls and in her father’s pub, Leo Brennan, and in local gigs in Gaoth Dobhair. Ó bhí Mháire ina girseach bheag bhí sí ag gabháil cheoil sa bhaile lena máthair Máire Ní Dhúgáin, níos moille i hallaí damhsa agus i dteach tábhairne a hathar, Leo Brennan, agus i ngeamaireachtaí áitiúla I nGaoth Dobhair. Much later, she recorded music with some of the greatest performers of her time, such as Bono and Shane MacGowan. I bhfad ina dhiaidh sin, thaifead sí ceol i gcuideachta roinnt de mhóroirfidigh a linne, leithéidí Bono agus Shane MacGowan. She recorded a total of 25 albums – with Clannad and on her own – and sold 20 million of them. 25 albam san iomlán a thaifead sí – le Clannad agus ina haonar – agus díoladh 20 milliún acu. In the Year of the Millennium, she sang her song Perfect Time on World Youth Day in Rome in front of Pope John Paul II and two million pilgrims. I mBliain na Mílaoise, cheol sí a hamhrán Perfect Time ar Lá Domhanda na hÓige sa Róimh os comhair an Phápa Eoin Pól II agus dhá mhilliún oilithreach. Her voice can also be heard on major films such as Titanic, King Arthur and To End All Wars. Tá a guth le cluinstin fosta ar scannáin mhóra mar Titanic, King Arthur agus To End All Wars. Since 2007, Moya has performed in the female group T with the Maggies with Mairéad Ní Mhaonaigh and Maighread and Tríona NÍ Dhomhnaill. Ó 2007, sheinn Moya sa ghrúpa ban T with the Maggies le Mairéad Ní Mhaonaigh agus Maighread agus Tríona NÍ Dhomhnaill. Since 2013 she has returned to harp music with a new traditional group. Ó 2013 phill sí ar cheol na cláirsí le buíon úr traidisúnta. Moya often donated her musical talents free of charge to causes and charities close to her heart, including the families of the Creeslough disaster in her own county. Ba mhinic a bhronn Moya a bua féin ceoil in aisce ar lucht cúise agus ar chumainn charthanachta a bhí gar dá croí, teaghlaigh thubaiste an Chraoslaigh ina contae féin ina measc. In 2023, Máire was awarded the Donegal Personality of the Year Award and the following year Donegal County Council awarded her and Clannad the freedom of the county for their contributions to music and the Irish language. In 2023, bronnadh Gradam Phearsa Dhún na nGall ar Mháire agus an bhliain dar gcionn bhronn Comhairle Contae Dhún na nGall saoirse an chontae uirthi féin agus ar Chlannad as a raibh déanta acu ar son an cheoil agus na Gaeilge. She is survived by her husband and manager Tim Jarvis and their two children Paul and Aisling. Maireann a fear céile agus a bainisteoir Tim Jarvis agus a mbeirt chlainne Paul agus Aisling.

    14 min
  7. Apr 11

    20260411_IRISH__imhsuite,_scuaini,_tranglam_trachta_ar_an_4u_la_den_agoid_breosla

