Seachtain

Scéalta, Eolas, Tuairimí; An Indo as Gaeilge. 

  1. 8 hr ago

    The ‘rite of passage’ for beagnach 30 míle déagóirí

    Ag an am seo bliana, téann na sluaite déagóirí ar a n-oilithreacht teanga bhliantúil chun na Gaeltachta.    Ó Thír Chonaill go Gaillimh, ó Mhaigh Eo go Ciarraí, bíonn na coláistí samhraidh i gceantair Ghaeltachta éagsúla, ag mealladh daoine óga ó gach cearn d'Éirinn.  Sa bhliain seo chuaigh thart, d'fhreastail beagnach 30 míle dálta ar na cúrsaí seo, ach níor éirigh leis na mílte áit a fháil faraor.  Do chuid mhór déagóirí, is í seo an chéad uair dóibh tréimhse a chaitheamh as baile agus a bheith tumtha go hiomlán i saol agus i gcultúr na Gaeilge.  Agus taobh thiar den éispéiris Ghaeltachta, tá an bhean tí, na mná atá ina gcroílár d'eispéireas na gcoláistí samhraidh.  Ach an bhféadfá féin seisear scoláire déag a thabhairt isteach i do theach féin, faoi do chúram féin ar feadh coicíse nó níos mó?  Ar Seachtain labhraíonn an t-iriseoir Áine Ní Bhreisleáin faoi na coláistí samhraidh agus faoi na mná tí atá ina gcnámh droma acu.  Maoinithe ag an Scéim Tuairiscithe Daonlathais Áitiúil.    Foclóir:  Éispéireas: Experience  Tóir: Demand  Liostaí feithimh: Waiting lists  Corruair: sometimes   Clár siamsaíochta: Entertainment programme  Ildánach: Versatile  Cláraithe: Registered  An t-uasmhéid: The maximum  Bhí an t-eallach le blí agat: You had to milk the cattle  Riachtanais bia: Dietary requirements  Slabhra: Chain  Nasc: Link  Cuimhní: Memories  Cloch mhíle: Milestone  Ag freastal: Attending  Srianta: Constrained  Ó ghlúin go glúin: From generation to generation  Is ball den trust project é Seachtain agus ba mhian linn go mbeidh muinín agaibhse ionainn. Is féidir ár mbeartas eitice a léamh ag independent.ie/ourjournalism  See omnystudio.com/listener for privacy information.

    The ‘rite of passage’ for beagnach 30 míle déagóirí
  2. 23 Jul

    ‘Ghabh arm Iosrael é’: The Gaelgeoir detained in an Israeli cell

    Níos luaithe i mbliana, bhí súile an domhain ar an Global Sumud Flotilla agus iad ag iarraidh an t-imshuí ar chósta Gaza a shárú.   Ach níorbh é sin an t-aon iarracht a bhí déanta thar na blianta chun nascanna a chruthú agus le cúnamh a thabhairt isteach i gcríocha na Palaistíne.   Tá Gaza agus an Bruach Thiar faoi smacht Iosrael le blianta fada anuas – agus is ábhar é a mhúsclaíonn mothúcháin láidre i measc go leor Éireannaigh.  Breis is fiche bliain ó shin, thaistil an scríbhneoir Feirsteach Seán Ó Muireagáin go dtí an Phalaistín chun nascanna a fhorbairt idir páistí scoile sa Tuaisceart agus sa Bhruach Thiar.  Ach, cosúil le muintir an Global Sumud, ghabh fórsaí Iosrael Seán agus coinníodh i gcillín é ar feadh cúig lá – cé nach raibh aon choir déanta aige.   Líomhnaítear gur ghabhadh Seán mar gheall gur bhall den IRA é agus go raibh sé i mbun Palaistínigh a threanáil conas buamaí a dheanamh - rud nach raibh fíor in aon chor.  Ar Seachtain labhair Seán Ó Muireagáin faoin eispéireas phearsanta a bhí aige féin.    Foclóir:  Imshuí: Blockade  Críocha: Territories   An Bhruach Thiar: The West Bank  Coir: Crime  Báúil: Sympathetic  Aitheanta: Recognised  Pobal sceimhlitheoireachta: Terrorist community   Céasadh: Torment  Cillín: Cell  Dallóg: Blindfold  Seafóid: Nonsense  Cacamas: Bullshit  Is cuma sa tsoic: Couldn’t care less  Líomhaintí: Allegations  Amhras: Doubt  Cinedhíothú: Genocide  Ag bárcadh allais: Sweating profusely  Cairdeas domhain: Deep friendship  Féidearthacht: Possibility  Mhaoinigh: Funded  Is ball den trust project é Seachtain agus ba mhian linn go mbeidh muinín agaibhse ionainn. Is féidir ár mbeartas eitice a léamh ag independent.ie/ourjournalism See omnystudio.com/listener for privacy information.

