Seachtain

Scéalta, Eolas, Tuairimí; An Indo as Gaeilge. 

  1. Éilis Ní Dhuibhne: Gaeilge, Grief agus saol caite i mbun pinn

    4 HR AGO

    Éilis Ní Dhuibhne: Gaeilge, Grief agus saol caite i mbun pinn

    Tá os cionn caoga bliana caite ag an úrscéalaí Éilis Ní Dhuibhne i mbun pinn.    Le breis agus 30 leabhar eisithe aici, idir Bhéarla agus Ghaeilge agus iliomad gradaim buaite aici, is í duine de na scríbhneoirí is tábhachtaí i litríocht na hÉireann.     I measc an réimse leathain leabhar atá scríofa aici, tá ‘The Dancers Dancing’, ‘Twelve Thousand Days’ agus ‘Fáinne Geal an Lae’.    Cé go bhfuil aitheantas go leor bainte amach aici as a cuid scríbhneoireachta i nGaeilge, admhaíonn sí go raibh drogall uirthi tabhairt faoin dúshlán sa chéad dul síos.    Mar sin de, cad chuige a mothaíonn sí an gá anois chun tabhairt faoina leithéid?    Agus ina dhiaidh bhás a fear céile, an béaloideasaí clúiteach Bo Almqvist, cén dóigh ar aimsigh sí tearmann agus dóchas ón bhrón?    Ar Seachtain, labhraíonn Éilis Ní Dhuibhne, atá ina Laureate i gcomhair fhicsean Éireannach, faoina cuid gaiscí, a cuid ísealphointí agus an ceangal atá aici le teanga a hathar.    Foclóir:  Ionadaíocht: Representation  I mbéal an phobail: The talk of the parish  Aonarach: Solitary  Go smior: To the core  Bua: Attribute or gift  Siúinéir: Carpenter  Spreag siad: They encouraged  Fíodóireacht: Weaving  Béaloideas: Folklore  Finscéal: Fable/Legend  Peaca: Sin  Clúiteach: Renowned  A thréigean: To abandon  Cúthaileach: Shy   Úrscéal: Novel  Mórtas: Pride  Tagairtí: References  Slabhra: Chain    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    24 min

About

Scéalta, Eolas, Tuairimí; An Indo as Gaeilge. 

More From Irish Independent

You Might Also Like