AN POD SPÓRT - Tuairisc Ó Bhéal

Tuairisc

Seo chugaibh ‘AN POD SPÓRT’, podchraoladh ina ndéantar plé i nGaeilge ar chúrsaí spóirt.

  1. Corcaigh v Luimneach – ag súil leis an dráma mór nach bhfuil aon script scríofa dó

    4d ago

    Corcaigh v Luimneach – ag súil leis an dráma mór nach bhfuil aon script scríofa dó

    Ní haon iontas é gur cúrsaí iománaíochta atá idir chamáin againn an tseachtain seo ar An Pod Spórt agus an uile dhuine ag súil go mór leis an gcath Chois Laoi idir Corcaigh agus Luimneach i gCúige Mumhan agus cluiche ceannais Chúige Laighean i bPáirc an Chrócaigh, mar a mbeidh Áth Cliath ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar Ghaillimh chun Corn Bob O’Keefe a thabhairt leo den chéad uair ó 2013. Linn chun réamhanailís a dhéanamh ar an dá chluiche mór, tá John Allen, iarimreoir agus iarbhainisteoir le Corcaigh a bhí ina bhainisteoir chomh maith ar Luimneach agus Mark Foley duine de na himreoirí is fearr a bhí ag Luimneach riamh. Insíonn siad dúinn cá mbeidh an difríócht idir bris is bua ag an deireadh seachtaine agus tráchtann siad ar an mealladh a bhainneann le bheith ag féachaint ar dhráma nach bhfuil an script scríofa go fóill dó. Pléitear chomh maith cinneadh Derek Lyng éirí as mar bhainisteoir ar Chill Chainnigh agus an tábhacht a bhaineann le Cluiche Ceannais Chorn Joe McDonagh idir Ceathrlach agus Laois. Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Spórt’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta agus éistigí chomh maith le ‘An Pod Gaeilge’. ‘An Pod Spórt’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.

    57 min
  2. Áilleacht Chluain Eois, giorraithe na peile, tástáil na dTiobraid Árannach, cruachás na gCat

    May 13

    Áilleacht Chluain Eois, giorraithe na peile, tástáil na dTiobraid Árannach, cruachás na gCat

    Tá an t-iarbhainisteoir agus iar-imreoir ó Chorcaigh John Allen agus iarchaptaen Chiarraí Dara Ó Cinnéide i dteannta Darren agus Pádraic an tseachtain seo chun féachaint ar chraobhacha na gcúigí sa pheil agus san iomáint. Caitear súil siar ar lá speisialta i bPáirc de hÍde, áit ar imigh muintir Ros Comáin le gealaigh nuair a fuair a bpeileadóirí an ceann is fearr ar Ghaillimh i gcluiche ceannais Chúige Chonnacht. Bhí daoine an-tógtha le luas imreoirí Ros Comáin ach cé hiad giorraithe eile CLG agus cén áit is fearr do chluiche ceannais cúige? Cé go raibh Ciarraí ar leathchois i gCill Airne bhí bua maith acu ar Chorcaigh mar sin féin i gcluiche ceannais na Mumhan. Ach cad é an scéal leis na gortuithe go léir atá ag cur as d’fhoireann Jack O’Connor. Is é seal Chúige Laighean agus Chúige Uladh é an deireadh seachtaine seo romhainn ach cé a thabharfaidh an lá leo? An deis ghlórmhar é seo don Iarmhí agus do Mhuineacháin nó an mbeidh Áth Cliath agus Ard Mhacha rómhaith dóibh? Níl aon easpa scéalta ach oiread i gcraobh na hiománaíochta. Tá curaidh na hÉireann ó 2024 agus 2025, contae an Chláir agus Tiobraid Árann, ag tabhairt aghaidh ar a chéile i Staid Semple agus bua ag teastáil go géar ón dá fhoireann más leo teacht slán ó chíor thuathail chraobh na Mumhan? Agus an bhféadfadh sé tarlú nach dtiocfadh Cill Chainnigh amach as craobh Laighean? Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Spórt’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta agus éistigí chomh maith le ‘An Pod Gaeilge’. ‘An Pod Spórt’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.

    59 min
  3. Ciceanna taobhlíne, cluichí ceannais na gcúigí agus dea-chomhairle ón gCeathrú Rua – ‘cuir dead an ball’

    May 6

    Ciceanna taobhlíne, cluichí ceannais na gcúigí agus dea-chomhairle ón gCeathrú Rua – ‘cuir dead an ball’

    Ar eagrán na seachtaine seo de An Pod Spórt, pléitear cluichí móra peile an deireadh seachtaine seo chugainn i gCúige Mumhan agus i gCúige Chonnacht. Insíonn Dara dúinn cad ina thaobh gur dóigh leis go bhfuil luíochán ag teacht ó Chorcaigh i gCill Airne agus móidíonn sé nach caint ‘dhera’ an Chiarraígh atá aige. Níl Pádraic chomh cinnte céanna. Tráchtar ar na buanna atá léirithe ag Ros Comáin i mbliana agus ar an ngá atá acu a thaispeáint do chleas na Gaillimhe nach foireann ‘thuas seal, thíos seal’ iad nach féidir brath orthu an beart a dhéanamh ar a bpaiste féin. Caitear tamall chomh maith ag plé píosa ‘ealaíne’ ón taobhlíne Jack McCarron do Mhuineacháin an tseachtain seo caite agus saothar cuid na máistrí eile ar an gceird sin, leithéidí Maurice Fitzgerald, Michael Meehan agus, creid nó ná creid, duine de chriú An Pod Spórt féin. Cuimhníonn Dara chomh maith ar chomhairle mhaith a chuala sé ar pháirc na himeartha in aghaidh na Ceathrún Rua fadó. Ar deireadh déantar plé ar tharraingt na seachtaine don chéad bhabhta eile den chraobh peile agus cuirtear an cheist, an bhfuil cleas na gcamán níos fearr i mbun margaíochta? Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Spórt’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta. ‘An Pod Spórt’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.