    ‘Ghabh arm Iosrael é’: The Gaelgeoir detained in an Israeli cell
  3. 16 Jul

    Reviving our Gaeltacht's vacant homes: Ó Thír Chonaill go dtí An Rinn

    Tá a fhios ag madraí na sráide faoin bhfadhb atá sa tír seo maidir le heaspa tithíochta. ­ Ó Ghaoth Dobhair, go Carna, go Corca Dhuibhne, tá dúshláin mhóra roimh theaghlaigh atá ag iarraidh teach a fháil i gceantair Ghaeltachta. ­ Beagnach bliain ó shin, fostaíodh duine chun dul i ngleic leis an ghéarchéim tithíochta sna Gaeltachtaí: Comhordaitheoir ar Thithe Folmha sa Ghaeltacht. ­ Agus an sprioc? Tithe folmha sna Gaeltachtaí a chur ar ais in úsáid. ­ Ach an bhfuil an éirigh leis an iarracht? ­ Agus cé chomh tábhacht is atá na deontais athchóirithe do na tithe fomha seo? ­ Ar Seachtain thug Colm Mac Eachmharcaigh, Comhordaitheoir Tithe Folmha sa Ghaeltacht, uasdátú ar an dul chun cinn atá déanta ó thosaigh sé sa phost. ­ Is ball den trust project é Seachtain agus ba mhian linn go mbeidh muinín agaibhse ionainn. Is féidir ár mbeartas eitice a léamh ag independent.ie/ourjournalism ­ Foclóir: ­ Deontas: Grant ­ Athchóiriú: Renovation ­ Tithe folmha: Vacant houses ­ Tréigthe: Abandoned ­ Díon: Roof ­ Bothán: An old rudimentary house ­ A mheas: To assess ­ Fostaíocht: Employment ­ Na scéaltaí rathúla: Success stories ­ Íochta amach: Paid out ­ Ag baint leas as: Benefitting from ­ Coinníoll: Condition ­ Daoine aonair: Individuals ­ Togra: Project ­ Dírithe: Directed at ­ Maoiniú: Funding ­ Cíos: Rent ­ Meascán: Mixture ­ Chun tosaigh: Ahead ­ Rannpháirtíocht: Participation ­ Uacht: Will ­ Cáin: Tax See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Reviving our Gaeltacht's vacant homes: Ó Thír Chonaill go dtí An Rinn
  4. 9 Jul