    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/24yy296s Contact: irishlingos@gmail.com Blockades, queues, traffic jams on the 4th day of the fuel protest. Imhsuite, scuainí, tranglam tráchta ar an 4ú lá den agóid breosla. There are now fuel shortages in many places due to the blockades in place at fuel storage facilities in Limerick and Galway and at the Whitegate refinery in Cork, the only one in the State. Tá ganntananas breosla ina lán áiteanna anois de bharr an imshuí atá ar bun ag ionaid stórála breosla i Luimneach agus i nGaillimh agus ag scaglann an Gheata Bháin i gCorcaigh, an t-aon cheann sa Stát. Petrol station operators are predicting that 500 locations will be without any fuel tonight. Tá lucht na ngaráistí peitril ag tuar go mbeidh 500 ionad gan aon bhreosla anocht. This has already happened to hundreds of others, in the south and west. Tá sin tarlaithe cheana i gcás na gcéadta eile cheana, sa deisceart agus san iarthar. There is no shortage of fuel, but supplies are stagnant in storage facilities and in Whitegate. Níl aon ghantannas breosla ann, ach tá na soláthairtí i bhfastó sna hionaid stórála agus sa Gheata Bán. Because no fuel is being released from these, they have no capacity to accept any other cargo, which the Taoiseach referred to today when he said that we will have to ship oil cargoes at a time when the rest of the world is competing for them. De bharr nach bhfuil aon bhreosla á scaoileadh amach astu sin, níl aon acmhainn iontu glacadh le lastas ar bith eile, rud ar thagair an Taoiseach dó inniu á rá go mbeidh orainn lastais ola a chur ó dhoras tráth a bhfuil an cuid eile den domhain in iomaíocht faoina leithéid. An example of this is the Thun Gemini, a tanker anchored in Galway Bay with six million litres of oil on board, fuel that cannot be brought ashore at Galway port. Sampla de sin é an Thun Gemini, taincéir atá ar ancaire i gCuan na Gaillimhe agus sé mhilliún líotar ola ar bord aici, breosla nach féidir a thabhairt i dtír ag calafort na Gaillimhe. Although Dublin Port is accessible, traffic congestion throughout the city has caused significant delays in getting tankers to the garages in the East. Cé go bhfuil rochtain ar Chalafort Bhaile Átha Cliath, tá na hagóídí tráchta ar fud na hardchathrach ar cur an-mhoill ar taincéirí a thabhairt chuig na garáistí san Oirthear. And even if the blockade were to end tonight, it could be a week before supply is restored. Agus fiú dá dtiocfadh deireadh leis an imshuí anocht, d’fhéadfadh seachtain bheith ann sula gcuirfí an soláthar ar ais ina cheart. In Whitegate in Cork, there was a standoff between Gardaí and the blockaders for a while as they were escorting a third tanker into the refinery, but it ended shortly afterwards. Sa nGeata Bán i gCorcaigh, bhí sé ina leamhsháinn idir Ghardai agus lucht an imshuí ar feadh tamaill nuair a bhí an tríú taincéir á thionlacan isteach sa scaglann acu, ach scoir sí gan móran achair. This solution was set up for the purpose of providing emergency vehicles. Ar mhaithe le soláthar d’fheithiclí éigeandála a cuireadh an réiteach seo ar bun. Several lorries carrying animal supplies and water cleaning chemicals have been unloaded from Foynes Port on the Shannon Estuary, but no oil tankers are being unloaded yet. Tá roinnt leoraithe le soláthairtí d’ainmhithe agus ceimiceáin glanta uisce scaoilte amach as Calafort Fainge ar inbhear na Sionainne, ach níl aon taincéir ola á scaoileadh amach fós. But traffic conditions on many motorways and national roads are in disarray due to blockades by protesters. Ach tá cúrsaí tráchta ar go leor mótarbhealach agus bóithre náisiúnta in aimhréid de bharr imshuí ag an lucht agóíde. People can get an update. There are long queues on the M1 northbound due to that side of the road being closed at Dundalk. There are also long delays on the M50 southbound and northbound as protesters have blocked that major ring road. Is féidir le daoine uasdátú a fháil Tá scuainí fada ar an M1 ó thuaidh de bharr an taobh sin den bhóthar bheith dúnta ag Dún Dealgan Tá moill fhada freisin ar an M50 ó dheas agus ó thuaidh agus blocáil déanta ag agóídithe ar an cuarbhóthar mór sin. There are also some difficulties on the N7 southbound. Tá roinnt deacrachtaí ar an N7 ó dheas freisin. There are approximately 60 tractors, trucks and buses sitting on O’Connell Street in the capital but there is a flow of traffic on the north and south piers and the rest of the Luas is operating. Tá tuairim is 60 tarracóir, trucail agus bus ina suí ar Shráid Uí Chonaill san ardchathair ach tá sruth tráchta ar na céanna thuaidh agus theas agus tá an chuid eile den Luas ag feidmhniú. Dublin Bus has a limited service in the city centre but the company says passenger numbers are down on yesterday. Tá seirbhís theoranta ag Bus Átha Cliath i lár na cathrach ach deir an comhlacht go bhfuil líon na bpaisinéirí níos lú ná inné. A view from the blockade at the Whitegate refinery today Radharc ón imshuí ag scaglann an Gheata Bháin inniu

    15 min

Ratings & Reviews

4.7
out of 5
7 Ratings

About

Short sentences with English translations

You Might Also Like