Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an séú lá déag de mhí na Bealtaine. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh. Tá Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe Keir Starmer faoi bhrú i ndiaidh seachtain dhramatiúil inar éirigh roinnt airí as an gcomh-aireacht in Westminster, iad ag rá nach bhfuil muinín acu as. Bhí sé i gcruachás mar thoradh ar na toghcháin áitiúla i Sasana inar chaill Páirtí an Lucht Oibre beagnach 1,500 comhairleoir ar fud na tíre, níos mó ná 450 i Londain amháin. D’admhaigh Starmer gur ndearnadh botúin le linn a théarma go dtí seo, ach go leanfadh sé ar aghaidh mar cheannaire an pháirtí agus mar Phríomh-Aire mar sin féin, cé gurb iad Reform an páirtí is mó anois agus Nigel Farage faoi lán seoil go Sráid Downing, de réir cosúlachtaí. Ba é Wes Streeting an chéad iomaitheoir mór le héirí as Dé Céadaoin, agus d’fhógair an iar-Leas-Phriomh-Aire Angela Rayner Déardaoin go bhfuil a cuid fadhbanna cánach réitithe. Ceaptar go seasfaidh sí do cheannaireacht an pháirtí mura féidir le Méara Mhanchain Andy Burnham dul san iomaíocht. Níl cead ag éinne an cheannaireacht a bhaint amach gan a bheith ina fheisire ach dúirt Josh Simons tráthnóna Déardaoin go n-éireodh sé as a shuíochán le deis a thabhairt do Burnham i bhfothoghchán. Ainm eile a luaitear leis an bpost ná iar-cheannaire an pháirtí Ed Miliband, ach tá an chuma ar an scéal nach seasfaidh sé. Go cúrsaí ceoil anois, le píosa nuachta a bheidh spéisiúil do lucht éisteachta an amhránaí as Contae Lú, David Keenan. Tar éis taispeantáis rathúla ar fud na cruinne, ag féilte scannáin ó Krakow go Chicago, tá an clár faisnéise David Keenan: Focla ar Chanbhás le feiceáil faoi dheireadh ar Sheinnteoir TG4. Paddy Hayes a stiúr é, ainm atá ceangailte le hearnáil craoltóireachta na hÉireann le blianta fada, i measc a chuid saothar bhí an tsraith iriseoireachta Corp agus Anam. Leanann an clár nua seo David ar feadh caoga lá, le fócas ar leith ar an bpróiseas cruthaitheach a bhí aige agus é i mbun taifeadta. Chomh maith leis sin, pléann sé an streachailt phearsanta fanacht glan ó bhrú na meán sóisialta agus a scéal féin á insint. Dá bhrí sin, is féidir a bheith ag súil le léargas fileata ar dhuine dár gcumadóirí comhaimseartha is cumhachtaí, agus ar a thírdreach inmheánach shaibhir. Bhí breis is míle paisinéir sáinnithe ar long chrúsála amach ó chósta Bordeaux i rith na seachtaine tar éis ráig gaistreintrítis. Cé nár bhuail an tinneas ach caoga duine, b’éigean do gach duine acu fanacht ar bord nuair a bhásaigh turasóir amháin agus léirigh roinnt de na daoine eile comharthaí an ghalair. Rinneadh iniúchadh go sciobtha agus fuair na híospartaigh cúram éigeandála ó dhochtúir na loinge sular cuireadh i gcoraintín iad. D’fhág an long darb ainm ‘Ambition’ Oileáin Shealtainn ar an 6ú lá de mhí na Bealtaine agus stop sí ar dtús i mBéal Feirste agus ansin i Learpholl sular shroich sí Bordeaux. Agus muid ag taifeadadh, bhí na húdaráis fós ag bailiú samplaí ó na paisinéirí ionas go bhfeadfaí iniúchadh níos iomláine a dhéanamh. Deirtear nach bhfuil aon bhaint ag an eachtra seo leis an ráig hantaivíris a tharla ar long chrúsála de chuid na hÍsiltíre, an MV Hondius, le déanaí, ach pé scéal é, bígí cúramach má théann sibh amach ar muir! * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS comh-aireacht - cabinet (politics) feisire - MP earnáil craoltóireachta - broadcasting sector léargas - insight cúram éigeandála - emergency care iniúchadh - investigation