    55 min
  4. Tá John Allen agus Dara Ó Cinnéide linn an tseachtain seo chun plé a dhéanamh ar chraobhacha iomána agus peile na gcúigí

    Apr 29

    Tá John Allen agus Dara Ó Cinnéide linn an tseachtain seo chun plé a dhéanamh ar chraobhacha iomána agus peile na gcúigí

    In éineacht le Darren agus Pádraic ar An Pod Spórt an tseachtain seo, tá an t-iarbhainisteoir agus iar-imreoir ó Chorcaigh John Allen agus an t-iar-imreoir de chuid Chiarraí Dara Ó Cinnéide. Pléitear i dtosach le John scéal na gcraobhacha iomána go n-uige seo agus cluiche mór an deireadh seachtaine seo chugainn idir contae an Chláir agus Luimneach in Inis. Agus Luimneach d’uireasa a gcaptaein, Cian Lynch atá ar fionraí agus an-amhras i gcónaí ann faoina bpríomhnaoscaire Aaron Gillane, an deis iontach é seo ag an gClár an ceann is fearr a fháil sa bhaile ar na comharsana? Ina dhiaidh sin, tá Dara linn chun súil a chaitheamh ar chúrsaí peile agus ar ghaisce an Dúin in aghaidh Dhún na nGall an deireadh seachtaine seo caite, toradh a tháinig aniar aduaidh ar chách, go háirithe Darren. Ach an mbeidh an dara seift in imeacht seachtaine ag contae an Dúin agus aghaidh á tabhairt acu ar Ard Mhacha i gCluain Eois i mbabhtaí leathcheannais Chúige Uladh? Agus cad faoi chluichí leathcheannais Chúige Laighean? An bhfuil an ceart ag Dara go bhfuil Áth Cliath chomh leochaileach is a bhí aon uair ó 1973 nuair a bhuaigh contae Lú go deireanach sa chraobh? Agus más ionann Áth Cliath agus Liverpool faoi láthair cé hé Mo Salah na nDubanna? Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Spórt’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta. ‘An Pod Spórt’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.

    41 min
  5. Tiobraid Árann i mbaol, dúshlán do Dhún na nGall agus agallamh le Seán Ó Maoilchiaráin

    Apr 22

    Tiobraid Árann i mbaol, dúshlán do Dhún na nGall agus agallamh le Seán Ó Maoilchiaráin

    Tá na craobhacha peile agus iomána faoi lán seoil anois agus cluichí móra ó cheann ceann na tíre romhainn an deireadh seachtaine seo. An tseachtain seo ar ‘An Pod Spórt’ bhí iar-iománaí Chláir, Paul Flanagan, agus iarchaptaen Chiarraí, Dara Ó Cinnéide in éineacht le Seán Tadhg agus Pádraic chun súil a chaitheamh ar a bhfuil romhainn. San iomáint, tá daoine ag súil go mór leis an gcluiche i gCraobh na Mumhan idir Luimneach agus Corcaigh Dé Domhnaigh agus na Corcaígh ag iarraidh na ceachtanna a foghlaimíodh ó chluiche ceannais na sraithe a chur i bhfeidhm. Seans gurb é an cluiche eile sa gcúige an ceann is tábhachtaí, áfach. Tá seaimpíní na hÉireann, Tiobraid Árann, i mbaol agus toradh maith ag teastáil uathu óna dturas chuig Port Láirge. Pléitear cás Chill Chainnigh chomh maith tar éis d’fhoireann Derek Lyng greadadh eile a fháil ó Ghaillimh i mBóthar na Trá. Sa bpeil, tá agallamh againn le himreoir na Gaillimhe, Seán Ó Maoilchiaráin, agus é ainmnithe ina Ambasadóir na Gaeilge ag Cumann Lúthchleas Gael. Labhair Seán ar bhliain na nGaillmheach go dtí seo, ar an bhfeachtas atá rompu agus ar an sásamh atá á bhaint aige as an bpeil i ré na rialacha nua. Caitear súil chomh maith ar an gcluiche mór i gcúige Chonnacht an deireadh seachtaine seo agus Maigh Eo ag tabhairt aghaidh ar Ros Comáin agus ar an gcluiche idir Dún na nGall agus an Dún i gCúige Uladh. Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Spórt’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta. ‘An Pod Spórt’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.

    1h 15m

About

Seo chugaibh ‘AN POD SPÓRT’, podchraoladh ina ndéantar plé i nGaeilge ar chúrsaí spóirt.

You Might Also Like