    Gaeilge vs An Bhreatnais: Lessons from the Welsh language revival

    Ba scéal mór é sa Bhreatain Bheag nuair a chuir Plaid Cymru deireadh le forlámhas Páirtí an Luchta Oibre i mí na Bealtaine - páirtí a bhí i gcumhacht sa tír le breis agus 100 bliain. ­ ­ Is páirtí polaitíochta é Plaid Cymru ina bhfuil dlúthcheangal aige le cur chun cinn na teanga Bhreatnaise agus tá an teanga ar a dtoil ag formhór na n-airí rialtais, ar a laghad. ­ ­ Is éacht suntasach é do thír inár tháinig meath dhamnaithe ar an teanga leis na cianta. ­ ­ Anois, áfach, amharctar ar an mBreatain Bheag mar eiseamláir - mar chinéal blueprint faoi conas teanga – a bhí i mbaol - a athbheochan arís. ­ ­ Ba é scéal athbheochan na Breatnaise, scéal faoi feachtasaíocht, faoi toil pholaitiúil, agus faoi dúthracht na ndaoine chun todhchaí an teanga a athrú. ­ ­ Ach cé chomh fíor is atá rath na hathbheochana sa Bhreatain Bheag? ­ An glas iad na cnoic i bhfad uainn? ­ Nó an bhfuil ceachtanna le foghlaim againne ón Bhreatain Bheag i leith cur chun cinn na Gaeilge? ­ Ar Seachtain déanann an Dr Ben Ó Ceallaigh, leachtóir in ollscoil Aberystwyth, iniúchadh ar na ceachtanna atá le foghlaim ón Bhreatain Bheag. ­ ­ Is ball den trust project é Seachtain agus ba mhian linn go mbeidh muinín agaibhse ionainn. Is féidir ár mbeartas eitice a léamh ag independent.ie/ourjournalism ­ ­ ­ Foclóir: ­ Eiseamláir: Role model ­ Breatnais: Welsh ­ Athbheochan: Revival ­ Meath: Decline ­ Forlámhas: Supremacy ­ Rath: Success ­ Cos ar bolg: Oppress ­ Monarcháin: Factories ­ Ní sin an chloch is mó ar a phaidrín: It's not his biggest concern ­ Aire rialtais: Cabinet minister ­ Ag mianadóireacht: Mining ­ Nach maireann: The late or deceased ­ Coilíniú: Colonisation ­ Céatadán: Percentage ­ Folláin: Healthy ­ Ceacht: Lesson ­ Cíos: Rent ­ Bagairt: Threat ­ Cáin: Tax ­ Is fiúntaí: Most worthwhile ­ Uaillmhianach: Ambitious ­ Slat tomhais: Measuring stick ­ Mian: Desire ­ See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Gaeilge vs An Bhreatnais: Lessons from the Welsh language revival
  5. 2 Jul

    Máthair óg Ghaeltachta ar iarraidh: Breis is 40 bliana gan fhreagaí

    Breis is daichead bliain ó shín, d’imigh Barbara Bhreathnach, máthair óg de sheachtar, ar iarraidh gan tasc gan tuairisc i gCarna i gcroílár na Gaeltachta.  Oíche amháin i mí an Mheitheamh 1985, bhí muintir Bhreathnach ag cóisireacht sa teach tábhairne áitiúil, agus gaolta ar cuairt acu ó thar lear.  D’fhill siad go teach cónaithe muintir Bhreathnach agus lean an chóisir ar aghaidh go dtí na huaireanta beaga an mhaidin sin.  Chonacthas Barbara don uair dheireanach agus í ina codladh ar an tolg ag 4am.  Ní fhaca a teaghlach í ón lá sin ná ní raibh aon teagmháil léi ó shin.  Cad é go díreach a tharla an oíche chinniúnach sin?  Cén fáth nár tarraingíodh mórán airde ar an chás?  Agus an bhfuil daoine ann go fóill ag coinneáil na fírinne faoi cheilt?  Ar Seachtain, amharcann an t-iriseoir Áine Ní Bhreisleáin siar ar an chás a tharla 41 bliain ó shin agus atá go fóill gan fhreagraí.  Is ball den trust project é Seachtain agus ba mhian linn go mbeidh muinín agaibhse ionainn. Is féidir ár mbeartas eitice a léamh ag independent.ie/ourjournalism  Foclóir:  Ar iarraidh: Missing  Sna deaga: In the teenage years  Tábhairne: Pub  Scaifte: Group  Is cosúil: It seems  Pas: Passport  Módh taistil: Means of transport  Tuairimíocht: Speculation  In ísle brí: Depressed  Fiosrúchán: Investigation  Easpa: A lack of  Tochaltóir: Digger  Colscaradh: Divorce  Ráflaí: Rumours  Rún: Secret              See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Máthair óg Ghaeltachta ar iarraidh: Breis is 40 bliana gan fhreagaí

About

Scéalta, Eolas, Tuairimí; An Indo as Gaeilge. 

More From Irish Independent